DescriptionIs sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.An Ról: Is bunchloch í an fheidhm Oibríochtaí Sócmhainní maidir le seachadadh seirbhíse do chustaiméirí, an comhshaol a chosaint agus na caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar réimse feidhme na nOibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil agus nósanna imeachta na n-oibriúchán caighdeánach le haghaidh oibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce go náisiúnta agus go réigiúnach, rud a chinntíonn go gcuirtear luach ar airgead agus ar sheirbhís do chustaiméirí ar fáil. Tá an Ceannasaí Teicniúil um Oibríochtaí agus Custaiméirí freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar réiteach fadhbanna teicniúla/innealtóireachta agus riosca do sheirbhísí de réir mar a thagann siad chun cinn sa réigiún. Beidh sé mar phríomhchuspóir ag an bhfoireann seo chun a chinntiú go gcuirtear anailís theicniúil, bainistíocht ar rioscaí do sheirbhísí agus seirbhís fheabhsaithe do Chustaiméirí ar fáil trí dhéileáil go héifeachtúil le gearáin agus ceisteanna a ardaítear. Agus é/í freagrach don Bhainisteoir Oibríochtaí Teicniúla Réigiúnacha, sannfar ról iomchuí don Cheannasaí Teicniúil um Oibríochtaí agus Custaiméirí san fhoireann Oibríochtaí Teicniúla Réigiúnacha agus beidh sé/sí freagrach as tacú le custaiméirí chun fadhbanna teicniúla/innealtóireachta a réiteach, lena n-áirítear riosca do sheirbhísí agus saincheisteanna sábháilteachta, de réir mar a thagann siad chun cinn sa réigiún. Beidh an ról seo dírithe ar thacaíocht a thabhairt do bhainistíocht custaiméirí agus rioscaí do sheirbhísí, agus tacaíocht theicniúil agus eolas ar chumais feidhmíochta oibríochtúla á soláthar, d'fhonn cuidiú le hoibriú éifeachtúil agus éifeachtach na sócmhainní uisce agus fuíolluisce.Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:Freagrach as cultúr de chleachtas sábháilte a chur chun cinn agus as a chinntiú go gcloítear go hiomlán le riachtanais reachtúla agus AE um shláinte agus sábháilteacht.Freagrach as tacú le custaiméirí trí fhadhbanna, gearáin agus ceisteanna ó Ionadaithe Tofa/Áitiúla a réiteach a ardaítear maidir le hOibríochtaí Sócmhainní.Na freagraí maidir le hIarratais ar Fhaisnéis a bhainistiú lena n-áirítear Saoráil Faisnéise, AIE (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), iarratais ó na Meáin, Éilimh Dhlí agus Árachais. Freagrach as tuairisciú ar dhul chun cinn maidir le rioscaí do chustaiméirí a shainaithint, a mhaolú agus a ardú.Freagrach as tacú le fadhbanna teicniúla/innealtóireachta a ardaítear a réiteach.Anailís iontaofa theicniúil a chur ar fáil ar fhadhbanna oibríochtúla, cothabhála agus deisithe arna n-ardú ar fud sócmhainní Cóireála agus Líonra araon. Áirítear leis sin eolas áitiúil a fhoinsiú ar shócmhainní agus ar chumais feidhmíochta oibríochtúla chun tacú le gníomhaíochtaí neamhghnácha, speisialaithe a réiteach go tráthúil fadhbanna núise, gearáin, teipeanna trealaimh agus teipeanna líonra agus bonneagair a réiteach).Freagrach as cinntí oibríochtúla, cothabhála agus deisithe a dhéanamh atá ceart go teicniúil ar bhonn tráthúil (agus leas á bhaint as na sonraí atá ar fáil), agus úsáid éifeachtúil á baint as acmhainní agus as an mbuiséad, agus réitigh nuálacha á gcur san áireamh nuair is ábhartha agus ar aon dul le spriocanna inbhuanaitheachta.Freagrach as seirbhís mhaith a sholáthar chun tacú le custaiméirí agus fadhbanna oibríochtúla, cothabhála agus deisithe á réiteach ar Leibhéal Réigiúnach. Áirítear leis sin ag cinntiú go ndéantar an líon is lú fadhbanna a ardú chuig feidhmeanna eile Uisce Éireann agus do dhícheall a dhéanamh iad a réiteach laistigh d'Oibríochtaí chomh gasta agus is féidir chun moill agus cur isteach ar sheirbhís do chustaiméirí a íoslaghdú. Obair a dhéanamh ar bhonn comhoibritheach chun gníomhú mar chomhéadan teicniúil d'fhoirne speisialaithe eile in UÉ.Ag gníomhú mar chomhéadan teicniúil Oibríochtaí Sócmhainní do chomhlachtaí seachtracha e.g. Údaráis Áitiúla, Údaráis Bóithre, an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) agus ag cuidiú le hiniúchtaí nó le hiarratais ar fhaisnéis de réir mar is gá.Freagrach as tacaíocht a thabhairt maidir le dúshláin a bhaineann le sláine córas casta uisce/fuíolluisce, ag gníomhú mar phointe ardaithe chun fáth an dúshláin a chinneadh, tionchar an dúshláin amach anseo a thuar, an raon feidhme a shainiú do shuirbhéanna agus iniúchtaí ar láithreáin, agus roghanna a shainaithint le haghaidh dúshláin a réiteach.Ag cinntiú go ndéantar faisnéis uile (agus rioscaí do sheirbhísí san áireamh) a thaifeadadh go beacht agus go pras ar mhaithe le hiniúchadh agus rioscaí do sheirbhísí a ardú agus leas á bhaint as na córais teicneolaíochta a chuirtear ar fáil.Ag cuidiú le forbairt phróisis/nósanna imeachta an ghnólachta de réir mar is gá.Ag cuidiú le cuspóirí agus aidhmeanna Phleananna Gnó Oibríochtaí Sócmhainní a bhaint amach.Freagrach as monatóireacht agus as tuairisciú a