DescriptionIs é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.An Ról:Is bunchloch í an fheidhm Oibríochtaí Sócmhainní maidir le seachadadh seirbhíse do chustaiméirí, an comhshaol a chosaint agus na caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar réimse feidhme na nOibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil agus nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha le haghaidh oibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce go náisiúnta agus go réigiúnach, rud a chinntíonn go gcuirtear luach ar airgead agus seirbhís do chustaiméirí ar fáil. Tá freagracht ar an bhfoireann Oibriúcháin agus Cothabhála as soláthar náisiúnta seirbhísí oibriúcháin uisce agus fuíolluisce trí shócmhainní an líonra agus cóireáil uisce agus fuíolluisce a oibriú, a iniúchadh, a chothabháil agus a dheisiú. Tá sainchúram réigiúnach ag an bhFoireann Oibriúcháin agus Cothabhála as bainistíocht oibríochta réigiúnach a dhéanamh ar chóireáil uisce agus fuíolluisce agus ar shócmhainní an líonra agus as an soláthar seirbhísí uisce agus fuíolluisce a bhaineann leis na freagrachtaí sin trí ghníomhaíochtaí oibríochta, cothabhála agus deisiúcháin, chomh maith le sláinte agus sábháilteacht a bhainistiú. Tá an fhoireann freagrach as cur i bhfeidhm an phlean réigiúnaigh oibríochtaí, cothabhála agus deisiúcháin a chuimsíonn cuid den phlean náisiúnta oibríochtaí, cothabhála agus deisiúcháin, a chuireann leis an méid sin a fhorbairt, a bhainistiú, a chur i bhfeidhm agus a fhaomhadh. Is gné lárnach d'fhreagracht na foirne seo gníomhaíochtaí athraithe agus aistrithe a bhainistiú, go háirithe sna céimeanna tosaigh agus an fhoireann oibríochtaí réigiúnach ag scaradh ina bhfoirne ar leith uisce agus fuíolluisce agus déantar na bealaí oibre a chaighdeánú.Beidh an Ceannasaí Foirne um Brath Sceite ag obair faoin gCeannasaí um Chaomhnú Uisce don Limistéar Oibríochtaí, beidh sainchúram fo-réigiúnach aige/aici agus beidh sé/sí freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar mhonatóireacht agus rialú na ngníomhaíochtaí sceite laistigh den fho-réigiún sin. Beidh an Ceannasaí Foirne um Brath Sceite freagrach as feidhmíocht na bhfoirne um Brath Sceite, agus feidhmíocht na bhfoirne um Dheisiú Sceite nuair is gá, a threorú agus a bhainistiú, agus as an treoir agus na scileanna is gá a sholáthar dóibh ionas gur féidir leo tabhairt faoi ghníomhaíochtaí a bhaineann le laghdú uisce gan tásc (UGT) laistigh den chóras líonra uisce chun spriocanna Uisce Éireann maidir le Caomhnú Uisce / Bainistiú Sceite a bhaint amach. B'fhéidir go mbeadh obair oíche le déanamh de réir riachtanas oibriúcháin chomh maith le hobair fuireachais agus obair lasmuigh d'uaireanta oibre, mar is gá.Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:• Freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar mhonatóireacht agus rialú na ngníomhaíochtaí braite sceite (gníomhaíochtaí deisithe sceite san áireamh nuair is gá) laistigh de fho-réigiún.• Freagrach as feidhmíocht na bhfoirne um Brath Sceite, agus feidhmíocht na bhfoirne um Dheisiú Sceite nuair is gá, a threorú agus a bhainistiú agus as an treoir agus na scileanna is gá a sholáthar dóibh ionas gur féidir leo tabhairt faoi ghníomhaíochtaí a bhaineann le laghdú uisce gan tásc (UGT) laistigh den chóras líonra uisce chun spriocanna Uisce Éireann maidir le Caomhnú Uisce / Bainistiú Sceite a bhaint amach.• A chinntiú go n-oibríonn an fhoireann de réir leibhéil shainithe inniúlachta oibriúcháin, ceanglais agus reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta, córais Dearbhaithe Cáilíochta agus nósanna imeachta oibriúcháin chaighdeánacha ach úsáid a bhaint as na córais teicneolaíochta a sholáthraítear, lena n-áirítear teicneolaíocht láimhe.• Freagrach as cur chun feidhme na teicneolaíochta láimhe a sholáthraítear agus monatóireacht a dhéanamh ar a úsáid agus a chinntiú go bhfreastalófar ar oiliúint ghaolmhar na teicneolaíochta sin.• A chinntiú go n-úsáidfear aon teicneolaíocht nua agus a chinntiú go bhfreastalófar ar oiliúint ghaolmhar na teicneolaíochta sin.• Freagrach as an mbuiséad a leithdháiltear ar na foirne a bhainistiú, lena n-áirítear formheas foréileamh ceannaigh, an bealach is éifeachtaí agus is costéifeachtaí a aimsiú chun na foirne a úsáid chun gníomhaíochtaí laghdaithe UGT a sheachadadh.• Freagrach as úsáid ábhair agus páirteanna spártha criticiúla na foirne a bhainistiú, ag cinntiú go n-úsáidfear feithiclí agus trealamh go héifeachtach ar fud an fho-réigiúin.• Lántairbhe a bhaint as éifeachtúlacht na bhfoirne agus scileanna gach baill den fhoireann a fhorbairt agus a mhéadú trí chóitseáil, oiliúint agus bhainistíocht feidhmíochta a chur ar fáil.