Description
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
An Ról:
Is bunchloch í an fheidhm Oibríochtaí Sócmhainní maidir le seachadadh seirbhíse do chustaiméirí, an comhshaol a chosaint agus na caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar réimse feidhme na nOibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil agus nósanna imeachta na n-oibriúchán caighdeánach le haghaidh oibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce go náisiúnta agus go réigiúnach, rud a chinntíonn go gcuirtear luach ar airgead agus ar sheirbhís do chustaiméirí ar fáil.
Soláthraíonn feidhm na Tacaíochta Oibríochtaí cumas ríthábhachtach chun soláthar na seirbhíse do chustaiméirí a chur chun cinn, chomh maith le bheith freagrach as formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú go héifeachtach agus freagrach as bonneagar agus próisis éifeachtacha gnó a sholáthar agus a bhainistiú ag leibhéal náisiúnta chun tacú le himeachtaí oibriúcháin ag leibhéal an tsuímh.
Tá an fhoireann Bainistíochta Oibríochtúla Tráchtála agus Conarthaí dírithe go príomha ar dheimhin a dhéanamh de go mbíonn an éifeachtacht agus an éifeachtúlacht is fearr á mbaint amach ag Oibríochtaí Sócmhainní Uisce Éireann óna chuid socruithe conarthacha lena soláthraithe agus conraitheoirí. Tuairisceoidh an Ceannaire Teicniúil Oibríochtúil Tráchtála & Éifeachtúlachtaí don Bhainisteoir Oibríochtúil Tráchtála & Éifeachtúlachtaí.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
* Comhordú foghrúpaí éifeachtúlachta lena mbaineann raon éagsúil geallsealbhóirí ó chúlraí teicniúla, innealtóireachta, oibríochtúla agus airgeadais. Clúdóidh foghrúpaí príomhréimsí fócais m.sh. Fuinneamh, Sloda, Ceimiceáin, Scaird-Dhíleáil, Cíos Gléasra, DTO agus R&M.
* 'Clár Deiseanna' gníomhach a thiomsú, a nuashonrú agus a thuairisciú le haghaidh idirghabhálacha éifeachtúlachta a ghineann gach foghrúpa.
* Tacaíocht tráchtála a sholáthar do bhaill fhoghrúpa éifeachtúlachta i ndáil le tograí idirghabhála éifeachtúlachta lánchostais a fhorbairt lena mbreithniú/le ceadú. Anailís tráchtála ar thograí teicniúla/innealtóireachta arna ndéanamh ag baill an fhoghrúpa.
* Idirchaidreamh le foirne Oibríochtaí Sócmhainní Tráchtála & Éifeachtúlachta & Airgeadais i ndáil le bailíochtú tograí idirghabhála éifeachtúlachta arna bhforbairt ag foghrúpaí clár éifeachtúlachta.
* Athbhreithniú leanúnach ar RACI, beartais agus léarscáileanna próiseas don phróiseas éifeachtúlachta ó thús go deireadh.
* Freagrach as pacáistí oibre a threorú laistigh de straitéis chliste costais oibríochtúil Uisce Éireann foriomlán, chun cabhrú le tuiscint a fháil ar an gcostas ba chóir a bheith ar rudaí agus an praghas ceart le híoc chun sócmhainní a oibriú agus a chothabháil a bheith ar eolas agat.
* Feabhsuithe ar thuairisciú agus ar phróisis a sheachadadh mar chuid de straitéis Uisce Éireann chun tuiscint níos fearr a fhorbairt ar chostais chonartha agus ábhar agus na huirlisí a fhorbairt le bheith in ann a thuar cathain agus cén fáth a dtarlaíonn athruithe costais agus chun tionchar oibriúcháin Phlean Infheistíochta Caipitil UÉ a thuiscint, i.e. cad a mbíonn tionchar aige orthu agus conas is féidir linn gníomhú chun costais a laghdú e.g. forchostais, ábhair, boilsciú agus réamhaisnéisí costais comhsheasmhacha agus iontaofa a sheachadadh.
