Description
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, is cinnte gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
An Ról:
Tá an fheidhm Rialacháin Comhshaoil freagrach as bainistíocht rialacháin agus comhlíonta comhshaoil laethúil. Déanann an fheidhm monatóireacht ar chomhlíonadh an ghréasáin uisce agus fuíolluisce agus na n-oibreacha cóireála, bíonn tionchar aici ar bheartas comhshaoil seachtrach, agus bainistíonn sí caidreamh le páirtithe leasmhara comhshaoil. Cuireann Rialú Comhshaoil saineolas ar fáil do ghnó Uisce Éireann i dtaobh tionchar a imirt ar bheartas comhshaoil agus páirtithe leasmhara a bhainistiú maidir le rialacháin chomhshaoil a dhéanann difear do chleachtais Uisce Éireann. Soláthraíonn an fheidhm saineolas rialála don ghnó, lena n-áirítear an fhoireann Cheannaireachta Shinsearach, i ngach gné de rialú comhshaoil. Cuireann an fhoireann tacaíocht ar fáil maidir le hathruithe reachtaíochta agus rialála a rachaidh i bhfeidhm ar bheartais Uisce Éireann amach anseo.
Tá an réimse feidhme um Sheirbhísí Eolaíocha agus Teicniúla freagrach as seirbhísí tacaíochta oibriúcháin a sholáthar go náisiúnta, sampláil agus anailísíocht saotharlainne san áireamh, ar mhaithe lena chinntiú go dtéitear i mbun gníomhaíochtaí i gcomhréir le hoibleagáidí rialála atá i bhfeidhm chun sláinte an phobail agus an timpeallacht a chosaint. Tá fo-réimse na Saotharlainne freagrach as seirbhísí anailísithe ceimiceán agus micribhitheolaíochta a sholáthar mar thaca leis na cláir samplála rialála, le monatóireacht ar oibríochtaí, le hinfheistíocht chaipitil agus le gearáin ó chustaiméirí.
Agus é nó í ag tuairisciú go díreach don Bhainisteoir Teicniúil i pé réimse ina n-oibríonn sé nó sí, tá an tEolaí Saotharlainne – Ceimic Orgánach freagrach as cuidiú le seirbhís ar ardchaighdeán a sholáthar d'Uisce Éireann agus do chustaiméirí dá chuid, ar bhealach a chloíonn le ceanglais an chórais Bainistíochta Cáilíochta agus leis an gcaighdeán ISO17025. Beifear ag súil go gcuirfidh an té a cheapfar le feidhmíocht na foirne agus le hacmhainní a úsáid go héifeachtach éifeachtúil chun é seo a bhaint amach. Beidh siad rannpháirteach in oibriú laethúil na saotharlainne, ag déanamh ullmhúcháin samplaí, anailíse agus dualgais tuairiscithe le haghaidh Samplaí Uisce d'Uisce Éireann (UÉ) de réir mar is gá.
Tabhair faoi deara le do thoil go mbaineann na huaireanta oibre agus na dualgais seo a leanas le céim oibriúcháin na seirbhíse Saotharlainne agus Samplála. Beidh céim forbartha tosaigh ann ina mbeidh uaireanta oibre idir 9am agus 5pm Luan go hAoine i bhfeidhm agus beidh feidhm ag dualgais a bhaineann le forbairt na seirbhíse go dtí go gcuirfear tús leis an gcéim oibriúcháin.
