Jobs
My ads
My job alerts
Sign in
Find a job Employers
Find

Water treatment maintenance team lead

East Grove
Uisce Éireann
€60,000 - €80,000 a year
Posted: 12 November
Offer description

Description

Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.

Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.

Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, is cinnte gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.

An Ról
Is bunchloch í an fheidhm Oibríochtaí Sócmhainní maidir le seachadadh seirbhíse do chustaiméirí, an comhshaol a chosaint agus na caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar réimse feidhme na nOibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil agus nósanna imeachta na n-oibriúchán caighdeánach le haghaidh oibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce go náisiúnta agus go réigiúnach, rud a chinntíonn go gcuirtear luach ar airgead agus ar sheirbhís do chustaiméirí ar fáil.

Tá freagracht ar an bhfoireann Oibriúcháin agus Cothabhála as soláthar náisiúnta seirbhísí oibriúcháin uisce agus fuíolluisce trí shócmhainní an líonra agus cóireáil uisce agus fuíolluisce a oibriú, a iniúchadh, a chothabháil agus a dheisiú. Tá sainchúram réigiúnach ag an bhFoireann Oibriúcháin agus Cothabhála as bainistíocht oibríochta réigiúnach a dhéanamh ar chóireáil uisce agus fuíolluisce agus ar shócmhainní an líonra agus as an soláthar seirbhísí uisce agus fuíolluisce a bhaineann leis na freagrachtaí sin trí ghníomhaíochtaí oibríochta, cothabhála agus deisiúcháin, chomh maith le sláinte agus sábháilteacht a bhainistiú. Tá an fhoireann freagrach freisin as cur i bhfeidhm an phlean réigiúnaigh oibríochtaí, cothabhála agus deisiúcháin a chuimsíonn cuid den phlean náisiúnta oibríochtaí, cothabhála agus deisiúcháin, a chuireann leis an méid sin a fhorbairt, a bhainistiú, a chur i bhfeidhm agus a fhaomhadh. Is gné lárnach d'fhreagracht na foirne seo gníomhaíochtaí athraithe agus aistrithe a bhainistiú, go háirithe sna céimeanna tosaigh agus an fhoireann oibríochtaí réigiúnach ag scaradh ina bhfoirne ar leith uisce agus fuíolluisce agus déantar na bealaí oibre a chaighdeánú.

Agus é/í freagrach don Bhainisteoir Cóireála Uisce, tá sainchúram ag Ceannasaí na Foirne Cothabhála um Chóireáil Uisce ar fud limistéar geografach agus tá sé/sí freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí meicniúla agus leictreacha (M&E) beartaithe agus frithghníomhacha ar fud bhonn na sócmhainní cóireála uisce. Beidh Ceannasaí na Foirne (M&E Oibríochtaí Cóireála Uisce) freagrach as foireann oibrithe cothabhála um chóireáil uisce a stiúradh agus as a bhfeidhmíocht a bhainistiú, agus as an treoir agus na scileanna atá riachtanach a chur ar fáil dóibh chun a chinntiú go gcloítear leis an reachtaíocht ábhartha, agus an méid sin á dhéanamh laistigh den bhuiséad atá leagtha amach.



Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:


• Freagrach as foireann oibrithe cothabhála um chóireáil uisce a stiúradh agus as a bhfeidhmíocht a bhainistiú, agus as an treoir agus na scileanna atá riachtanach a chur ar fáil dóibh chun cineálacha uile gníomhaíochtaí M&E a chur i bhfeidhm ar bhonn na sócmhainní uisce chun a chinntiú go gcloítear leis an reachtaíocht ábhartha ar feadh an ama.

• Freagrach as bainistiú foriomlán gníomhaíochtaí meicniúla agus leictreacha (M&E) beartaithe agus frithghníomhacha ar fud bhonn na sócmhainní uisce laistigh de limistéar geografach lena n-áirítear stáisiúin chaidéalúcháin, ionaid chóireála uisce agus sócmhainní cóireála sloda.

• Freagrach as bainistíocht a dhéanamh maidir le raon tascanna meicniúla a chur i gcrích, a bhféadfadh na nithe a leanas a bheith san áireamh leo sin: gnáthchothabháil ar chaidéil nó iad a bhaint, earraí ionaid do chomhpháirteanna caidéil, innill, comhlaí, giarbhoscaí, hiodrálaic agus neomataic maidir le comhéadain leictreacha speisialta, feistiú, dícheangail píopaí, agus gairis mheicniúla (amhail imthacaí, cúpláin, coscáin agus sciatha sábháilteachta).

