Description
Is é Uisce Éireann fóntas náisiúnta rialaithe uisce de chuid na hÉireann, agus tá sé freagrach as seirbhísí uisce agus fuíolluisce a chur ar fáil ar fud na hÉireann. Is é ár misean ná cinntiú go bhfaigheann ár gcustaiméirí uile soláthar uisce óil sbháilte iontaofa slán agus go ndéantar a bhfuíolluisce a bhailiú agus a chur ar ais sa chomhshaol. Cosnóimid sláinte agus folláine mhuintir na hÉireann, cosnóimid an comhshaol inár ngníomhaíochtaí uile agus tacóimid le fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann trí infheistíocht chuí a dhéanamh i seirbhísí uisce
An Ról
Is bunchloch í an fheidhm Oibríochtaí Sócmhainní maidir le seachadadh seirbhíse do chustaiméirí, an comhshaol a chosaint agus na caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar réimse feidhme na nOibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil agus nósanna imeachta na n-oibriúchán caighdeánach le haghaidh oibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce go náisiúnta agus go réigiúnach, rud a chinntíonn go gcuirtear luach ar airgead agus ar sheirbhís do chustaiméirí ar fáil.
Tá réimse feidhme Bainistíocht Oibriúcháin agus Chothabhála Uisce freagrach as soláthar náisiúnta seirbhísí oibriúcháin uisce trí oibriú, trí iniúchadh, trí chothabháil & trí dheisiú na sócmhainní gréasáin agus cóireála uisce.
Tá an fo-réimse um Brath Sceite freagrach as sceitheadh a bhrath le tacaíocht ó na foirne Anailíse Sceite Uisce agus Caomhnaithe agus Pleanála Líonra Uisce laistigh den fheidhm Bainistíochta Sócmhainní. Déanfaidh acmhainní inmheánacha i bhfoireann C&D an Líonra Uisce an ghné dheisithe den Sceitheadh agus déanfaidh tríú páirtí / conraitheoirí iad a fhorlíonadh de réir mar is gá.
Agus é/í ag tuairisciú do Cheannasaí na Foirne Braite Sceite, tá an tOibrí Braite Sceite freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar bhonneagar píobán Uisce Éireann agus saintrealamh á úsáid aige/aici chun brú agus sreabhadh an uisce a thomhas, sceitheadh sa líonra a bhrath, agus iad sin a chur ar aghaidh chuig Ceannasaí na Foirne.
B'fhéidir go mbeadh obair oíche le déanamh de réir riachtanais oibriúcháin chomh maith le hobair lasmuigh d'uaireanta oibre, mar is gá.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí
* Sceitheadh a mhonatóiriú agus a bhrath ar fud an líonra uisce
* Obair a dhéanamh le saintrealamh monatóireachta chun sreabhadh agus brú an uisce a thomhas ar fud an líonra uisce i réigiún sannta
* Freagrach as codanna den líonra dáileacháin a leithlisiú agus a choimisiúnú an athuair ar chaoi rialaithe ionas nach mbeidh drochthionchar ar an líonra (in éineacht le foirne Oibríochtaí Líonra Uisce) agus gníomhaíochtaí tástála céime agus tástála brú nialasaigh a dhéanamh
* Sceitheadh braite a chur ar aghaidh ar an toirt chuig Ceannasaí na Foirne d'fhonn idirghabháil luath a éascú ag foirne Cothabhála agus Deisithe
* Ag cur le cultúr feidhmíochta na foirne
* Ag tacú le cuardaigh agus suirbhéanna le haghaidh sceite a chur i bhfeidhm ag Oibrithe Sinsearacha Braite Sceite agus ag Ceannasaithe na bhFoirne
* Tuiscint ar chórais (Maximo agus LMS) agus ar phróisis le haghaidh OLM a fhorbairt, a chur chun cinn agus a fheabhsú
* Ag cuidiú le Limistéir Mhéadraithe Ceantair (DMAnna) a chothabháil agus monatóireacht agus seiceáil a dhéanamh ar a sláine agus ar a n-inoibritheacht ar bhonn réamhghníomhach
* Ag cuidiú le comhroinnt faisnéise agus tuairisciú ar dhul chun cinn a chuíchóiriú maidir le fadhbanna a théann i bhfeidhm ar OLM
* Dualgais a chur i bhfeidhm de réir pleananna réigiúnacha braite sceite
* Rannpháirtíocht a ghlacadh in obair lasmuigh d'uaireanta oibre agus fuireachas mar is gá.
