Jobs
My ads
My job alerts
Sign in
Find a job Employers
Find

Anailísí rialachais pmo/ portfolio governance analyst

EirGrid plc
Analyst
€80,000 - €100,000 a year
Posted: 17h ago
Offer description

Overview

Anailísí Rialachais PMO/ Portfolio Governance Analyst (E2026059) - Is muide a fheidhmíonn eangach leictreachais na hÉireann. Feidhmíonn muid an córas cumhachta le leibhéil den scoth ginte in-athnuaite aisioncronaigh athraithigh, le cinntiú go mbíonn cumhacht ag gach duine nuair a theastaíonn sé uathu. Ach ní hé sin bun agus barr an scéil, tá muid anois ag tabhairt faoi chlaochlú an chórais chumhachta do na glúnta inár ndiaidh.

Agus níl ansin ach an tús. Tá cuspóir tábhachtach againn. Is é sin claochlú an chórais chumhachta le cur ar chumas ár sochaí astaíochtaí carbóin a laghdú agus ár spriocanna athraithe aeráide agus neodhranta a bhaint amach.

Glac páirt sa chlaochlú seo!

An Fhoirean

Mar fhreagairt ar na hathruithe agus ar na deiseanna ar scála nach bhfacthas riamh cheana i dtionscal an leictreachais, tá EirGrid tar éis Straitéis Ghnó a fhorbairt i gcomhréir le beartais an rialtais. Tá sé mar bhunchuspóir againn an Córas Cumhacht a Chlaochlú do na Glúnta atá le teacht agus é mar phríomhsprioc againn comhoibriú ar Inbhuanaitheacht agus Dícharbónú leis an Earnáil Leictreachais ar fud an Oileáin.

An Deis

Tá deis nua iontach againn d’Anailísí Rialachais Punainne Oifig Bainistíochta Clár (PMO) a thuairisceoidh do Cheann Foirne Rialachais Punainne PMO, chun dul isteach in EirGrid.

Mar Anailísí Rialachais Punainne PMO, tacóidh tú le Ceann Foirne Rialachais Punainne PMO atá freagrach as pleanáil fhadtéarmach claochlaithe a chur chun cinn do chláir straitéiseacha EirGrid trí bhainistiú clár, rialachas agus ailíniú gnó den chéad scoth.

Beidh tú i do dhlúthchuid d’fhoireann Rialachais Punainne PMO – foireann ildisciplíneach atá freagrach as an méid seo a leanas:

* Tosaíocht a thabhairt do phunann clár straitéiseach bliantúil agus í a bhainistiú
* Modheolaíochtaí, caighdeáin agus rialachas seachadta comhsheasmhacha a chinntiú
* Rioscaí, spleáchais agus feidhmíocht ar leibhéal punainne a bhainistiú
* Tacú le tuairisciú ar leibhéal feidhmiúcháin a fhorbairt maidir le stádas, torthaí agus tairbhí an chláir

I gcomhréir le spriocanna straitéiseacha EirGrid, féachfaimid chugat barr feabhais seachadta a chur chun cinn, luach gnó a chinntiú, agus cinnteoireacht éifeachtach a chumasú trí rialachas agus léargas láidir.

Tuairiscíonn an ról don Cheann Rialachais Punainne, a bhfuil freagracht air as próisis bhainistíochta tionscadail a dhearadh agus a chur chun feidhme, tuairisciú tionscadail a chomhthiomsú agus tacú le Ceann na hOifige Bainistíochta Clár, agus pleanáil fhadtéarmach claochlaithe a chur chun cinn do chláir straitéiseacha CTTOnna trí bhainistíocht clár, rialachas agus ailíniú gnó den chéad scoth.

Fút Féin

Riachtanach

* Cáilíocht ag leibhéal na céime nó a comhionann
* 3+ bliain de thaithí laistigh de ról den chineál céanna
* Taithí ar mhodheolaíocht Bainistíochta Tionscadail Prince2 a úsáid
* Taithí láidir ar thionscadail a sheachadadh thar raon leathan teicneolaíochtaí agus tírdhreacha casta
* Sárscileanna bainistíochta agus cumarsáide le páirtithe leasmhara
* Scileanna réitigh fadhbanna agus anailíseacha den scoth
* Scileanna pleanála agus bainistíochta ama an-eagraithe le haird den scoth ar mhionsonraí

Inmhianaithe

* Eolas ar uirlisí, modhanna agus dea-chleachtais bainistithe tionscadal
* Bheadh cáilíocht bainistíochta tionscadail aitheanta an-tairbheach m.sh. PRINCE2, PMP agus araile
* Bheadh taithí ar bheith ag obair i dtimpeallacht Lúfar agus/nó tuiscint ar choincheapa Lúfar ina buntáiste; agus
* Bheadh eolas ar earnáil an fhuinnimh ina bhuntáiste ach ní bheadh sé ina cheanglas
* Bheadh sé inmhianaithe taithí a fháil ar léarscáileanna próisis, sreabhchairteacha, doiciméadacht maidir le riachtanais úsáideoirí a fhorbairt
* Bheadh eolas ar earnáil an fhuinnimh ina bhuntáiste ach ní bheadh sé ina cheanglas

Closing date for applications

07/11/2025

We’re dedicated to diversity and inclusion at Eirgrid. We recognise the strength that comes from having a diverse workforce and the importance of a supportive culture for all our people to achieve their potential. Our diversity and inclusion networks have been designed to create an inclusive culture that enables our people to feel a sense of belonging at work.

As an equal opportunities’ employer, we welcome applications from people of all backgrounds. Reasonable accommodations are offered at every stage of our recruitment process

#J-18808-Ljbffr

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save
Similar job
Sap mm analyst
Dublin
Permanent
Innovative Tech People
Analyst
£43,800 - £50,800 a year
Similar job
Senior analyst deal operations
BENTLEY SYSTEMS, INC.
Analyst
Similar job
Senior financial crime risk oversight analyst
Dublin
TD Bank
Analyst
€80,000 - €100,000 a year
Similar jobs
jobs Leinster
Home > Jobs > Service jobs > Analyst jobs > Analyst jobs in Leinster > Anailísí Rialachais PMO/ Portfolio Governance Analyst

About Jobijoba

  • Company Reviews

Search for jobs

  • Jobs by Job Title
  • Jobs by Industry
  • Jobs by Company
  • Jobs by Location

Contact / Partnership

  • Contact
  • Publish your job offers on Jobijoba

Legal notice - Terms of Service - Privacy Policy - Manage my cookies - Accessibility: Not compliant

© 2025 Jobijoba - All Rights Reserved

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save