Description
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, is cinnte gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
An Ról:
Tacaíonn foireann na Punainne le bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar sholáthar chlár infheistíochta an SSB trí rialú agus rialúchán a chinntiú le bainistíocht agus córais sonraí, tuairisciú ar phróisis agus ar fheidhmíocht agus anailís lena n-áirítear bainistíocht ar cheadanna pleanála, talún, ceada slí, fóntais agus reachtúla. Éascaíonn sé seo soláthar éifeachtach an chláir infheistíochta trí fheiceálacht chláir, bainistíocht fheasach rioscaí, anailís, dúshlán, agus cinnteoireacht a sholáthar. Soláthraíonn an fhoireann tacaíocht shainiúil i réimsí ríthábhachtacha a éascaíonn soláthar éifeachtach, éifeachtúil inbhuanaithe phunann infheistíochta an SSB.
Freagrach don Cheannasaí Teicniúil um Thalamh agus Ceadanna Slí, cuirfidh an tAnailísí Talún agus Ceadanna Slí le cur chuige caighdeánaithe ar fud na punainne trí bheartais agus nósanna imeachta caighdeánaithe a chur i bhfeidhm chun tacú leis na bainisteoirí tionscadal agus clár ar fud punann éagsúil agus ildisciplíneach. Beidh ar an Anailísí Talún agus Ceadanna Slí obair a dhéanamh i dtimpeallacht foirne atá cruthaitheach agus comhoibritheach chun tacú leis an gClár Infheistíochta Caipitiúla (CIC) a chur i gcrích.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
* Tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí a bhaineann le próisis talún agus ceadanna slí, lena n-áirítear talamh agus ceadanna slí a fháil de chomhthoil nó trí Nósanna Imeachta Fála Éigeantaí, nó an dá rud araon, ar fud réimse an tSoláthair Bonneagair.
* Barr feabhais seirbhíse agus feabhsú leanúnach a chur chun cinn trí chur chuige comhsheasmhach a dhoiciméadú maidir leis an bpróiseas um thalamh agus ceadanna slí agus ag cinntiú go gcomhlíontar beartais, próisis, agus nósanna imeachta maidir le talamh agus ceadanna slí.
* Comhéadan a dhéanamh le Punanna Soláthair, agus tacaíocht a thabhairt dóibh, maidir le fadhbanna talún agus ceadanna slí ar bith a thagann chun cinn agus cabhair a thabhairt le tuarascálacha mionsonraithe a ullmhú do ghníomhaíochtaí a bhaineann le talamh agus ceadanna slí ar fud na Punainne.
* Cásanna aonair fála talún agus ceadanna slí a riar agus a phróiseáil, lena n-áirítear ag cinntiú go bpróiseáiltear clabhsúir dhlíthiúla agus inmheánacha riachtanacha agus maoirseacht a dhéanamh ar íoc cúitimh, táillí gairmiúla agus costas eile a bhaineann le Talamh agus Ceadanna slí a fháil.
* Dul i gcomhairle le Soláthraithe Seirbhíse Seachtracha uile a cheaptar de réir mar is gá.
* Doiciméid a ullmhú maidir le hiarratais ar cheadanna um Orduithe Ceannaigh Éigeantaigh, ar cheadúnais, ar cheaduithe agus ar cheanglais ar aon dul le dátaí garspriocanna tionscadail d'fhonn cur i gcrích phlean Infheistíochta Caipitiúla agus Cheangail Nua Uisce Éireann a éascú
* Fianaise agus doiciméid a ullmhú i gcás éisteachtaí ó Bhéal, Urghairí cúirte, Éisteachtaí Eadrána, agus imeachtaí a bhaineann le ceadanna slí agus fáil talún
* Idirghabháil a dhéanamh le Ranna Rialtais, leis an gCoimisiún um Rialáil Fuinnimh, le Comhlachtaí Reachtúla, le hÚdaráis Áitiúla, le MARA (an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí), leis an mBord Pleanála etc.
* Taifid bheachta a ghabháil agus a choimeád ar stádas éadálacha talún uile agus rioscaí gaolmhara ar bith a thabhairt chun suntais agus a ardú chuig an mBainisteoir Talún, Ceadanna Slí agus Fóntas le haghaidh riachtanais a chur in ord tosaíochta.
* Córais doiciméad agus comhdaithe a choimeád (lena n-áirítear bainistíocht doiciméad digiteach) agus bunachar sonraí na gceadanna slí agus sceideal na ndoiciméad fála ceadanna slí agus láithreán a nuashonrú le cur i gcrích faoi shéala.
* Córais TF a bharrfheabhsú maidir le gach próiseas talún agus ceadanna slí agus dul i ngleic le forbairt agus le feabhsú córas d'fhonn riachtanais reatha agus amach anseo a chomhlíonadh.
* A bheith i gcomhthadhaill agus ag comhoibriú leo seo a leanas:
o Oifig an POF – Dlíthiúil,
o Bainistíocht Sócmhainní & Inbhuanaitheacht,
o POO – Oibríochtaí Sócmhainní.
* Ceannaireacht shoiléir a chur ar fáil do d'fhoireann, iad a chóitseáil agus a fhorbairt chun barr a gcumais a bhaint amach agus cuspóirí gnó a sholáthar, comhoibriú a chur chun cinn agus béim a chur ar na hiompair a bhfuiltear ag súil leo ó gach duine ar an bhfoireann.
Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta
* Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ agus le páirtithe leasmhara seachtracha ábhartha.
* Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompair dhearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh.
* Tacú le Clár Uisce Éireann um Bunathrú chun Feabhais a sholáthar, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.
* Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.
* Dualgais eile nuair is gá.
