Jobs
My ads
My job alerts
Sign in
Find a job Employers
Find

Bainisteoir teicniúil slándála/security technical manager

Cork
Uisce Éireann
Technical manager
Posted: 7 May
Offer description

Bainisteoir Teicniúil Slándála/Security Technical Manager
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
Trealamh agus córais slándála náisiúnta i bhfoirgnimh tráchtála (oifigí, stórais, saotharlanna srl) agus suíomhanna oibríochtúla (ionaid cóireála uisce / fuíolluisce, stáisiúin caidéalaithe agus láithreáin choimhdeacha) a bhainistiú.
Sócmhainní agus córais leictreonacha lena n-áirítear TCI, brathadóir Ionróirí, PIDanna agus córais Rialúcháin Rochtana, córais Bainistíochta Eochrach Leictreonach, Geataí Uathoibrithe, doirse comhlaí Rollóra Leictreonacha a bhainistiú srl.
Creat rialachais láidir a bhunú agus a chothabháil do chórais slándála teicniúla, lena n-áirítear caighdeáin, beartais um próisis iniúchta agus tuairisciú comhlíontachta a thagann le (Treoir CER) Ceanglais maidir le bonneagar criticiúil agus rialáil.
Acmhainní tríú páirtí a bhainistiú agus a threorú chun tionscadail a sholáthar in aghaidh na bliana idir bhunsmaoineamh tionscadail, dearadh córais agus suiteáil agus coimisiúnú agus aistriú i gcomhréir le creat measúnaithe riosca Uisce Éireann.
Cintiú go ndéantar monatóireacht ar gach suíomh agus go bhfuil nós imeachta géaraithe agus freagartha i bhfeidhm a thuairiscíonn don SOC (Ionad Oibríochtaí Slándála).
Caighdeánú agus gealltanas a chur chun cinn ar fud na suíomhanna uile, lena chinntú go gcloítear le sonraíochtaí slándála faofa. Athbhreithnithe tréimhsiúla a dhéanamh ar chomhlíonadh agus aghaidh a thabhairt ar Bhearnaí trí phleananna feabhsúcháin struchtúrtha.
Soláthar trealaimh slándála agus seirbhísí córais a chinntiú laistigh de bhuiséid OPEX agus CAPEX ar bhonn bliantúil agus rioscaí ar bith do bhuiséid a shainaithint agus a bhainistiú agus ceaduithe iomchuí á gcinntiú.
Páipéir a fhorbairt agus a chur i láthair do Choistí um Cheadú Caiteachais de réir mar is gá chun caiteachas caipitil agus údarú conartha a cheadú.
Dul i mbun comhairle leis na foirne Oibriúcháin Réigiúnacha in Uisce Éireann chun a chinntú go bhfuil seirbhísí slándála teicniúla sa réigiún oiriúnach chun éilimh an ghnó a shásamh.
Dul i gcomhairle le réimse leathan ball foirne de chuid an Údaráis Áitiúil lena n-áirítear Innealtóirí Sinsearacha, Maoirseoirí srl.
Réitigh slándála comhtháite a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun go bhféadfar monatóireacht lárnach agus cianda a dhéanamh ar fhoirgnimh tráchtála agus ar láithreáin oibríochtúla.
Clár láraithe um chosaint sócmhainní a fhorbairt do shócmhainní agus do chóras leis an raon feidhme.
Creataí slándála náisiúnta a sholáthar le haghaidh córais slándála do shuíomhanna oibríochtúla Uisce Éireann.
CASanna (Comhaontuithe Seirbhíse) a chur i bhfeidhm le haghaidh seirbhíthe agus cothabháil chaighdeánach. Cinntú go bhfuil freagairt teagmhais i bhfeidhm agus go ndéantar í a bhainistiú i gcás teipeanna taobh amuigh d‘uaireanta oibre agus teipeanna criticiúla.
Gníomhú mar choimhéadán lárnach le soláthraithe slándála maidir le gníomhaíochtaí slándála beartaithe, frithghníomhacha agus atá ag teacht chun cinn chun soláthar seirbhíse atá sábháilte, éifeachtach agus éifeachtúil a chinntú.
Ciinté go bhfuil gach ceanglas SSCT i bhfeidhm, lena n-áirítear Ráitis Sábháilteachta, Ráitis Modhanna, Measúnuithe Riosca agus ceadanna do na oibreacha cothabhála agus tionscadail uile.
Oiliúint theicniúil agus pleananna forbartha a chur i bhfeidhm le haghaidh riachtanais reatha agus riachtanais amach anseo.
Méadrachtaí Cothabhála agus KPInna a fhorbairt agus iad a thuairisciú agus a rianú go míosúil.
