Jobs
My ads
My job alerts
Sign in
Find a job Employers
Find

Asset planning lead engineer

Uisce Éireann
Lead engineer
Posted: 22 January
Offer description

Description

Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.

Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.

Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.

Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, is cinnte gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.

An Ról:

Tá an réimse Bainistíochta Sócmhainní agus Inbhuanaitheachta freagrach as beartais sócmhainní, straitéisí agus pleananna a fhorbairt chun an infheistíocht shuntasach atá ag teastáil a dheimhniú le cur le bonneagar na hÉireann. Tugann an réimse spreagadh don infheistíocht agus do chlár na hInbhuanaitheachta agus na Nuálaíochta don eagraíocht agus glacann sé ceannaireacht ar ghníomhaíochtaí um Rialú Timpeallachta agus Comhlíontachta, a chinntíonn go ndéantar monatóireacht leanúnach ar cháilíocht an uisce agus ar an bhfuíolluisce. Tá an fheidhm Bainistíochta Sócmhainní freagrach as pleanáil straitéiseach, beartuithe tosaíochta agus forbairt a dhéanamh ar phíblíne Oibreacha Caipitil Uisce Éireann. Tá ról lárnach ag an bhfeidhm i gcomhoibriú agus comheagar gníomhaíochtaí a chur chun cinn ar fud na trí fheidhm sócmhainne mar aon le measúnuithe timpeallachta agus saineolas bainistíochta a sholáthar ar fud Uisce Éireann.

Tá an fhoireann Pleanála Sócmhainní freagrach as bonneagar seirbhísí uisce riachtanacha a bhfuil luach ar airgead acu a sheachadadh go tráthúil d'Éirinn. Clúdaíonn raon feidhme freagracht na foirne 5 phríomhréimse: Forbraíocht Tithíochta, Píblíne Capex, Bainistíocht Riosca agus Sábháilteacht, Sócmhainní Ríthábhachtacha agus Sceitheadh.

Tá an Ceannasaí Innealtóireachta Pleanála Sócmhainní freagrach don Bhainisteoir Teicniúil Cóireála Fuíolluisce Réigiúnaigh, agus tá ról lárnach aige/aici i gcomhoibriú agus comhordú a chur chun cinn i dtaca le gníomhaíochtaí pleanála sócmhainní ar fud na dtrí fheidhm sócmhainní. Áirítear leis sin caighdeáin agus beartais sócmhainní a chur i bhfeidhm, uirlisí coiteanna a úsáid agus riachtanais infheistíochta a shainaithint laistigh de na réigiúin, na riachtanais sin a fhormheas agus tosaíocht a thabhairt dóibh. Oibríonn an sealbhóir róil go dlúth le hÚdaráis Áitiúla agus le tríú páirtithe chun seirbhísí a sholáthar do chustaiméirí Uisce Éireann agus tacaíonn sé/sí le measúnuithe agus cinnteoireacht a bhaineann le hacmhainn an chórais chun freastal ar fhás agus chun freastal ar líon méadaithe iarratas ar cheangail nua.

Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:


• Gníomhú mar urraitheoir tionscadail le linn na gceardlann foirmiúil go léir i saolré tionscadail.

• Ról ceannaireachta forbartha agus tacaíochta i bpróisis le haghaidh sonraí sócmhainní a bhailiú agus a anailísiú.

• Sonraí agus faisnéis ó fhoinsí éagsúla a anailísiú agus a léirmhíniú, rud a theastaíonn chun measúnuithe teicniúla a chur i gcrích.

• Measúnuithe teicniúla ar shócmhainní a dhéanamh d'fhonn bonn eolais a chur faoi riachtanais infheistíochta amach anseo.

