Jobs
My ads
My job alerts
Sign in
Find a job Employers
Find

Head of assessment - health technology assessment / ceannasaí measúnaithe – measúnú teicneolaío[...]

Dublin
HIQA - Health Information and Quality Authority
Posted: 19h ago
Offer description

Ceannasaí Measúnaithe – Measúnú Teicneolaíochta Sláinte
Láthair: Corcaigh, Baile Átha Cliath nó Gaillimh
Grád: Ard-Phríomhoifigeach Cúnta
Tionacht: Conradh Sainchuspóireach (Clúdach Máithreachais)
Is é cuspóir an róil seo bheith mar chuid d’fhoireann ildisciplíneach atá freagrach as cur chun feidhme éifeachtach chláir HIQA chun measúnuithe teicneolaíochta sláinte ardcháilíochta, comhairle eile fhianaisebhunaithe agus aschuir sintéis fianaise a sholáthar, agus dá bhrí sin modheolaíocht fhianaisebhunaithe a leabú i bpróisis chinnteoireachta sláinte in Éirinn. Tá Stiúrthóireacht HTA, ar an iomlán, comhdhéanta de thimpeall ar 60 anailísí.
Oibríonn HIQA i gcomhar le páirtithe leasmhara ardleibhéil, le grúpaí acadúla agus le gníomhaireachtaí HTA ó thíortha eile chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Áirítear le raon feidhme obair Stiúrthóireacht HTA sintéis fianaise agus comhairle fhianaisebhunaithe a sholáthar chun bonn eolais a chur faoi bheartas sláinte poiblí, agus HTAnna a sholáthar chun bonn eolais a chur faoi chinnteoireacht maidir le hinfheistiú nó dí-infheistiú a dhéanamh i dteicneolaíochtaí agus cláir shláinte, lena n‑áirítear cinntí a bhaineann le cláir náisiúnta scagthástála agus cláir náisiúnta imdhíonachta. Beidh an Ceannasaí Measúnaithe rannpháirteach go gníomhach in obair Stiúrthóireacht HTA agus HIQA chun an plean gnó bliantúil a chur i gcrích i gcomhréir leis na cuspóirí straitéiseacha a leagtar amach i bPlean Corparáideach HIQA.
Riachtanach:

Cáilíocht iarchéime (Máistreacht, PhD) i ndisciplín ábhartha amhail taighde ar sheirbhísí sláinte, eacnamaíocht sláinte, staitisticí nó matamaitic (nó in eolaíocht a bhaineann le sláinte lena ngabhann cion ard taighde ar sheirbhísí sláinte)
taithí seacht mbliana ar a laghad ar thaighde ábhartha ar sheirbhísí sláinte.

Tairbhí de bheith ag obair ag HIQA:

30 lá de shaoire bliantúil
Scéim Pinsin
Deiseanna Foghlama agus Forbartha
Club Sóisialta
Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
Scéim Tacaíochta don Oideachas Acadúil

Tá na sonraí iomlána agus an fhoirm iarratais ar fáil ag Gairmréimeanna in HIQA (recruitisland.ie)
Ní mór an fhoirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach faoina 5:00i.n. Déardaoin, an 9 Aibreán 2026.
Ní ghlacfar ach le hiarratais ghréasáin atá comhlánaithe go hiomlán ar Careers with HIQA (recruitisland.ie). Ní ghlacfar le CVanna. Is fostóir comhdheiseanna é an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte.
#J-18808-Ljbffr

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save
Similar jobs
jobs Dublin
jobs County Dublin
jobs Leinster
Home > Jobs > Head of Assessment - Health Technology Assessment / Ceannasaí Measúnaithe – Measúnú Teicneolaío[...]

About Jobijoba

  • Company Reviews

Search for jobs

  • Jobs by Job Title
  • Jobs by Industry
  • Jobs by Company
  • Jobs by Location

Contact / Partnership

  • Contact
  • Publish your job offers on Jobijoba

Legal notice - Terms of Service - Privacy Policy - Manage my cookies - Accessibility: Not compliant

© 2026 Jobijoba - All Rights Reserved

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save