Jobs
My ads
My job alerts
Sign in
Find a job Employers
Find

Leakage detection senior operative- east region

Dunmore East
Uisce Éireann
Posted: 14 November
Offer description

DescriptionIs é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.An Ról: Tá feidhm na nOibríochtaí Sócmhainní ina bunchloch maidir le seachadadh seirbhísí do chustaiméirí, leis an gcomhshaol a chosaint agus caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar réimse feidhme na nOibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil agus nósanna imeachta na n-oibriúchán caighdeánach le haghaidh oibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce go náisiúnta agus go réigiúnach, rud a chinntíonn go gcuirtear luach ar airgead agus ar sheirbhís do chustaiméirí ar fáil. Tá freagracht ar an bhfoireann Oibriúcháin agus Cothabhála as soláthar náisiúnta seirbhísí oibriúcháin uisce agus fuíolluisce trí shócmhainní an líonra agus cóireáil uisce agus fuíolluisce a oibriú, a iniúchadh, a chothabháil agus a dheisiú. Agus é/í ag tuairisciú do Cheannasaí na Foirne Braite Sceite, tá an tOibrí Sinsearach Braite Sceite freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar bhonneagar píobán Uisce Éireann agus saintrealamh á úsáid aige/aici chun brú agus sreabhadh an uisce a thomhas, sceitheadh sa líonra a bhrath, agus iad sin a chur ar aghaidh chuig Ceannasaí na Foirne.Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:Freagracht as gníomhaíochtaí laghdaithe UGT laistigh den ghréasán uisce chun spriocanna Uisce Éireann a bhaint amach maidir le Caomhnú Uisce / Bainistiú Sceite Cabhrú le cothabháil Limistéir Mhéadraithe Cheantair (LMCanna) lena n-áirítear maoirseacht ar mhéadair LMC chun cumraíocht cheart a chinntiú. Freagracht as scuabadh agus suirbhéanna sceite a dhéanamh, agus monatóireacht réamhghníomhach agus seiceáil a dhéanamh ar shláine agus ar inoibritheacht na Limistéar Méadar Ceantair (LMCanna). Freagracht as codanna den ghréasán dáileacháin a leithlisiú agus a athchoimisiúnú ar chaoi rialaithe ionas nach mbeidh drochthionchar acu ar an ngrasán (in éineacht le foirne Oibríochtaí Líonra Uisce) agus tabhairt faoi ghníomhachtaí tástála céime agus tástála gan bhrú uisce. Freagracht as suiteáil agus monatóireacht a dhéanamh ar threalamh braite sceite, lena n-áirítear iniúchtaí amhairc ar mhéadair shreafa agus logálaithe sonraí, trealamh coimhdeach agus Comhlaí Laghdaithe/Cothaithe Brú (CLBanna/CCBanna). Ceannaireacht a sholáthar do bhaill foirne sóisearacha chun cultúr feidhmíochta na foirne a spreagadhTacú le bailiú agus léirmhíniú sonraí chun áiteanna a shainaithint ina bhféadfadh sceitheadh tarlú - .i. monatóireacht ar shreabhadh agus ar bhrú, anailís ar shonraí shreabhadh oíche, liúntais úsáide oíche, sonraí LMC, agus sonraí ón gCóras Bainistíochta Sceitheadh ​​(CBS), teiliméadracht agus bunachair shonraí méadraithe custaiméirí. Aithint cé acu poiblí nó príobháideach atá foinsí UGT ar an líonra ionas go n-sainaithnítear an mheicníocht is oiriúnaí chun deisiúchán a dhéanamh. Freagracht as teagmháil a dhéanamh le custaiméirí príobháideacha de réir mar is cuí. Freagracht as athchlárú sealadach, as imscaradh agus as bailiú sonraí ó threalamh logála sonraí le haghaidh tástálacha allamuigh. Iniúchadh a dhéanamh ar bhulcmhéadair leictreamaighnéadacha, ultrasonacha nó meicniúla lena n-áirítear trealamh lochtach a aithint, agus ordú oibre a chruthú d'fhoirne eile (MLISU) chun lochtanna sonracha a aithint agus a dheisiú. Freagracht as pacáistí ceallraí a athsholáthar ar mhéadair a ritheann ar chumhacht chadhnraí, nuair is cuí. Freagracht as dea-úsáid na teicneolaíochta láimhe a chuirtear ar fáil, agus as an oiliúint ar an teicneolaíocht seo. Freagracht as glacadh le teicneolaíocht nua, as a dea-úsáid, agus as an oiliúint ar an teicneolaíocht seo Freagrach as gach plean, beartas agus nós imeachta SSCT a chomhlíonadh. Cinntiú go gcloítear le gach nós imeachta sláinte agus sábháilteachta agus go ndéantar measúnuithe riosca (Plean Córas Sábháilte Oibre), go n-úsáidtear TCP, agus