• Measúnú a dhéanamh ar acmhainn an chórais chun freastal ar cheangail nua uisce agus fuíolluisce (áirítear leis seo líon méadaithe iarratas ar cheadúnais eisiltigh trádála agus athbhreithnithe orthu)

• Comhoibriú leis an bhfoireann Straitéise Timpeallachta maidir le hiarratais um sceitheadh fuíolluisce (údarú), agus maidir le hiarratais ar athbhreithniú, go háirithe i ndáil le hacmhainn na sócmhainní agus le gnóthais feidhmíochta

• Cásanna gnó a ullmhú i ndáil le córais mhonatóireachta, rialaithe agus uathoibrithe

• Ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na foirne Pleanála Sócmhainní de réir mar is gá ag cruinnithe ar fud an réigiúin, agus faisnéis le haghaidh aighneachtaí a ullmhú

• Tuarascálacha dul chun cinn agus tuarascálacha chun dáta a chur ar fáil don fhoireann Pleanála Sócmhainní

• Tionscnaimh thábhachtacha um fheabhsú sonraí a shainaithint le haghaidh faisnéis ríthábhachtach ar gach tionscadal beartaithe, agus comhoibriú ar na tionscnaimh sin. Cinntigh go ndéantar faisnéis chuí a bhailiú agus a bhainistiú go leordhóthanach chun tosaíocht a thabhairt do thionscadail agus tuairisciú do gheallsealbhóirí a éascú.

• Caighdeáin, Beartais agus Sonraíochtaí Sócmhainní a Fhorbairt

• Tacaíocht innealtóireachta a chur ar fáil don fhoireann Pleanála Sócmhainní de réir mar is gá

Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta


• Obair i gcomhar le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ.

• Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompar dearfach a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh.

• Tacú le soláthar Chlár Uisce Éireann um Bunathrú, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.

• Dualgais eile nuair is gá.

Eolas, Scileanna agus Taithí:


• Taithí chruthaithe ar bhonneagar casta líonra fuíolluisce a dhearadh, a mheas agus a sholáthar

• Sáreolas teicniúil ar phróisis cóireála fuíolluisce agus ar theicneolaíochtaí cóireála fuíolluisce agus tuiscint ar fheidhmíocht oibríochtúil agus ar éifeachtúlacht fuinnimh, rud atá riachtanach

• Sáreolas ar chúrsaí rialaithe agus ceadúnaithe fuíolluisce in Éirinn agus ar an reachtaíocht ábhartha san Eoraip, rud atá inmhianaithe

• A bheith in ann prionsabail na Bainistíochta Sócmhainní a thuiscint agus a chur i bhfeidhm, rud atá inmhianaithe

• Tá cáilíocht agus / nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe

• Tá taithí de 5 bliana ar a laghad sa tionscal uisce, sa tionscal fóntais nó i dtionscail chomhchosúla inmhianaithe, é sin nó taithí ábhartha nó an dá rud araon

• Cumas a bheith ionat comhpháirtíochtaí straitéiseacha éifeachtacha a fhorbairt agus a chothabháil le príomhpháirtithe leasmhara ar bhonn inmheánach agus seachtrach

• Fianaise de dhea-theist ar thimpeallacht chomhoibríoch a chruthú agus cumarsáid soiléir a dhéanamh leis an bhfoireann

• Cuntas teiste cruthaithe maidir le déileáil le ceisteanna casta, go réamhghníomhach agus go pras, chomh maith leis an gcumas faisnéis chasta a chur in iúl do dhaoine eile

• Bheith taithíoch ar phróisis ceann go ceann a bhainistiú le cinntiú go bhfaigheann custaiméirí an tseirbhís a mbíonn siad ag súil léi.

• Scileanna anailíse láidre agus cumas anailís a dhéanamh ar fhadhbanna agus ar ghnéithe feabhais féideartha agus iad a shainaithint, mar aon le réitigh a mholadh agus a chur i bhfeidhm

• Inoiriúnaitheacht agus an cumas béim agus treo a athrú le bheith ag teacht le straitéis agus le riachtanais ghnó a léiriú

• Réimsí nua feabhais a shainaithint go réamhghníomhach agus faisnéis agus scileanna nuafhoghlamtha a úsáid i mbun oibre

• Scileanna a bheith ag an té maidir le hathbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar chleachtais shábháilteachta agus feabhais a mholadh

Is é an 03/02/2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo.
Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.

*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.

Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.

Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.


We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland's national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.

Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland's social and economic growth.

We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.

Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland's water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.

