Description
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, is cinnte gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
An Ról:
Tá an fheidhm Rialacháin Comhshaoil freagrach as bainistíocht rialacháin agus comhlíonta comhshaoil laethúil. Is éard is cúram don fheidhm seo monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíontacht chomh fada agus a bhaineann sí leis an líonra uisce is fuíolluisce agus na hoibreacha cóireála. Tá sé de chúram ar an bhfeidhm seo, leis, dul i bhfeidhm ar bheartas comhshaoil seachtrach agus caidrimh le páirtithe leasmhara seachtracha a bhainistiú. Cuireann Rialú Comhshaoil saineolas ar fáil do ghnó Uisce Éireann i dtaobh tionchar a imirt ar bheartas comhshaoil agus páirtithe leasmhara a bhainistiú maidir le rialacháin chomhshaoil a dhéanann difear do chleachtais Uisce Éireann. Cuireann an fheidhm saineolas rialála ar fáil don chuideachta, lena n-áirítear an Fhoireann Shinsearach Ceannaireachta, maidir le gach gné de rialachán comhshaoil. Cuireann an fhoireann tacaíocht ar fáil maidir le hathruithe reachtaíochta agus rialála a rachaidh i bhfeidhm ar bheartais Uisce Éireann amach anseo.
Agus é nó í ag tuairisciú don Bhainisteoir Réigiúnach um Chomhlíontacht maidir le Cúrsaí Fuíolluisce, beidh an Anailisí ar Chomhlíontacht maidir le Cúrsaí Fuíolluisce freagrach as tacú le gníomhaíochtaí comhlíonta a bhainistiú i gcomhréir le ceanglais reachtúla agus oibriúcháin.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
• Tacú leis an mBainisteoir um Chomhlíontachta maidir le Cúrsaí Fuíolluisce Réigiúnach i dtaobh príomhshaincheisteanna fuíolluisce thar ceann Chomhéadan na Rialachán Comhshaoil agus pleananna samplála a chur i bhfeidhm faoi threoir beartas i leith réigiún áirithe.
• Tacú leis an mBainisteoir um Chomhlíontacht maidir le Cúrsaí Fuíolluisce i dtaobh seirbhísí samplála saotharlainne a sholáthar go héifeachtach trí bhíthin na nÚdarás Áitiúil, soláthraithe seirbhíse tríú páirtí nó an dá dhream in éineacht
• Nuashonruithe ar dhul chun cinn a thabhairt go rialta do Cheannasaithe Teicniúla ar Chúrsaí Fuíolluisce agus cuidiú le páipéir eolais a fhorbairt
• Tacú le maolú riosca cuí agus pleananna gníomhaíochta i leith réiteach saincheisteanna a fhorbairt i gcomhar le foirne oibriúcháin cuí chun tuiscint a fháil agus aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna atá le haon fhadhb neamhchomhlíonta
• Cabhrú le cuspóirí agus spriocanna phleananna gnó Chomhéadan na Rialachán Comhshaoil a bhaint amach
• Na córais samplála agus gabháil sonraí a úsáid chun suíomhanna a d'fhéadfadh a bheith achrannach amach anseo a shainaithint agus a leithéidí a chur faoi bhráid an Bhainisteora um Chomhlíontacht maidir le Cúrsaí Fuíolluisce.
• A chinntiú go gcloífear le nósanna imeachta an SSCT (Sláinte, Sábháilteacht, Caighdeán agus Timpeallacht)
• Dul i gcomhairle go pras leis an bhfoireann Oibríochtaí Réigiúnacha/Chomhshaoil aon uair a shainaithnítear réimse riosca
• Tacú leis an mBainisteoir um Chomhlíontacht maidir le Cúrsaí Fuíolluisce i dtaobh bualadh le agus dul i gcomhairle leis an GCC agus an FSS le cinntiú go dtabharfar faoi shampláil, faoi oibríochtaí agus faoi cheanglais tuairiscithe de réir na rialachán
• A bheith freagrach as íoslódáil agus bainistiú sonraí in EDEN MDS ar bhonn laethúil
• A bheith freagrach as sonraí a bhailiú agus a chur i dtoll a chéile atá riachtanach chun éascú a dhéanamh ar fhógra ar theagmhas a sheoladh ar líne chuig an GCC agus chuig príomhpháirtithe leasmhara eile
• Obair mar bhall d'fhoireann chun ceanglais reachtúla tuairiscithe a bhainistiú
Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta
• Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ
• Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a chur i gcrích ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompraíochtaí dearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a chur i gcrích
• Tacú le Chlár Bunathraithe Uisce Éireann a chur i gcrích, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a spreagadh, agus tacaíocht a thabhairt do chuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach
• Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.
