Jobs
My ads
My job alerts
Sign in
Find a job Employers
Find

Nautical safety instructor

Dublin
Bord Iascaigh Mhara
Instructor
Posted: 7 February
Offer description

Teagascóir Scileanna Muirí
Tá áthas ar Bhord Iascaigh Mhara / BIM fáilte a chur roimh iarratais ó dhaoine atá cuícháilithe agus a bhfuil taithí chuí acu don phost seo a leanas:
Teagascóir Scileanna Muirí
(Ardoifigeach Feidhmiúcháin; Buan)
Maidir le BIM
Is comhlacht leathstáit neamhthráchtála é BIM a bunaíodh go foirmiúil faoi reacht (An tAcht Iascaigh Mhara, ****) agus is gníomhaireacht de chuid na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) é.
Is é BIM gníomhaireacht Stáit na hÉireann a bhfuil freagracht air as tionscal bia mara na hÉireann a fhorbairt.
Tá sé d'aidhm ag straitéis BIM feabhas a chur ar iomaíochas earnáil bia mara na hÉireann trí dhíriú ar na cúig phríomhthosaíocht straitéiseacha seo a leanas: Inbhuanaitheacht, Scileanna, Nuálaíocht, Iomaíochas, Ceannaireacht.
Tá ceithre aonad gnó san eagraíocht: Seirbhísí Teicniúla Bia Mara, Seirbhísí Corparáideacha, Seirbhísí Forbartha agus Nuálaíochta, Seirbhísí Eacnamaíocha agus Straitéiseacha, agus tacaíonn an Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin leo sin.
Tá Ceannoifig Bhord Iascaigh Mhara i nDún Laoghaire, Co.
Bhaile Átha Cliath.
D'fhonn tacú leis an earnáil bia mara, tá cuid d'fhoireann BIM lonnaithe go straitéiseach sna pobail cois cósta a mbíonn siad ag freastal orthu, lena n-áirítear oifigí i nGaillimh agus sna Cealla Beaga.
Ina theannta sin, tá dhá Choláiste Náisiúnta Oiliúna BIM lonnaithe sa Chaisleán Nua, Co.
Dhún na nGall agus i mBaile Chaisleáin Bhéarra, Co.
Chorcaí.
Cur síos gairid ar an Ról
Beidh an Teagascóir Scileanna Muirí bunaithe i gColáiste Náisiúnta Iascaigh BIM, an Caisleán Nua, agus is é cuspóir an róil réimse oiliúint ghairmiúil a chur ar fáil do phearsanra agus do mhic léinn an tionscail bia mara, a chuirtear ar fáil go príomha sa choláiste ar an gCaisleán Nua, chomh maith le lasmuigh den láithreán de réir mar is gá.
Tacaíonn an oiliúint seo le hearnáil bia mara sábháilte agus gairmiúil in Éirinn.
Cuirfidh an Teagascóir Scileanna Muirí réimse oiliúna ar fáil i réimsí éagsúla amhail Garchabhair Bhunúsach STCW, Teicnící Marthanais Phearsanta, Comhrac Dóiteáin & Cosc Dóiteáin STCW (deimhnithe), Ard-Chomhrac Dóiteáin STCW, Sábháilteacht Phearsanta agus Freagracht (Oiliúint Sábháilteachta Feabhsaithe agus Raidió GMDSS).
Tuarastal
I gcomhréir leis an Scála Tuarastail atá ceadaithe ag an Roinn Airgeadais don Earnáil Phoiblí, beidh raon tuarastail €58,847 – €74,112 (amhail an 1 Lúnasa ****) i gceist in aghaidh na bliana pro-rata i ndáil leis an am a bheidh oibrithe.
An tSlí chun iarratas a dhéanamh:
Ba chóir C.V. iomlán chomh maith le litir iarratais agus foirm iarratais chomhlánaithe ina ndéantar cur síos ar thaithí agus scileanna a bhaineann leis an bpost, a sheoladh ar ríomhphost chuig [emailprotected] .
Tabhair ar aird nach nglacfar le hiarratais a bheidh déanach.
Is é 16 Feabhra **** an dáta Deiridh a nglacfar le hIarratais.
Tá tuairisc iomlán ar an bpost, agus an fhoirm iarratais atá de dhíth le fáil anseo .
Má bhíonn aon cheist agat nó má bhíonn eolas breise de dhíth ort, déan teagmháil le [emailprotected] .
Is fostóir comhdheiseanna é BIM, agus táimid tiomanta do chinntiú go bhfuil rochtain iomlán agus chothrom ag gach iarrthóir earcaíochta, mar is féidir a sholáthar le réasún.
Má theastaíonn aon tacaíocht nó cóiríocht uait mar chuid den phróiseas earcaíochta, déan teagmháil linn go díreach ag [emailprotected] .
#J-*****-Ljbffr

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save
Similar job
English instructor wanted
Dublin
beBeeTeaching
Instructor
Similar job
Senior salesforce instructor | industry solutions/omistudio
Dublin
Salesforce, Inc.
Instructor
Similar job
Senior instructor: commerce & revenue cloud
Dublin
Salesforce
Instructor
Similar jobs
Education jobs in Dublin
jobs Dublin
jobs County Dublin
jobs Leinster
Home > Jobs > Education jobs > Instructor jobs > Instructor jobs in Dublin > Nautical Safety Instructor

About Jobijoba

  • Company Reviews

Search for jobs

  • Jobs by Job Title
  • Jobs by Industry
  • Jobs by Company
  • Jobs by Location

Contact / Partnership

  • Contact
  • Publish your job offers on Jobijoba

Legal notice - Terms of Service - Privacy Policy - Manage my cookies - Accessibility: Not compliant

© 2026 Jobijoba - All Rights Reserved

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save