araile. Cabhrú le pleananna a dhéanamh maidir leis an gcaoi a ndéanfar suirbhéanna agus sciúradh sceite, agus é sin ordaithe ag an gCeannaire Foirne um Bhrath Sceite. Ionchur a sholáthar i ngach próiseas agus nós imeachta a théann i bhfeidhm ar bhainistíocht UGT. Earráidí nó easnaimh i bhfaisnéis a aithint chun tacú le gníomhaíochtaí laghdaithe UGT atá laistigh de chórais UÉ, .i. CFT, CBS, bunachair shonraí ar thomhaltas custaiméirí, srl., agus faisnéis nuashonraithe a fuarthas mar thoradh ar a n-imscrúduithe a sholáthar don fhoireann chuí in Uisce Éireann. Orduithe oibre a chruthú chun bonneagar LMC a dheisiú, amhail sláine LMC a dheimhniú trí bhainistiú comhla teorann nó trí threalamh lochtach (amhail méadair nó trealamh logála) a dheisiú nuair a aithnítear é seo mar chuid d'aon seiceálacha inoibritheachta. Teagmháil rialta a choimeád leis an bhfoireann Oibríochtaí Líonra Uisce maidir le gach gné d'fheidhmíocht líonra a d'fhéadfadh cur isteach ar leibhéal UGT laistigh dá limistéar, .i. brú agus truicir UGT. Cabhrú leis an Ionad Teagmhála do Chustaiméirí le fiosrúcháin ó chustaiméirí, mar a ordóidh an Ceannaire Foirne um Bhrath Sceite. Cabhrú le réiteach gearáin maidir le rialú sceite, brúnna agus úsáid uisce. Freagracht as bailiú sonraí a bhaineann leis na hidirghabhálacha a theastaíonn, agus faisnéis a sholáthar don Cheannaire Foirne um Bhrath Sceite ​​le faomhadh. Freagracht as monatóireacht agus tuairisciú ar Phríomhtháscairí Feidhmíochta a bhfuil úinéireacht acu orthu. Rannpháirtíocht a ghlacadh in obair lasmuigh d'uaireanta oibre mar is gá. Freagracht as oibriú agus cothabháil innealra Uisce Éireann, de réir mar is gá, ar bhealach cuí a thagann le gach polasaí Uisce Éireann a bhaineann le feithiclí, sláinte, sábháilteacht agus slándáil. Nuair is gá feithicil Uisce Éireann a úsáid, beidh na rudaí seo a leanas i gceist mar fhreagracht: Tuairisciú ar thimpistí bóthair agus ar neastimpistí a bhaineann le feithiclí Uisce Éireann Gach seiceáil feithicle riachtanach a chríochnú mar atá leagtha amach i mbeartais Uisce Éireann Gach locht feithicle a thaifeadadh agus a thuairisciú don Cheannasaí Foirne um Bhrath Sceite. Freagracht as cinntiú go bhfuil go leor stoic i bhfeithiclí chun gníomhaíochtaí braite sceite a dhéanamh ar an gcéad chuairt. Cabhair a thabhairt d'Oibríochtaí Líonraí Uisce, do chonraitheoirí tríú páirtí agus do chustaiméirí inmheánacha i gcás éigeandála agus ar aon réimsí a bhaineann le rialú éifeachtach UGT de réir mar a ordóidh Ceannasaí Foirne um Bhrath Sceite. Freagracht as comhlíonadh gach dualgais a mheastar a bheith riachtanach a n-iarrfaidh an bhainistíocht líne le réasún é. Dualgais agus Freagrachtaí GinearáltaComhoibriú le príomh-pháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ.Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompar dearfach a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh. Tacú le soláthar Chlár Uisce Éireann um Bunathrú, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.Dualgais eile nuair is gá.Eolas, Scileanna agus Taithí:Oideachas dara leibhéil nó taithí oibre coibhéiseach Tá taithí ábhartha 2 bhliain ar a laghad riachtanach. Bheadh taithí ar a mhacasamhail de ról san earnáil uisce, fóntais nó in earnálacha atá cosúil leo sin ina buntáiste Coinnímid a chéile slán - taithí agus tuiscint ar oibriú laistigh de chultúr láidir sláinte agus sábháilteachtaCumas trealamh monatóireachta agus coimeádta taifead TF a úsáid, agus sonraí agus líníochtaí líonra a léirmhíniú (réimse CFT / Geo) chun anailís agus imscrúdú a dhéanamh ar réimsí spéise sa líonra.Cumas príomhlíonra / seirbhísí agus troscán sráide a rianú agus a aimsiú chun rochtain a chinntiú le haghaidh gníomhaíochtaí sceite Eolas ar chur i bhfeidhm próiseas agus nósanna imeachta maidir le brath réamhghníomhach sceite agus le saincheisteanna gaolmhara sláinte agus sábháilteachta Cumas trealamh TF a bhaineann le sceitheadh ​​a úsáid agus sonraí agus líníochtaí líonra a léirmhíniú (réimse CFT / Geo) chun anailís agus imscrúdú a dhéanamh ar