• Dualgais eile de réir mar is gá
Eolas, Scileanna agus Taithí:
• Tá cáilíocht agus / nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe
• Tá taithí 3 bliana ar a laghad sna tionscail uisce nó fóntas nó i dtionscail chomhchosúla inmhianaithe agus/nó taithí ábhartha.
• Cumas comhpháirtíochtaí éifeachtacha a fhorbairt le raon leathan páirtithe leasmhara agus an cumas chun dearcthaí éagsúla a lorg agus éisteacht leo.
• Cúlra láidir maidir le luachanna eagraíochtúla a choinneáil tríd an gcinnteoireacht agus gníomhartha fiúntacha
• Duine atá spreagtha, a mbíonn ardchaighdeán proifisiúntachta ag baint lena c(h)uid oibre agus é léirithe acu gur féidir leo torthaí a bhaint amach laistigh d'fhoireann.
• Duine a bhfuil scileanna anailíse láidre aige/aici chomh maith le dea-theist a bheith air/uirthi maidir le fadhbanna casta a réiteach agus a bheith cumasach maidir le faisnéis a chur in iúl do dhaoine eile.
• Inoiriúnaitheacht agus an cumas béim agus treo a athrú le bheith ag teacht le straitéis agus le riachtanais ghnó a léiriú
• Cumas réimsí nua feabhsúcháin a aithint go réamhghníomhach agus bealaí nua a chur i bhfeidhm chun rudaí a dhéanamh.
• Taithí ar úinéireacht a ghlacadh ar fhreagrachtaí sábháilteachta agus ar chur le tionscnaimh feabhsaithe leanúnaigh.
Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo ná 27/01/2026.
Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.
*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas
We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland's national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.
Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland's social and economic growth.
We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.
Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland's water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.
The Role:
The Environmental Regulation function is responsible for the day-to-day management of environmental regulation and compliance. The function monitors the compliance of the water and wastewater network and treatment works, influences external environmental policy and manages environmental stakeholder relationships. Environmental Regulation provides expertise to the Uisce Éireann business on influencing environmental policy and managing stakeholders around environmental regulation affecting Uisce Éireann's practices. The function provides regulatory expertise to the business, including the Senior Leadership Team, in all aspects of environmental regulation. The team provides support on legislative and regulatory changes that will affect Uisce Éireann policies in the future
Reporting to the Regional Wastewater Compliance Manager, the Wastewater Compliance Analyst will be responsible for supporting with the management of compliance activities in line with both statutory and operational requirements.
Main Duties and Responsibilities:
• Support the Regional Wastewater Compliance Manager with key wastewater compliance issues on behalf of Environmental Regulation Interface and implement sampling plans with regard to policies in a region.
• Support the Regional Wastewater Compliance Manager in the delivery of effective laboratory sampling services via Local Authorities, third party service providers or both
• Provide regular progress updates to the Watewater Compliance Technical Leads and assist in the development of briefing papers
• Support the development of appropriate risk mitigation and issue resolution action plans in coordination with appropriate operational teams to understand and address the causes of any non-compliance issues
• Contribute to achieving the objectives and targets of the Environmental Regulation Business plans
• Identify potential trouble sites identified via the sampling systems and data capture and escalate to the Regional Wastewater Compliance Manager
• Ensure compliance with HSQE (Health Safety Quality Environment) procedures
• Liaise with Regional Operations/Environmental team in a timely manner where areas of risk have been identified
• Support the Regional Wastewater Compliance Manager in meeting and liaising with the EPA and HSE to ensure that sampling, operations and reporting requirements are carried out as per regulations
• Responsible for day-to-day upload and management of data in EDEN MDS
• Responsible for the gathering and collating of data required to facilitate online incident notification to EPA and other key stakeholders
• Work as part of a team to manage statutory reporting requirements
General Duties and Responsibilities
• Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business
• Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards
• Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives
• Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann's Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation
• Other duties as required
Knowledge, Skills and Experience:
• Relevant third level qualification and or accreditation is desirable
• A minimum of 3 years' experience in the water, utilities or similar industries is desirable and or relevant experience
• Ability to develop effective partnerships with a wide range of stakeholders and ability to look for and listen to diverse perspectives.
• Strong background in upholding organisational values through decision-making and constructive actions
• Highly motivated individual, working to the highest professional standards and with proven ability to deliver results within a team.
• Strong analytical skills with a proven track record in resolving complex issues, along with the ability to communicate information to others.
• Demonstrate adaptability and the ability to change focus and direction in line with business strategy and requirements
• Ability to proactively identify new areas of improvement and implement new ways to do things.
• Experience in taking ownership of safety responsibilities and contributing to continuous improvement initiatives.
The closing date for receipt of applications for this vacancy is 27/01/2026.
Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.
*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.
Uisce Éireann is an equal opportunities employer.
We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.