Jobs
My ads
My job alerts
Sign in
Find a job Employers
Find

Comhordaitheoir gníomhaireachtaí agus fóntas

Uisce Éireann
Posted: 16 November
Offer description

Description
Is sinne Uisce Éireann.
Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann.
Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail.
Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann.
Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán.
Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile.
Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre.
Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, is cinnte gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
An Ról:
Tacaíonn foireann na Punainne le bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar sholáthar chlár infheistíochta an SSB trí rialú agus rialúchán a chinntiú le bainistíocht agus córais sonraí, tuairisciú ar phróisis agus ar fheidhmíocht agus anailís lena n-áirítear bainistíocht ar cheadanna pleanála, talún, ceada slí, fóntais agus reachtúla.
Éascaíonn sé seo soláthar éifeachtach an chláir infheistíochta trí fheiceálacht chláir, bainistíocht fheasach rioscaí, anailís, dúshlán, agus cinnteoireacht a sholáthar.
Soláthraíonn an fhoireann tacaíocht shainiúil i réimsí ríthábhachtacha a éascaíonn soláthar éifeachtach, éifeachtúil inbhuanaithe phunann infheistíochta an SSB.
Agus é/í freagrach don Cheannasaí Teicniúil um Ghníomhaireachtaí agus Fóntais, beidh an Comhordaitheoir Teicniúil Gníomhaireachtaí & Fóntas freagrach as eolas oibre a sholáthar i ndáil le bainistíocht páirtithe leasmhara maidir le gníomhaireachtaí agus fóntais chun tionscadail a thabhairt go réamhghníomhach trí na próisis a bhaineann le riachtanais gníomhaireachtaí agus fóntas tríú páirtí a chomhaontú, a chomhordú agus a chur i bhfeidhm.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
Cáipéisíocht a ullmhú maidir le hiarratais ar cheaduithe, ar cheadúnais agus ar cheadanna reachtúla le gníomhaireachtaí ábhartha lena n-áirítear riarachán maidir le comhaontuithe ceadúnas oscailte bóithre.
Ag cuidiú le riarachán/próiseáil ceaduithe, ceadúnas agus ceadanna reachtúla le gníomhaireachtaí ábhartha lena n-áirítear riachtanais maidir le ceadúnais oscailte bóithre.
Ceaduithe, ceadúnas agus ceadanna reachtúla a ullmhú agus a eisiúint le gníomhaireachtaí ábhartha lena n-áirítear ceadúnais oscailte bóithre le haghaidh Soláthar Bonneagair.
Idirghabháil a dhéanamh le hinnealtóirí / leis an bhfoireann soláthair tionscadail / le comhairleoirí dlí maidir le ceisteanna arna n-ardú ag páirtithe leasmhara.
Freagairt a dhéanamh ar cheisteanna arna n-ardú ag páirtithe leasmhara.
Ceaduithe, ceadúnais agus ceadanna reachtúla a dhoiciméadú agus a choimeád le gníomhaireachtaí ábhartha lena n-áirítear beartais, próisis agus nósanna imeachta maidir le ceadúnais oscailte bóithre.
Ag cinntiú go bhfuil faomhadh dlí agus rialachais i bhfeidhm atá riachtanach chun ceaduithe, ceadúnais agus ceadanna reachtúla a phróiseáil le gníomhaireachtaí ábhartha lena n-áirítear ceadúnais oscailte bóithre
Idirghabháil a dhéanamh le Ranna Rialtais, le Comhlachtaí Reachtúla, leis an Aonad Urthrá, agus le hÚdaráis Áitiúla
Idirghabháil a dhéanamh le Comhairleoirí Dlí/Luachálaithe/Innealtóirí/Agranamaithe agus le comhairleoirí Gairmiúla eile.
Ag cuidiú leis na ceaduithe, ceadúnas agus ceadanna reachtúla a choimeád agus a nuashonrú le gníomhaireachtaí ábhartha lena n-áirítear bunachair sonraí a bhaineann le ceadúnais oscailte bóithre, Córais Leictreonacha um Bainistíocht Cáipéisí agus Córais Chomhdúcháin le haghaidh Soláthar Bonneagair.
Rioscaí agus fadhbanna a chur in iúl mar is cuí.
Comhfhreagras isteach agus amach a phróiseáil i ndáil le ceaduithe, ceadúnas agus ceadanna reachtúla le gníomhaireachtaí ábhartha lena n-áirítear ceadúnais oscailte bóithre.
Cumarsáid agus comhairliúchán a dhéanamh ar fud na feidhme Soláthair Bonneagair, ar fud an Ghnólachta níos leithne agus le Comhpháirtithe Soláthair seachtracha.
Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta
Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ, lena n-áirítear ach nach bhfuil teoranta do;
Oifig an POF – Dlíthiúil,
Bainistíocht Sócmhainní & Inbhuanaitheacht,
POO – Oibríochtaí Sócmhainní.
Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompair dhearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh.
Tacú le soláthar Chlár Uisce Éireann um Bunathrú, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.
Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a sholáthar, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha ar bith eile.