dhéanamh ar phríomhtháscairí feidhmíochta do phróisis atá faoina n-úinéireacht.Tacaíocht líonra agus innealtóireachta a chur ar fáil de réir mar is gá maidir le freagairt ar theagmhais agus ar éigeandálaí.Páirt a ghlacadh sa tacaíocht agus sa bhainistíocht maidir le Tascfhórsaí / Fócasghrúpaí a chuirtear ar bun chun príomhriachtanais an ghnólachta a bhainistiú. Páirt a ghlacadh sa tacaíocht maidir le Tionscnaimh Náisiúnta a chuirtear ar bun chun riachtanais an ghnólachta a chomhlíonadh.Ceardlanna measúnaithe scóipe teicniúla a bhainistiú de réir mar is gá chun scóip na n-iarratais um chothabháil chaipitiúil chuig Pleanáil Sócmhainní a dheimhniú.Páirt a ghlacadh in obair lasmuigh d'uaireanta oibre agus in obair fuireachais de réir mar is gá.Dualgais bhainistíochta líne agus feidhmíochta a chomhlíonadh de réir mar is gá.Dualgais ar bith eile a chur i gcrích a mheastar riachtanach nó a theastaíonn ón lucht bainistíochta.Dualgais agus Freagrachtaí GinearáltaComhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara seachtracha agus inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ.Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompair dhearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh. Tacú le soláthar Chlár Uisce Éireann um Bunathrú, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.Dualgais eile nuair is gá.Eolas, Scileanna agus Taithí:Tá cáilíocht ábhartha tríú leibhéal nó creidiúnú nó an dá rud araon inmhianaithe. Tá taithí 5 bliana ar a laghad i ról dírithe ar chustaiméirí sa tionscal uisce, sa tionscal fóntas nó i dtionscail eile den chineál céanna inmhianaithe, agus/nó taithí ábhartha eile. Taithí / tuiscint ar oibriú laistigh de chultúr láidir sláinte agus sábháilteachta.Eolas ar shócmhainní cóireála agus líonra uisce agus fuíolluisce. Eolas ar phrionsabail agus ar threoir bhainistíochta riosca (ISO agus riosca a aithint ag sócmhainní uisce agus fuíolluisce.Eolas ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta, na gcaighdeán, na bpróiseas agus na nósanna imeachta reatha a bhaineann le hastarraingt agus cóireáil uisce / cóireáil fuíolluisce agus le bainistíocht líonra. Eolas ar shócmhainní agus ar chumais feidhmíochta oibríochtúla chun tacú le gníomhaíochtaí neamhghnácha, speisialaithe a réiteach ar bhonn tráthúil.Scileanna sármhaithe cumarsáide scríofa agus labhartha.An cumas teagmháil chomhoibritheach a dhéanamh le foireann thosaigh agus le réimse leathan páirtithe leasmhara inmheánacha ar fud feidhmeanna éagsúla agus cuspóirí atá leagtha síos a bhaint amach.An cumas nithe a chur in ord tosaíochta agus cinntí a dhéanamh bunaithe ar anailís ar fhaisnéis laistigh de thimpeallacht a ghluaiseann go tapa agus atá dírithe ar an gcustaiméir.Tá eolas ar bhainistíocht ar chomhlíontacht próisis ina bhuntáiste.Taithí ar dhualgais bhainistíochta líne agus feidhmíochta.Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo ná 26/01/2026. Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland's national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland's social and economic growth.We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland's water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.The Role: The Asset Operations function forms the cornerstone of service delivery to customers, protecting the environment and meeting regulatory standards as well as managing the majority of operational expenditure. The Asset Operations function has responsibility for operational and maintenance strategy, policies, planning and standard operating procedures for Water and Wastewater operations both nationally and regionally, ensuring that value for money and customer service is delivered. The Operations and Customer Technical Team is responsible for overseeing the resolution of technical/engineering issues and service risk as they arise within the region. The focus of this team will be to ensure the provision of technical analysis, service risk management and enhanced Customer service through efficient handling of escalated complaints and queries. Reporting to the Regional Technical Operations Manager, the Operations and Customer Technical Lead will be assigned an appropriate role in the Regional Technical Operations team and will be responsible for supporting customers in the resolution of escalated technical/engineering issues, including service risk and safety issues, as they arise within the region. The focus of this role will be to support customers and service risk management, providing technical support and knowledge of operational performance capabilities in order to contribute to the efficient and effective operation of water and wastewater assets.Main Duties and Responsibilities:Responsible for promoting a culture of safe practice and ensuring full compliance with health and safety legislative and UÉ requirements.Responsible for supporting customers through the resolution of Asset Operations escalations, complaints