Jobs
My ads
My job alerts
Sign in
Find a job Employers
Find

Bainisteoirí gaeilge - grád ardoifigigh feidhmiúcháin

Dublin
Coimisiún Na Meán
Posted: 19h ago
Offer description

Eolas Faoin Ról Seo Cuspóir an Róil Tacóidh an Bainisteoir Gaeilge le Coimisiún na Meán a chuid dualgais agus cuspóirí reachtúla a chomhlíonadh i ndáil leis an nGaeilge, mar chomhlacht seirbhíse poiblí agus mar rialtóir meán na hÉireann.

Agus tú ag obair laistigh d'fheidhmeannas nuabhunaithe na Gaeilge agus ag tuairisciú don Cheannasaí Gaeilge, cuirfidh an ról seo le feidhmiú na n-oibleagáidí faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla agus an tAcht Craolacháin ****, lena n-áirítear cur chun cinn agus soláthar na Gaeilge laistigh d'earnáil na meán.
Tacóidh an ról seo freisin le beartais agus tionscnaimh Ghaeilge a fhorbairt agus a chur i gcrích ar fud na heagraíochta, ag cinntiú cur chuige comhordaithe straitéiseach de réir mar a leanann Coimisiún na Meán ag fás agus ag leathnú a shainchúram.

Eolas faoi Rannóg Thírdhreach na Meán Tá cúig fhoireann i Rannóg Thírdhreach na Meán, atá freagrach as craoltóirí agus soláthraithe físeáin ar éileamh a rialáil agus áirítear leis freisin tacú le hearnáil meán na hÉireann agus í a fhorbairt.
Tá Feidhmeannas nua na Gaeilge suite sa rannóg seo agus tá freagracht uirthi beartais Ghaeilge a fhorbairt do Choimisiún na Meán, ag cinntiú go gcomhlíontar gach dualgas reachtúil Gaeilge agus go gcuirfear an Ghaeilge chun cinn sna meáin uile.

Príomhfhreagrachtaí Cur le dearadh beartais uile-eagraíochta don Ghaeilge Próisis eagraíochtúla, nósanna imeachta agus cláir threoracha agus oiliúna foirne agus doiciméid a fhorbairt chun cur i bhfeidhm rathúil bheartais inmheánacha agus riachtanais rialachais Choimisiún na Meán a chinntiú.
Comhtháthú próiseas agus nósanna imeachta a fhorbairt agus monatóireacht a dhéanamh orthu chun a chinntiú go gcomhlíontar ceanglais reachtúla nua monatóireachta agus tuairiscithe Achtanna na dTeangacha Oifigiúla.
Aistriúcháin ardchaighdeáin a sheachadadh ó Bhéarla go Gaeilge ar cháipéisíocht inmheánach Choimisiún na Meán, ó am go chéile.
Cabhrú le treoirlínte a fhorbairt d'aistritheoirí inmheánacha agus seachtracha chun a chinntiú go mbeidh Gaeilge ar ardchaighdeán ar na leaganacha aistrithe de thionscadail agus go gcloífidh siad le téarmaíocht agus stíl atá comhsheasmhach, ceart agus bailí.
Pleananna tionscadail, tuarascálacha, dréachtchinntí a ullmhú, agus tacú le hathbhreithnithe tréimhsiúla agus gníomhaíochtaí cumarsáide.
Teagmháil a dhéanamh le raon páirtithe leasmhara, lena n-áirítear an earnáil chraolacháin, líonraí tionscail agus Ranna Rialtais, ach gan a bheith teoranta dóibh sin Páirt a ghlacadh i ngrúpaí oibre trasfheidhmeacha.
Taighde agus bailiú sonraí a dhéanamh chun treoir a thabhairt do chinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise, maidir le leordhóthanacht agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge a chuirtear ar fáil.
Oibriú leis an bhfoireann cumarsáide inmheánach agus go trasfheidhmeach, chun comhsheasmhacht agus cruinneas a chinntiú i rogha na téarmaíochta a úsáidtear sa Bhéarla agus sa Ghaeilge araon.
Bainistiú a dhéanamh ar mholtaí Athbhreithniú Choimisiún na Meán ar na Meáin Ghaeilge chur i bhfeidhm.
Ionadaíocht a dhéanamh ar Choimsiún na Meán agus labhairt ag imeachtaí agus tionscnaimh Ghaeilge.
Tá an méid thuas beartaithe mar threoir ar raon ginearálta na ndualgas agus tá sé beartaithe nach mbeidh sé cinntitheach ná sriantach agus tá sé faoi réir athbhreithnithe.
Eolas Fút Taithí, Scileanna, Eolas & Cáilíochtaí Critéir Riachtanacha Inniúlacht ghairmiúil sa Ghaeilge ag leibhéal C1, agus an cumas cumarsáid líofa agus chruinn a dhéanamh sa Ghaeilge scríofa agus labhartha araon.
Scileanna aistriúcháin den scoth, agus an cumas aschuir Ghaeilge atá cruinn agus ar ardchaighdeán a tháirgeadh.
Taithí ar thionscadail agus/nó réimsí oibríochtúla a bhainistiú, lena n-áirítear taithí bainistíochta foirne.
Cuntas teiste cruthaithe maidir le próisis agus nósanna imeachta a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus/nó a fheabhsú, go hidéalach laistigh de thimpeallacht a ghluaiseann go tapa.
Scileanna bainistíochta tionscadail, lena n-áirítear eolas den scoth ar tháirgí Microsoft.
Scileanna cumarsáide scríofa den scoth, agus cumas cruthaithe chun raon doiciméad ardchaighdeáin a tháirgeadh (m.sh. tuarascálacha, coimrí, treoirlínte) i mBéarla agus i nGaeilge araon, agus atá curtha in oiriúint do léitheoirí éagsúla.
Critéir Inmhianaithe Taithí ar a bheith ag obair san earnáil phoiblí Taithí ar róil sna meáin, i róil rialála nó rialachais Taithí chruthaithe i bhforbairt beartais agus/nó i gcur i bhfeidhm beartais Príomhfhaisnéis Sochair, Pacáiste & Pá •Cuirtear an post seo ar fáil ar bhonn Buan.

