Jobs
My ads
My job alerts
Sign in
Find a job Employers
Find

Oibreoir margaidh / market operator

Dublin
EirGrid plc
Operator
€40,000 - €60,000 a year
Posted: 11h ago
Offer description

Oibreoir margaidh

Is sinne na daoine atá taobh thiar d’eangach leictreachais na hÉireann. Ach ní hé sin go léir, táimid anois ag athrú an chórais cumhachta do na glúine atá le teacht. Táimid ag díriú ar shábháilteacht, ar shlándáil agus ar iontaofacht. An timpeallacht oibre atá againn, tá sí dúshlánach, gluaiseann sí go tapa, tá sí comhoibritheach agus tá sí dírithe ar an bhfoireann. Is í an fheidhmíocht, an t‑eolas agus an fhorbairt leanúnach a thiomáineann ár gcultúr. Agus níl ansin ach tús ár scéil. Táimid anois ag athrú an chórais cumhachta do na glúine atá le teacht. Má tá tú chomh maith, déan teagmháil linn.


An Fhoireann

Tá an Fheidhm Oibríochtaí Margaidh freagrach as Margadh Leictreachais Aonair comhtháite Eorpach a oibriú agus a fheabhsú ar fud oileán na hÉireann, margadh a ligfidh do ghineadóirí agus do chuideachtaí soláthair leictreachas a cheannach agus a dhíol roimh an dáta seachadta agus ina ndiaidh sin praghsanna a ríomh a bhfuil feidhm acu maidir le cothromú fíor‑ama soláthair agus éilimh.

Áirítear leis sin oibriú na margaí lá roimh ré agus ionlae agus Oibríochtaí Cothromaithe Margaidh. Gníomhaíocht shuntasach is ea anailís a dhéanamh ar iompraíocht an mhargaidh, i bhfianaise scála an airgid atá á déanamh, ~ €10bn in aghaidh na bliana, agus mhéid na dtacar sonraí a ghintear. Feidhmíonn na margaí ar bhonn 365 lá agus gineann siad tacair shuntasacha sonraí síos go réiteach cúig nóiméad.

Ba mhaith leis an bhFeidhm Oibríochtaí Margaidh daoine aonair a earcú ar spéis leo a ngairm a chur chun cinn sa tionscal fuinnimh. Le nádúr criticiúil na hoibre a dhéan ar, agus leis an taithí a sholáthraíonn sé, tá deiseanna gairme spreagúla ar fáil.


An Deis

Tá ról lárnach ag an Oibreoir Margaidh maidir leis an raon iomlán oibre a sheachadadh laistigh den fhoireann Oibríochtaí Margaidh, lena n‑áirítear an deasc trádála a oibriú agus monatóireacht a dhéanamh uirthi.

Sa ról seo beidh tú ag obair go dlúth le soláthraithe seirbhíse chun na torthaí ó na margaí mórdhíola éagsúla a oibriú agus a fhíorú. Ní mór don Oibreoir Margaidh formhaoirseacht a choinneáil ar ghníomhaíochtaí ceantála na n‑oibríochtaí margaidh uile le linn na gceantanna agus idirchaidreamh dlúth a dhéanamh le páirtithe leasmhara chun saincheisteanna oibríochtúla a réiteach, faoi sprioc‑amanna an‑docht go hiondúil. Áirítear ar na páirtithe leasmhara sin an Lárionad Náisiúnta Rialaithe, bainistíocht Oibríochtaí Margaidh agus TF inmheánach, chomh maith le hidirghníomhú le páirtithe seachtracha lena n‑aire – soláthraithe seirbhíse, trádálaithe, oibreoir chóras na Ríochta Aontaithe, úinéirí idirnascairí agus oibreoirí margaidh eile san Eoraip/sa Ríocht Aontaithe.


