DescriptionIntéirneacht Samhraidh ETIM Uisce Éireann 2026
Tá uisce ag croílár ár saoil. Cuir tús thar barr ar fad le do ghairmréim.
Intéirneach Samhraidh ETIM Uisce Éireann – Innealtóireacht
Láthair: Corcaigh nó Baile Átha Cliath (roghanna oibre cumaisc ar fáil) Fad: 10 seachtaine – ón 10 Meitheamh go dtí an 21 Lúnasa 2026
Maidir le hUisce Éireann
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin gur údar mór bróid dúinn freagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint chun go mbeidh córas sábháilte seasmhach uisce ar fáil do dhaonra atá ag fás go tapa, rud a chumasaíonn fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann.
Tá bunathrú chun feabhais á chur chun cinn againn tar éis go ndearnadh an infheistíocht ba mhó riamh i mbonneagar agus nuálaíocht. Beartaíonn Uisce Éireann €8.5 billiún a infheistiú i gcaitheamh tréimhse cúig bliana i dtionscadail chaipitil — arb é sin an clár infheistíochta is mó ó bunaíodh sinn. Cuirfidh an maoiniú seo uasghrádú ríthábhachtach ar fáil ar an mbonneagar uisce agus fuíolluisce, a chinnteoidh go gcuirfear seirbhísí seasmhacha ar fáil do phobail fud fad na tíre.
Dírímid, mar sin, ar chabhrú lenár bhfoireann an obair is fearr dá saol a dhéanamh ionas go mbeidh tionchar dearfach ag an obair sin ar phobail ar fud na hÉireann. Tá sé mar aidhm againn daoine cumasacha oilte a mhealladh agus a fhorbairt, ar daoine iad as cúlraí éagsúla agus ag a bhfuil saineolas agus tuiscint a bhíonn ag dul i bhfeabhas i gcónaí. Creidimid go gcuideoidh a leithéid d'fhórsa saothair láidir linn maidir lenár spriocanna a bhaint amach agus go ligfidh sé dúinn leanúint leis an infheistiú i seirbhísí uisce na hÉireann agus na seirbhísí sin a chur chun cinn.
Ár nIntéirneacht Samhraidh ETIM
Ag Uisce Éireann aithnímid gurb ionann an tallann atá ag teacht chun cinn sa lá atá inniu ann agus lucht ceannais na todhchaí. Sin an fáth a ndéanaimid infheistíocht i ndaoine gairmiúla inár ngairmréimeanna luatha ón gcéad lá, agus cláir forbartha chuimsitheacha á gcur ar fáil againn lena leagtar an bhunchloch don rath fadtéarmach.
Glac páirt inár gClár Intéirneachta Samhraidh ETIM agus gheobhaidh tú taithí theagmhálach ar thionscadail uisce agus fuíolluisce a mhúnlaíonn pobail fud fad na hÉireann. Mar Intéirneach Innealtóireachta, oibreoidh tú i limistéir cosúil le Soláthar Bonneagair, tacóidh tú le hathbhreithnithe ar dhearaí agus gníomhaíochtaí láithreáin; Bainistíocht agus Oibríochtaí Sócmhainní, anailís a dhéanamh ar shonraí chun barr feabhais a chur ar fheidhmíocht an líonra uisce; agus Sláinte agus Sábháilteacht, foghlaimeoidh tú conas a chuirtear measúnuithe riosca agus caighdeáin sábháilteachta i bhfeidhm i dtionscadail innealtóireachta. Cuirfear dúshláin fíorshaoil romhat ar bhealach praiticiúil agus tabharfar an deis duit comhoibriú le hinnealtóirí taithíocha agus a thabhairt faoi deara conas a chuireann do scileanna le réitigh inbhuanaithe.
An Duine atá á Iarraidh Againn
Tá mic léinn uaillmhianacha á lorg againn atá paiseanta faoin inbhuanaitheacht agus ar mian leo fíordhifríocht a dhéanamh. Caithfidh tú na critéir a leanas a shásamh le hiarratas a dhéanamh:
Caithfidh gur mac léinn fochéime dara nó tríú bliana thú atá ag tabhairt faoi chéim san Innealtóireacht Shibhialta, Mheicniúil, Leictreach, Struchtúr, nó Comhshaoil. Caithfidh go mbeidh tú ag filleadh ar chúrsa lánaimseartha i gcoláiste tar éis na hintéirneachta.
