Jobs
My ads
My job alerts
Sign in
Find a job Employers
Find

Ionadaí seirbhíse do chustaiméirí

Letterkenny
Tata Consultancy Services
€40,000 - €60,000 a year
Posted: 5 September
Offer description

Más gá duit tacaíocht chun an t-iarratas a chomhlánú nó más gá duit formáid dhifriúil den doiciméad seo, déan teagmháil linn ag úsáid an ábhair: "Iarratas ar Thacaíocht Iarratais.

Ról: Ionadaí Seirbhíse do Chustaiméirí (Gníomhaire Próisis)

Cinéal Post: Conradh ar Théarma Seasta (11 mhí)

Suíomh: Leitir Ceanainn, Co. Dún na nGall

Amlíne go garbh: Tosóidh agallaimh an tseachtain dar dáta an 8ú Meán Fómhair,

Scaoileadh tairiscintí: Samhain,

Dáta tosaithe: Go luath i mí Eanáir.

Réidh le do scileanna/eolas/taithí a úsáid i dtimpeallacht na Seirbhíse do Chustaiméirí?

Ar mhaith leat dul isteach i gcomhlacht comhairleoireachta TF domhanda dinimiciúil inar féidir leat do scileanna a fhorbairt i dtimpeallacht thacúil agus chomhoibríoch?

Déan do rian mar Ionadaí
Seirbhíse do Chustaiméirí

Bí linn i gceannaire teicneolaíochta domhanda anseo i nDún na nGall. Le breis is 850 fostaí agus ionad seachadta domhanda den scoth, táimid bródúil as deiseanna gairme den scoth a thairiscint gan an Iarthuaisceart a fhágáil. Aitheanta mar "Áit Oibre na Bliana" ag Cumann Tráchtála Leitir Ceanainn, cothaímid cultúr foghlama leanúnaí, nuálaíochta agus meas. Tá ár ndaoine i gcroílár gach rud a dhéanaimid - ag comhoibriú trasna foirne, tíreolaíochtaí agus disciplíní chun fíorathrú a thiomáint do chliaint ar fud an domhain. Bí mar chuid de rud éigin domhanda, bunaithe i nDún na nGall.

Tá an ról lárnach seo lonnaithe ar ár gcampas úrscothach i Leitir Ceanainn - láimhseálfaidh tú cineálacha éagsúla fiosrúchán agus iarratais a bhaineann le sonraí agus eolais phearsanta a choinnítear agus a thaifeadtar ar réimse feidhmchlár agus ríomhchlár gnó.

Is iad na huaireanta clúdaigh ná 9rn – 6in, ar sealanna rothlacha, Luan go hAoine, i ndiaidh laethanta saoire na hÉireann.

An Ról

Is é ról an Ionadaí Seirbhíse do Chustaiméirí ceisteanna a fhreagairt ó Fhostaithe, Fostóirí, Gníomhairí, acmhainní Párolla, agus/nó an pobal i gcoitinne a bhfuil ceisteanna acu.

Cuirfidh an fhoireann seo tacaíocht Omni-Channel ar fáil chun seirbhísí do chustaiméirí a chumasú ar líne (tairseacha inmheánacha & seachtracha), as líne (e.g. post isteach, post amach, ríomhphost etc.), agus idirghníomhach (e.g. teileafónaíocht, comhrá beo etc.). Beidh tú freagrach freisin as glaonna leantacha amach a dhéanamh i gcás nach féidir an chéad ghlao a réiteach agus as boscaí isteach ríomhphoist isteach a bhainistiú.

Príomhfhreagrachtaí:

* Glaonna isteach a fhreagairt ó Fhostaithe, Fostóirí, acmhainní Párolla agus/nó an pobal i gcoitinne. Is feidhm den ról freisin glaonna amach (glaonna leantacha) a dhéanamh.
* Déileáil le hiarratais/fadhbanna do chustaiméirí; imscrúdú a dhéanamh ar an gcás, cúrsa gníomhaíochta cuí a chinneadh agus leanúint ar aghaidh leis an gcustaiméir maidir le réiteach.
* Déan iarracht croíluach an ghnó a léiriú, is é sin seirbhís den scoth a sholáthar do chustaiméirí, i ngach idirghníomhaíocht le custaiméirí.
* Freagrach as ardleibhéal eolais a bheith agat maidir le comhpháirteanna de tháirgí iolracha a ndéanann an gnólacht seirbhís othru.
* Úsáid córas ríomhairithe faoi choinne rianú, bailiú eolais, soláthar eolais, atreoruithe, agus fabhtcheartú rialta.
* Comhlíonann nó sáraíonn se caighdeáin táirgiúlachta laethúla i gcomhréir le caighdeáin cháilíochta atá leagtha síos agus comhlíonann sé gach spriocdháta seirbhíse.
* Spreag agus tacaigh le comhoibrithe chun spriocanna foirne agus roinne a bhaint amach. Tacaíocht agus cúnamh a sholáthar do bhaill foirne eile, mar is gá.
* Bain úsáid as aiseolas chun deiseanna a aithint faoi choinne feabhsúcháin leanúnaigh ar fheidhmíocht.
* Léirigh solúbthacht i gcás saincheisteanna/tascanna eile de réir mar a thagann siad chun cinn.

Freagracht bhreise:

Beidh tú mar chuid de fhoireann mhór. Mhéadaithe agus tar éis an tréimhse phromhaidh a bheith thart, bheidh muid ag súil le hoiliúint trasna isteach i réimsí eile den fhoireann, de réir mar is gá.

Do Phróifíl

Príomhscileanna/eolas/taithí:

* Taithí riaracháin.
* Scileanna cumarsáide den scoth.
* Solúbthacht/oiriúnú don athrú.
* Léirigh tionscnamh agus tiomáint chun torthaí a bhaint amach.
* Dea-scileanna eagrúcháin agus bainistíocht ama.
* Aird ar mhionsonraí agus ar chruinneas.
* Cumas oibriú i bhfoireann agus go neamhspleách.
* Scileanna ríomhaireachta de scoth.

Scileanna/eolas/taithí inmhianaithe:

* Is fearr 6-12 mhí ar a laghad de thaithí i seirbhís do chustaiméirí.
* Is buntáiste é taithí roimhe seo sa tionscal pinsin.
* Is buntáisite é iarrthóir a bhfuil Gaeilge aige/aici.

Luach saothair & Sochair

Vótáiltear TCS go seasta mar an Fostóir is Fearr sa Ríocht Aontaithe agus ar fud an domhain. Áirítear lenár bpacáistí tuarastail iomaíocha pinsean, cúram sláinte, árachas saoil, ríomhaire glúine agus rochtain ar acmhainní oiliúna fairsinge agus lascainí laistigh de líonra Tata níos mó.

Cuireann muid tionscnaimh sláinte agus folláine agus imeachtaí spóirt ar fáil; tá muid bródúil as urraitheoir Mharatón Londain agus comhoibríonn muid lenár bpobail áitiúla in Éirinn.

Éagsúlacht, Cuimsiú agus Folláine

Tá Tata Consultancy Services UK&I tiomanta do riachtanais inrochtaineachta gach duine aonair a chomhlíonadh i gcomhréir le hAchtanna Comhionannais Fostaíochta na hÉireann ar leasú) agus na hAchtanna Chomhionannas Stádais arna leasú).

Cuireann muid fáilte roimh agus glacadh le éagsúlacht i gciníochas, náisiúntacht, eitneachas, míchumas, néaréagsúlacht, féiniúlacht inscne, aois, cumas fisiceach, athshannadh inscne, claonadh gnéasach. Is fostóir cuimsitheach muid ó thaobh míchumais de agus spreagann muid daoine faoi míchumas hcun iarratas a dhéanamh ar an ról seo.

Mar Fhostóir Muiníneach as Míchumas, cuireann muid agallamh ar fáil d'iarratasóirí faoi mhíchumas nó riochtaí fadtéarmacha a chomhlíonann na critéir íosta don ról. Seol ríomhphost chugainn ag más mian leat rogha a dhéanamh isteach.

Más iarratasóir thú a bhfuil aon choigeartuithe de dhíth ort ar an bpróiseas iarratais nó ar an agallamh, déan teagmháil linn ag leis an líne ábhair: "Iarratas Oiriúnú" nó seol ríomhphost chuig chun coigeartú a iarraidh. Cuireann muid fáilte roimh iarratais sula gcomhlánaíonn tú an t-iarratas agus ag aon chéim den phróiseas earcaíochta.

Na Chéad Chéimeanna Eile:

Próiseas Iarratais

1. Iarratas ar líne: Is féidir leat iarratas a dhéanamh go díreach trí nó trí Indeed nó LinkedIn trí do CV a uaslódáil. Más mian leat d'iarratas a chur isteach trí fhormáid eile cosúil le fuaim/físeán, déan teagmháil le
2. Plé bunaithe ar scileanna: Beidh sé seo ina agallamh leibhéal 1 leis an bhfoireann tionscadail, is féidir é a dhéanamh trí fhíseán nó go pearsanta. Deimhneoidh d'earcaitheoir na sonraí.
3. Plé bainistíochta: Díreofar sa phlé seo ar ghnéithe iompraíochta agus ar oiriúnacht duine-eagraíochta.
4. Plé AD: Beidh sé seo le duine de bhaill na foirne AD agus clúdófar do thuras gairme, uaillmhianta fáis, cúiteamh agus aon cheisteanna eile a d'fhéadfadh a bheith agat.

Bí cúramach le tairiscintí calaoiseacha

Seo le cur in iúl duit nach n-iarrann TCS aon chineál íocaíochtaí ná éarlaise slándála ó iarrthóirí ag aon chéim den phróiseas earcaíochta. Ní sheolann an gnólacht tairiscintí poist amach riamh ó sheirbhísí ríomhphoist idirlín saor in aisce ar nós Gmail, Yahoo Mail, agus araile. Níl údarás tugtha ag TCS d'aon chuideachta tríú páirtí airgead a bhailiú thar a gceann. Mar chuardaitheoir poist airdeallach, bí cúramach faoi ghníomhaíocht earcaíochta calaoiseach agus cosain do leasanna Is féidir leat scríobh chuig chun aon ghníomhaíocht chalaoiseach a thuairisciú.

Mar gheall ar an líon mór iarratas, ní bheidh muid ábalta teagmháil a dhéanamh le gach iarratasóir ina aonar maidir le stáda a n-iarratais. Mura bhfaighidh tú freagra díreach laistigh de 30 lá, ba chóir a mheas nár éirigh leis an iarratas seo.

Bí linn agus déan níos mó de na rudaí is tábhachtaí. Cuir isteach ar líne anois.

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save
Similar jobs
jobs Letterkenny
jobs County Donegal
jobs Ulster
Home > Jobs > Ionadaí Seirbhíse do Chustaiméirí

About Jobijoba

  • Company Reviews

Search for jobs

  • Jobs by Job Title
  • Jobs by Industry
  • Jobs by Company
  • Jobs by Location

Contact / Partnership

  • Contact
  • Publish your job offers on Jobijoba

Legal notice - Terms of Service - Privacy Policy - Manage my cookies - Accessibility: Not compliant

© 2025 Jobijoba - All Rights Reserved

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save