Description
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, is cinnte gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
An Ról:
Tacaíonn foireann na Punainne le bainistíocht cheart ar sholáthar chlár infheistíochta an SSB trí rialú agus rialúchán a chinntiú le bainistíocht sonraí agus córais, tuairisciú ar phróisis agus ar fheidhmíocht agus anailís lena n-áirítear bainistíocht ar cheadanna pleanála, talaimh, ceada slí, fóntais agus reachtúla. Éascaíonn sé seo soláthar éifeachtach an chláir infheistíochta trí fheiceálacht chláir, bainistíocht fheasach rioscaí, anailís, dúshlán, agus cinnteoireacht a sholáthar. Soláthraíonn an fhoireann tacaíocht shainiúil i réimsí ríthábhachtacha a éascaíonn soláthar éifeachtach, éifeachtúil inbhuanaithe phunann infheistíochta an SSB.
Agus é/í freagrach go díreach don Cheannasaí Dearbhaithe Theicniúil, tá an tAnailísí Dearbhaithe Theicniúil freagrach as tacaíocht a thabhairt do sholáthar maoirseachta agus comhairle teicniúla maidir le hinnealtóireacht ar fud raon iomlán na dtionscadal agus na gclár laistigh den SSB. Cuideoidh sé/sí le comhlíontacht a chur chun cinn
maidir le caighdeáin agus sonraíochtaí i dtaca le cur i gcrích an chláir infheistíochta, déanfaidh sé/sí cinnte go ndéantar bainistíocht eolais
a sholáthar laistigh den fhoireann agus béim ar fheabhsú leanúnach agus ar scileanna teicniúla a fhorbairt agus cuirfidh sé/sí cumas agus dearbhú teicniúil ar fáil maidir le tionscadail a chur i gcrích agus fiosruithe teicniúla á bhfreagairt, lena n-áirítear na creataí bainistíochta tionscadail/
dearbhaithe theicniúil a bhainistiú.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
* Obair a dhéanamh leis an gCeannasaí Dearbhaithe Theicniúil chun a chinntiú go gcomhlíontar
1. caighdeáin agus sonraíochtaí UÉ maidir leis an gclár infheistíochta a chur i gcrích.
* Rochtain a choinneáil agus a chur ar fáil ar an mbunachar sonraí de chaighdeáin agus sonraíochtaí.
* Freastal ar fhóraim um chaighdeáin theicniúla/Phobail Chleachtais agus ag cur leo d'fhonn
1. sonraíochtaí breise a shainaithint a theastaíonn ó SBB agus ag cinntiú go ndéantar aiseolas praiticiúil a chuimsiú
2. le nuashonruithe ar shonraíochtaí.
* An próiseas iniúchta a chur i bhfeidhm chun úsáid na sonraíochtaí cearta a chinntiú laistigh de SSB agus chun ardchaighdeán cáipéisí rialaithe agus eile a chosaint.
* Idirghabháil a dhéanamh le codanna eile SSB chun sonraíochtaí nó nuashonruithe breise ar
1. shonraíochtaí atá ann cheana a shainaithint.
* Ag cinntiú go gcuirtear na ceachtanna a fhoghlaimítear ar ais sna sonraíochtaí agus na foirne cuí.
* Tacaíocht a thabhairt do chur in iúl sonraí maidir le nuashonruithe ar bith ar na sonraíochtaí, lena n-áirítear
1. sonraíochtaí nua a chuirtear leo, chuig baill ábhartha uile na foirne (ar bhonn inmheánach agus seachtrach) agus oiliúint ar bith atá riachtanach a chur ar fáil.
* Agus obair á déanamh leis an gCeannasaí agus Speisialtóir Dearbhaithe Theicniúil, ag cinntiú go mbíonn an próiseas dearaidh
1. agus réimsí teicniúla ag teacht le chéile agus feidhmeanna dearbhaithe agus iniúchta a chur ar fáil ar fud na réimsí sin
* lena n-áirítear an caidreamh le Soláthraithe Seirbhíse Innealtóireachta a bhainistiú. Tacaíocht a thabhairt do bhainistíocht ar chonarthaí tacaíochta soláthair do bhainisteoirí dearbhaithe theicniúil
1. agus do bhainisteoirí tionscadal.
* Coinnigh suas chun dáta le dea-chleachtas maidir le réitigh teicniúla.
* Cur chuige oiriúnach agus solúbtha a ghlacadh i leith athruithe, nuála agus feabhsúchán
1. leanúnach.
Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta
* Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ, lena n-áirítear ach nach bhfuil teoranta do;
1. o Oifig na Punainne,
2. o Feidhmeanna Soláthair,
3. o Bainistíocht Sócmhainní & Inbhuanaitheacht,
4. o Gnóthaí Tráchtála,
5. o Seirbhísí Gnó – An Slabhra Soláthair,
6. Oibríochtaí Sócmhainní
7. Bainistíocht Sócmhainní
8. Éirim Sócmhainne
9. Bainistíocht Sócmhainní & Inbhuanaitheacht
10. o Comhpháirtithe soláthair seachtracha.
* Freagrach as gealltanais maidir le sláinte agus sábháilteacht a chur chun cinn agus a chur i gcrích ar fud UÉ
1. agus a shlabhra soláthair, agus iompraíochtaí dearfacha á dtreisiú agus cuspóirí agus riachtanais
2. sláinte agus sábháilteachta a bhaint amach i gcoinne na gcaighdeán is airde sa tionscal.
* Tacú le seachadadh Chlár Uisce Éireann um Bunathrú a spreagann torthaí atá ag teastáil taobh istigh den Stiúrthóireacht agus a thacaíonn leis na cuspóirí ar fud na heagraíochta.
* Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.
* Gníomhú mar phointe teagmhála agus idirghníomhú a dhéanamh le príomhpháirtithe tionscadail inmheánacha agus seachtracha.
* Freagrach as cruinnithe Cheardlann 8 a bhainistiú agus a riar i gcomhréir le doiciméad Nós Imeachta Ceardlainne um Thionscadail/Cláir Uisce Éireann.
* Dualgais eile nuair is gá.
Eolas, Scileanna agus Taithí:
* Tá taithí fhollasach ag teastáil ar phunann a chur i gcrích ó thús go deireadh, agus taithí ar leith
sa réimse a bhaineann le pleanáil punainne.
* Tá cáilíocht agus / nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe
* Tá taithí 3 bliana ar a laghad sna tionscail uisce nó fóntas nó i dtionscail chomhchosúla inmhianaithe agus/nó taithí ábhartha.
* Cumas a bheith ionat comhpháirtíochtaí éifeachtacha a fhorbairt agus a chothabháil le príomhpháirtithe leasmhara ar bhonn inmheánach agus seachtrach
* Cuntas teiste cruthaithe maidir le déileáil le ceisteanna casta, go réamhghníomhach agus go pras, chomh maith leis an gcumas faisnéis a chur in iúl do dhaoine eile
* Taithí ar obair foirne agus comhroinnt eolais a spreagadh chun feidhmíocht na foirne a fheabhsú. Fianaise ar chomhghleacaithe a spreagadh chun comhspriocanna a bhaint amach agus torthaí a fheabhsú
* Scileanna láidre anailíse agus cumas fadhbanna a aithint agus a anailísiú agus cinntí feabhsúcháin a dhéanamh a théann chun tairbhe na foirne/pobail.
* Inoiriúnaitheacht agus an cumas béim agus treo a athrú le bheith ag teacht le straitéis agus le riachtanais ghnó a léiriú
* Cumas réimsí nua feabhsúcháin a aithint go réamhghníomhach agus bealaí nua a chur i bhfeidhm chun rudaí a dhéanamh.
* Taithí ar úinéireacht a ghlacadh ar fhreagrachtaí sábháilteachta agus ag cur le tionscnaimh feabhsaithe leanúnaigh.
Is é an 02/02/2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo.
Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.
*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.
We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland's national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.
Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland's social and economic growth.
We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.
Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland's water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.
The Role:
The Portfolio team supports the effective management of the delivery of the IDD investment programme by ensuring governance and control through data management and systems, processes and performance reporting and analysis including the management of planning, land, wayleave, utility and statutory consents. This enables efficient delivery of the investment programme by providing programme visibility, informed risk management, analysis, challenge, and decision making. The team also provides expert support in key areas that enable the effective, efficient, and sustainable delivery of the IDD investment portfolio.
Reporting directly to the Technical Assurance Lead, the Technical Assurance Analyst is responsible for supporting the provision of technical engineering oversight and advice across the full range of projects and programmes within IDD. They will help to drive compliance with standards and specifications in the delivery of the investment programme, ensure knowledge management is delivered in the team with a focus on continual improvement and development of technical skills and will provide technical capability and assurance in the delivery of projects and responding to technical queries, including managing the project management/ technical assurance frameworks.
Main Duties and Responsibilities:
* Working with the Technical Assurance Lead to ensure UÉ compliance with
1. standards and specifications in the delivery of the investment programme.
* Maintain and provide access to the database of standards and specifications.
* Attend and contribute to technical standards forums/Communities of Practice to identify any
1. additional specifications needed by IDD and ensure that practical feedback is incorporated
2. into specification updates.
* Implement the audit process to ensure the use of the correct specifications within IDD and to protect the integrity of controlled and other documents.
* Liaise with other parts of IDD to identify any additional specifications or updates to existing
1. specifications required.
* Ensure that lessons learned are fed back into the specifications and appropriate teams.
* Support the communication of details of any updates to the specifications including the
1. addition of new specifications to all relevant members of the teams (internal and external) and provide any training necessary.
* Working with the Technical Assurance Lead and Specialist, ensure that the design process
1. and technical areas are aligned and provide assurance and audit functions over these areas
* including managing the relationship with the Engineering Service Providers.Support the management of delivery support contracts for technical assurance & project
1. managers.
* Keep up to date with best practice in terms of technical solutions.
* Adopt an adaptable and flexible approach to change, innovation and continuous
1. improvement.
General Duties and Responsibilities
* Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business including but not limited to;
1. o Portfolio Office,
2. o Delivery Functions,
3. o Asset Management & Sustainability,
4. o Commercial,
5. o Business Services – Supply Chain,
6. Asset Operations
7. Asset Management
8. Asset Intelligence
9. Asset Management & Sustainability
10. o External delivery partners.
* Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its
1. supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering against health and safety
2. objectives and requirements to the highest industry standards.
* Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme driving results required within the Directorate and supporting organisation wide objectives.
* Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann's Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information, and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation.
* Act as team point of contact interacting with internal and external key project stakeholders
* Responsible for management and administration of Workshop 8 meetings in compliance with the Uisce Éireann Project/Programme Workshop Procedure document.
* Other duties as required.
Knowledge, Skills and Experience:
* Demonstrable experience of end-to-end portfolio delivery is required, with particular
experience in the area of portfolio planning
* Relevant third level qualification and or accreditation is desirable
* A minimum of 3 years' experience in the water, utilities or similar industries is desirable and or relevant experience
* Ability to develop and maintain effective partnerships with key stakeholders internally and externally
* Proven track record with dealing with complex issues, proactively and in a timely fashion along with the ability to communicate information to others
* Experience in encouraging teamwork and knowledge-sharing to enhance team performance. Evidence of motivating colleagues to achieve shared goals and improve outcomes
* Strong analytical skills and ability to identify and analyse problems and make improvement decisions that benefit the team/communities.
* Demonstrate adaptability and the ability to change focus and direction in line with business strategy and requirements
* Ability to proactively identify new areas of improvement and implement new ways to do things.
* Experience in taking ownership of safety responsibilities and contributing to continuous improvement initiatives
The closing date for receipt of applications for this vacancy is 02/02/2026.
Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.
*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.
Uisce Éireann is an equal opportunities employer.
We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.