Dualgais eile nuair is gá.
Eolas, Scileanna agus Taithí:
Tá taithí fhollasach ag teastáil ar sheachadadh punainne ó thús go deireadh, le taithí ar leith sa réimse a bhaineann le pleanáil punainne.
Tá cáilíocht agus / nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe, agus / nó taithí ábhartha
Tá taithí ábhartha 1 bhliain ar a laghad i ról cosúil san earnáil uisce, fóntais nó in earnálacha atá cosúil leo sin inmhianaithe
Scileanna láidre Ríomhaireachta le heolas oibre inniúil ar MS Word, Excel, PowerPoint agus Outlook
Tá eolas oibre inniúil ar Primavera agus ar Oracle Maximo ina bhuntáiste.
An cumas próisis agus nósanna imeachta leanúnacha a bhunú chun faisnéis a bhailiú agus a athbhreithniú.
An cumas léirithe obair a dhéanamh as a stuaim féin agus le daoine eile chun rath ar fheidhmíocht foirne a chur chun cinn
Scileanna cruthaithe bainistíochta ama leis an gcumas ord tosaíochta a leagan síos agus coinneáil dírithe ar an gcúram.
Cumas cruthaithe caidrimh mhaithe oibre a chruthú agus a fhorbairt chun baint amach spriocanna oibre a éascú, chomh maith leis an gcumas tiomantas a fháil ó dhaoine eile.
Scileanna sármhaithe cumarsáide ó bhéal agus i scríbhinn agus an cumas teachtaireachtaí a chur in iúl ar bhealach soiléir gonta
Solúbtha maidir le hobair a dhéanamh i dtimpeallacht a bhíonn ag athrú agus an cumas dul i dtaithí ar struchtúir oibre, ar phróisis agus ar riachtanais nua de réir mar is gá
Réimsí nua foghlama a shainaithint go réamhghníomhach agus faisnéis agus scileanna nuafhoghlamtha a úsáid ag an obair
An cumas anailís a dhéanamh ar riachtanais na gcustaiméirí agus tacaíocht a sholáthar chun fadhbanna a réiteach
Cuntas teiste ar gach iarracht a dhéanamh ardchaighdeán a aimsiú agus ardchaighdeáin oibre a chinntiú i rith an ama
Cuntas teiste maidir le cuspóirí agus beartais slándála a chomhlíonadh agus daoine eile a spreagadh chun an rud céanna a dhéanamh
Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo ná 21/11/2025.
Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.
*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat.
Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú.
Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.
We are Uisce Éireann.
Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland.
As Ireland's national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.
Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive.
That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland's social and economic growth.
We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland.
We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe.
Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together.
These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.
Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work.
With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland's water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.
The Role:
The Portfolio team supports the effective management of the delivery of the IDD investment programme by ensuring governance and control through data management and systems, processes and performance reporting and analysis including the management of planning, land, wayleave, utility, and statutory consents.
This enables efficient delivery of the investment programme by providing programme visibility, informed risk management, analysis, challenge, and decision making.
The team also provides expert support in key areas that enable the effective, efficient, and sustainable delivery of the IDD investment portfolio.
Reporting to the Agency and Utility Technical Lead, the Agency and Utility Coordinator will be responsible for supporting the provision of working knowledge in relation to agency and utility stakeholder management to enable project managers to proactively take projects through the processes of agreeing, coordinating and implementing third party agencies and utilities requirements.
Main Duties and Responsibilities:
Prepare documentation for applications for statutory consents, licences, permissions with relevant agencies including road opening licences agreement administration.
Assist in the administration/processing of statutory consents, licences, permissions with relevant agencies including road opening licences requirements.
Prepare and issue statutory consents, licences, permissions with relevant agencies including road opening licences for Infrastructure Delivery.
Liaise with Engineers / project delivery staff / legal advisors on queries raised by stakeholders.
Respond to queries raised by Stakeholders.