• A chinntiú go soláthrófar an trealamh sláinte agus sábháilteachta uile a bheidh oiriúnach don phost agus a chalabrófar go tréimhsiúil. A chinntiú go gcloífear le gach nós imeachta sláinte agus sábháilteachta, lena n-áirítear measúnuithe riosca (Plean Córas Sábháilte Oibre), go n-úsáidtear TCP, srl.• Bheith freagrach as bainistíocht acmhainní lena n-áirítear cruinnithe foirne, bainistíocht táirgiúlachta, úsáid teicneolaíochta, feithiclí agus go dtabharfar faoi athbhreithnithe feidhmíochta tréimhsiúla, measúnuithe agus na moltaí a eascraíonn astu.• Dul i gcomhairle leis an gCeannasaí um Chaomhnú Uisce agus leis an Anailísí Teicniúil Sceite chun tús áite a thabhairt do na réimsí a bhaineann le bainistíocht réamhghníomhach sceite d'fhonn tús áite cuí a thabhairt do ghníomhaíochtaí a bhaineann le sceití a bhrath agus a dheisiú agus chun an úsáid is fearr a bhaint as soláthraithe seirbhísí inmheánacha agus seachtracha de réir mar is gá.• Freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an sceideal tascanna le haghaidh gníomhaíochtaí braite sceite, agus gníomhaíochtaí deisithe sceite nuair is gá, agus as idirchaidreamh a dhéanamh leis an bhfoireann Sreafa Oibre i ndáil le hathruithe ar bith de réir mar is gá.• Tacú le cothabháil LMCanna lena n-áirítear comhairliúchán le linn suiteáil méadair LMC chun cumraíocht cheart a chinntiú.• A chinntiú go ndéanfar suirbhéanna agus scuabadh sceite laistigh den fho-réigiún, agus monatóireacht réamhghníomhach agus seiceáil a dhéanamh ar shláine agus inoibritheacht na LMCanna.• Freagrach as a chinntiú go ndéanfar codanna den líonra dáileacháin a aonrú agus a athchoimisiúnú (mar aon le foireann Oibríochtaí an Líonra Uisce) pé áit a dhéantar gníomhaíochtaí tástála céime laistigh den fho-réigiún.• Tús áite a thabhairt do na teicnící agus na modhanna braite sceite is oiriúnaí, iad a shainaithint agus a roghnú chun rialú sceite réamhghníomhach agus más gá, frithghníomhach, a dhéanamh.• Freagrach as a chinntiú go ndéantar aon sonraí arna bhailiú ag na foirne um Brath/Deisiú Sceite a bhailíochtú, agus as a chinntiú go bhfuil na sonraí sin cruinn, in am agus cothrom le dáta. Bainfear úsáid as na sonraí sin chun monatóireacht a dhéanamh ar ídiú agus ionchur dáileacháin agus chun tionchar a imirt ar an straitéis sceite laistigh d'Uisce Éireann.• Oibriú le tríú páirtithe/conraitheoirí de réir mar is gá. A chinntiú go gcuirfear ceadanna/rochtain/aistrithe chuig gach conraitheoir ábhartha i bhfeidhm. Freagrach as athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí braite sceite arna ndéanamh ag conraitheoirí.• Oibriú leis na hÚdaráis Bóithre de réir mar is gá. A chinntiú go bhforbrófar Ceadúnais Oscailte Bóthair / Pleananna Bainistíochta Tráchta agus go gcuirfear isteach lena bhformheas iad de réir mar is cuí.• Freagrach as pleananna a bhunú le hacmhainní inmheánacha agus seachtracha maidir le conas a dhéanfar scuabadh agus suirbhéanna sceite. Ionchur a sholáthar i ngach próiseas agus nós imeachta a chuireann isteach ar bhainistiú sceite agus tosaíochtaí a leagan síos maidir leis na spriocghníomhaíochtaí sceite go léir a theastaíonn laistigh den réigiún lena chinntiú go n-aimseofar foinsí sceite go tapa agus go ndéanfar iad a dheisiú.• Freagrach as cinntí laethúla a bhaineann le cuspóirí na foirne um Brath Sceite a bhaint amach, agus cuspóirí na foirne um Dheisiú Sceite freisin nuair is gá, lena n-áirítear conas agus cathain a ardófar fadhbanna agus cé leis a n-ardófar iad.• Freagrach as a chinntiú go dtuairisceofar pleananna agus faisnéis líonra i gceart i ndiaidh imscrúduithe. Idirchaidreamh a dhéanamh leis an bhfoireann CFG lena chinntiú go ndéanfar faisnéis tuairiscithe a nuashonrú ar CFG.• Orduithe oibre a chruthú chun sláine LMC a dheisiú, trí dheisiú comhla teorann nó trí threalamh lochtach amhail méadair nó trealamh logála a dheisiú nuair a aithnítear é sin mar chuid d'aon seiceálacha inoibritheachta.• Caidrimh éifeachtacha oibre a chothú laistigh den fhoireann um Brath Sceite agus laistigh den fhoireann um Dheisiú Sceite, agus idirchaidreamh rialta a dhéanamh le foirne eile i réimsí gaolmhara m.sh. an fhoireann um Pleanáil Sócmhainní, an fhoireann um Oibríochtaí Líonra Uisce, an fhoireann um C&D Líonra Uisce agus an fhoireann um Sholáthar Bonneagair (an Clár Líonra Uisce) maidir leis na gnéithe ar fad d'fheidhmíocht an líonra a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis le fadhbanna sa réigiún m.sh. sceitheadh agus brúnna.• Freagrach as athbhreithniú a dhéanamh ar idirghabhálacha sócmhainní molta agus as idirchaidreamh a dhéanamh le Pleanáil Sócmhainní nuair is cuí mar chuid d'fhorbairt plean réitigh.• Clúdach éigeandála a sholáthar d'fhoireann Oibríochtaí Líonraí Uisce ar aon réimsí a bhaineann le rialú éifeachtach sceite más gá.• Teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann Oibríochtaí Sócmhainní (C&D Líonra Uisce) maidir le sceidealú na ndeisiúchán sceite beartaithe nuair a bhíonn gá le hacmhainní a chur ar fáil.• Ragobair a dhéanamh de réir mar is gá chun freastal ar riachtanais ghnó • Freagrach as tuairiscí díreacha a chinntiú maidir le hoibriú agus cothabháil innealra Uisce Éireann, de réir mar is gá, ar bhealach cuí a thagann le gach beartas Uisce Éireann a bhaineann le feithiclí, sláinte, sábháilteacht agus slándáil. Áirítear leis na freagrachtaí eile na nithe seo a leanas: Monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíontacht tiománaithe, iniúchtaí feithiclí a chur i gcrích agus aon lochtanna feithicle a thaifeadadh agus a thuairisciú do Sheirbhísí Comhroinnte.• Bheith freagrach as foirne allamuigh a bhainistiú, cumarsáid inmheánach thráthúil a ullmhú agus a sholáthar.• Freagrach as monatóireacht agus as tuairisciú a dhéanamh ar phríomhtháscairí feidhmíochta do phróisis atá faoina n-úinéireacht.Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta:• Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ.• Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompair dhearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh. • Tacú le Clár Uisce Éireann um Bunathrú chun Feabhais a sholáthar, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.• Ceannaireacht shoiléir a chur ar fáil do d'fhoireann, iad a chóitseáil agus a fhorbairt chun barr a gcumais a bhaint amach agus cuspóirí gnó a sholáthar, comhoibriú a chur chun cinn agus béim a chur ar na hiompair a bhfuiltear ag súil leo ó gach duine ar an bhfoireann.• Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.• Dualgais eile nuair is gá.Eolas, Scileanna agus Taithí:• Tá cáilíocht agus / nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe • Tá taithí 3 bliana ar a laghad sa tionscal uisce, sa tionscal fóntais nó i dtionscal eile den chineál céanna inmhianaithe, é sin agus/nó taithí ábhartha 3 bliana • Oibrímid níos fearr le chéile - an cumas léirithe chun daoine a bhainistiú, forbairt réamhghníomhach, foirne a spreagadh agus caidreamh a dhéanamh leo• Coinnímid a chéile slán - taithí / tuiscint ar oibriú laistigh de chultúr láidir sláinte & sábháilteachta.• Táimid uaillmhianach - duine atá spreagtha, a oibríonn ar na caighdeáin phroifisiúnta is airde ag a bhfuil an cumas cruthaithe torthaí a sholáthar mar bhall d'fhoireann • Scileanna anailíse láidre agus cumas anailís a dhéanamh ar fhadhbanna agus ar ghnéithe feabhais féideartha agus iad a shainaithint, mar aon le réitigh a mholadh agus a chur i bhfeidhm• Inoiriúnaitheacht agus an cumas béim agus treo a athrú le bheith ag teacht le straitéis agus le riachtanais ghnó a léiriú• Réimsí nua feabhais a shainaithint go réamhghníomhach agus faisnéis agus scileanna nuafhoghlamtha a úsáid i mbun oibre• Is riachtanas íosta é ceadúnas tiomána chatagóir B Éireannach atá iomlán, glan agus bailí. Tá catagóirí breise Ceadúnais Tiomána ina mbuntáiste. Sainmhínítear ceadúnas glan tiomána mar seo a leanas; níor ciontaíodh an t-iarrthóir i gcion faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre (seachas cion arb é an pionós pointí pionóis a ghearradh ina leith).Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland's social and economic growth.We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland's water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.The Role:The Asset Operations function forms the cornerstone of service delivery to customers, protecting the environment and meeting regulatory standards as well as managing the majority of operational expenditure. The Asset Operations function has responsibility for operational and maintenance strategy, policies, planning and standard operating procedures for Water and Wastewater operations both nationally and regionally, ensuring that value for money and customer service is delivered. The O&M team is responsible for the national delivery of water and wastewater operational services through the operation, inspection, maintenance & repair of the water and wastewater treatment and network assets. The Regional O&M Team has a regional remit and is responsible for the regional operational management of water or wastewater treatment and network assets and the associated delivery of water/wastewater services through operational, maintenance and repair activities, while managing health and safety. The team is also responsible for the implementation of the regional operations, maintenance and repair plan that forms part of the national operations, maintenance, and repair plan, contributing to the development, management, implementation