DescriptionIs sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, is cinnte gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.An Ról:Déanann na hOibríochtaí Custaiméirí eispéireas agus seirbhís custaiméirí den scoth a fhorbairt agus a sholáthar do chustaiméirí tí agus do chustaiméirí tráchtála araon laistigh de thionscal rialaithe agus tacaíonn siad leo. Tá Oibríochtaí Custaiméirí freagrach as caidreamh custaiméirí leis an Ionad Teagmhála Custaiméirí a bhainistiú, agus seirbhísí billeála do chustaiméirí atá tráthúil agus cruinn á gcinntiú agus straitéis Uisce Éireann do chustaiméirí á cur i bhfeidhm go héifeachtach.Beidh an fhoireann um Seirbhís do Chustaiméirí cuntasach i leith seirbhís éifeachtach agus optamach a bhainistiú agus a sholáthar trí réimse bealaí. Áirítear leis seo forbairt agus bainistiú bealaí difreáilte do chustaiméirí trínar féidir le custaiméirí dul i dteagmháil le hUisce Éireann, agus seirbhísí teagmhála agus bainistíochta gearán á soláthar do chustaiméirí Baile, Ilchineálacha, um Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBM) agus do chustaiméirí Tionsclaíochta agus Tráchtálacha (T&T).Agus é/í ag obair faoin gCeannasaí um Ghearáin, Cásbhainistíocht agus Géarú Ardíomhá, tacóidh an Comhordaitheoir um Ghearáin, Cásbhainistíocht agus Géarú Ardíomhá le bainistíocht gnéithe de sheirbhís do chustaiméirí do UÉ, lena n-áirítear cásbhainistíocht custaiméirí, bainistíocht gearán agus riarachán custaiméirí.Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:• Tacú le PTFanna a chur chun feidhme chun feidhmíocht ardchaighdeáin agus sheasmhach na foirne um sheirbhís do Chustaiméirí a chinntiú sprioc réitigh gearán de >80%) • Tacú leis an bhfoireann chun leibhéil feidhmíochta a rianú maidir le gach Géarú, Gearán, Gearáin SF agus HP do chustaiméirí tráchtála agus tí.• Tacú le bainistíocht chumas réitigh gearán ó chustaiméirí ó thús go deireadh laistigh d'Uisce Éireann, lena n-áirítear na próisis a bhaineann le haicmiú agus le géarú gearán.• Oibriú go leanúnach chun feabhas a chur ar thurais na gcustaiméirí, agus ar an dóigh sin Eispéireas níos fearr do Chustaiméirí a bhaint amach, rud a mbeidh scóir Sástachta Custaiméirí níos fearr mar thoradh air. • Tacú leis an bhfoireann um Eispéireas Custaiméirí a bhainistiú chun monatóireacht agus anailís a dhéanamh ar shástacht na gcustaiméirí trí uirlisí géaraithe/gearán agus torthaí suirbhé atá ar fáil, deiseanna oibríochtúla feabhais a shainaithint, moltaí cáis gnó a chruthú agus athruithe formheasta a chur i bhfeidhm go réamhghníomhach agus go rialta.• Oibriú le feidhmeanna eile chun caighdeáin cháilíochta a ardú ar fud an phróisis agus chun feabhas a chur ar cháilíocht agus ar agaí slánúcháin maidir le saincheisteanna custaiméirí. • Déileáil le fiosruithe agus gearáin ghéaraithe ó chustaiméirí, ag cinntiú go n-aimsítear réitigh thráthúla agus sásúla• Páirt a ghlacadh i gcur i bhfeidhm próiseas nua/beachtaithe agus ábhar oiliúna ar bhonn céimneach• Tacú le seachadadh CRF agus ceanglais rialála eile maidir le gearáin, géarú agus saoráil faisnéise. • Tacú le clár cáilíochta teagmhála a bhainistiú agus seisiúin rialta guth an chustaiméara le comhairleoirí sa líne thosaigh a dhéanamh.• Páirt a ghlacadh i líonra an tionscail seirbhíse do chustaiméirí chun tuiscint a fháil ar thionscnaimh atá ag teacht chun cinn, feidhmíocht a thagarmharcáil nuair is infheidhme agus Uisce Éireann a chur chun cinn mar phointe tagartha seirbhíse do chustaiméirí laistigh de ghrúpa fóntais na hÉireann. Tacú leis an uainchlár ar glao-dhualgas más gá.Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta• Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ• Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompair dhearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh. • Tacú le soláthar Chlár Uisce Éireann um Bunathrú, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.• Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a sholáthar, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha ar bith eile.• Dualgais eile nuair is gá.Eolas, Scileanna agus Taithí:• Tá cáilíocht agus / nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe, agus / nó taithí ábhartha • Tá taithí ábhartha 1 bhliain ar a laghad i ról cosúil san earnáil uisce, fóntais nó in earnálacha atá cosúil leo sin inmhianaithe • Réamhghníomhach, leis an gcumas a bheith ag obair as do stuaim féin agus le daoine eile chun rath ar fheidhmíocht foirne a chinntiú• Scileanna cruthaithe bainistíochta ama leis an gcumas ord tosaíochta a leagan síos agus coinneáil dírithe ar an gcúram.• Cumas cruthaithe caidrimh mhaithe oibre a chruthú agus a fhorbairt chun baint amach spriocanna oibre a éascú, chomh maith leis an gcumas tiomantas a fháil ó dhaoine eile. • Scileanna sármhaithe cumarsáide ó bhéal agus i scríbhinn agus an cumas teachtaireachtaí a chur in iúl ar bhealach soiléir gonta• Scileanna láidre Ríomhaireachta le heolas oibre maith ar MS Word, Excel, PowerPoint agus Outlook• Cumas próisis agus nósanna imeachta leantacha a bhunú chun faisnéis a bhailiú agus a athbhreithniú• É de theist air nó uirthi gur dual dó nó di meas agus gairmiúlacht a léiriú i mbun oibre agus cloí le beartais na heagraíochta• Solúbtha maidir le hobair a dhéanamh i dtimpeallacht a bhíonn ag athrú agus an cumas dul i dtaithí ar struchtúir oibre, ar phróisis agus ar riachtanais nua de réir mar is gá• Réimsí nua foghlama a shainaithint go réamhghníomhach agus faisnéis agus scileanna nuafhoghlamtha a úsáid ag an obair• Dea-theist maidir le tascanna a chur i gcrích le treoir chun tacú le custaiméirí agus/nó pobail.