DescriptionIs sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.An Ról: Tá feidhm na nOibríochtaí Sócmhainní ina bunchloch maidir le seachadadh seirbhísí do chustaiméirí, an comhshaol a chosaint agus caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar Fheidhm Rialaithe Oibríochtaí Sócmhainní as gníomhaíochtaí na bpríomhfhoirne teicniúla agus bonneagair a fhorbairt, a chur i bhfeidhm, agus a bhainistiú, trína soláthraítear saineolas agus barr feabhais ar bhonn náisiúnta i gcomhar le soláthar Réigiúnach agus Áitiúil gnáthsheirbhísí tosaigh uisce agus fuíolluisce, agus mar chomhlánú an tsoláthair sin. Agus é/í freagrach don Bhainisteoir Dearbhaithe Oibríochtúil, beidh an Ceannasaí Teicniúil um Thacaíocht Theicniúil (Riosca) freagrach as tacú le foirne Cóireála Uisce / Oibríochtaí Líonra agus foirne M&R fadhbanna teicniúla/innealtóireachta a réiteach lena n-áirítear fadhbanna um riosca do sheirbhísí, de réir mar a thagann siad chun cinn sa réigiún. Beidh an ról seo dírithe ar thacaíocht a thabhairt chun an Creat um Riosca do Shócmhainní agus do Sheirbhísí a chur i bhfeidhm d'fhonn tacú le bainistíocht ar rioscaí do sheirbhísí, anailís theicniúil agus eolas áitiúil a chur ar fáil ar shócmhainní agus ar chumais feidhmíochta oibríochtúla chun tacú le réiteach tráthúil gníomhaíochtaí neamhghnácha, speisialaithe. Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:Freagrach as fadhbanna teicniúla/innealtóireachta a réiteach de réir mar a thagann siad chun cinn sa réigiún. Tacaíocht a thabhairt don Chreat um Riosca do Shócmhainní agus do Sheirbhísí ag sócmhainní Uisce Éireann (uisce agus fuíolluisce) chun a chinntiú go ndéantar rioscaí a shainaithint ar bhonn leanúnach trí thuairisciú caighdeánaithe agus rioscaí a ardú trí Ghrúpaí Réigiúnacha agus Náisiúnta um Rioscaí do Shócmhainní agus do Sheirbhísí. Freagrach as tuairisciú ar shainaithint rioscaí do sheirbhísí, agus as iad a mhaolú agus a ardú trí struchtúir thuairiscithe nua a bheidh le forbairt. Anailís iontaofa theicniúil a chur ar fáil ar fhadhbanna oibríochtúla, cothabhála agus deisithe arna n-ardú ar fud sócmhainní Cóireála Uisce agus Líonra araon. Áirítear leis sin eolas áitiúil a chur ar fáil ar shócmhainní agus ar chumais feidhmíochta oibríochtúla chun tacú le gníomhaíochtaí neamhghnácha, speisialaithe a réiteach go tráthúil fadhbanna núise, teipeanna trealaimh a réiteach, teipeanna líonra agus bonneagair). Freagrach as cinntí oibríochtúla, cothabhála agus deisithe a dhéanamh atá ceart go teicniúil ar bhonn tráthúil (agus leas á bhaint as na sonraí atá ar fáil), agus úsáid éifeachtúil á baint as acmhainní agus as an mbuiséad. Tacú le réiteach fhadhbanna oibríochta, cothabhála, agus deisithe ag leibhéal réigiúnach, agus é a dhéanamh ar an gcéad iarracht. Is é atá leis sin ná chun a chinntiú go ndéantar fadhbanna a ardú a laghad agus is féidir chuig feidhmeanna eile Uisce Éireann agus gach iarracht a dhéanamh chun iad a réiteach laistigh d'Oibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce a luaithe is féidir d'fhonn moilleanna agus cur isteach ar sheirbhísí do chustaiméirí a íoslaghdú. Obair a dhéanamh i gcomhar leis an mBainisteoir Dearbhaithe Oibríochtúil chun gníomhú mar chomhéadan teicniúil do na foirne speisialaithe eile in Uisce Éireann, lena n-áirítear Oibríochtaí Réigiúnacha, Barrfheabhsú Próiseas, Comhlíontacht Uisce agus Fuíolluisce, Éirim Sócmhainní, OPEM, Oibríochtaí Punann, Bainistíocht agus foirne Bainistíochta DTO. Tacaíocht a thabhairt don Bhainisteoir Dearbhaithe Oibríochtúil, do Bhainisteoirí Cóireála agus Líonra mar chomhéadan réigiúnach Oibríochtaí Sócmhainní le Bainistíocht Sócmhainní, go háirithe le réimse feidhmiúil na Pleanála Sócmhainní. Idirghabháil a dhéanamh leis an gCeannasaí Teicniúil um Oibríochtaí Punann de réir mar is gá, chun tacú le céimeanna dearaidh, tógála agus aistrithe thionscadal Soláthair Sócmhainní. Ag gníomhú mar chomhéadan teicniúil do chomhlachtaí seachtracha e.g. Údaráis Áitiúla, Údaráis Bóithre, an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) agus ag cuidiú le hiniúchtaí nó le hiarratais ar fhaisnéis de réir mar is gá. Maoirseacht theicniúil a chur ar fáil ar thríú páirtithe/chonraitheoirí; Ceadanna oibre, Ceadanna Iontrála, Scóip Oibreacha Speisialaithe a Mheas, Athbhreithnithe ar Ráitis um Modhanna. Ag tacú leis an mbainisteoir le dúshláin a bhaineann le sláine córas casta uisce, ag gníomhú mar phointe ardaithe chun fáth an dúshláin a chinneadh, tionchar an dúshláin amach anseo a thuar, scóip do shuirbhéanna agus iniúchtaí ar an láithreán a shainiú, agus roghanna a shainaithint le haghaidh dúshláin a réiteach. Ag cinntiú go ndéantar faisnéis uile (agus rioscaí do sheirbhísí san áireamh) a thaifeadadh go beacht agus go pras ar mhaithe le hiniúchadh agus rioscaí do sheirbhísí a ardú agus leas á bhaint as na córais teicneolaíochta a chuirtear ar fáil. Páirt a ghlacadh in obair lasmuigh d'uaireanta oibre agus in obair fuireachais de réir mar is gá. Tacaíocht líonra agus innealtóireachta a chur ar fáil de