Tá gá le solúbthacht sa ról seo ó thaobh uaireanta oibre de ós beidh ar an té i mbun an róil seo páirt a ghlacadh i n-uainchláir gnáthuaireanta oibre le go mbeidh a dhóthain fostaithe ag obair sa tSaotharlann i gcónaí i rith a huaireanta oibriúcháin idir 8am agus 8pm Luan go hAoine. Tá ceangaltas seirbhíse i bhfeidhm freisin maidir le cumhdach saotharlainne a sholáthar le linn an deireadh seachtaine agus ar Laethanta Saoire Poiblí. Maidir leis an ngá obair a dhéanamh i rith an deireadh seachtaine/ar laethanta saoire poiblí, ní iarrfar é seo a dhéanamh ach go hannamh agus mar chuid d'uainchlár sainithe agus mar bhreis ar an ngnáthsheachtain oibre. Maidir le hobair a chuirfear ar an uainchlár le déanamh lasmuigh de na gnáthuaireanta oibre 8am go 8pm Luan go hAoine, íocfar luach saothair ina leith i bhfoirmliúntais um páirt a ghlacadh san uainchlár.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
• Cuidiú le seirbhís den scoth a sholáthar do UÉ agus do chustaiméirí dá chuid, le próisis a chloíonn le ceanglais an GCC, Bord Náisúnta na hÉireann um Chreidiúnú (INAB), ISO17025, le ceanglais rialála agus leis an gcóras bainistíochta.
• Freagrach as anailís a dhéanamh ar shamplaí le haghaidh anailís cheimiceach sa réimse ina n-oibríonn sé/sí.
• Páirt a ghlacadh san uainchlár deireadh seachtaine agus laethanta saoire poiblí sna saotharlanna ceimice nuair is gá, de réir na n-uainchlár formheasta.
• Páirt a ghlacadh i bhforbairt, i bhfíorú, agus i mbailíochtú modheolaíochtaí nua agus reatha chun anailís a dhéanamh ar uiscí agus ar shamplaí gaolmhara in UÉ, de réir mar is gá.
• Freagrach as páirt a ghlacadh i Scéimeanna tástála inniúlachta (PT) sa réimse ina n-oibríonn sé nó sí.
• Dlús a chur le bheith tíosach agus le scoth na hoibre a dhéanamh chomh maith le réitigh a phromhadh agus a fhorbairt a fhéachann le feabhas a chur ar chleachtais atá ann cheana agus le dea-chleachtas sa tionscal a ghlacadh.
• Tuairisciú agus athbhreithniú a dhéanamh go pras chomh maith le torthaí tástála saotharlainne a údarú (ráitis chomhréireachta san áireamh, nuair is infheidhme) sa rannóg ina n-oibríonn sé nó sí, i gcomhréir leis an gCóras Cáilíochta, ISO17025 agus le ceanglais rialála.
• Tabhair faoi agus páirt a ghlacadh i measúnuithe riosca (Sláinte & Sábháilteachta agus Oibríochta) sa réimse ina n-oibríonn sé nó sí, i gcomhréir le ISO17025, UÉ agus le ceanglais QMS, de réir mar is gá.
• Páirt a ghlacadh in iniúchtaí inmheánacha i gcomhréir le ISO17025 agus le ceanglais QMS, de réir mar is gá.
• Tabhair faoi agus páirt a ghlacadh i bhfiosruithe oibre neamhchomhréireacha i gcomhréir le ceanglais ISO17025 agus QMS, de réir mar is gá.
• De réir na hoiliúna a chuirtear agus de réir na treorach a thugtar, fabhtcheartú, cothabháil, agus seiceáil a dhéanamh ar threalamh lena chinntiú go mbíonn an trealamh oiriúnach don fheidhm i gcónaí, i gcomhréir le ISO 17025.
• Caighdeáin agus rialuithe cáilíochta a ullmhú le cois monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht (mar shampla, cairteacha rialaithe, cuair chalabrúcháin) sa réimse ina n-oibríonn sé nó sí, de réir mar is gá.
• Dea-chaidreamh oibre gairmiúil a shnaidhmeadh agus a choinneáil ar bun le baill foirne eile sa tSaotharlann chomh maith le tacú le beartais agus tionscnaimh AD de chuid UÉ.
• Oibriú i gcomhar leis an mBainisteoir Líne, leis an bhfoireann agus le páirtithe leasmhara níos leithne STS agus an UÉ chun cuspóirí straitéiseacha a sheachadadh.
• Monatóireacht a dhéanamh ar PTFanna maidir le próisis agus tuairiscí a scríobh orthu, de réir mar a shanntar.
• Freagrach as aon dualgas eile a chomhlíonadh a d'fhéadfadh an Bainisteoir Teicniúil a iarraidh le réasún.
• Cloí le gach plean, beartas agus nós imeachta SSCT.
Eolas, Scileanna agus Taithí:
• Cáilíocht tríú leibhéal i ndisciplín Eolaíochta atá ábhartha dá réimse saineolais.
• 3 bliana ar ar a laghad a bheith ag gabháil dá réimse saineolais, go háirithe más i saotharlann tástála ISO17025 nó in ionad den sórt sin a rinneadh an obair sin: Ceimic Orgánach.
• A bheith eolach ar na dea-chleachtais anailíseacha agus nósanna imeachta atá i réim ina réimse saineolais faoi láthair: Ceimic Orgánach. Mar shampla (ach gan iad amháin a bheith i gceist): Lotnaidicídí, PFAnna agus VOCanna srl.
• Bheadh saineolas ar na teicnící seo a leanas ina bhuntáiste; GC-MS, LC-MS, GC-MS Headspace, GC-FID/ECD srl.
• D'fhónfadh sé do dhuine sa phost seo a bheith eolach ar an bpróiseas creidiúnúcháin ISO17025 agus ar na ceanglais a ghabhann leis.
• Taithí ar bheith ag plé le Córas Bainistíochta Caighdeán Saotharlainne (QMS) agus le Córas Bainistíochta Faisnéise Saotharlainne (LMIS).
• In ann oibriú de réir spriocdhátaí agus oiriúnú do dhálaí athraitheacha agus débhríocht, ag giniúint réitigh éifeachtacha agus phragmatacha ar chásanna agus ar fhadhbanna nua de réir mar a chuirtear i láthair iad.
• Teist cruthaithe maidir le deiseanna a aithint le haghaidh feabhsúcháin próisis agus nuálaíochta.
• Duine aonair ardspreagtha, ag obair de réir na gcaighdeán gairmiúil agus eiticiúil is airde agus a bhfuil cumas cruthaithe aige torthaí a sheachadadh agus faisnéis a chur in iúl do dhaoine eile.
• Scileanna anailíseacha láidre agus an cumas fadhbanna agus feabhsúcháin fhéideartha a shainaithint agus a anailísiú agus réitigh a mholadh agus a chur i bhfeidhm.
• Cumas comhpháirtíochtaí éifeachtacha a fhorbairt le raon leathan páirtithe leasmhara agus an cumas chun dearcthaí éagsúla a lorg agus éisteacht leo.
• An cumas a léiriú chun saincheisteanna sábháilteachta a réiteach go tapa agus feabhsuithe a lorg de réir straitéis ghnó.
Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo ná 14/11/2025.
Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.
*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.
We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland's national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.
Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland's social and economic growth.
We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.
Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland's water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.
The Role:
The Environmental Regulation function is responsible for the day-to-day management of environmental regulation and compliance. The function monitors the compliance of the water and wastewater network and treatment works, influences external environmental policy, and manages environmental stakeholder relationships. Environmental Regulation provides expertise to the Uisce Éireann business on influencing environmental policy and managing stakeholders around environmental regulation affecting Uisce Éireann's practices. The function provides regulatory expertise to the business, including the Senior Leadership team, in all aspects of environmental regulation. The team provides support on legislative and regulatory changes that will affect Uisce Éireann policies in the future.
The Scientific and Technical Services functional area is responsible for the national provision of operational support services to include sampling and laboratory analytics, ensuring that activities are performed in accordance with regulatory obligations to protect public health and the environment. The Laboratory sub-area is responsible for providing chemical and microbiological analytical services in support of the regulatory sampling programs, operational monitoring, capital investment, and customer complaints.
Reporting directly to the Technical Manager in their area, the Laboratory Scientist – Organic Chemistry is responsible for assisting with delivering a quality service to Uisce Éireann and its customers, complying with the requirements of the Quality management system and ISO17025 standard. This will be achieved by contributing to team performance and the efficient and effective use of resources. They will participate in the day-to-day operation of the laboratory, carrying out sample preparation, analysis and reporting duties for Water Samples for Uisce Éireann (UÉ) as required.
Please note the following working hours and duties apply to the operational phase of the Laboratory and Sampling service. There will be an initial development phase in which working hours of 9am to 5pm Monday to Friday and duties relating to the development of the service will apply until the operational phase commences.
The role requires flexibility in terms of working hours as the role holder will be required to participate in standard hours working rosters to cover Laboratory operational hours of 8am to 8pm Monday to Friday. There is also a service commitment to providing laboratory cover on weekends and Public Holidays. When required to perform weekend/public holiday work this will be infrequent as part of a defined rota and in addition to the standard working week. Rostered work performed outside 8am to 8pm Monday to Friday will be remunerated as a roster participation allowance.
Main Duties and Responsibilities:
• Assist with delivery of a high-quality service to UÉ and its customers, with processes complying with the requirements of the EPA, INAB, ISO17025 standards, regulatory requirements, and the management system.
• Responsible for the analysis of samples for chemical analyses in their area.
• Participate in the weekend and public holiday roster within the Chemistry laboratories when required, per approved rotas.
• Participate in the development, verification, and validation of new and existing methodologies for the analysis of waters and related samples in UÉ, as required.
• Responsible for participation in proficiency testing (PT) Schemes in their area.
• Drive cost efficiency and quality, challenging and developing solutions for improvements to existing practices and adopting industry best practice.
• Timely reporting, review, and authorisation of laboratory test results (including statements of conformity where applicable) in their department, in compliance with the Quality System, ISO17025 and regulatory requirements.
• Undertake and participate in risk assessments (H&S and operational) in their area, according to ISO17025, UÉ and QMS requirements, as required.
• Participate in internal audits according to ISO17025 and QMS requirements, as required.
• Undertake and participate in nonconforming work investigations according to ISO17025 and QMS requirements, as required.
• Perform equipment trouble shooting, maintenance and checks as trained and directed, ensuring the equipment is fit for purpose, in compliance with ISO 17025.
• Preparation of standards and quality controls and monitoring of performance (for example, control charts, calibration curves) in their area, as required.
• Establish and maintain positive, professional working relationships with the Laboratory team and supporting UÉ HR policies and initiatives.
• Work collaboratively with Line Manager, team and with wider STS and UE stakeholders to deliver strategic objectives.
• Monitor and report KPIs for processes as assigned.
• Responsible for carrying out any other duties which the Technical Manager may reasonably request.
• Adhere to all HSQE plans, policies and procedures.
General Duties and Responsibilities
• Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business
• Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards
• Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives
• Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann's Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation
• Other duties as required
Knowledge, Skills and Experience:
• Third Level qualification in a Science discipline relevant to their area of expertise.
• Minimum of 3 years relevant experience within their area of expertise, preferably in an ISO17025 testing laboratory or similar: Organic Chemistry
• Demonstrate knowledge of current analytical best practices and procedures within their area of expertise: Organic Chemistry. For example (but not limited to): Pesticides, PFA's and VOC,s etc.
• Expertise in the following would be desirable GC-MS, LC-MS, GC-MS Headspace, GC-FID/ECD etc.
• Knowledge of ISO17025 accreditation process and requirements desirable.
• Experience of Laboratory Quality Management Systems (QMS) and Laboratory Information Management Systems (LIMS).
• Able to work to deadlines and adapt to changing conditions and ambiguity, generating effective and pragmatic solutions to new situations and problems as they are presented
• Proven track record in identifying opportunities for process improvements and innovation
• Highly motivated individual, working to the highest professional and ethical standards and with proven ability to deliver results and communicate information to others.
• Strong analytical skills and ability to identify and analyse problems and potential improvements and propose and implement solutions
• Ability to develop effective partnerships with a wide range of stakeholders and ability to look for and listen to diverse perspectives
• Demonstrate the ability to fix safety issues quickly and look for improvements in line with business strategy
The closing date for receipt of applications for this vacancy is 14/11/2025.
Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.
*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.
Uisce Éireann is an equal opportunities employer.
We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.