* Tacaigh leis an mBainisteoir Tráchtála agus Éifeachtúlachta maidir le maoirseacht agus monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht airgeadais fheidhm Oibríochtaí Sócmhainní, lena n-áirítear saincheisteanna agus tuairisciú P2P a bhaineann leis an bpróiseas buiséid bliantúil.
* Tacaigh leis an gcumas anailíseach tráchtála chun go mbeidh tú in ann léargais sonraí agus tuairisciú a úsáid go héifeachtach chun feabhsú leanúnach a spreagadh i ngnéithe tráchtála ghníomhaíochtaí Oibríochtaí Sócmhainní.
* Feabhsúcháin a shainaithint agus a chur chun cinn go réamhghníomhach sna limistéir thráchtála agus chomhlíontachta ar fud Oibríochtaí Sócmhainní agus ullmhacht á cinntiú d'iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha. Oibríochtaí Sócmhainní a ionadú, de réir mar is gá, ag fóraim rialachais ábhartha (e.g. EAC, an Grúpa Athbhreithnithe).
* Glac ról gníomhach i bpróiseas míosúil Rialachais an AO maidir le páipéir fhormheasa Oibríochtaí Sócmhainní ag dul ar aghaidh chuig Coistí an Bhoird, an EAC nó na bhFo-Choistí EAC.
* Teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha mar is gá chun a chinntiú go mbíonn tuiscint shoiléir ann ar spriocanna agus ar chuspóirí na Tacaíochta Oibríochtaí Sócmhainní, agus na hiompraíochtaí cearta á spreagadh trína ndéantar caidreamh comhoibritheach a éascú laistigh den AE.
* Ardaigh rioscaí agus saincheisteanna de réir mar is iomchuí leis an mBainisteoir Tráchtála agus Éifeachtúlachta
Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta
* Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ
* Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompraíochtaí dearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh.
* Tacú le soláthar Chlár Uisce Éireann um Bunathrú, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.
* Ceannaireacht shoiléir a chur ar fáil do d'fhoireann, iad a chóitseáil agus a fhorbairt chun barr a gcumais a bhaint amach agus cuspóirí gnó a sholáthar, comhoibriú a chur chun cinn agus béim a chur ar na hiompair a bhfuiltear ag súil leo ó gach duine ar an bhfoireann.
* Dualgais eile nuair is gá.
Eolas, Scileanna agus Taithí:
* Tá cáilíocht nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe m.sh. Céim i Suirbhéireacht Chainníochta, Innealtóireacht, Gnó/Bainistíocht Airgeadais, nó réimse gaolmhar, nó taithí ábhartha.
* Tá taithí ábhartha 5 bliana ar a laghad riachtanach. Tá taithí sa tionscal uisce nó fóntas nó i dtionscail chosúla eile inmhianaithe
* Oibrímid níos fearr le cheile - Ní mór a bheith in ann comhpháirtíochtaí éifeachtacha straitéiseacha a fhorbairt agus a chothú le príomhpháirtithe leasmhara laistigh agus lasmuigh den chomhlacht.
* Cuntas teiste cruthaithe maidir le déileáil le ceisteanna casta, go réamhghníomhach agus go pras, chomh maith leis an gcumas faisnéis chasta a chur in iúl do dhaoine eile.
* Déanaimid an rud ceart – duine atá spreagtha, a oibríonn ar na caighdeáin phroifisiúnta is airde ag a bhfuil an cumas cruthaithe torthaí a sholáthar
* Scileanna anailíseacha láidre agus an cumas fadhbanna agus feabhsúcháin fhéideartha a shainaithint agus a anailísiú agus réitigh a mholadh agus a chur i bhfeidhm.
* Inoiriúnaitheacht agus cumas fócas agus treo a athrú le bheith ag teacht le straitéis agus le riachtanais ghnó a léiriú.
* Tá muid uaillmhianach - réimsí nua feabhais a shainaithint go réamhghníomhach agus faisnéis agus scileanna nuafhoghlamtha a úsáid sa phost.
Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo ná 13/02/2026.
Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.
*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.
We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland's national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.
Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland's social and economic growth.
We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.
Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland's water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.
The Role:
The Asset Operations function forms the cornerstone of service delivery to customers, protecting the environment and meeting regulatory standards as well as managing the majority of operational expenditure. The Asset Operations function has responsibility for operational and maintenance strategy, policies, planning and standard operating procedures for Water and Wastewater operations both nationally and regionally, ensuring that value for money and customer service is delivered.