réir mar is gá maidir le freagairt ar theagmhais. Fadhbanna a ardú don bhainisteoir, ag cinntiú go ndéantar sonraí a ghabháil maidir le fadhbanna atá ábhartha d'fhorbairt pleananna oibríochtúla, cothabhála agus deisithe Freagrach as monatóireacht agus as tuairisciú a dhéanamh ar phríomhtháscairí feidhmíochta do phróisis atá faoina n-úinéireacht. Dualgais ar bith eile a chur i gcrích a mheastar riachtanach nó a theastaíonn ón lucht bainistíochta. Iarratais ar idirghabhálacha i leith an bhonneagair a shainaithint agus a chur isteach chuig Pleanáil Sócmhainní, ag tacú le plé a dhéanamh le húinéirí ábhartha sócmhainní nó le páirtithe freagracha laistigh d'Oibríochtaí Sócmhainní, agus faisnéis bhreise á cur ar fáil do Phleanáil Sócmhainní de réir mar is gá. Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ. Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompair dhearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh. Tacú le soláthar Chlár Uisce Éireann um Bunathrú, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach. Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.Dualgais eile nuair is gá. Eolas, Scileanna agus Taithí:Tá cáilíocht ábhartha tríú leibhéal nó creidiúnú nó an dá rud araon inmhianaithe Tá taithí 5 bliana ar a laghad sna tionscail uisce nó fóntas nó i dtionscail chomhchosúla inmhianaithe agus/nó taithí ábhartha Ní mór eolas grinn a bhith aige/aici ar chóireáil uisce nó fuíolluisce agus/nó ar shócmhainní cóireála agus líonra a chothabháil agus a dheisiú Ní mór eolas grinn a bheith aige/aici ar phrionsabail agus ar threoirlínte maidir le bainistíocht riosca (ISO agus ar rioscaí a shainaithint ag sócmhainní uisce agus fuíolluisce Déanaimid an rud ceart - ní mór eolas grinn a bheith aige/aici ar reachtaíocht, ar chaighdeáin, ar phróisis agus ar nósanna imeachta atá i bhfeidhm faoi láthair a bhaineann le haistarraingt agus le cóireáil uisce Eolas áitiúil ar shócmhainní agus cumas feidhmithe oibríochta le tacú le réiteach tráth ar imeachtaí neamhghnácha, speisialta Oibrímid níos fearr le chéile - an cumas obair a dhéanamh go comhoibritheach ar fud feidhmeanna éagsúla agus cuspóirí atá leagtha amach a bhaint amach Déanaimid beart de réir ár mbriathair do chustaiméirí agus do phobail - taithí i ngnólacht atá dírithe ar chustaiméirí Scileanna sármhaithe cumarsáide scríofa agus labhartha Scileanna éifeachtacha cumarsáide, chun teagmháil a dhéanamh le scata leathan de pháirtithe leasmhara inmheánacha agus fostaithe Oibríochtúla Coinnímid a chéile slán - taithí / tuiscint ar oibriú laistigh de chultúr láidir sláinte agus sábháilteachta Cumas cinntí a dhéanamh bunaithe ar anailís faisnéise laistigh de thimpeallacht a ghluaiseann go tapa agus a dhíríonn ar an gcustaiméir Eolas ar bhainistíocht ar chomhlíonadh próisis Scileanna anailísithe airgeadais Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo ná 28/11/2025.Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland's national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland's social and economic growth.We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland's water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.The Role: The Asset Operations functions form the cornerstone of service delivery to customers, protecting the environment and meeting regulatory standards as well as managing the majority of operational expenditure. The Asset Operational Control Function has responsibility for developing, implementing, and managing the activities of key technical teams and infrastructure, which provide expertise and excellence on a national basis in collaboration with, and complementary to, the Regional and Local delivery of routine front-line water and wastewater services. Reporting to the Operational Assurance Manager, the Technical Support Technical Lead (Risk) will be responsible for supporting Water Treatment / Network Operations and M&R teams in the resolution of technical/engineering including service risk issues, as they arise within the region. The focus of this role will be to support the Asset and Service Risk Framework implementation to support service risk management, provide technical analysis and local knowledge of assets and operational performance capabilities to support the timely resolution of non-routine, specialised activities. Main Duties and Responsibilities:Responsible for supporting the resolution of technical/engineering issues as they arise within the region. Support the Asset and Service Risk Framework at Uisce Éireann assets (water and wastewater) to ensure ongoing risk identification through standardised reporting and risk escalation through Regional and National Asset and Service Risk Groups. Responsible for reporting progress on service risk identification, mitigation and escalation through new reporting structures to be developed. Provide sound technical analysis of the escalated operational, maintenance and repair issues across both Water Treatment and Network assets. This includes the provision of local knowledge of