The Role:

The Asset Management and Sustainability area is responsible for the development of asset policies, strategies and plans to determine the significant investment required into Ireland's infrastructure. The area drives investment and the Sustainability and Innovation agenda for the organisation and leads on Environmental Regulation and Compliance activities, ensuring the quality of water and wastewater is continuously monitored. The Asset Management function is responsible for strategic planning, prioritisation, and development of Uisce Éireann's Capital Works pipeline. The function plays a key role in promoting collaboration and co-ordination of activities across the three asset functions as well as providing environmental assessment and management expertise across Uisce Éireann

The Asset Planning team is accountable for the timely delivery of essential, value for money water services Infrastructure for Ireland. The scope of the team's responsibility covers 5 main areas: Housing Growing, Capex Pipeline, Risk Maintenance and Safety, Critical Assets and Leakage.

Reporting to the Regional Wastewater Treatment Technical Manager, the Asset Planning Lead Engineer plays a key role in promoting collaboration and co-ordination of asset planning activities across the three asset functions. This includes the roll-out of asset standards and policies, the use of common tools and the identification, approval and prioritisation of investment needs within the regions. The role holder works closely with Local Authorities and third parties to deliver on services for Uisce Eireann customers and supports assessments and decision making in relation to system capacity to support growth and significant new connection applications.

Main Duties and Responsibilities:

* Act as project sponsor through all the formal workshop in a project's life.
* Lead the development and support of processes for collecting and analysing asset data.
* Analyse and interpret data and information from various sources required for the completion of technical assessments.
* Perform technical assessments of assets to inform future investment needs,
* Assess the system capacity to facilitate new water and wastewater connections (including significant trade effluent licence applications and reviews)
* Collaborate with Environmental Strategy on wastewater discharge authorisation applications, and review applications, particularly in relation to asset capacity and performance undertakings
* Prepare business cases in relation to monitoring, control and automation systems.
* Represent the Asset Planning team at meetings as required across the region and prepare information for submissions
* Provide progress reports and updates for Asset Planning
* Identify and collaborate on key data improvement initiatives for critical information on all proposed projects. Ensure appropriate information is adequately collated and managed data is to facilitate prioritisation of projects and reporting to stakeholders.
* Develop Asset Standards, Policies and Specifications
* Provide engineering support to the Asset Planning team as required

General Duties and Responsibilities

* Collaborate with key internal stakeholders across the UÉ business.
* Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards.
* Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives.
* Other duties as required.

Knowledge, Skills and Experience:

* Proven experience in the design, assessment and delivery of complex wastewater treatment infrastructure is essential
* Strong technical knowledge of wastewater treatment processes and technologies and understanding of operational performance and energy efficiency is essential
* Strong knowledge of wastewater regulation and licencing in Ireland and relevant European legislation is desirable
* Understanding and application of the principles of Asset Management is desirable
* Relevant third level qualification and or accreditation is desirable
* A minimum of 5 years' Experience in the water, utilities or similar industries is desirable and or relevant experience
* Ability to develop and maintain effective strategic partnerships with key stakeholders internally and externally
* Proven track record of creating a collaborative environment and communicate clearly within the team
* Proven track record with dealing with complex issues, proactively and in a timely fashion along with the ability to communicate complex information to others
* Experience in managing end-to-end processes to ensure delivery meets customer expectations
* Strong analytical skills and ability to identify and analyse problems and potential improvements, and propose and implement solutions
* Demonstrate adaptability and the ability to change focus and direction in line with business strategy and requirements
* Proactively identifying new areas of improvement and using newly gained knowledge and skill on the job
* Skilled in continuously reviewing safety practices and suggest ways for improvement

The closing date for receipt of applications for this vacancy is 03/02/2026.

Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.

*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.

Uisce Éireann is an equal opportunities employer.

We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status,

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save
Similar job
Senior lead engineer
EirGrid Group
Lead engineer
Similar job
Lead engineer
Kildare
Rent A Recruiter
Lead engineer
Similar job
Asset planning lead engineer
Dublin
Uisce Éireann
Lead engineer
Similar jobs
jobs Leinster
Home > Jobs > Engineering jobs > Lead engineer jobs > Lead engineer jobs in Leinster > Asset Planning Lead Engineer

About Jobijoba

  • Company Reviews

Search for jobs

  • Jobs by Job Title
  • Jobs by Industry
  • Jobs by Company
  • Jobs by Location

Contact / Partnership

  • Contact
  • Publish your job offers on Jobijoba

Legal notice - Terms of Service - Privacy Policy - Manage my cookies - Accessibility: Not compliant

© 2026 Jobijoba - All Rights Reserved

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save