The Operations Support function provides essential capability to drive service delivery to customers, is accountable for efficiently managing the majority of operational expenditure and has responsibility for providing and managing effective business infrastructure and processes at a national level to support operational activities at site level.
The main focus of the Operational Commercial and Contract Management team is to ensure Uisce Éireann Asset Operations is realising optimum effectiveness and efficiency from its commercial and contractual arrangements with its suppliers and contractors. The Operational Commercial & Efficiencies Technical Lead will report to the Operational Commercial & Efficiencies Manager.
Main Duties and Responsibilities:
* Coordination of efficiency sub-groups involving a diverse range of stakeholders from technical, engineering, operational & financial backgrounds. Sub-groups will cover key focus areas e.g. Energy, Sludge, Chemicals, Jetting, Plant Hire, DBO and R&M.
* Compiling, updating, and reporting on an active 'Register of Opportunities' for efficiencies interventions generated by each sub-group.
* Providing commercial support to efficiency sub-group members in relation to developing fully costed efficiency intervention proposals for consideration/approval. Commercial analysis of technical/engineering proposals made by sub-group members.
* Liaison with Asset Operations Commercial & Efficiencies & Finance teams in relation to the validation of efficiency intervention proposals developed by efficiency program sub-groups.
* On-going review of RACI, policies and process maps for the end-to-end efficiencies process.
* Responsible for leading work packages within the overall Uisce Éireann operational cost intelligent strategy, to help understand what things should cost and know the right price to pay to operate and maintain assets.
* Deliver reporting and process improvements as part of the Uisce Éireann strategy to develop a better understanding of contract and material costs and developing the tools to be able to predict when and why cost changes occur and to understand the opex impact of the UÉ Capital Investment Plan, i.e. what influences them and how we can take action to reduce costs e.g. overheads, materials, inflation and delivering consistent and reliable cost predictions.
* Support the Commercial and Efficiencies Manager in overseeing and monitoring the financial performance of the Asset Operations function, including annual budget process P2P issues and reporting.
* Support the commercial analytical capability to be able to effectively utilise data insights and reporting to drive continuous improvement in the commercial aspects of Asset Operations activities.
* Proactively identify and drive improvements in the commercial and compliance areas across Asset Operations ensuring readiness for internal and external audits. Represent Asset Operations, as required, at relevant governance fora (e.g. EAC, Review Group).
* Take an active role in the monthly AO Governance process for Asset Operations approval papers going forward to Board, EAC or Sub-EAC Committees.
* Engage with internal and external stakeholders as required to ensure goals and objectives of the Asset Operations Support are clearly understood, whilst driving the right behaviours that facilitate a collaborative relationship within UE.
* Raise risks and issues as appropriate to the Commercial and Efficiencies Manager
General Duties and Responsibilities
* Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business
* Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards.
* Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives.
* Provide visible leadership for your team, coaching and developing them to achieve their full potential and deliver business objectives, promoting collaboration and highlighting the behaviours that are expected from everyone in the team.
* Other duties as required.
Knowledge, Skills and Experience:
* Relevant third level qualification or accreditation is desirable e.g. Degree in Quantity Surveying, Engineering, Business/Finance Management, or related area, or relevant experience
* A minimum of 5 years' relevant experience is required. Experience in the water, utilities or similar industries is desirable.
* We work better together - ability to develop and maintain effective strategic partnerships with key stakeholders internally and externally.
* Proven track record with dealing with complex issues, proactively and in a timely fashion along with the ability to communicate complex information to others.
* We do the right thing - highly motivated individual, working to the highest professional standards and with proven ability to deliver results.
* Strong analytical skills and ability to identify and analyse problems and potential improvements and propose and implement solutions.
* Demonstrate adaptability and the ability to change focus and direction in line with business strategy and requirements.
* We aim high - proactively identifying new areas of improvement and using newly gained knowledge and skill on the job.
The closing date for receipt of applications for this vacancy is 13/02/2026.
Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.
*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.
Uisce Éireann is an equal opportunities employer.
We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.