Príomhfhreagrachtaí

* Príomhsheiceálacha laethúla a dhéanamh agus a chinntiú go n‑oibríonn próisis chóras an mhargaidh go rianúil agus i gcás ina sainaithnítear saincheisteanna, féachaint leis an tsaincheist a réiteach laistigh de pharaiméadair chomhaontaithe nó géarú de réir mar is gá.
* I gcás nach bhfuil réiteach na saincheiste soiléir, bain úsáid as taithí agus eolas chun réitigh fhéideartha a shainaithint agus téigh i dteagmháil le baill foirne shinsearacha chun aghaidh a thabhairt uirthi.
* Teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara inmheánacha agus/nó seachtracha chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna maidir le hoibriú an mhargaidh.
* Faireachán a dhéanamh ar phríomhghníomhaíochtaí margaidh amhail ceantanna agus tuarascálacha a fhoilsiú chun cruinneas agus tráthúlacht a áirithiú.
* Faireachán a dhéanamh ar chóras an mhargaidh ag ionchur sonraí agus ag bailíochtú aschur chun cruinneas a áirithiú.
* Dul i dteagmháil le custaiméirí i gcás ina bhfuil sonraí ar iarraidh agus timréitigh a chur ar fáil chun sonraí a chur isteach.
* Ticéid teagmhais a ardú ar an gcóras agus páirtithe inmheánacha agus seachtracha a chomhordú chun saincheisteanna a réiteach.
* Rannpháirtíocht réamhghníomhach i gcruinnithe coiste laethúla teagmhais le Hibre na Margaidh Eorpacha, a dhéanann ionadaíocht thar ceann EirGrid.
* Oibriú go dlúth leis an Ionad Náisiúnta Rialaithe agus le hIonad Rialaithe Theach an Chaisleáin Riabhághra chun saincheisteanna a thagann chun cinn i bhfíor‑am a réiteach agus géarú chuig Ceann Foirne de réir mar is cuí.
* Tástáil ingleachtacht úsáideora a dhéanamh ar eisiúintí córais (oiliúint iomlán curtha ar fáil).
* Próisis, nósanna imeachta agus seicliostaí a athbhreithniú agus a fheabhsú chun feabhas leanúnach a sholáthar.
* Anailís a dhéanamh ar thorthaí an mhargaidh agus tuarascálacha a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha araon.
* A áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais rialála uile agus gníomhaíochtaí ceantála margaidh á ndéanamh.


Eolas fút féin

Beidh na nithe seo a leanas ag na hiarrthóirí a n‑éireoidh leo:

* De ghnáth, taithí 3 bliana ar ról oibríochtúil sonraí agus/nó criticiúil.
* Cumas uimhriúil agus anailíseach láidir.
* Bainistiú éifeachtach ama chun sprioc‑amanna dochta a bhaint amach i dtimpeallacht atá ag gluaiseacht go tapa.
* Aird láidir ar mhionsonraí.
* Excel agus Visual Basic ar Ardleibhéal.
* Taithí ag baint úsáide as ilchórais ag an am céanna agus an cumas córais éagsúla a fhoghlaim agus a oibriú d'fhonn monatóireacht a dhéanamh ar fhorghníomhú an phróisis agus é a réiteach.
* Sárscileanna cumarsáide agus sármhuinín chun oibriú go trasfheidhmiúil i dtimpeallacht ghnó.
* An cumas oibriú go héifeachtach laistigh de thimpeallacht foirne faoi bhrú ama le cur chuige solúbtha oibre.
* Scileanna láidre i dtáirgí MS Office agus i gcórais bhainistíochta comhad e.g. SharePoint.


Market Operator

We are the people behind Ireland’s electricity grid. But that’s not all, we are now transforming the power system for future generations. Our focus is on safety, security, and reliability. Our work environment is challenging, fast-moving, collaborative and team orientated. Our culture is driven by performance, knowledge, and continual development. And that’s just the beginning of our story. We are now transforming the power system for future generations.

Our future has never looked more exciting. And this is an incredible opportunity to be part of it. The world is ready for change. If you are too, join us.


The Team

The Market Operations Function is responsible for operating and enhancing the European integrated Single Electricity Market across the island of Ireland that allows generators and supply companies to buy and sell electricity ahead of the delivery date and subsequently the calculation of prices that apply for the real time balancing of supply and demand. This includes the operation of the day‑ahead and intraday markets and the Balancing Market Operations. Analysing market behaviour is a significant activity, given the scale of money being transacted, ~ €10bn per annum, and the size of datasets generated. The markets operate on a 365‑day basis and generate significant datasets down to five‑minute resolution.


The Opportunity

The Market Operator plays a key role in delivery of the full range of work within the Market Operations team, which includes operating and monitoring the trading desk.

This role will see you work closely with service providers to operate and verify the results from the various wholesale markets. The Market Operator must maintain oversight of all market operations auction activities during the auctions and liaise closely with stakeholders to resolve operational issues, typically to very tight deadlines. These stakeholders include the National Control Centre, Market Operations management and internal IT, in addition to interacting with external parties including service providers, traders, the UK system operator, interconnector owners and other European/UK market operators.