• Freagrach as an mbuiséad a bhainistiú a leithdháiltear ar an bhfoireann agus as leithdháileadh acmhainní lena n-áirítear foréilimh ceannaigh.

• Rannchuidiú le pleananna cothabhála oibríochtúla agus deisithe uisce agus le nósanna imeachta oibriúcháin caighdeánacha de réir mar is gá.

• Deimhin a dhéanamh de go n-oibríonn an fhoireann i gcomhréir le leibhéil shainithe inniúlachta oibríochtúla, le riachtanais sláinte agus sábháilteachta, le córais agus nósanna imeachta Dearbhaithe Cáilíochta agus úsáid á baint as an teicneolaíocht a chuirtear ar fáil.

• Freagrach as seirbhís chomhsheasmhach a sholáthar do chustaiméirí agus as an tionchar féideartha de bharr bristeacha a bhainistiú a d'fhéadfadh dul i bhfeidhm ar an mbonn sócmhainní

• Tacaíocht a thabhairt le freagairt ar theagmhais agus ar éigeandálaí a chomhordú, ag cinntiú go gcloítear le caighdeáin sláinte agus sábháilteachta uile agus go mbíonn rangúcháin truaillithe comhsheasmhach.

• Scileanna na mball foirne a fhorbairt trí chóitseáil agus oiliúint a chur ar fáil i ngach gné d'oibriú na n-oibreacha ábhartha

• Deimhin a dhéanamh de go ndéantar na doiciméid ábhartha uile a chomhlánú agus a uaslódáil sa lárchóras TF

• Cur le forbairt nósanna imeachta oibriúcháin caighdeánacha a uasmhéadaíonn cáilíocht aschuir, éifeachtúlachta agus a thacaíonn le glacadh le próisis

• Críochnú oibre oibríochtúla a bhailíochtú agus iarratais ar sheirbhísí a dhéanamh amach de réir mar is gá

• Freagrach as ceadanna oibre/Measúnuithe Riosca/ Ráiteas ar Mhodhanna a eisiúint chuig conraitheoirí ábhartha uile agus as a chinntiú go gcloífidh siad le gach nós imeachta sláinte agus sábháilteachta

• Tacaíocht a thabhairt don Ionad Teagmhála / do Cheannasaithe Teicniúla um Theagmháil le Custaiméirí maidir le fadhbanna/ceisteanna ar bith a bhíonn ag custaiméirí, lena n-áirítear cuairteanna ar láithreáin nuair is gá

• Idirchaidreamh a dhéanamh le Ceannasaí na Foirne um Oibríochtaí Cóireála Uisce le haghaidh seirbhísí cóireála uisce a chur ar fáil agus a chothabháil de réir mar is gá

• Freagrach as bainistiú a dhéanamh ar réimse tascanna meicniúla, leictreacha, ionstraimíochta, rialuithe agus uathoibrithe.

Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta:


• Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ

• Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompair dhearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh.

• Tacú le soláthar Chlár Uisce Éireann um Bunathrú, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.

• Ceannaireacht shoiléir a chur ar fáil do d'fhoireann, iad a chóitseáil agus a fhorbairt chun barr a gcumais a bhaint amach agus cuspóirí gnó a sholáthar, comhoibriú a chur chun cinn agus béim a chur ar na hiompair a bhfuiltear ag súil leo ó gach duine ar an bhfoireann.

• Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.

• Dualgais eile nuair is gá.

Eolas, Scileanna agus Taithí:


• An Ardteistiméireacht nó a comhionann

• Meicniúil: Sainteastas Leibhéal 6 QQI nó a choibhéis – Ceird i bprintíseacht amhail Feistiú Píobáin nó Ceird in Uathoibriú Meicniúil agus Feistiú Cothabhála nó;

• Lecitreach: Cáilíocht CCCÉ (Clár Chonraitheoirí Leictreachais na hÉireann) nó clárú le comhlacht rialála ceadúnaithe. Printíseacht Leibhéal 7: Leictreoir Tionsclaíoch

• Taithí 5 bliana ar a laghad a bhaineann go díreach le hobair a dhéanamh i ról comhchosúil laistigh den réimse M&E (Meicniúil & Leictreach) Uisce nó a chomhionann