réimsí arbh fhéidir sceitheadh bheith iontu i Limistéir Mhéadraithe Cheantair / Limistéir Mhéadraithe Fo-Cheantair Cumas usáide comhghaoltóirí torainn sceite, tomhais fhuaimíochta, logálaithe sonraí, bataí éisteachta meicniúla agus/nó leictreonacha, micreafóin talún, agus gléasanna brú agus sreafa chun torthaí a léirmhíniú agus chun sceitheadh arbh fhéidir tarlú a aimsiú. Tuiscint ar na fachtóirí comhshaoil ​​atá mar bhonn faoi roghnú na dteicníochtaí cuí sceite Tuiscint chríochnúil ar oibríochtaí comhla agus ar na saincheisteanna inoibritheachta a bhaineann le comhlaí teorann oscailte, le sonraí míchearta LMC agus le fadhbanna méadraithe. Tuiscint ar na próisis agus na nósanna imeachta a bhaineann le hiniúchadh comhla teorann, le clibeáil, le feadáin, agus le bainistiú comhla teorann. Réamhghníomhach, leis an gcumas a bheith ag obair as do stuaim féin agus le daoine eile chun rath ar fheidhmíocht foirne a chinntiúOibrímid níos fearr le chéile - cumas cruthaithe dea-chaidrimh oibre a chruthú agus a fhorbairt chun baint amach spriocanna oibre a éascú, chomh maith leis an gcumas gealltanais a fháil ó dhaoine eile Scileanna sármhaithe béil agus scríofa leis an gcumas teachtaireachtaí a chur in iúl ar bhealach soiléir gontaCumas próisis agus nósanna imeachta leantacha a bhunú chun faisnéis a bhailiú agus a athbhreithniúSolúbtha maidir le bheith ag obair i dtimpeallacht a bhíonn ag athrú agus an cumas dul i dtaithí ar struchtúir oibre, próisis agus riachtanais nua nuair is gáTáimid uaillmhianach - réimsí nua foghlama a shainaithint go réamhghníomhach agus eolas agus scileanna nuafhoghlamtha a úsáid agus é nó í i mbun oibreBheith ar a d(h)ícheall ag iarraidh ardchaighdeán a aimsiú agus ardchaighdeáin oibre á gcinntiú i gcónaíScileanna láidre Ríomhaireachta le heolas oibre maith ar MS Word, Excel, PowerPoint agus OutlookIs riachtanas íosta é ceadúnas tiomána chatagóir B Éireannach atá iomlán, glan agus bailí. Tá catagóirí breise Ceadúnais Tiomána ina mbuntáiste. Sainmhínítear ceadúnas glan tiomána mar seo a leanas; níor ciontaíodh an t-iarrthóir i gcion faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre (seachas cion arb é an pionós pointí pionóis a ghearradh ina leith).Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland's social and economic growth.We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland's water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.The Role: The Asset Operations function forms the cornerstone of service delivery to customers, protecting the environment and meeting regulatory standards as well as managing the majority of operational expenditure. The Asset Operations function has responsibility for operational and maintenance strategy, policies, planning and standard operating procedures for Water and Wastewater operations both nationally and regionally, ensuring that value for money and customer service is delivered. The Operations and Management (O&M) team is responsible for the national delivery of water and wastewater operational services through the operation, inspection, maintenance & repair of the water and wastewater treatment and network assets. Reporting to the Leakage Detection Team Lead, the Leakage Detection Senior Operative is responsible for monitoring Uisce Éireann pipe infrastructure using specialised equipment to measure water pressure and flow, detecting leaks in the network, and escalating these to the Team Lead. Main Duties and Responsibilities:Assisting with the maintenance of District Metered Areas (DMAs) including supervision of DMA meters to ensure correct configuration. Responsible for carrying out leakage surveys and sweeps, pro-actively monitoring and checking the integrity and operability of District Meter Areas (DMAs). Responsible for isolating and re-commissioning sections of the distribution network in a controlled manner so as to not adversely impact the network (alongside Water Network Operations teams) and carry out step testing and zero pressure testing activities. Responsible