and approval of same. Managing change and transformation activities is a key aspect of this team's responsibility particularly in the initial phases as the regional operations team splits into separate water and wastewater teams and ways of working are standardised.Reporting to the Operational Area Water Conservation Lead, the Leakage Detection Team Lead will have a sub-regional remit and is responsible for overseeing the monitoring and control of leakage activity within their sub-region. The Leakage Detection Team Lead will be responsible for leading and managing the performance of the Leakage Detection teams and where required Leakage Fix teams and to provide them with the necessary direction and skills to undertake unaccounted for water (UFW) reduction activities within the water network system in order to deliver Uisce Éireann's targets in relation to Water Conservation / Leakage Management. Nighttime working may be required in line with operational requirements in addition to out of hours and standby working as required.Main Duties and Responsibilities:• Responsible for overseeing the monitoring and control of leakage detection and where required leakage fix activity within a sub-region.• Responsible for leading and managing the performance of Leakage Detection teams and where required Leakage Fix teams and to provide them with the necessary direction and skills to undertake unaccounted for water (UFW) reduction activities within the water network system in order to deliver Uisce Éireann's targets in relation to Water Conservation / Leakage Management.• Ensure the teams work in accordance with defined levels of operational competence, health and safety requirements and legislation, QA systems and standard operating procedures using the technology systems provided including handheld technology.• Responsible for implementing and monitoring use of handheld technology provided and ensuring associated training of this technology is attended.• Ensure use of any new technology and ensuring associated training of this technology is attended.• Responsible for managing the budget allocated to the teams including approval of purchase requisitions, sourcing the most efficient and cost-effective way of utilising the teams to deliver UFW reduction activities.• Responsible for the management of the teams' material consumption and critical spares, ensuring efficient use of vehicles and equipment distribution throughout the sub-region.• Maximise the effectiveness of the teams and develop and grow the skills of all team members through coaching, training and performance management.• Ensure all health and safety equipment is provided, appropriate to the job and calibrated periodically. Ensure all health and safety and procedures are adhered to including risk assessments (Safe System of Work Plan), use of PPE etc.• Responsible for resource management including team meetings, productivity management, utilisation of technologies, vehicles and undertaking of periodical performance reviews, appraisals and resulting recommendations.• Consult with the Water Conservation Lead and Leakage Technical Analyst to prioritise the areas of proactive leakage management in order to appropriately prioritise leakage detection and fix activities and to optimise the use of internal and external service providers as required.• Responsible for overseeing the task schedule for leakage detection and where required fix activity and liaising with Workflow regarding any changes as necessary.• Support the maintenance of DMAs including consultation during DMA meter installation to ensure correct configuration.• Ensure leakage surveys and sweeps are carried out within the sub-region, proactively monitoring and checking the integrity and operability of DMAs.• Responsible for ensuring sections of the distribution network are isolated and recommissioned (alongside the Water Network Operations team) wherever step testing activities are carried out within the sub-region.• Prioritise, identify and select the most appropriate techniques and leakage detection methods required to carry out both proactive and if required reactive leakage control.• Responsible for ensuring that any data gathered by the Leakage Detection and Leakage Repair teams is validated, accurate, on time and up to date. This data will be used to monitor consumption and distribution input and to influence the leakage strategy within Uisce Éireann.• Engage with third parties/contractors as required. Ensure permits/access/transfers to all relevant contractors are implemented. Responsible for undertaking review of leakage detection activities performed by contractors.