Document and maintain statutory consents, licences, permissions with relevant agencies including road opening licences policies, processes & procedures.
Ensure that required legal and governance signoffs required to process statutory consents, licences, permissions with relevant agencies including road opening licences are in place.
Liaise with Government Departments, Statutory Bodies, Foreshore Unit, Local Authorities,
Liaise with Legal Advisors/Valuers/Engineers/Agronomist and other Professional advisors.
Assist in the maintenance and updating of the statutory consents, licences, permissions with relevant agencies including road opening licences databases, Electronic Document Management Systems and Filing Systems for Infrastructure Delivery.
Raise risks and issues as appropriate.
Process incoming and outgoing correspondence in relation to statutory consents, licences, permissions with relevant agencies including road opening licences.
Communicate & consult across the Infrastructure Delivery function, the wider business & with external Delivery Partners.
General Duties and Responsibilities
Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business, including but not limited to;
CEO Office – Legal,
Asset Management & Sustainability,
COO – Asset Operations.
Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards.
Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives.
Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann's Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information, and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation.
Other duties as required.
Knowledge, Skills and Experience:
Demonstrable experience of end-to-end portfolio delivery is required, with particular experience in the area of portfolio planning.
Relevant third level qualification and or accreditation is desirable and or relevant experience
Min 1 year relevant Experience in a similar role in the water, utilities or similar industries is desirable
Strong Computer skills with a proficient working knowledge of MS Word, Excel, PowerPoint and Outlook.
Proficient working knowledge of Primavera, Oracle Maximo is an advantage.
Ability to set up ongoing processes and procedures to collect and review information.
Proven ability to work on own initiative and with others to promote the success in the performance of a team
Proven effective time management skills with the ability to prioritise and remain focused
Proven ability to create and develop good working relationships to facilitate the accomplishment of work goals, coupled with the ability to gain commitment from others
Excellent verbal and written communication skills with the ability to convey messages in a clear and concise manner
Flexible with regard to working in a changing environment and the ability to adjust to new work structures, processes and requirements as necessary
Proactively identifying new areas of learning and using newly gained knowledge and skills on the job
Ability to analyse customer needs and provide support to resolve issues
Track record of striving for quality and ensuring consistently high standards of work
Track record of complying with safety objectives and policies and encouraging others to do the same
The closing date for receipt of applications for this vacancy is 21/11/2025.
Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.
*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience.
Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.
Uisce Éireann is an equal opportunities employer.
We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this.
We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save
Similar job
Uisce eireann response to cru2024001
Dublin
Commission for Regulation of Utilities
€60,000 - €80,000 a year
Similar job
Uisce éireann’s non-domestic tariff framework
Dublin
Commission for Regulation of Utilities
€60,000 - €80,000 a year
Similar job
Uisce éireann performance assessment framework annual data report submission 2023
Dublin
Commission for Regulation of Utilities
€60,000 - €80,000 a year
Similar jobs
jobs County Dublin
jobs Leinster
Home > Jobs > Comhordaitheoir Gníomhaireachtaí Agus Fóntas

About Jobijoba

  • Company Reviews

Search for jobs

  • Jobs by Job Title
  • Jobs by Industry
  • Jobs by Company
  • Jobs by Location

Contact / Partnership

  • Contact
  • Publish your job offers on Jobijoba

Legal notice - Terms of Service - Privacy Policy - Manage my cookies - Accessibility: Not compliant

© 2025 Jobijoba - All Rights Reserved

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save