for carrying out installation and monitoring of leakage detection equipment, including visual inspections of flowmeters and data-loggers, ancillary equipment and Pressure Reducing/Sustaining Valves (PRVs/PSVs). Provide leadership for junior team members in driving the team's performance cultureSupport the collection and interpretation of data to identify areas of potential leakage - e.g. Flow and pressure monitoring, analysis of Nightline data, Night use allowances, DMA data, and data from the Leakage Management System (LMS), telemetry and customer metering databases. Identifying if sources of UFW on the network are public or private side so that the most appropriate mechanism for effecting a repair can be identified. Responsible for engaging with private side customers as appropriate. Responsible for temporary re-programming, deployment and collection of data from data-logging equipment for field tests. Carry out inspections of electromagnetic, ultrasonic or mechanical bulk meters including identifying faulty equipment and raising work order for other teams (MEICA) to identify and repair specific faults. Responsible for replacing battery packs on battery powered meters where appropriate. Responsible for fully using handheld technology provided and carrying out associated training of this technology. Responsible for adopting and fully using any new technology and carrying out associated training of this technology Responsible for adhering to all HSQE plans, policies and procedures. Ensure all health and safety procedures are adhered to and perform risk assessments (Safe System of Work Plan), use of PPE, etc. Where assigned by the Leak Detection Team Lead, assist in establishing plans on how leakage sweeps and surveys will be undertaken. Provides input into all processes and procedures affecting UFW management. Identify errors or deficiencies in information to support UFW reduction activities contained within IW's systems, i.e. GIS, LMS, Customer consumption databases, etc. and provide updated information gained as a result of their investigations to the appropriate team within Uisce Éireann. Raise work orders for the repair of DMA infrastructure, such as ensuring the integrity of a DMA through boundary valve management or through the repair of faulty apparatus such as meters or logging equipment when this has been identified as part of any operability checks. Maintain regular contact with Water Network Operations team on all aspects of network performance that may affect the UFW level within their area e.g. UFW triggers and pressures. Assist the Customer Contact Centre with customer queries, as directed by the Leak Detection Team Lead. Assist the complaint resolution in relation to leakage control, water usage and pressures. Responsible for collating data relating to the interventions required and providing information to the Leakage Detection Team Lead for approval. Responsible for monitoring and reporting on KPIs over which they have ownership. Participate in out of hours working as required. Responsible for operating and maintaining Uisce Éireann vehicles and machinery, as required, in a responsible manner in line with all relevant Uisce Éireann vehicle, health, safety and security policies. Where the use of an Uisce Éireann vehicle is required, the following responsibilities will apply: Reporting of road traffic accidents and near misses involving Uisce Éireann vehicles Completing all required vehicle checks as set out by Uisce Éireann policies Recording and reporting any vehicle defects to the Leak Detection Team Lead. Responsible for ensuring stock levels in vehicles are sufficient for performing leak detection activities at first visit. Providing assistance to Water Networks Operations, third party / contractors and internal customers in emergencies and on any areas relevant to effective UFW control as directed by the Leak Detection Team Lead. Responsible for carrying out any other duties deemed necessary and / or required, which line management may reasonably request. General Duties and ResponsibilitiesCollaboration with key internal stakeholders across the UÉ business.Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards. Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives.Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann's Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information, and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation.Other duties as required.Knowledge, Skills and Experience:Secondary level education or equivalent work experience A minimum of 2 years' relevant experience is required. Experience in a similar role in the water, utilities or similar industries would be an advantage We keep each other safe - experience and understanding of working within a strong health & safety cultureAbility to use monitoring and record-keeping IT equipment and interpret data and network drawings (GIS / Geo field) in order to analyse and investigate areas of potential interest in the networkAbility to trace and locate mains / services and street furniture to ensure access for leakage activities Knowledge in the application of processes and procedures around proactive leakage detection and associated health and safety issues preferred Ability to use leakage related IT equipment and interpret data and network drawings (GIS / Geo field) in order to analyse and investigate areas of potential leakage in District Metered Areas / Sub-District Metered Areas preferred Ability to use leak noise correlators, acoustic sounding, data loggers, mechanical and/or electronic listening sticks, ground microphones and pressure and flow devices to interpret results and to pinpoint potential leakage. Required to understand the environmental factors that underpin the selection of the appropriate leakage techniques ad advantage Thorough understanding of valve operations and of the operability issues associated with open boundary valves, incorrect DMA data and metering issues. Understand the processes and procedures relating to boundary valve auditing, tagging, tubing and boundary valve management. Proactive, with ability to work on own initiative and with others to ensure success in the performance of a teamWe work better together - proven ability to create and develop good working relationships to facilitate the accomplishment of work goals, coupled with the ability to gain commitment from others Excellent verbal and written communication skills with the ability to convey messages in a clear and concise mannerAbility to set up ongoing processes and procedures to collect and review informationFlexible with regard to working in a changing environment and the ability to adjust to new work structures, processes and requirements as necessaryWe aim high - proactively identifying new areas of learning and using newly gained knowledge and skills on the jobStriving for quality and ensuring consistent high standards of workStrong Computer skills with a proficient working knowledge of MS Word, Excel, PowerPoint and OutlookFull, clean and valid Irish category B driving licence is minimum requirement. Additional Driving License categories an advantage. A clean driving licence is defined as meaning that the applicant has not been convicted of an offence under the Road Traffic Acts (other than an offence for which the penalty is the imposition of penalty points).Uisce Éireann is an equal opportunities employer.We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save
Similar jobs
jobs Dunmore East
jobs County Waterford
jobs Munster
Home > Jobs > Leakage Detection Senior Operative- East Region

About Jobijoba

  • Company Reviews

Search for jobs

  • Jobs by Job Title
  • Jobs by Industry
  • Jobs by Company
  • Jobs by Location

Contact / Partnership

  • Contact
  • Publish your job offers on Jobijoba

Legal notice - Terms of Service - Privacy Policy - Manage my cookies - Accessibility: Not compliant

© 2025 Jobijoba - All Rights Reserved

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save