* Cultúr d'fheabhsú leanúnach, d'éifeachtúlacht costais agus de cháilíocht a thacú, agus réitigh á gceistiú agus á bhforbairt le haghaidh cleachtais agus córais oibríochtúla reatha a fheabhsú agus dea-chleachtas sa tionscal á ghlacadh.
* Cuspóirí a thuiscint arna leagan amach ag bainisteoirí réigiúnacha agus athbhreithniú agus monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht aonair
* Freagracht as dea-úsáid na teicneolaíochta láimhe a chuirtear ar fáil, agus as an oiliúint ar an teicneolaíocht seo. Freagracht as glacadh le teicneolaíocht nua, as a dea-úsáid, agus as an oiliúint ar an teicneolaíocht seo
* Caidrimh oibre éifeachtacha a fhorbairt laistigh den réigiún
* Tacaíocht a thabhairt don fheidhm um Oibríochtaí Custaiméirí chun ceisteanna ó chustaiméirí nó fadhbanna a réiteach
* Freagrach as comhoibriú agus as idirchaidreamh le tríú páirtithe/conraitheoirí atá fostaithe i ngníomhaíochtaí caomhnaithe uisce laistigh den réigiún de réir mar is gá
* Freagrach as dualgais eile ar bith a chur i gcrích a mheastar riachtanach nó a bhfuil gá leo, a d'fhéadfadh Ceannasaí na Foirne Braite Sceite a iarraidh go réasúnta
* Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.
* Dualgais eile nuair is gá.
Eolas, Scileanna agus Taithí:
* Oideachas dara leibhéil nó taithí oibre coibhéiseach
* Bheadh taithí ábhartha 1 bhliain ar a laghad ar ról cosúil leis an gceann seo sna tionscail uisce, fóntas nó i dtionscail chosúla ina buntáiste
* Coinnímid a chéile slán - Taithí agus tuiscint ar oibriú laistigh de chultúr láidir sláinte agus sábháilteachta
* Réamhghníomhach, leis an gcumas a bheith ag obair as do stuaim féin agus le daoine eile chun rath ar fheidhmíocht foirne a chinntiú
* Scileanna cruthaithe bainistíochta ama leis an gcumas tús áite a thabhairt do rudaí agus fanacht dírithe
* Oibrímid níos fearr le chéile - cumas cruthaithe maidir le caidreamh maith oibre a chothú agus a fhorbairt chun baint amach spriocanna oibre a éascú, chomh maith leis an gcumas gealltanais a fháil ó dhaoine eile
* Scileanna sármhaithe béil agus scríofa leis an gcumas teachtaireachtaí a chur in iúl ar bhealach soiléir gonta
* Taithí ar obair a dhéanamh i dtimpeallachtaí lasmuigh
* Cumas próisis agus nósanna imeachta leantacha a bhunú chun faisnéis a bhailiú agus a athbhreithniú
* Solúbtha maidir le bheith ag obair i dtimpeallacht a bhíonn ag athrú agus an cumas dul i dtaithí ar struchtúir oibre, próisis agus riachtanais nua nuair is gá
* Táimid uaillmhianach - Réimsí nua foghlama a shainaithint go réamhghníomhach agus eolas agus scileanna nuafhoghlamtha a úsáid agus é nó í i mbun oibre
* Bheith ar a d(h)ícheall ag iarraidh ardchaighdeán a aimsiú agus ardchaighdeáin oibre á gcinntiú i gcónaí
* Scileanna láidre Ríomhaireachta le heolas oibre maith ar MS Word, Excel, PowerPoint agus Outlook
* Buneolas ar bhainistíocht líonra
* An cumas trealamh TF monatóireachta agus coimeádta taifead a úsáid, agus sonraí agus líníochtaí líonra a léirmhíniú (réimse CFG/Geo) chun anailís agus imscrúdú a dhéanamh ar réimsí spéise féideartha sa líonra
* Ceadúnas tiomána iomlán, atá glan agus i gcatagóir B.
* Tabhair faoi deara go gcuirfear iarrthóirí rathúla ar bhanda tuarastail bunaithe ar a gcuid scileanna agus taithí agus an pointe tosaithe don ról seo socraithe ag an íosmhéid de €36,640.
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.