and Elected/Local Representative queries.Manage the responses to Information Requests including FOI, AIE, Media, Legal and Insurance Claims. Responsible for reporting progress on customer risk identification, mitigation and escalation.Responsible for supporting the resolution of technical/engineering escalations.Provide sound technical analysis of the escalated operational, maintenance and repair issues across both Treatment and Network assets. This includes the sourcing of local knowledge of assets and operational performance capabilities to support the timely resolution of non routine, specialised activities (e.g. nuisance issues, complaints, troubleshoot equipment failures, network and infrastructure failures).Responsible for making technically correct operational, maintenance and repair decisions in a timely manner (using the available data), with efficient use of resources and budget, giving consideration to innovative solutions where relevant and in line with sustainability targets.Responsible for providing good service to support customers during the resolution of operational, maintenance and repair issues at a Regional level. This includes ensuring that there are minimal escalations of issues to other Uisce Éireann functions and driving to resolve within Operations as quickly as possible to minimise delay and disruption to customer service. Work collaboratively to act as a technical interface for other specialised teams in UÉ.Act as the Asset Operations technical interface to external bodies e.g. Local Authorities, Road Authorities, Environmental Protection Agency (EPA) and assist with audits or information requests as necessary.Responsible for supporting with complex water/wastewater system integrity challenges, acting as an escalation point for determining cause of challenge, forecasting the impact of challenge, defining scope for site surveys and investigations, and identifying options for resolving challenges.Ensure all information (including service risks) are accurately recorded and promptly reported for audit purposes and service risk escalations using the technology systems provided.Contribute to the development of business processes/procedures as may be required.Contribute to achieving the objectives and targets of the Asset Operations Business plans.Responsible for monitoring and reporting KPIs for processes over which ownership is held.Provide network and engineering support as required in incident and emergency response.Participate in the support and management of Task Forces / Focus Groups set up to manage key needs of the business. Participate in the support of National Initiatives established to meet the needs of the business.Manage technical scoping workshops as required to verify scope of capital maintenance requests to Asset Planning.Participate in out of hours and standby working as required.Perform line and performance management duties as required.Carry out any other duties deemed necessary and / or required by management.General Duties and ResponsibilitiesCollaboration with key external and internal stakeholders across the UÉ businessResponsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards. Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives.Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann's Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information, and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation.Other duties as required.Knowledge, Skills and Experience:Relevant third level qualification and / or accreditation is desirable A minimum of 5 years' experience in a customer-focused role in the water, utilities or similar industries is desirable and / or relevant experience Experience / understanding of working within a strong health & safety cultureKnowledge of water or wastewater treatment and network assets Knowledge of risk management principles and guidelines (ISO and risk identification at water and wastewater assetsKnowledge of the application of the current legislation, standards, processes and procedures relevant to water abstraction and treatment / wastewater treatment and network management Knowledge of assets and operational performance capabilities to support the timely resolution of non-routine, specialised activitiesExcellent written and verbal communication skillsAbility to engage collaboratively with Frontline staff and a broad range of internal stakeholders across various functions and achieve set objectivesAbility to prioritise and make decisions based on analysis of information within a very fast paced, customer-focused environmentKnowledge of managing process compliance an advantageExperience of line and performance management dutiesThe closing date for receipt of applications for this vacancy is 26/01/2026. Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.Uisce Éireann is an equal opportunities employer.We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.