Jobs
My ads
My job alerts
Sign in
Find a job Employers
Find

Senior lead engineer - capacity market design - future markets

EirGrid plc
Lead engineer
Posted: 25 January
Offer description

Senior Lead Engineer - Capacity Market Design - Future Markets (E2026188)
Is muide a fheidhmíonn eangach leictreachais na hÉireann. Feidhmíonn muid an córas cumhachta le leibhéil den scoth ginte in-athnuaite aisioncronaigh athraithigh, le cinntiú go mbíonn cumhacht ag gach duine nuair a theastaíonn sé uathu. Ach ní hé sin bun agus barr an scéil, tá muid anois ag tabhairt faoi chlaochlú an chórais chumhachta do na glúnta inár ndiaidh. Agus níl ansin ach an tús. Tá cusp ó ir t á bhachtach againn. Is é sin claochlú an chórais chumhachta le cur ar chumas á rsocha í asta í carbóin in a laghdú agus á r spriocanna athraithe aer á ide agus neodrachta a bhaint amach.
Glac páirt sa chlaochlú seo!
Cuspóir an Róil
Tá foireann na Margaí Amach Anseo freagrach as ceannaireacht smaointeoireachta a sholáthar maidir le hathruithe margaidh a theastaíonn chun na spriocanna leictreachais inathnuaite a bhaint amach. Tá sí freagrach chomh maith as cláir mhóra oibre a sheacadadh chun athruithe atá faofa ag na húdaráis rialála a chur i bhfeidhm.
Tá roinnt phríomhthionscadal idir lámha ag an bhfoireann faoi láthair, lena n-áiríonn iad seo;

Future Arrangements for System Services: Mar chuid den tionscadal seo tá socruithe nua á bhforbairt chun Seirbhísí Córais nuálaíochta a sholáthar a bheidh fíorthábhachtach agus athrú oibríochtaí á chur i bhfeidhm chun ligean d’feidhmiú an chórais chumhachta le leibhéil níos airde teicneolaíochta ísealcharbóin agus chun ár spriocanna inathnuaite a bhaint amach do 2030.
Sceidealú agus Seoladh: Faoin tionscadal seo, tá athruithe dearaidh á bhforbairt dár gcórais chroímhargaí agus oibríochtúla chun athruithe a chur i bhfeidhm a bhaineann le hathnuaiteáin neamhthosaíochta seolta mar a shainmhínítear iad sa Phacáiste Fuinnimh Ghlain, ag feabhsú seoltaí gaoithe, agus uasdátuithe ar an bpróiseas sceidealaithe agus seolta chun réitigh nua stórála fuinnimh a thabhairt isteach, chomh maith le foinsí ísealcharbóin támhaí agus soláthar cúltacaí agus seirbhísí córas ó nuatheicneolaíochtaí.
Comhtháthú Eorpach: Ó tharla an Breatimeacht, níl an margadh uile-oileáin leictreachais comhtháite leis an AE. Nuair a thosófar ag feidhmiú an Idirnascaire Cheiltigh in 2026, beimid comhtháite arís leis an AE, agus beidh gá le hathruithe suntasacha margaidh dá bharr.
SEM-GB: Tá an margadh SEM idirnasctha le margadh na Breataine Móire. Tá obair leanúnach idir lámha chun socruithe iar-Bhreatimeachta a fhorbairt.
Clár Margaidh Acmhainneachta: Cuimsíonn an clár athruithe seo roinnt sruthanna oibre lena n-áirítear rannpháirtíocht acmhainneachta trasteorann, athruithe oibríochtúla agus dícharbónú i gcomhar leis an tionscal, le rialtóirí agus páirtithe leasmhara.
Aistriú an mhargaidh iomaíoch go margadh Neodrach: Forbairt seasaimh ar pholasaí leictreachais chun astaíochtaí carbóin neodracha a bhaint amach faoin mbliain 2050, i gcomhar leis an gCoimisiún um Rialúcháil Fóntais agus leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Polasaí Taraifí: Tacú le forbairt socruithe nua taraifí agus comhordú na freagartha ar threoracha an AE maidir le taraifí agus an cur chuige maidir le táillí líonra a laghdú.

Chomh maith leis na tionscadail seo, cuireann an fhoireann ceannaireacht smaointeoireachta agus comhairle ar fáil don chuid eile den ghnó maidir le hathruithe tábhachtacha margaidh a theastaíonn chun tacú le spriocanna an rialtais 80% de RES-E a bhaint amach faoi 2030 agus díriú ar athruithe margaidh le bheith neodrach ó thaobh carbóin de.
Due to the unique nature of the all-island electricity market our team are solving challenges before they are experienced elsewhere in the world. This is therefore a unique opportunity to work alongside world-leading experts and play a key role in our transition to a secure and low carbon energy future.
Príomhfhreagrachtaí
Foireann dhinimiciúil atá i bhFoireann na Margaí Amach Anseo a bunaíodh chun Clár oibre ilbhliantúil a sheachadadh. Is é aidhm na foirne leasuithe tábhachtacha a sheachadadh a theastaíonn ar chórais agus próisis EirGrid le comhlíonadh reachtaíocht an AE a chinntiú, mar a leagtar amach i Rialachán CEP 2019/943 Ailt 12 & 13, agus le tacú le spriocanna na hÉireann a bhaint amach maidir le gníomhú ar son na haeráide agus cúrsaí inathnuaite. I measc phríomhghnéithe an róil seo tá:

Trí bheith ag obair go dlúth le sruthanna oibre eile, treoraítear tionscaidí éagsúla chun cur chuige comhordaithe agus éifeachtúil a chinntiú maidir le tionscnaimh na Margaí Amach Anseo a chur i gcrích, lena n-áirítear clár oibre ilbhliantúil.
Comhoibriú leis an bhfoireann agus leis an eagraíocht trí chéile chun príomhchuspóirí tionscadal a bhaint amach lena ndéanfar athruithe ar an Dearadh Margadh Acmhainneachta atá ann faoi láthair.
Forbairt an dearaidh le haghaidh socruithe trasteorann don Mhargadh Acmhainneachta a stiúradh, rud a chinnteoidh go mbeidh na margaí i gcomhréir le rialacháin an Aontais Eorpaigh.
An nuashonrú ar Chód an Mhargaidh Acmhainneachta a stiúradh chun athruithe dearaidh ó SEMC maidir le dícharbónú a léiriú.
Tacú leis an rannpháirtíocht leis na ranna rialtais maidir le Státchabhair.
Tacú le beartas margaidh fadtéarmach agus anailís deartha fhadtéarmach le fianaise samhaltúcháin.
Samhaltú na n-athruithe atá beartaithe ar an Margadh Acmhainneachta a stiúradh.
Ullmhú agus cur i láthair ábhar d’ardchaighdeán do pháirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha a stiúradh.
Cur ar fáil tuairiscí ar dhul chun cinn a don bhainistíocht a stiúradh; maoirsiú a dhéanamh ar athruithe agus ar uasdátuithe riachtanacha chun aschuir éifeachtach don tionscadal a chinntiú.
Solúbthacht a léiriú trí thacaíocht a chur ar fáil d’fhoireann níos leithne na Margaí Amach Anseo.
Iompar agus gníomhartha a thaispeáint a thacóidh go réamhghníomhach agus go dearfach leis an gcultúr atá á fhorbairt againn.
Caidrimh láidre agus éifeachtacha a fhorbairt le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha.
Dualgais eile ó a chomhlíonadh am go chéile, de réir mar a thagann siad aníos.

Saineolas, Scileanna agus Taithí

Céim san innealtóireacht, sa mhatamaitic, san fhisic, san anailísíocht chainníochtúil, san eacnamaíocht nó cáilíocht ábhartha eile le taithí 6 bliana tar éis na céime.
Taithí leathan ar an Margadh Acmhainneachta ar oileán na hÉireann nó i dtír eile san Aontas Eorpach.
Taithí ar shamhaltú leordhóthairsa m.sh. ERAA nó NERA srl.
Taithí ar thiontú rialacha ardleibhéil deartha/rialacha atá réidh le tiontú ina sonraíochtaí le haghaidh rannpháirtíocht le díoltóirí.
Sárscileanna réitigh fadhbanna agus anailíse.
Tuiscint láidir ar an bpróiseas modhnuithe le haghaidh Chód an Mhargaidh Acmhainneachta.
Tuiscint láidir ar an bpróiseas a bhaineann le Ceantáil an Mhargaidh Acmhainneachta.
Taithí chuimsitheach ar dhréachtú ginearálta, ar scríbhneoireacht agus ar thuairiscí teicniúla agus neamhtheicniúla a chur i láthair.
Scileanna cruthaithe cumarsáide agus tionchair le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha.
Solúbthacht agus cumas réimse leathan ceisteanna a láimhseáil ag an am céanna.
Sárscileanna idirphearsanta agus cumas cruthaithe oibre éifeachtaí mar chuid d’fhoireann.
Tuiscint láidir ar an Margadh Aonair Leictreachais.

Job Relationships
Reporting to the Head of Future Markets, supported by a Team Lead.
Closing date for applications: 06/02/2026
If you believe you have the skills and experience relevant for this position, please upload your CV and a cover letter. We want to hear from you.
EirGrid is an Equal Opportunities Employer
#J-18808-Ljbffr

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save
Similar job
Senior lead engineer
EirGrid Group
Lead engineer
Similar job
Senior lead engineer
EirGrid Group
Lead engineer
Similar job
Lead engineer
Kildare
Rent A Recruiter
Lead engineer
Similar jobs
jobs Leinster
Home > Jobs > Engineering jobs > Lead engineer jobs > Lead engineer jobs in Leinster > Senior Lead Engineer - Capacity Market Design - Future Markets

About Jobijoba

  • Company Reviews

Search for jobs

  • Jobs by Job Title
  • Jobs by Industry
  • Jobs by Company
  • Jobs by Location

Contact / Partnership

  • Contact
  • Publish your job offers on Jobijoba

Legal notice - Terms of Service - Privacy Policy - Manage my cookies - Accessibility: Not compliant

© 2026 Jobijoba - All Rights Reserved

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save