Eolas, Scileanna agus Taithí:
* Tá cáilíocht agus / nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe
* Tá Taithí 3 bliana ar a laghad sna tionscail uisce nó fóntas nó i dtionscail chomhchosúla inmhianaithe agus / nó taithí ábhartha.
* Cumas comhpháirtíochtaí éifeachtacha a fhorbairt agus a chothabháil le geallsealbhóirí tábhachtacha go hinmheánach agus go seachtrach
* Cuntas teiste cruthaithe maidir le déileáil le ceisteanna casta, go réamhghníomhach agus go pras, chomh maith leis an gcumas faisnéis a chur in iúl do dhaoine eile
* Taithí ar obair foirne agus comhroinnt eolais a spreagadh chun feidhmíocht na foirne a fheabhsú. Fianaise ar chomhghleacaithe a spreagadh chun comhspriocanna a bhaint amach agus torthaí a fheabhsú
* Scileanna láidre anailíse agus cumas fadhbanna a aithint agus a anailísiú agus cinntí feabhsúcháin a dhéanamh a théann chun tairbhe na foirne/pobail.
* Inoiriúnaitheacht agus an cumas béim agus treo a athrú le bheith ag teacht le straitéis agus le riachtanais ghnó a léiriú
* Cumas réimsí nua feabhsúcháin a aithint go réamhghníomhach agus bealaí nua a chur i bhfeidhm chun rudaí a dhéanamh.
* Taithí ar úinéireacht a ghlacadh ar fhreagrachtaí sábháilteachta agus ag cur le tionscnaimh feabhsaithe leanúnaigh.
Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratais ar an bhfolúntas seo a fháil ná 05/02/2026.
Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.
*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.
We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland's national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.
Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland's social and economic growth.
We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.
Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland's water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.
The Role:
The Portfolio team supports the effective management of the delivery of the IDD investment programme by ensuring governance and control through data management and systems, processes and performance reporting and analysis including the management of planning, land, wayleave, utility, and statutory consents. This enables efficient delivery of the investment programme by providing programme visibility, informed risk management, analysis, challenge, and decision making. The team also provides expert support in key areas that enable the effective, efficient, and sustainable delivery of the IDD investment portfolio.
Reporting to the Land and Wayleaves Technical Lead, the Land and Wayleaves Analyst will contribute to a standardised approach across the portfolio through the application of standardised policies and procedures to support the project & programme managers across a diverse and multi- disciplined portfolio. The Land & Wayleaves Analyst will need to work in a creative and collaborative team environment to support the delivery of the CIP.
Main Duties and Responsibilities:
* Support activities associated with land & wayleaves processes, including land and wayleaves acquisitions by consent and/or Compulsory Acquisition Procedures across the Infrastructure Delivery area.
* Drive service excellence and continuous improvement through documentation of a consistent approach to the land and wayleaves process and ensuring compliance with land and wayleave policies, processes, and procedures.
* Interface with and provide support to the Delivery Portfolios for any land & wayleaves issues that arise and assist in the preparation of detailed reports for land and wayleaves related activities across the Portfolio
* Administer and process individual land and wayleave acquisitions, including ensuring that required legal and internal signoffs are processed and oversee the payment of compensation, professional fees and other costs associated with Land and Wayleave acquisitions.
* Consult with all appointed External Service Providers as required.
* Prepare documentation for applications for Compulsory Purchase Orders consents, licences, permissions and requirements in line with project milestone dates to enable Uisce Éireann 's Capital Investment plan and New Connections to be delivered
* Prepare evidence and documentation in the event of Oral hearings, Court injunctions, Arbitration Hearings, proceedings associated with wayleave and land acquisitions
* Liaise with Government Departments, Commission for Energy Regulation, Statutory Bodies, Local Authorities, MARA, An Bord Pleanála etc.
* Capture and maintain accurate records of the status of all land acquisitions and highlight and record any associated risks and escalation to the Land, Wayleaves and Utility Manager for the prioritisation of requirements.
* Maintain documentation and filing systems (including digital document management) and update the wayleave database and schedule of wayleave and site acquisition documents for execution under seal.
* Optimisation of IT systems for all land and wayleave process and engage with development and improvement of systems to meet current and future requirements
* Liaise and collaborate with:
o CEO Office – Legal,
o Asset Management & Sustainability,
o COO – Asset Operations.
* Provide visible leadership for your team, coaching and developing them to achieve their full potential and deliver business objectives, promoting collaboration and highlighting the behaviours that are expected from everyone in the team.
General Duties and Responsibilities
* Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business and relevant external stakeholders.
* Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards.
* Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives.
* Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann's Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information, and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation.
* Other duties as required.
Knowledge, Skills and Experience:
* Relevant third level qualification and or accreditation is desirable
* A minimum of 3 years' Experience in the water, utilities or similar industries is desirable and or relevant experience
* Ability to develop and maintain effective effective partnerships with key stakeholders internally and externally
* Proven track record with dealing with complex issues, proactively and in a timely fashion along with the ability to communicate information to others
* Experience in encouraging teamwork and knowledge-sharing to enhance team performance. Evidence of motivating colleagues to achieve shared goals and improve outcomes
* Strong analytical skills and ability to identify and analyse problems and make improvement decisions that benefit the team/communities.
* Demonstrate adaptability and the ability to change focus and direction in line with business strategy and requirements
* Ability to proactively identify new areas of improvement and implement new ways to do things.
* Experience in taking ownership of safety responsibilities and contributing to continuous improvement initiatives
The closing date for receipt of applications for this vacancy is 05/02/2026.
Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.
*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.
Uisce Éireann is an equal opportunities employer.
We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.