An córas bainistíochta a fhorbairt do chórais slándála leictreonacha, i.e. beartais, nósanna imeachta, próisis agus sonraíochtaí slándála a chaighdeánú agus a chur i bhfeidhm.
Straitéis bogearraí slándála a fhorbairt agus a bhainistiú do chórais slándála comhtháite iomadúla (Rialú Rochtana, IDS, TCI, PID, Bainistíocht Eochrach) le haghaidh monatóireacht inmheánach agus sheachtrach araon.
Imscrúdú a dhéanamh ar theicneolaíochtaí nua a chuirfeadh cultúr feabhsúcháin leanúnaigh chun cinn e.g. ardchórais anailísíochta físe.
Comhlíonadh le ceanglais reachtúla agus reachtaithe a chinntú.
Freastal ar chruinnithe leis an mBainistíocht Shinsearach / Bainisteoirí Réigiúnacha agus gníomhú mar phointe teagmhála i ndáil le géarú de réir mar is gá.
Páirt a ghlacadh sa róta glao-dualgais le haghaidh Bainistíocht Slándála más gá.
Dualgais eile a d’fhéadfadh a shannadh ón am go chéile.
Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta
Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ.
Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a chur i gcrích ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompraíochtaí dearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a chur i gcrích.
Tacú le Clár Uisce Éireann um Bunathrú a chur i gcrích, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a spreagadh, agus tacaíocht a thabhairt do chuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.
Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.
Dualgais eile de réir mar is gá.
Eolas, Scileanna agus Taithí:
Cáilíocht ábhartha tríú leibhéal i Slándáil / Innealtóireacht / Gnó nó a leithéid.
5 - 7 mbliana ar a laghad de thaithí i ról bainistíochta cothabhála.
Taithí ar fhoireann a bhainistiú.
Tá taithí ar sholáthar tionscadal slándála inmhianaithe.
Scileanna cur i láthair den scoth.
Taithí léirithe ar chláir cothabhála den scoth a sholáthar ar fud suíomhanna iomadúla.
Bainistíocht conraitheoirí tríú páirtí.
Tuiscint ar phróisis tairisceana.
Taithí léirithe ar úsáid agus oiliúint córas.
Taithí léirithe ar chomhtháthú bogearraí slándála ar ardáin iomadúla.
Taithí maidir le caidrimh straitéiseacha a bhunú agus a chothabháil go hinmheánach agus go seachtrach araon, ag baint úsáid as scileanna láidre a bhaineann le himirt tionchair chun spriocanna gnó a bhaint amach.
Dhaoine a chóitseáil chun a scileanna teicniúla agus a gcumas teicniúil a fhorbairt.
Scileanna sármhaithe anailíseacha agus réitithe fadhbanna, chomh maith leis an gcumas réitigh theicniúla nuálacha a chruthú de réir mar is gá.
Tuiscint mhaith ar oibríochtaí gnó agus ar inmharthanacht tráchtála agus tionchar cinntí teicniúla/gairmiúla ar fheidhmíocht na heagraíochta.
Spreagthóir ardchaighdeán maidir le héachtaí aonair, foirne agus eagraíochta agus torthaí inmhianaithe a sholáthar.
Cuntas teiste cruthaithe maidir le déileáil le saincheisteanna casta, go réamhghníomhach agus go pras, chomh maith leis an gcumas faisnéise chasta a chur in iúl do dhaoine eile.
Ceadúnas Tiomána Iomlán.
#J-18808-Ljbffr

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save
Similar jobs
Management jobs in Cork
jobs Cork
jobs County Cork
jobs Munster
Home > Jobs > Management jobs > Technical manager jobs > Technical manager jobs in Cork > Bainisteoir Teicniúil Slándála/Security Technical Manager

About Jobijoba

  • Company Reviews

Search for jobs

  • Jobs by Job Title
  • Jobs by Industry
  • Jobs by Company
  • Jobs by Location

Contact / Partnership

  • Contact
  • Publish your job offers on Jobijoba

Legal notice - Terms of Service - Privacy Policy - Manage my cookies - Accessibility: Not compliant

© 2026 Jobijoba - All Rights Reserved

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save