Key Responsibilities

* Perform key daily checks and ensure market system processes operate smoothly and where issues are identified, seek to resolve the issue within agreed parameters or elevate as necessary.
* Where resolution of issue is not clear, use experience and knowledge to identify potential solutions and engage with senior team members to address.
* Engage with internal and/or external stakeholders to address market operation queries.
* Monitor key market activities such as auctions and publication of reports to ensure accuracy and timeliness.
* Monitor the market system inputting data and validating outputs to ensure accuracy.
* Engage with customers where data is missing and provide workarounds for data submission.
* Raise incident tickets on the system and coordinate internal and external parties to resolve issues.
* Proactive participation in daily incident committee meetings with European Market Operators, representing EirGrid.
* Work closely with the National Control Centre and Castlereagh House Control Centre to resolve issues where they arise in real‑time and escalace to Team Lead as appropriate.
* Perform user acceptance testing of system releases (full training provided).
* Review and enhance processes, procedures, and checklists to provide continuous improvement.
* Perform analysis on market outcomes and produce reports for both internal and external stakeholders.
* Ensure compliance with all regulatory requirements in performing market auction activities.


About You

* Typically, 3 years’ experience in a data and/or critical operational role.
* Strong numerical and analytical ability.
* Effective time management to achieve strict deadlines in a fast‑paced environment.
* Strong attention to detail.
* Advanced level Excel and Visual Basic.
* Experience using multiple systems at the same time and ability to learn and operate various systems in order to monitor and troubleshoot process execution.
* Excellent communication skills and confidence to work cross‑functionally in a business environment.
* Ability to work effectively within a team environment under time pressures with a flexible work approach.
* Strong skills in MS Office products and file management systems e.g. SharePoint.

Má mheasann tú go bhfuil na scileanna agus an taithí agat atá ábhartha don phost seo, uaslódáil do CV agus litir chumhdaigh (in aon doiciméad amháin) le do thoil.

If you believe you have the skills and experience relevant for this position, please upload your CV and a cover letter (in one document).

An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais / Closing date for applications: 14ú 2025 / 14th November 2025

Táimid tiomanta don éagsúlacht agus don ionchuimsiú in EirGrid. Aithnímid an neart a thagann ó fhórsa saothair éagsúla a bheith ann agus an tábhacht a bhaineann le cultúr tacúil chun go mbainfidh ár bpobal i gcoitinne barr a gcumais amach. Dearadh ár n‑greasáin éagsúlachta agus ionchuimsithe chun cultúr ionchumsitheach a chruthú chun go mbeidh brástintchomhúnta ar ár bpobal uile ag an obair.

Mar fhostóir comhdheiseanna, fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine ó gach cineál cúlra. Cuirtear socruithe réasúnta ar fáil ag gach chéim dár bpróiseas earcaíochta.

We're dedicated to diversity and inclusion at Eirgrid. We recognise the strength that comes from having a diverse workforce and the importance of a supportive culture for all our people to achieve their potential. Our diversity and inclusion networks have been designed to create an inclusive culture that enables our people to feel a sense of belonging at work. As an equal opportunities’ employer, we welcome applications from people of all backgrounds. Reasonable accommodations are offered at every stage of our recruitment process.

#J-18808-Ljbffr

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save
Similar job
Packaging operator (6 months contract)
Dublin
Viatris
Operator
€40,000 - €60,000 a year
Similar job
Specification of standards of performance in electricity distribution system operator licence d[...]
Dublin
Commission for Regulation of Utilities
Operator
€40,000 - €60,000 a year
Similar job
Night shift operator
Dublin
Applegreen
Operator
€25,000 - €35,000 a year
Similar jobs
Engineering jobs in Dublin
jobs Dublin
jobs County Dublin
jobs Leinster
Home > Jobs > Engineering jobs > Operator jobs > Operator jobs in Dublin > Oibreoir Margaidh / Market Operator

About Jobijoba

  • Company Reviews

Search for jobs

  • Jobs by Job Title
  • Jobs by Industry
  • Jobs by Company
  • Jobs by Location

Contact / Partnership

  • Contact
  • Publish your job offers on Jobijoba

Legal notice - Terms of Service - Privacy Policy - Manage my cookies - Accessibility: Not compliant

© 2025 Jobijoba - All Rights Reserved

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save