Caithfidh go bhfuil sárscileanna réitigh faidhbe agus scileanna láidre anailíseacha agat.
Caithfidh gur féidir leat cumarsáid shoiléir agus mhuiníneach a dhéanamh.
Caithfidh go mbíonn tú ar do chompord ag obair i bhfoirne éagsúla comhoibríocha.
Caithfidh go bhfuil tú spreagtha ag an bhféidearthacht de theacht ar ais chuig Uisce Éireann mar Chéimí.
Caithfidh go bhfuil tú i dteideal faoin dlí obair in Éirinn d'fhad an chláir.
Cad is fiú duit teacht ag obair linn?
Taithí phraiticiúil a fháil ar thionscadail mhórbhonneagair.
Scileanna teicniúla agus gairmiúla a fhorbairt i dtimpeallacht dhinimiciúil.
Cur leis na tionscnaimh inbhuanaitheachta uisce is uaillmhianaí in Éirinn.
An bhfuil tú réidh le tús thar barr ar fad a chur le do ghairmréim? Táimid ag súil le cloisteáil uait
Téigh go dtí Intéirneachtaí Acadúla Uisce Éireann chun teacht ar eolas breise agus chun iarratas a dhéanamh.
Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas an 7 Feabhra 2026.
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.
Uisce Éireann STEM Summer Internship 2026
We live water. Start your career with a splash.
Uisce Éireann STEM Summer Intern – Engineering
Location: Cork or Dublin (Hybrid working options available) Duration: 10 weeks – 10th June to 21st August 2026
About Uisce Éireann
We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland's national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.
Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply, passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland's social and economic growth.
We're driving transformative change with record investment in infrastructure and innovation. Over a five-year period (2025–2029), Uisce Éireann plans to invest €8.5 billion in capital projects—the largest investment programme in our history. This funding will deliver critical upgrades to water and wastewater infrastructure, ensuring resilient services for communities nationwide.
So, we're passionate about helping our people to do the best work of their lives, to enable them to make a positive difference to communities all over Ireland. Our aim is to attract and develop talented and skilled people with diverse backgrounds and an evolving range of expertise and insight. We believe that such a strong workforce will help us achieve our goals and allow us to continue investing in, and advancing, Ireland's water services.
Our STEM Summer Internship
At Uisce Éireann we recognise that today's emerging talent is tomorrow's leadership. That's why we invest in our early careers professionals from day one, offering comprehensive development programmes that lay the foundation for long-term success.
Join our STEM Summer Internship Programme and gain hands-on experience on water and wastewater projects that shape communities across Ireland. As an Engineering Intern, you'll work in areas such as Infrastructure Delivery, supporting design reviews and site activities; Asset Management & Operations, analysing data to optimise network performance; and Health & Safety, learning how risk assessments and safety standards are applied in engineering projects. You will be given practical exposure to real-world challenges and the opportunity to collaborate with experienced engineers and see how your skills contribute to sustainable solutions.
Who We're Looking For
We're seeking ambitious students who are passionate about sustainability and eager to make a real difference. To apply, you should be:
A second or third-year undergraduate student pursuing a degree in Civil, Mechanical, Electrical, Structural, or Environmental Engineering
Returning to full-time college after the internship. A natural problem solver with strong analytical skills
A clear and confident communicator
Comfortable working in diverse, collaborative teams
Motivated by the prospect of returning to Uisce Éireann as a Graduate
Legally entitled to work in Ireland for the duration of the programme
Why Join Us?
Gain practical experience on major infrastructure projects
Develop technical and professional skills in a dynamic environment
Contribute to Ireland's most ambitious water sustainability initiatives
Ready to start your career with a splash? We look forward to hearing from you
Go to Uisce Éireann Academic Internships for more information and to apply.
Applications close on February 7th, 2026.
Uisce Éireann is an equal opportunities employer.
We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.