• Bheith ar a d(h)ícheall ag iarraidh ardchaighdeán a aimsiú agus ardchaighdeáin oibre á gcinntiú i gcónaí• A bheith taithíoch ar chloí le rialacha sábháilteachta ar bhealach a chuireann le láthair oibre shábháilte a chothúIs é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo ná 28/11/2025.Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas. We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland's national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland's social and economic growth.We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland's water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.The Role:Customer Operations develop, deliver, and support excellent customer experience and service to both domestic and non-domestic customers within a regulated industry. Customer Operations is responsible for managing the customer relationship with the Customer Contact Centre, ensuring timely and accurate customer billing services and effectively implementing the Uisce Eireann customer strategy.The Customer Service team will be accountable for managing and providing efficient and optimal customer service via a range of channels. This includes development and management of differentiated customer channels through which customers can engage with Uisce Éireann, providing contact and complaints management services to Domestic, Mixed Use, Small to Medium Enterprise (SME) customers and to Industrial and Commercial (I&C) customers.Reporting to the Complaints, Case Management and High Profile Escalations Lead, the Complaints, Case Management and High Profile Escalations Coordinator will support the management of aspects of customer service for UÉ including customer case management, complaints management and customer administration.Main Duties and Responsibilities:• Support the implementation of KPIs to ensure quality and consistent performance of the Customer service team (e.g., complaints resolution target of >80%) • Support the team track performance levels regarding all Escalations, Complaints, FOI and HP Complaints for non-domestic and domestic customers• Support the management of the end-to-end customer complaints capability within Uisce Éireann, including the processes around complaint classification and escalation• Work to continuously improve customer journeys, thus realising better Customer Experience resulting in improved Customer Satisfaction scores • Support the management of the Customer Experience team to monitor and analyse customer satisfaction through available escalation/complaint tools and survey results, identify operational improvement opportunities, create business case recommendations and implement approved changes proactively and regularly• Work with other functions to raise quality standards across the process and improve the quality and turnaround times of customer issues. • Handle escalated customer enquiries and complaints, ensuring timely and satisfactory resolutions• Participate in rollout of new/refined processes and training material• Support the delivery of CRU and other regulatory requirements in relation to complaints, escalations and FOI. • Support the management contact quality programme and conduct regular voice of the customer sessions with front line advisors• Participate in the customer service industry network to understand emerging initiatives, benchmark performance where applicable and position Uisce Éireann as a customer service reference point within the Irish utility groupSupport the on call rota if required.General Duties and Responsibilities• Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business• Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards. • Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives.• Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann's Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation.• Other duties as required.Knowledge, Skills and Experience:• Relevant third level qualification and or accreditation is desirable and or relevant experience • Min 1 year relevant Experience in a similar role in the water, utilities or similar industries is desirable • Proactive, with ability to work on own initiative and with others to ensure success in the performance of a team• Proven effective time management skills with the ability to prioritise and remain focused• Proven ability to create and develop good working relationships to facilitate the accomplishment of work goals, coupled with the ability to gain commitment from others • Excellent verbal and written communication skills with the ability to convey messages in a clear and concise manner• Strong Computer skills with a proficient working knowledge of MS Word, Excel, PowerPoint and Outlook• Ability to set up ongoing processes and procedures to collect and review information• Proven experience in demonstrating respect and professionalism in work and complying with organisational policies• Flexible with regard to working in a changing environment and the ability to adjust to new work structures, processes and requirements as necessary• Proactively identifying new areas of learning and using newly gained knowledge and skills on the job• Track record in completing tasks with guidance to support customers and/or communities• Striving for quality and ensuring consistent high standards of work• Experience in following safety rules, contributing to a safe working environmentThe closing date for receipt of applications for this vacancy is 28/11/2025.Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.Uisce Éireann is an equal opportunities employer.We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.