• Scileanna ceannaireachta go háirithe cóitseáil, spreagadh agus feidhmíocht a bhainistiú

• Táimid uaillmhianach - Tá eolas grinn riachtanach ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta, na gcaighdeán, na bpróiseas agus na nósanna imeachta reatha a bhaineann le hoibríochtaí cóireála uisce

• Sainscileanna agus eolas grinn ar shócmhainní cóireála a chothabháil agus a oibriú

• Oibrímid níos fearr le chéile - An cumas aige/aici foireann ardfheidhmíochta a fhorbairt agus daoine a fhorbairt chun barr a gcumais a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach trí chóitseáil éifeachtach, trí tharmligean agus trí thacaíocht

• Taithí ar ghnó atá dírithe ar chustaiméirí

• Scileanna sármhaithe cumarsáide scríofa agus labhartha

• Scileanna cumarsáide éifeachtacha, chun teagmháil a dhéanamh le réimse leathan páirtithe leasmhara inmheánacha, le custaiméirí agus le fostaithe tosaigh

• Taithí / tuiscint ar oibriú laistigh de chultúr láidir sláinte agus sábháilteachta

• Cumas cinntí a dhéanamh bunaithe ar anailís faisnéise laistigh de thimpeallacht a ghluaiseann go tapa agus a dhíríonn ar an gcustaiméir

• Coimeádaimid a chéile slán sábháilte - Trí oiliúint iomlán agus trí mheasúnú riosca, ní mór do shealbhóir an róil bheith in ann oibriú i dtimpeallacht a bhíonn míchompordach uaireanta nó a d'fhéadfadh a bheith contúirteach uaireanta amhail: obair a dhéanamh le ceimiceáin chontúirteacha; camras; obair i spásanna cúnga; obair aonair; cianobair; uisce domhain; ainmhithe; torann; creathadh láimhe agus géige, srl. Mar gheall air sin, ní mór measúnú sláinte ceirde a chomhlánú go rathúil chun oiriúnacht a dheimhniú obair a dhéanamh i dtimpeallacht dá leithéid

• Teastaíonn eolas fónta agus taithí ar na scileanna riachtanacha uile chun sócmhainní cóireála a oibriú mar aon le heolas feidhmeach

• Eolas oibre ar shócmhainní uile, ar nósanna imeachta éigeandála agus ar an gcód cleachtais um shláinteachas i leith camrais

• Is riachtanas íosta é ceadúnas tiomána chatagóir B Éireannach atá iomlán, glan agus bailí.


Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo ná 24/11/2025.
Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.

*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.

Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.

Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.

________________________________________

Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland's social and economic growth.

We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.

Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland's water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.

The Role:
The Asset Operations function forms the cornerstone of service delivery to customers, protecting the environment and meeting regulatory standards as well as managing the majority of operational expenditure. The Asset Operations function has responsibility for operational and maintenance strategy, policies, planning and standard operating procedures for Water and Wastewater operations both nationally and regionally, ensuring that value for money and customer service is delivered.

The O&M team is responsible for the national delivery of water and wastewater operational services through the operation, inspection, maintenance & repair of the water and wastewater treatment and network assets. The Regional O&M Team has a regional remit and is responsible for the regional operational management of water or wastewater treatment and network assets and the associated delivery of water/wastewater services through operational, maintenance and repair activities, while managing health and safety. The team is also responsible for the implementation of the regional operations, maintenance and repair plan that forms part of the national operations, maintenance and repair plan, contributing to the development, management, implementation and approval of same. Managing change and transformation activities is a key aspect of this team's responsibility particularly in the initial phases as the regional operations team splits into separate water and wastewater teams and ways of working are standardised.

Reporting to the Water Treatment Manager, the Water Treatment Maintenance Team Lead has a remit over a geographical area and is responsible for overseeing planned and reactive mechanical and electrical (M&E) activities across the Water treatment asset base. The Team Leader (Water Treatment Operations M&E) will be responsible for leading and managing the performance of a team of water treatment maintenance operatives and to provide them with the necessary direction and skills to ensure compliance within relevant legislation, whilst operating within budgetary constraints.

