Bainisteoir Scrúduithe agus Measúnaithe - Seirbhís AistriúcháinTá dualgas ar Choimisiún na Scrúduithe Stáit (CnaSS) scrúduithe Teastais an Stáit a reáchtáil. Tá an Coimisiún freagrach as na scrúduithe a fhorbairt, a mheas, a chreidiúnú agus a dheimhniú, lena n-áirítear scrúduithe na hArdteistiméireachta, scrúduithe na hArdteistiméireachta Feidhmí agus scrúduithe na Sraithe Sóisearaí.Tá folúntas i Rannóg na Scrúduithe agus an Mheasúnaithe den Choimisiún anois do Bhainisteoir Scrúduithe agus Measúnaithe (BSM) sa tSeirbhís Aistriúcháin. Is deis í seo do dhuine díograiseach a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu agus atá tiomanta seirbhís dhátheangach ardchaighdeáin a chinntiú.Ag tuairisciú do Cheannasaí Cúnta Rannóg na Scrúduithe agus an Mheasúnaithe, beidh an té a cheapfar iomlán freagrach as Seirbhís Aistriúcháin Choimisiún na Scrúduithe Stáit a bhainistiú agus a fhorbairt, maoirseacht a dhéanamh ar obair na Seirbhíse Aistriúcháin agus comhairle a thabhairt do CnaSS faoi gach rud a bhaineann leis an tSeirbhís Aistriúcháin.Cé go bhfuil ceanncheathrú an Choimisiúin lonnaithe i mBaile Áth Luain, Contae na hIarmhí, bíonn na Bainisteoirí Scrúdaithe agus Measúnaithe lonnaithe ar fud na tíre.Tá sonraí uile an phoist, lena n-áirítear riachtanais cháilitheachta ar leith, ar fáil ar www.publicjobs.ie.Is é 3i.n. ar an Déardaoin 11 Meitheamh 2026 an dáta deireanach ar a nglacfar le hiarratais chomhlíonta.Táimid tiomanta do dheiseanna comhionannais agus cuirimid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta.
#J-18808-Ljbffr