assets and operational performance capabilities to support the timely resolution of non-routine, specialised activities (e.g. nuisance issues, troubleshoot equipment failures, network and infrastructure failures). Responsible for making technically correct operational, maintenance and repair decisions in a timely manner (utilising the available data), with efficient use of resources and budget. Support the resolution of operational, maintenance and repair issues at a Regional level at first attempt. This includes ensuring that there are minimal escalations of issues to other Uisce Éireann functions and driving to resolve within Water and Wastewater Operations as quickly as possible to minimise delay and disruption to customer service. Work collaboratively with the Operational Assurance Manager to act as the technical interface for other specialised teams in Uisce Éireann, including Regional Operations, Process Optimisation, Water & Wastewater Compliance, Asset Intelligence, OPEM, Portfolio Operations, Management and DBO Management teams. Support the Operational Assurance Manager, Treatment and Network Managers as the regional Asset Operations interface with Asset Management, in particular with the Asset Planning functional area. Liaise with the Portfolio Operations Technical Lead as required to support the design, construction and handover phases of an Asset Delivery project. Act as the technical interface to external bodies e.g. Local Authorities, Road Authorities, Environmental Protection Agency (EPA) and assist with audits or information requests as necessary. Provide technical oversight of third parties/contractors; Permits-to-work, Permits-to-Enter, Specialised Works Scoping, Method-Statements Reviews. Support line manager with complex water system integrity challenges, acting as an escalation point for determining cause of challenge, forecasting the impact of challenge, defining scope for site surveys and investigations, and identifying options for resolving challenges. Ensure all information (including service risks) are accurately recorded and promptly reported for audit purposes and service risk escalations using the technology systems provided. Participate in out of hours and standby working as required. Provide network and engineering support as required in incident response. Escalate issues and ensure data capture on issues that are relevant to the development of operational, maintenance and repair plans to manager Responsible for monitoring and reporting KPIs for processes over which they have ownership. Carry out any other duties deemed necessary and / or required by management. Identify and submit infrastructure intervention requests to Asset Planning, support in engaging with the relevant asset owners and/or responsible parties within Asset Operations, providing supplementary information to Asset Planning as required General Duties and Responsibilities Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business, Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards. Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives. Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann's Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information, and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation.Other duties as required. Knowledge, Skills and Experience:Relevant third level qualification and/or accreditation is desirable A minimum of 5 years' experience in the water, utilities or similar industries is desirable and/or relevant experience Required to have an in depth knowledge of water and/or wastewater treatment and/or the maintaining and repairing of treatment and network assets Required to have an in-depth knowledge of risk management principles and guidelines (ISO and risk identification at water and wastewater assets We do the right thing - required to have an in depth knowledge of the application of the current legislation, standards, processes and procedures relevant to water abstraction and treatment Local knowledge of assets and operational performance capabilities to support the timely resolution of non-routine, specialised activities We work better together - capable to work collaboratively across various function and achieve set objectives We deliver for customers and communities - experience in a customer focused business Excellent written and verbal communication skills Effective communication skills, to engage with a broad range of internal stakeholders and Operational employees We keep each other safe - experience / understanding of working within a strong health & safety culture Ability to make decisions based on analysis of information within a very fast paced, customer focused environment Knowledge of managing process compliance Financial analysis skills The closing date for receipt of applications for this vacancy is 28/11/2025.Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.Uisce Éireann is an equal opportunities employer.We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.