•Lánaimseartha, 35 uair in aghaidh na seachtaine

•Saoire Bhliantúil: 29 lá in aghaidh na bliana

•Ról hibrideach a bheidh sa ról ina mbeidh meascán d'obair sa bhaile agus san oifig.Is é ár mbeartas hibrideach reatha 2 lá san oifig.

•Tá ár n-oifig lonnaithe ag a hAon Foirgnimh Shíol Bhroin, Bóthar Shíol Bhroin, Baile Átha Cliath 4, D04 NP20.

•Féach ár suíomh gréasáin anseo le haghaidh liosta iomlán sochar.

•Tá an post seo grádaithe ar scála an Ardoifigigh Feidhmiúcháin.

•Ceapfar iarrthóirí a n-éireoidh leo iarrthóirí a n-éireoidh leo ar an gcéad phointe den scála.

Próiseas Iarratais Má tá suim agat iarratas a dhéanamh ar an bpost seo, cuir na nithe seo a leanas isteach:

CV (2 leathanach ar a mhéad) agus litir chlúdaigh/ráiteas pearsanta (1 leathanach ar a mhéad) ina leagtar amach cén fáth a gcreideann tú go gcomhlíonann do scileanna, taithí agus luachanna riachtanais an phoist.
Tá ceapachán ar an ról seo faoi réir incháilitheacht an iarrthóra chun oibriú in Éirinn.
Éilíonn gach post ar iarrthóirí cónaí i bPoblacht na hÉireann nó i dTuaisceart Éireann.
Déanfar iarrthóirí a théann i mbun canbhasála a dhícháiliú agus a eisiamh ón bpróiseas Déan athbhreithniú le do thoil ar ár Ráiteas Príobháideachais Ráiteas Príobháideachais -Coimisiún na Meánsula ndéanann tú iarratas.

Ní bhreithneofar iarratais dhéanacha nó iarratais nach bhfuarthas tríd an gcainéal ceart, mar a léirítear thuas.

Má tá ceisteanna agat a bhaineann leis an bpróiseas iarratais nó roghnúcháin a bhaineann leis an ról seo, déan teagmháil le ******

Dáta Deiridh: 3in, 14ú Aibreán ****

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save
Similar jobs
jobs Dublin
jobs County Dublin
jobs Leinster
Home > Jobs > Bainisteoirí Gaeilge - Grád Ardoifigigh Feidhmiúcháin

About Jobijoba

  • Company Reviews

Search for jobs

  • Jobs by Job Title
  • Jobs by Industry
  • Jobs by Company
  • Jobs by Location

Contact / Partnership

  • Contact
  • Publish your job offers on Jobijoba

Legal notice - Terms of Service - Privacy Policy - Manage my cookies - Accessibility: Not compliant

© 2026 Jobijoba - All Rights Reserved

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save