Anailísí Córais Infheistíochta/Investment System Analyst
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, is cinnte gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
Tá an réimse Bainistíochta Sócmhainní agus Inbhuanaitheachta freagrach as beartais sócmhainní, straitéisí agus pleananna a fhorbairt chun an infheistíocht shuntasach atá ag teastáil a dheimhniú le cur le bonneagar na hÉireann. Tugann an réimse spreagadh don infheistíocht agus do chlár na hInbhuanaitheachta agus na Nuálaíochta don eagraíocht agus glacann sé ceannaireacht ar ghníomhaíochtaí um Rialú Timpeallachta agus Comhlíontachta, a chinntíonn go ndéantar monatóireacht leanúnach ar cháilíocht an uisce agus ar an bhfuíolluisce. Tá an fheidhm Bainistíochta Sócmhainní freagrach as pleanáil straitéiseach, beartuithe tosaíochta agus forbairt a dhéanamh ar píblíne Oibreacha Caipitil Uisce Éireann. Tá ról lárnach ag an bhfeidhm i gcomhoibriú agus comheagar gníomhaíochtaí a chur chun cinn thar na trí fheidhm sócmhainne mar aon le measúnuithe timpeallachta agus saineolas bainistíochta a sholáthar thar Uisce Éireann.
Tá an fhoireann Infheistíochta Sócmhainní freagrach as punann infheistíochta Uisce Éireann a fhorbairt agus a bhainistiú sa gcaoi is go gcloítear le cuspóirí an ghnólachta agus straitéisí fadtéarmacha. Tá an fheidhm seo riachtanach le forbairt agus bainistiú a dhéanamh ar an bpunann infheistíochta le cinntiú go gcuirtear barrfheabhsú ar an bpunann infheistíochta in aghaidh srianta an ghnólachta. Tacaíonn siad freisin leis an ngnólacht chun na torthaí riachtanacha gnó a bhaint amach, lena n-áirítear riachtanais faisnéise agus athbhreithnithe iar-infheistíochta a dhéanamh ar an infheistíocht chaipitil.
Agus é/í freagrach do Cheannasaí Teicniúil an Chórais Infheistíochta, atá freagrach as tacú le sonraí infheistíochta a ghabhail agus a anailísiú chun tacú le pleanáil infheistíochta agus le bainistíocht sócmhainní. Oibríonn an sealbhóir poist chun tacú le Plean Infheistíochta Uisce Éireann agus chun riachtanais an ghnólachta maidir le sonraí a bhaineann le hinfheistíocht a shásamh.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
* Tacaíocht a thabhairt le bainistíocht chóras Copperleaf um Pleanáil Infheistíochta Sócmhainní lena gcuirtear taca faoin bplean infheistíochta agus le próiseas I2O, lena gcuimsítear BS&I (Bainistíocht Sócmhainní & Inbhuanaitheacht) agus SSB.
* Athbhreithniú agus monatóireacht a dhéanamh ar bhailíocht sonraí le haghaidh infheistíochtaí
* Fiosruithe a láimhseáil a bhaineann le réitigh dhigiteacha agus aiseolas a iarraidh ar bhonn leanúnach ó BS&I, ón bhfoireann SSB agus ón ngnóilacht níos leithne
* Tacaíocht a thabhairt le feabhsú leanúnach próisis agus an chórais
* Cur le doiciméadú na bpróiseas gnó ar a ndéantar tionchar/feabhas trí réitigh dhigiteacha a chur i bhfeidhm
* Tacaíocht a thabhairt don Cheannasaí chun próisis a fhorbairt d’fhonn cuidiú le riachtanais ghnó a chur in iúl agus chun oiliúint agus cumarsáid a fhorbairt maidir le hathruithe digiteacha agus feidhmiúlacht nua a chur i bhfeidhm go céimneach
* Obair a dhéanamh le foirne chun athruithe gnó a chur i gcrích agus a leabú mar thoradh ar theicneolaíocht nua arna tabhairt isteach
Comhoibriú leis an bhFeidhm fhoriomlán Bainistíochta Sócmhainní chun spriocanna infheistíochta a chur ar aon dul le cuspóirí foriomlána Uisce Éireann
* Feidhmíocht punann infheistíochta atá ann cheana a monitorú agus a bhainistiú, agus coigeartuithe á ndéanamh de réir mar is gá
* Chun coinneáil cothrom le dáta maidir le forbachtí, rialacháin, agus dea-chleachtas sa tionscal d’fhonn straitéisí infheistíochta a threorú
* Páirt a ghlacadh i bhforbairt cásanna chun tacú le pleanáil infheistíochta
* Tuarascálacha agus nuashonruithe rialta a chur ar fáil maidir le stádas na n-infheistíochtaí agus na rioscaí féideartha
Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta
* Obair i gcomhar le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ.
* Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompar dearfach a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sholáthar.
* Tacú le soláthar Chlár Uisce Éireann um Bunathrú, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.
* Dualgais eile nuair is gá.
Eolas, Scileanna agus Taithí:
* Tá cáilíocht agus / nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe, agus / nó taithí ábhartha
* Ba bhuntáiste do dhuine taithí 3 bliana ar a laghad a bheith aige nó aici san earnáil uisce, fóntais nó in earnálacha mar iad
* Tabharfar tús áite do thaithí roimhe seo ar anailísíocht sonraí, ar obair a dhéanamh le tacair sonraí agus le córais fiontraíochta
* Cumas comhpháirtíochtaí éifeachtacha a fhorbairt le raon leathan páirtithe leasmhara agus an cumas chun dearcthaí éagsúla a lorg agus éisteacht leo.
* Scileanna anailíseacha láidre agus an cumas fadhbanna a aithint agus a anailísiú agus cinntí a dhéanamh a rachaidh chun tairbhe na foirne/na bpobail
* Duine an-spreagtha, taifead cruthaithe maidir le deiseanna a aithint le haghaidh feabhsuithe próisis agus nuálaíochta
* Cuntas teiste cruthaithe maidir le saincheisteanna casta a réiteach, mar aon leis an gcumas faisnéis a chur in iúl do dhaoine eile.
* Inoiriúnaitheacht agus an cumas béim agus treo a athrú le bheith ag teacht le straitéis agus le riachtanais ghnó a léiriú
* Scileanna TF den scoth, go háirithe Excel agus Word
* Taithí ar úinéireacht a ghlacadh ar fhreagrachtaí sábháilteachta agus ag cur le tionscnaimh feabhsaithe leanúnaigh.
* Cumas cinntí a dhéanamh bunaithe ar anailís faisnéise i dtimpeallacht atá dírithe ar an gcustaiméir agus a bhíonn ag athrú go gasta.
Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo ná 15/10/2025.
Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.
*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúla agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratas ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúl, ar reiligiún nó ar creidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.
#J-18808-Ljbffr