Tá an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus Oifi g an Choimisinéara Teanga anois ag earcú Príomhoifi gigh Chúnta le líofacht sa Ghaeilge dá n-oifi gí sna Forbacha agus ar an Spidéal, i nGaeltacht na Gaillimhe.Tá mar aidhm ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta (RFTPG) forbairt tuaithe agus pobail agus Gaeltachta agus an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá freagracht uileghabhálach ar an Roinn as an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm. I measc Phríomhghnéithe na Straitéise tá cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, chomh maith leis an Phlean Náisiúnta tras-rialtais um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge, an Plean Digiteach don Ghaeilge agus an Straitéis do na hEalaíona Teangabhunaithe.Beidh iarrthóirí a cheapfar go rathúil chun na Roinne, beidh siad freagrach do Phríomhoifi geach, agus beidh ról lárnach acu i gcur i bhfeidhm pholasaithe na Roinne agus an Rialtais ó thaobh na Gaeltachta agus na Gaeilge, agus ról acu freisin i bhforbairt polasaithe nua don earnáil.Feidhmíonn Oifig an Choimisinéara Teanga mar sheirbhís ombudsman agus gníomhaireacht chomhlíontachta i dtaca le seirbhísí stáit trí Ghaeilge agus cuireann sí béim ar chearta teanga an phobail agus ar cheanglais teanga an chórais stáit. Cuireann seirbhís neamhspleách d'ardchaighdeán ar fáil agus ag comhlíonadh ceanglais reachtúla an Choimisinéara ó thaobh comhlíontacht an stáit maidir le cearta teanga a chinntiú.Tá na sonraí ar fad faoin ról, riachtanais incháilitheachta ar leith san áireamh, ar fáil ar Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratais chomhlíonta ná 3in ar Dé Luain an 17ú Samhain 2025.Táimid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus spreagann muid iarratais faoi gach ceann de na 9 bhforas faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta.