Tá Comharchumann Shailearna Teo. ag lorg iarratais do phost lánaimseartha mar Oibrí (barista) i mBlaisín (Trucail caife).
Bheadh sé mar bhuntáiste don iarrthóir:
* Taithí san earnáil bhia (Barista) a bheith aige/aici nó a bheith sásta traenáil barista a dhéanamh.
* Cáilíocht i gcúrsa Sábháilteacht Bia & Sláinteachas (HACCP) nó a bheith sásta an cháilíocht a bhaint amach.
Cuirfear deiseanna meantóireachta san earnáil (Barista) ar fáil más gá don té a cheapfar sa bpost.
Tá líofacht Gaeilge riachtanach don phost. Is post lánaimseartha é agus íocfar an té a cheapfar ráta pá idir €15 - €16 in aghaidh na huaire ag braith ar a thaithí.
Tugtar tuilleadh eolais ar shonraí an phoist trí ríomhphost a sheoladh chuig nó glaoch ar
Ba cheart litir iarratais chomh maith le CV a sheoladh roimh an 5:00i.n., Dé hAoine 28ú Samhain, 2025 chuig
Job Type: Full-time
Pay: €15.00-€16.00 per hour
Benefits:
* On-site parking
Language:
* Irish (required)
Work Location: In person