Tá ról faoi leith ag Grúpa EirGrid sa chlaochlú radacach ar ár gcóras cumhachta mar chuid den aistriú chuig an bhfuinneamh inathnuaite. Teastóidh iarrachtaí ceannródaíochta innealtóireachta chun é seo a bhaint amach, agus acmhainn mhéadaithe TF chun freagairt go héifeachtach do scála an bhunathraithe seo. Fágann sé seo go bhfuil deis iontach ann do ghairm TF a fhorbairt agus ról tábhachtach a imirt i gclaochlú TF Ghrúpa EirGrid. Is gnó muid a chuireann an bhéim ar chúrsaí TF, agus cuireann muid córais speisialaithe den chéad scoth, atá riachtanach dár ngnó, ar fáil 24/7. Agus muid ag bogadh i dtreo an fhuinnimh ísealcharbóin amach anseo, tá deis anseo do'anailísí gnó an-tionchar a imirt mar chuid dár bhfoireann Phortfóilió agus Rannpháirtíochta TF. Cuspóir an Róil Tá foireann na Margaí Amach Anseo freagrach as ceannaireacht smaointeoireachta a sholáthar maidir le hathruithe margaidh a theastaíonn chun na spriocanna leictreachais inathnuaite a bhaint amach. Tá sí freagrach chomh maith as cláir mhóra oibre a sheachadadh chun athruithe atá faofa ag na húdaráis rialála a chur i bhfeidhm. Tá roinnt phríomhthionscadal idir lámha ag an bhfoireann faoi láthair, lena n-áirítear-Socruithe Amach Anseo do Sheirbhísí Córais: Mar chuid den tionscadal seo tá socruithe nua á bhforbairt chun Seirbhísí Córais nuálaíochta a sholáthar a bheidh fíorthábhachtach agus athrú oibríochtúil á chur i bhfeidhm chun ligean d'fheidhmiú an chórais chumhachta le leibhéil níos airde teicneolaíochta ísealcharbóin agus chun ár spriocanna inathnuaite a bhaint amach do 2030. Sceidealú agus Seoladh: Faoin tionscadal seo, tá athruithe dearaidh á bhforbairt dár gcórais chroímhargaí agus oibríochtúla chun athruithe a chur i bhfeidhm a bhaineann le hathnuaiteáin neamhthosaíochta seolta mar a shainmhínítear iad sa Phacáiste Fuinnimh Ghlain, ag feabhsú seoltaí gaoithe, agus uasdátuithe ar an bpróiseas sceidealaithe agus seolta chun réitigh nua stórála fuinnimh a thabhairt isteach, chomh maith le foinsí ísealcharbóin támhaí agus soláthar cúltacaí agus seirbhísí córas ó nuatheicneolaíochtaí. Comhtháthú Eorpach: Ó tharla an Breatimeacht, níl an margadh uile-oileáin leictreachais comhtháite leis an AE. Nuair a thosófar ag feidhmiú an Idirnascaire Cheiltigh in 2026, beimid comhtháite arís leis an AE, agus beidh gá le hathruithe suntasacha margaidh dá bharr. SEM-GB: Tá an margadh SEM idirnasctha le margadh na Breataine Móire. Tá obair leanúnach idir lámha chun socruithe iar-Bhreatimeachta a fhorbairt. Aistriú an mhargaidh iomaíoch go margadh Neodrach: Forbairt polasaí leictreachais chun astaíochtaí carbóin neodracha a bhaint amach faoin mbliain 2050, i gcomhar leis an gCoimisiún um Rialáil Fóntais agus leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Forbairt Margaidh Acmhainneachta: Forbairt Sásra Acmhainneachta, i gcomhar leis an earnáil, le rialtóirí agus le páirtithe leasmhara. Polasaí Taraifí: Forbairt socruithe nua taraifí agus comhordú na freagartha ar threoracha an AE maidir le taraifí agus an cur chuige maidir le táillí líonra a laghdú. Chomh maith leis na tionscadail seo, cuireann an fhoireann ceannaireacht smaointeoireachta agus comhairle ar fáil don chuid eile den ghnó maidir le hathruithe tábhachtacha margaidh a theastaíonn chun tacú le spriocanna an rialtais 80% de RES-E a bhaint amach faoi 2030 agus díriú ar athruithe margaidh le bheith neodrach ó thaobh carbóin de. A bhuí leis an nádúr éagsúil a bhaineann leis an margadh uile-oileáin leictreachais, tá ár bhfoireann ag sárú dúshlán sula dtagann siad aníos in aon áit eile ar domhan. Deis faoi leith atá anseo, mar sin, oibriú le saineolaithe atá ar thús cadhnaíochta agus ról ríthábhachtach a imirt inár n-aistriú chuig todhchaí shlán agus ísealcharbóin fuinnimh. Príomhfhreagrachtaí Foireann dhinimiciúil atá i bhFoireann na Margaí Amach Anseo a bunaíodh chun Clár oibre ilbhliantúil a sheachadadh. Is é aidhm na foirne leasuithe tábhachtach a sheachadadh a theastaíonn ar chórais agus próisis EirGrid le comhlíonadh reachtaíocht an AE a chinntiú, mar a leagtar amach i Rialachán CEP 2019/943 Ailt 12 & 13, agus le tacú le spriocanna na hÉireann a bhaint amach maidir le gníomhú ar son na haeráide agus cúrsaí inathnuaite. I measc phríomhghnéithe an róil seo tá:Comhoibriú leis an bhfoireann agus leis an eagraíocht trí chéile chun príomhchuspóirí tionscadal a bhaint amach Anailís a dhéanamh ar pholasaí margaidh an AE chun a thionchar ar an SEM agus ar mhargaí níos leithne leictreachais ar oileán na hÉireann a mheas. Staidpháipéir polasaí a fhorbairt ina dtugtar léargas ar sheasamh EirGrid maidir le forbairtí polasaí san AE. Ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna na hÉireann i ngrúpaí comhordaithe leictreachais an AE. Tacú le hullmhú agus le cur i láthair ábhar d'ardchaighdeán do pháirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha. Tacú le tuairiscí ar dhul chun cinn a chur ar fáil don bhainistíocht; maoirsiú a dhéanamh ar athruithe agus ar uasdátuithe riachtanacha chun aschuir éifeachtacha don tionscadal a chinntiú. Solúbthacht a léiriú trí thacaíocht a chur ar fáil d'fhoireann níos leithne na Margaí Amach Anseo. Iompar agus gníomhartha a thaispeáint a thacóidh go réamhghníomhach agus go dearfach leis an gcultúr atá á fhorbairt againn. Caidrimh láidre agus éifeachtacha a fhorbairt le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha. Dualgais eile ó a chomhlíonadh am go chéile, de réir mar a thagann siad aníos. Saineolas, Scileanna agus Taithí Céim san innealtóireacht, sa pholaitíocht, san eacnamaíocht nó cáilíocht ábhartha eile le taithí 6 bliana tar éis na céime. Taithí ar fhorbairt staidpháipéar polasaí. Tuiscint láidir ar institiúidí agus ar phróiseas rialála an AE. Sárthaithí ar dhréachtú ginearálta, ar scríbhneoireacht agus ar thuairiscí teicniúla agus neamhtheicniúla a chur i láthair. Scileanna cruthaithe cumarsáide agus tionchair le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha. Solúbthacht agus cumas réimse leathan ceisteanna a láimhseáil ag an am céanna. Sárscileanna idirphearsanta agus cumas cruthaithe oibre éifeachtaí mar chuid d'fhoireann. Tuiscint ar an Margadh Aonair Leictreachais. Caidrimh Oibre Ag tuairisciú don Cheannasaí ar Mhargaí na Todhchaí, le tacaíocht ó Cheannaire Foirne Dáta Druidte le haghaidh iarratas: 06/02/2026
Má cheapann tú go bhfuil na scileanna agus an taithí ábhartha agat don ról seo, iarrtar ort do CV agus litir chumhdaigh a uaslódáil.Fostóir Comhdheiseanna is ea EirGrid EirGrid Group has a unique role to play in leading this radical transformation of our power system in support of the transition to renewable energy. This will require pioneering engineering effort together with highly secure IT capability to respond successfully to the scale of disruption. This offers a unique opportunity to further your career in cybersecurity while playing a significant role in protecting critical national infrastructure. We're an IT intensive business, and we operate a state-of-the-art, specialised business-critical systems, 24/7. Our future has never looked more exciting and this is an incredible opportunity to be part of it. The world is ready for change. If you are too, join us. Job Purpose The Future Markets team is responsible for providing thought leadership in relation to market changes needed to deliver on the renewable electricity targets and is also responsible for delivering large programmes of work to deliver on changes approved by the regulatory authorities. There are currently several key projects which the team is delivering on including.Future Arrangements for System Services: This project is developing new arrangements for the procurement of innovative System Services which will be vital in facilitating operational change which will allow the power system to be operated with increasingly high levels of low carbon technologies and in achieving our 2030 renewables targets. Scheduling and Dispatch: This project is developing design changes to our core market and operational systems to deliver on changes associated with the treatment of non-priority dispatch renewables defined in the Clean Energy Package, making improvements on wind dispatch, and updates to