Anailísí DTIÁ/DTIT / LRSD and ERSD Analyst
Responsibilities
Tacú le próisis seirbhíse ó ceann go ceann, ón gcéad teagmháil leis an gcustaiméir go réiteach na faidhbe.
Gníomhú mar phríomhphointe uasligin don Chomhordaitheoir Uasligin DTIÁ & DTIT agus do bhaill foirne tacaíochta eile (nuair is gá).
Oibriú go leanúnach chun feabhas a chur ar an gcumas DTIÁ/DTIT laistigh d'Uisce Éireann chun déileáil le fadhbanna custaiméirí ó ceann go ceann, agus ar an dóigh sin Eispéireas níos fearr do Chustaiméirí a bhaint amach, rud a mbeidh scóir Sástachta Custaiméirí níos fearr mar thoradh air.
Tacú agus comhoibriú gach lath leis an soláthraí seachfhoinsithe chun a chinntiú go mbaintear amach PTFanna agus CASanna (saincheisteanna cáilíochta, calabrú agus bainistíocht athraithe san áireamh).
Páirt a ghlacadh i líonra an tionscail seirbhíse do chustaiméirí chun tuiscint a fháil ar thionscnaimh atá ag teacht chun cinn, feidhmíocht a thagarmharcáil nuair is infheidhme agus Uisce Éireann a shuíomh mar phointe tagartha seirbhíse do chustaiméirí laistigh de ghrúpa fóntais na hÉireann.
Monatóireacht a dhéanamh ar mhéadracht seirbhíse, anailís a dhéanamh ar shonraí agus straitéisí a fhorbairt chun caighdeán agus éifeachtúlacht na seirbhíse a fheabhsú.
Déileáil le fiosruithe agus gearáin uasligthe, agus cinnte a dhéanamh de go ndéantar iad a réiteach go pras ar bhealach sásúil.
Réimsí a shainaithint inar féidir próisis a bharrfheabhsú agus a uathoibriú chun éifeachtúlacht a fheabhsú agus chun go mbeidh sé níos éasca do chustaiméirí déileáil linn.
Tacú leis an gCeannasaí DTIÁ & DTIT chun tuarascálacha rialta faoi PTFanna a chur i dtoll a chéile agus torthaí a chur faoi bhráid an Bhainisteora Theicniúil um Sheirbhís do Chustaiméirí agus Réiteach Gearán.
Tacú le nósanna imeachta dearbhaithe cáilíochta chun caighdeán leanúnach seirbhíse a chinntiú.
Cinnte a dhéanamh de go gcloítear le beartais, le nósanna imeachta agus le caighdeáin chomhlíontachta de chuid Uisce Éireann.
Coinneáil cothrom le dáta maidir le rialáil an tionscail agus ag cinntú go n-oibríonn an fhoireann i gcomhréir le teorainneacha dlíthiúla.
Cumas oibriú go hilréimsiúil i réimsí na Cásbhainistíochta, ag déileáil le raon leathan fiosruithe/fadhbanna uasligthe.
Páirt a ghlacadh i seisiúin sainphainéal, agus cuir i láthair a dhéanamh ag fóraim inmheánacha coistí creidmheasa.
Tacú leis an róta ar ghlao-dhualgas más gá.
Qualifications
Tá cáilíocht agus / nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe, agus / nó taithí ábhartha.
Tá taithí 3 bliana ar a laghad sna tionscail uisce, fóntas nó i dtionscail atá cosúil leo inmhianaithe.
Taithí maidir le dúshláin custaiméirí a réiteach go neamhspleách agus ardchaighdeáin seirbhíse á gcoimeád.
Cumas comhpháirtíochtaí éifeachtacha a fhorbairt le raon leathan páirtithe leasmhara agus an cumas chun dearcthaí éagsúla a lorg agus éisteacht leo.
Scileanna láidre anailíse agus cumas fadhbanna a aithint agus a anailísiú agus cinntí feabhsúcháin a dhéanamh a théann chun tairbhe na foirne/pobail.
Teist cruthaithe maidir le deiseanna a aithint le haghaidh feabhsúcháin próisis agus nuálaíochta.
An cumas a léiriú chun saincheisteanna sábháilteachta a réiteach go tapa agus feabhsuithe a lorg de réir straitéis ghnó.
Is é 27/05/2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo.
Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.
#J-*****-Ljbffr