Jobs
My ads
My job alerts
Sign in
Find a job Employers
Find

Comhairleoir um idirchaidreamh le forbróirí/developer liaison advisor

Dublin
Uisce Éireann
Developer
Posted: 5h ago
Offer description

Is sinne Uisce Éireann.
Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann.
Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail.
Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann.
Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán.
Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile.
Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre.
Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, is cinnte gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
An Ról:
Déanann Oibríochtaí Custaiméirí eispéireas agus seirbhís custaiméirí atá sármhaith a fhorbairt, a sholáthar agus a thacú do chustaiméirí tí agus do chustaiméirí tráchtála araon laistigh de thionscal rialaithe.
Tá Oibríochtaí Custaiméirí freagrach as caidreamh custaiméirí a bhainistiú i gcomhar leis an Ionad Teagmhála Custaiméirí, agus seirbhísí billeála do chustaiméirí atá tráthúil agus cruinn á gcinntiú agus straitéis Uisce Éireann do chustaiméirí á cur i bhfeidhm go héifeachtach
Tá Seirbhísí Nasc agus Forbróra (CDS) freagrach as rannpháirteachas le custaiméirí agus as an gcaidreamh le páirtithe leasmhara a bhainistiú maidir le naisc uile le líonra Uisce Éireann.
Bainistíonn foireann CDS aistear an chustaiméara maidir leis na nithe a leanas: dearadh choincheap na forbartha, an próiseas pleanála reachtúla, réamh-nasc, dearadh teicniúil, dearbhú cáilíochta láithreáin, sócmhainn nua a dhílsiú agus nasc deiridh agus méadrú, lena n-áirítear comhaontuithe a fhorbairt le custaiméirí tráchtála/teicniúla, agus maoiniú custaiméirí a bhainistiú, ag cloí le caighdeáin theicniúla uile, le beartas muirearaithe naisc agus le riachtanais rialachais.
Tá CDS freagrach as seirbhís ardéifeachtach a sholáthar do chustaiméirí, lena n-áirítear réitigh a athbhreithniú agus a chur i bhfeidhm chun riachtanais athraitheacha na gcustaiméirí a chomhlíonadh.
Tá sé ríthábhachtach go ndéantar comhoibriú le roinnt príomh-chomhpháirtithe gnó le haghaidh naisc a sholáthar go rathúil thar ceann an chustaiméara.
Beidh an Comhairleoir um Idirchaidreamh le Forbróirí freagrach don Cheannasaí Teicniúil um Idirchaidreamh le Forbróirí, agus freagrach as Caidrimh le Cliaint a Bhainistiú.
Bainfear é sin amach trí thacaíocht ghníomhach a thabhairt don Fhoireann Seirbhísí Forbróirí chun caidrimh le Custaiméirí, le Forbróirí Móra, le Rannóga Tithíochta na nÚdarás Áitiúil, le CCTanna agus le Gníomhaireachtaí Stáit a fhorbairt, a chothabháil agus a fheabhsú.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:

• Tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí éagsúla na Foirne Seirbhísí Forbróirí agus na gníomhaíochtaí sin a éascú, d'fhonn eispéireas custaiméara den scoth a chur ar fáil d'Fhorbróirí Móra, do chustaiméirí i Rannóga Tithíochta na nÚdarás Áitiúil, i CCTanna agus i nGníomhaireachtaí Stáit, agus do phríomhpháirtithe leasmhara eile.

• Cumarsáid atá tráthúil agus soiléir a thacú idir na Forbróirí móra, CDS agus páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha, trí chéimeanna éagsúla na bpróiseas nasctha

• Cúnamh a thabhairt maidir le caidrimh agus réiteach fadhbanna idir an Forbróir, CDS agus na páirtithe leasmhara inmheánacha éagsúla de chuid Uisce Éireann.

• Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ, lena n-áirítear ach nach bhfuil teoranta do;
o Bainistíocht Sócmhainní & Inbhuanaitheacht / Pleanáil Sócmhainní
o Soláthar Bonneagair / Conraitheoir Réigiúnach
o Cúrsaí Dlí a bhaineann le UÉ
o Oibríochtaí Custaiméirí / Oibríochtaí Sócmhainní
o Cumarsáid & Gnóthaí Corparáideacha
o Dualgais agus freagrachtaí eile de réir mar is gá.

• Tacaíocht a thabhairt do na Forbróirí Móra chun a mbealach a dhéanamh trí phróisis éagsúla Uisce Éireann, le haghaidh forbairtí cónaitheacha, tráchtála, tionsclaíocha agus úsáide measctha, ar bhonn níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla

• Ag gníomhú mar dhroichead idir Seirbhísí Nasc agus Forbróirí agus páirtithe leasmhara inmheánacha éagsúla Uisce Éireann: ag gníomhú mar ionadaí an Cliaint laistigh d'Uisce Éireann i gcónaí

• Bainistíocht a éascú ar an gcaidreamh le Cliaint trí thacú leis an gcaidreamh idir CDS agus Forbróirí Móra a fhorbairt, a choimeád agus a fheabhsú

• Cúnamh a thabhairt d'fhoireann CDS maidir le bainistiú ceisteanna, bainistiú na gceisteanna a chuirtear ar aghaidh agus bainistiú gearán, agus deimhin a dhéanamh de go ndéileáiltear leo i gcomhréir le próisis níos leithne Oibríochtaí Custaiméirí

• Comhordú a dhéanamh le foireann níos leithne Oibríochtaí Custaiméirí chun a chinntiú go ndéantar fadhbanna ardaithe agus gearáin uile maidir le seirbhís do chustaiméirí a réiteach go sásúil

• Tuairisciú rialta a ullmhú don fhoireann Oibríochtaí Custaiméirí chun a chinntiú go ndéantar fadhbanna ardaithe agus gearáin uile maidir le seirbhís do chustaiméirí a réiteach go sásúil

• Freagraí a ullmhú agus tacaíocht a thabhairt d'fhoireann LRSD/ERSD maidir le ceisteanna ó ionadaithe áitiúla agus maidir le réitigh ar cheisteanna a chuirtear ar aghaidh

• Tuairiscí rialta a ullmhú don Fhoireann Seirbhísí Forbróirí le cur faoi bhráid lucht bainistíochta sinsearaí CDS agus páirtithe leasmhara seachtracha de réir mar is iomchuí

• Feabhsuithe a fhorbairt don phróiseas maidir le déileáil le gearáin agus na feabhsuithe sin a chur i bhfeidhm lena n-áirítear catagóiriú ceart ar na ceisteanna ó chustaiméirí a chuirtear ar aghaidh & gearáin srl.

• Tuairisciú míosúil, nuashonruithe, agus achoimrí rannpháirteachais don fhoireann bainistíochta sinsearaí a chomhordú

• Eispéireas sármhaith a sholáthar do chustaiméirí ar feadh aistear an chustaiméara

• Tuarascálacha míosúla, nuashonruithe, agus achoimrí rannpháirteachais a ullmhú don Cheannasaí Teicniúil um Idirchaidreamh le Forbróirí

• Rioscaí agus fadhbanna a ardú de réir mar is iomchuí don Cheannasaí Teicniúil um Idirchaidreamh le Forbróirí

• Freastal ar Chomhdhálacha agus Ócáidí de réir mar is gá, chun labhairt thar ceann UÉ agus chun tacú le príomhtheachtaireachtaí an ghnólachta a chur in iúl.
Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta

• Obair i gcomhar le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ.

• Freagrach as tionscnaimh feabhsúcháin próiseas a chur chun cinn agus a sholáthar laistigh den réimse, rud a éascaíonn soláthar níos éifeachtaí seirbhísí dár gcustaiméirí.