• Engage with Roads Authorities as required. Ensure Road Opening Licences / Traffic Mgmt plans are developed and submitted for approval as appropriate.• Responsible for establishing plans with internal and external resources on how leakage sweeps and surveys will be undertaken. Provide input into all processes and procedures effecting leakage management and set priorities on all leakage target activities required within the region to ensure that sources of leakage are located quickly and repaired.• Responsible for daily decisions on the delivery of the Leakage Detection and where required Leakage Fix team's objectives including how, when and to whom to escalate problems.• Responsible for ensuring network plans and information are properly reported following investigations. Liaise with the GIS team to ensure that reported information is updated on GIS.• Create works orders for the repair of the integrity of a DMA through boundary valve repair or through the repair of faulty apparatus such as meters or logging equipment when this has been identified as part of any operability checks.• Develop effective working relationships within the Leakage Detection and Leakage Fix team and liaise regularly with other teams in adjoining areas e.g. Asset Planning, Water Network Operations, Water Network M&R and Infrastructure Delivery (Water Network Programme) teams on all aspects of network performance that may affect the region e.g. leakage and pressures.• Responsible for the review of proposed asset interventions and liaising with Asset Planning where appropriate as part of resolution plan development.• Provide emergency cover to Water Networks Operations team on any areas relevant to effective leakage control if required.• Liaise with Asset Operations Water Network M&R in the scheduling of planned leak repairs where the provision of resources is required• Undertake overtime working as required to meet business needs • Responsible for ensuring direct reports operate and maintain Uisce Éireann vehicles, as required, in a responsible manner in line with all relevant Uisce Éireann vehicle, health, safety and security policies. Other responsibilities include: Monitoring driver compliance, completing vehicle inspections and recording and reporting any vehicle defects to Shared Services.• Responsible for managing field based teams, preparing and delivering timely internal communications.• Responsible for monitoring and reporting KPIs for processes over which they have ownership.General Duties and Responsibilities:• Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business.• Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards. • Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives.• Provide visible leadership for your team, coaching and developing them to achieve their full potential and deliver business objectives, promoting collaboration and highlighting the behaviours that are expected from everyone in the team.• Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann's Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information, and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation.• Other duties as required.Knowledge, Skills and Experience:• Relevant third level qualification and or accreditation is desirable • A minimum of 3 years' Experience in the water, utilities or similar industries is desirable and or 3 years relevant experience • We work better together - demonstrated people management ability, proactive development, motivation and engagement of staff• We keep each other safe - experience / understanding of working within a strong health & safety culture.• We aim high - highly motivated individual, working to the highest professional standards and with proven ability to deliver results within a team. • Strong analytical skills and ability to identify and analyse problems and potential improvements, and propose and implement solutions• Demonstrate adaptability and the ability to change focus and direction in line with business strategy and requirements• Proactively identifying new areas of improvement and using newly gained knowledge and skill on the job• Full, clean and valid Irish category B driving licence is minimum requirement. Additional Driving License categories an advantage. A clean driving licence is defined as meaning that the applicant has not been convicted of an offence under the Road Traffic Acts (other than an offence for which the penalty is the imposition of penalty points). The closing date for receipt of applications for this vacancy is 09/01/2026.Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.Uisce Éireann is an equal opportunities employer.We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.