scheduling and dispatch process to incorporate new energy storage solutions, low carbon sources of inertia, and the provision of reserves and systems services from new technologies. European Integration: Since Brexit the all-island electricity market is no longer integrated with the EU. Once the Celtic Interconnector goes live in 2026, we will be integrated again to the EU, and this will require significant market changes. SEM-GB: The SEM market is interconnected with the GB market. Work is ongoing to develop post-Brexit arrangements Competitive market transition to Net Zero: The development of electricity policy in achieving net zero carbon emissions by 2050, in conjunction with the Commission for Regulation of Utilities (CRU) and Department of the Environment, Climate and Communications (DECC). Capacity Market Development: The development of the Capacity Renumeration Mechanism, in collaboration with industry, regulators and stakeholders Tarriff Policy: The development of new tariff arrangements and co-ordinate the response to EU guidance on tariffication and approach to reducing network charges. In addition to these projects the team delivers thought leadership and advice to the rest of the business around key market changes needed to support the government targets of getting 80% of RES-E by 2030 and a focus on market changes to deliver on net carbon zero. Due to the unique nature of the all-island electricity market our team are solving challenges before they are experienced elsewhere in the world. This is therefore a unique opportunity to work alongside world leading experts and play a key role in our transition to a secure and low carbon energy future. Key Responsibilities The Future Markets team is a dynamic team which has been set up to deliver a multi-year Programme of work. The team's function is to deliver key modifications required for EirGrid's systems and processes to ensure compliance with EU legislation as set out in CEP Regulation 2019/943 Articles 12 & 13 and to support the delivery of Ireland's climate action and renewables targets. Key features of this role are to:Work collaboratively across the team and the wider organisation in the delivery of key project objectives .Analyse EU market policy to determine the impact on the SEM and wider electricity markets on the island of Ireland. Develop policy position papers that outline the position of EirGrid regarding EU policy developments. Represent Irelands interests on the EU's electricity coordination groups. Support the preparation and presentation of quality materials to internal and external stakeholders. Support the delivery of progress reports to management; oversee the changes and updates required to deliver on effective outcomes for the project. Demonstrate flexibility by providing support to the wider Future Markets team. Demonstrate the behaviours and actions that will proactively and positively support the culture that we are building. Develop strong and effective relationships with key internal and external stakeholders.Carry out other duties as may be assigned from time to time. Knowledge, Skills, and Experience Degree in engineering, politics, economics or other relevant qualification with 6 years post degree experience. Experience in the development policy position papers. Strong understanding of EU institutions and the EU regulatory process Excellent experience in general drafting, writing and presenting technical and non-technical reports. Demonstrated communication and influencing skills with internal and external stakeholders. Flexibility and agility to manage a wide range of issues at the same time. Excellent interpersonal skills and a proven ability to work effectively as part of a team.Understanding of the Single Electricity Market Job Relationships Reporting to the Head of Future Markets, supported by a Team Lead. Closing date for applications: 06/02/2026
If you believe you have the skills and experience relevant for this position, please upload your CV and a cover letter. We want to hear from you.EirGrid is an Equal Opportunities Employer