Main Duties and Responsibilities:


• Responsible for leading and managing the performance of a team of water treatment maintenance operatives and to provide them with the necessary direction and skills to carry out all types of M&E activity to the water asset base to ensure compliance with relevant legislation is maintained

• Responsible for the overall management of planned and reactive mechanical and electrical (M&E) activities across the water treatment asset base within a geographical area including pumping stations, water treatment plants and sludge treatment assets

• Responsible for managing the undertaking of a range of mechanical tasks, which may include the routine maintenance or removal of pumps, pump component replacements, engines, valves, gearboxes, specialist electrical interface hydraulics and pneumatics, fitting, pipe disconnections, and mechanical devices (such as bearing's couplings, brakes and safety guards).

• Responsible for managing the budget allocated to the team and resource allocation including approval of purchase requisitions

• Contribute to the development of water operational, maintenance and repair plans and standard operating procedures as required

• Ensure the team works in accordance with defined levels of operational competence, health and safety requirements, QA systems and procedures using the technology provided

• Responsible for delivering consistent customer service and managing the potential operational impact of breakdowns that may impact the water asset base

• Support in the coordination of incident and emergency response, ensuring all health and safety standards are met and pollution classifications are consistent

• Develop the skills of team members through provision of coaching and training in all aspects of the operation of relevant works

• Ensure all the relevant documentation and is completed and uploaded to central IT system

• Contribute to the development of standard operating procedures that maximise quality of output, efficiency and support the adoption of processes

• Validate completion of operational work and raise service requests as required

• Responsible for issuing of permits to work/Risk Assessments/Method Statement to all relevant contractors and ensure they follow all health and safety procedures

• Support Contact Centre / Customer Contact Technical Leads with any customer issues/queries, including site visits where required

• Liaise with the Water Treatment Operations Team Lead in the provision and maintenance of Water treatment services as required

• Responsible for managing the undertaking of a range of mechanical, electrical, instrumentation, controls and automation tasks.

General Duties and Responsibilities


• Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business

• Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards.

• Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives.

• Provide visible leadership for your team, coaching and developing them to achieve their full potential and deliver business objectives, promoting collaboration and highlighting the behaviours that are expected from everyone in the team.

• Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann's Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information, and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation.

• Other duties as required.

Knowledge, Skills and Experience:


• Leaving Certificate or equivalent

• Mechanical: QQI Level 6 Advanced Certificate or equivalent – Craft in apprenticeship such as Pipefitting or Craft of Mechanical Automation and Maintenance Fitting and/or;

• Electrical: RECI qualification or registration with a licensed regulatory body. Level 7 Apprenticeship: Industrial Electrician

• Minimum of 5 years directly relevant experience of working in a similar role within Water M&E or equivalent

• Team Leader skills in particular coaching, motivating and managing performance

• We aim high- Required to have an in depth knowledge of the application of the current legislation, standards, processes and procedures relevant to Water treatment operations

• Specialist skills and in depth knowledge of maintaining and operating treatment assets

• We work better together- Capable of building a high performing team and of developing people to realise their full potential and achieve results through effective coaching, delegation and support

• Experience in a customer focused business

• Excellent written and verbal communication skills

• Effective communication skills, to engage with a broad range of internal stakeholders, customers and front line employees

• Experience / understanding of working within a strong health & safety culture

• Ability to make decisions based on analysis of information within a very fast paced, customer focused environment

• We keep each other safe- With full training and risk assessment, the role holder must have the ability to work in an environment that is sometimes uncomfortable or potentially hazardous such as: working with hazardous chemicals; sewage; confined spaces; lone working; remote working; deep water; animals; noise; hand and arm vibration, etc. This involves successful completion of occupational health assessment confirming suitability to work in such environment.

• Sound knowledge and experience of all skills required for operation of treatment assets as well as applied knowledge

• Working knowledge of all assets, emergency procedures and sewage hygiene code of practice

• Full, clean and valid Irish category B driving licence is minimum requirement.


The closing date for receipt of applications for this vacancy is 24/11/2025.
Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.

*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.

Uisce Éireann is an equal opportunities employer.

We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save
Similar jobs
jobs East Grove
jobs County Cork
jobs Munster
Home > Jobs > Water Treatment Maintenance Team Lead

About Jobijoba

  • Company Reviews

Search for jobs

  • Jobs by Job Title
  • Jobs by Industry
  • Jobs by Company
  • Jobs by Location

Contact / Partnership

  • Contact
  • Publish your job offers on Jobijoba

Legal notice - Terms of Service - Privacy Policy - Manage my cookies - Accessibility: Not compliant

© 2025 Jobijoba - All Rights Reserved

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save