• Tacú le soláthar Chlár Uisce Éireann um Bunathrú, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.

• Dualgais eile nuair is gá.
Eolas, Scileanna agus Taithí:

• Tá cáilíocht agus / nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe

• Tá taithí 3 bliana ar a laghad sna tionscail uisce nó fóntas nó i dtionscail chomhchosúla inmhianaithe agus/nó taithí ábhartha.

• Cumas a bheith ionat comhpháirtíochtaí éifeachtacha a fhorbairt agus a chothabháil le príomhpháirtithe leasmhara ar bhonn inmheánach agus seachtrach

• Taithí maidir le dúshláin custaiméirí a réiteach go neamhspleách agus ardchaighdeáin seirbhíse á gcoimeád.

• Cuntas teiste cruthaithe maidir le déileáil le ceisteanna casta, go réamhghníomhach agus go pras, chomh maith leis an gcumas faisnéis a chur in iúl do dhaoine eile

• Duine ardspreagtha, a oibríonn ar na caighdeáin phroifisiúnta is airde a bhfuil an cumas cruthaithe aige/aici torthaí a bhaint amach mar bhall d'fhoireann agus luachanna na heagraíochta á gcoimeád trí chinnteoireacht ag an am céanna.

• Duine ag a bhfuil scileanna maithe anailíse agus atá inniúil ar fhadhbanna agus feabhsúcháin fhéideartha a aithint agus a anailísiú, agus ar réitigh a mholadh & a chur i bhfeidhm

• Inoiriúnaitheacht agus an cumas béim agus treo a athrú le bheith ag teacht le straitéis agus le riachtanais ghnó a léiriú

• Réimsí nua feabhais a shainaithint go réamhghníomhach agus faisnéis agus scileanna nuafhoghlamtha a úsáid i mbun oibre

• Taithí ar úinéireacht a ghlacadh ar fhreagrachtaí sábháilteachta agus ar chur le tionscnaimh feabhsaithe leanúnaigh.
Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo ná 08/12/2025.
Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.
*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat.
Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú.
Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.
We are Uisce Éireann.
Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland.
As Ireland's national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.
Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive.
That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland's social and economic growth.
We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland.
We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe.
Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together.
These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.
Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work.
With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland's water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.
The Role:
Customer Operations develop, deliver and support excellence customer experience and service to both domestic and nondomestic customers within a regulated industry.
Customer Operations are responsible for managing the customer relationship with the Customer Contact Centre, ensuring timely and accurate customer billing services and effectively implementing the Uisce Éireann customer strategy
Connections and Developer Services (CDS) are responsible for the customer engagement and stakeholder relationship management of all connections to the Uisce Éireann network.
The CDS team manage the customer journey from development concept design, statutory planning process, pre-connection, technical design, site quality assurance, vesting of new asset and final connection and metering, including developing commercial/technical customer agreements, and managing customer funding in adherence to all technical standards, connection charging policy and governance requirements.
CDS are responsible for delivering a highly effective customer service, including reviewing, and implementing solutions to meet changing customer needs.
Collaboration with several key business partners is essential for the successful delivery of connections on behalf of the customer.
Reporting to the Developer Liaison Technical Lead, the Developer Liaison Advisor will be responsible for Client Relationship Management.
This will be achieved through actively supporting the Developer Services Team to develop, maintain and enhance relationships with Customers, Large Developers, Local Authority Housing Depts, AHBs and State Agencies.
Main Duties and Responsibilities:

• Support and facilitate the Developer Services Team in their various activities providing an excellent customer experience with Large Developers Local Authority Housing Depts, AHBs and State Agencies and other key stakeholders.

• Support timely and clear communication between the large Developers, CDS and internal and external stakeholders, through the various stages of the connection processes

• Assist with interaction and problem resolution between the Developer, CDS and the various internal Uisce Éireann stakeholders.

• Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business including but not limited to;

• Asset Management & Sustainability / Asset Planning

• Infrastructure Delivery / Regional Contractor

• UE Legal

• Customer Operations / Asset Operations Communications & Corporate Affairs

• Others as required

• Support Large Developers to navigate the various Uisce Éireann processes, for residential, commercial, industrial, and mixed-se development, more effectively and efficiently

• Act as the bridge between Connections and Developer services and the various internal Uisce Éireann stakeholders; always being an advocate for the customer within Uisce Éireann

• Facilitate Client relationship management by supporting the development, maintenance, and enhancement of the relationship between CDS and Large Developers

• Assist with the management of customer queries, escaltions and complaints within the CDS team and ensure that these are handled in line with broader Customer Operations processes

• Coordinate with the wider Customer Operations team to ensure that all customer service escalations and complaints are satisfactory resolved

• Prepare regular reporting for the Customer Operations team to ensure that all customer service-related escalations and complaints are satisfactorily resolved

• Prepare responses and support the LRSD/ERSD team with local rep queries and escalation resolutions

• Prepare regular reporting for the Developer Services Team to submit to CDS senior management and external stakeholders as appropriate

• Develop and implement complaint process improvement to include correct categorisation of customer escalations & complaints etc.

• Co-ordination of monthly reporting, updates, and summaries of engagement to senior management team

• Provide an excellent customer experience throughout the customer journey

• Provide regular monthly reports, updates, and summaries of engagement to the Developer Liaison Technical Lead

• Raise risks and issues as appropriate to the Developer Liaison Technical Lead

• Attend Conference and Events as required, advocating for UE and supporting the business key messaging.
General Duties and Responsibilities

• Collaborate with key internal stakeholders across the UÉ business.

• Responsible for promoting and delivering process improvement initiatives within the area enabling a more efficient delivery of service for our customers.

• Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives.

• Other duties as required.
Knowledge, Skills and Experience:

• Relevant third level qualification and or accreditation is desirable

• A minimum of 3 years' experience in the water, utilities or similar industries is desirable and or relevant experience

• Ability to develop and maintain effective partnerships with key stakeholders internally and externally

• Experience in independently resolving customer challenges while maintaining high service standards.

• Proven track record with dealing with complex issues, proactively and in a timely fashion along with the ability to communicate information to others

• Highly motivated individual, working to the highest professional standards and with proven ability to deliver results within a team whilst upholding organisational values through decision making.

• Strong analytical skills and ability to identify and analyse problems and potential improvements, and propose & implement solutions

• Demonstrate adaptability and the ability to change focus and direction in line with business strategy and requirements

• Proactively identifying new areas of improvement and using newly gained knowledge and skill on the job

• Experience in taking ownership of safety responsibilities and contributing to continuous improvement initiatives.
The closing date for receipt of applications for this vacancy is 08/12/2025.
Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.
*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience.
Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.
Uisce Éireann is an equal opportunities employer.
We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this.
We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save
Similar job
Developer support specialist
Dublin
Global Payments Inc.
Developer
€40,000 - €80,000 a year
Similar job
Senior frontend developer
Dublin
TalentHub | Recruitment
Developer
€60,000 - €120,000 a year
Similar job
Developer relations engineer
Dublin
Canonical - Jobs
Developer
€60,000 - €120,000 a year
Similar jobs
It jobs in Dublin
jobs Dublin
jobs County Dublin
jobs Leinster
Home > Jobs > It jobs > Developer jobs > Developer jobs in Dublin > Comhairleoir Um Idirchaidreamh Le Forbróirí/Developer Liaison Advisor

About Jobijoba

  • Company Reviews

Search for jobs

  • Jobs by Job Title
  • Jobs by Industry
  • Jobs by Company
  • Jobs by Location

Contact / Partnership

  • Contact
  • Publish your job offers on Jobijoba

Legal notice - Terms of Service - Privacy Policy - Manage my cookies - Accessibility: Not compliant

© 2025 Jobijoba - All Rights Reserved

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save