Uisce Éireann is Ireland's national regulated water utility and is responsible for providing water and wastewater services throughout Ireland. Our mission is to ensure all of our customers receive a clean, safe and reliable supply of drinking water and have their wastewater collected and safely returned to the environment. We will protect the health and well-being of the people of Ireland, protect the environment in all our activities and support Ireland's social and economic growth through appropriate investment in water services.
The Role
The Asset Operations function forms the cornerstone of service delivery to customers, protecting the environment and meeting regulatory standards as well as managing the majority of operational expenditure. The Asset Operations function has responsibility for operational and maintenance strategy, policies, planning and standard operating procedures for Water and Wastewater operations both nationally and regionally, ensuring that value for money and customer service is delivered.
The Water O&M Management functional area is responsible for the national delivery of water operational services through the operation, inspection, maintenance & repair of the water treatment and network assets.
The Leakage Detection sub-area is responsible for leakage detection supported by the Water Leakage Analysis and Water Conservation & Network Planning teams within the Asset Management function. The fix element of Leakage will be undertaken by internal resources in the Water Network M&R team and supplemented by third party / contractors as required.
Reporting to the Leakage Detection Team Lead, the Leakage Detection Operative is responsible for monitoring Uisce Éireann pipe infrastructure using specialised equipment to measure water pressure and flow, detecting leaks in the network, and escalating these to the Team Lead.
Night time working may be required in line with operational requirements in addition to out of hours working as required.
Main Duties and Responsibilities
* Monitor and detect leakage across the water network
* Work with specialised monitoring equipment to measure water flow and pressure across water network in assigned region
* Responsible for isolating and re-commissioning sections of the distribution network in a controlled manner so as to not adversely impact the network (alongside Water Network Operations teams) and carry out step testing and zero pressure testing activities
* Escalate detected leakages immediately to Team Lead to facilitate early intervention by Maintenance and Repair teams
* Contribute to the team's performance culture
* Support the execution of leakage sweeps and surveys by Leak Detection Senior Operatives and Team Leads
* Develop, promote and improve understanding of systems (Maximo and LMS) and processes for OLM
* Assist with the maintenance of District Metered Areas (DMAs) pro-actively monitoring and checking their integrity and operability
* Assist in streamlining information sharing and progress reporting on issues affecting OLM
* Carry out duties according to regional leakage detection plans
* Participate in out of hours and standby working as required
* Champion the culture of continuous improvement, cost efficiency and quality, challenging and developing solutions for improvements to existing operational practices and systems and adopting industry best practice
* Understand objectives set by regional managers and review and monitor individual performance
* Responsible for fully using handheld technology provided and carrying out associated training of this technology. Responsible for adopting and fully using any new technology and carrying out associated training of this technology
* Develop effective working relationships within the region
* Support the Customer Operations function in the resolution of customer enquiries and/or issues
* Responsible for collaborating and liaising with third parties/contractors employed in water conservation activities within the region as required
* Responsible for carrying out any other duties deemed necessary and / or required, which the Leakage Detection Team Lead may reasonably request
* Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann's Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information, and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation.
* Other duties as required.
Knowledge, Skills and Experience
* Secondary level education or equivalent work experience
* A minimum of 1 years' experience relevant experience in a similar role in the water, utilities or similar industries would be an advantage
* We keep each other safe - Experience and understanding of working within a strong health & safety culture
* Proactive, with ability to work on own initiative and with others to ensure success in the performance of a team
* Proven effective time management skills with the ability to prioritise and remain focussed
* We work better together- Proven ability to create and develop good working relationships to facilitate the accomplishment of work goals, coupled with the ability to gain commitment from others
* Excellent verbal and written communication skills with the ability to convey messages in a clear and concise manner
* Experience working in outdoor environments
* Ability to set up ongoing processes and procedures to collect and review information
* Flexible with regard to working in a changing environment and the ability to adjust to new work structures, processes and requirements as necessary
* We aim high - Proactively identifying new areas of learning and using newly gained knowledge and skills on the job
* Striving for quality and ensuring consistent high standards of work
* Strong Computer skills with a proficient working knowledge of MS Word, Excel, PowerPoint and Outlook
* Basic knowledge of network management
* Ability to use monitoring and record-keeping IT equipment and interpret data and network drawings (GIS/Geo field) in order to analyse and investigate areas of potential interest in the network
* Full, clean, class B driving licence.
*Please be advised that successful candidates will be placed on the salary band based on their skills and experience with the starting position for this role being the minimum of €36,640.
Uisce Éireann is an equal opportunities employer.
We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.