Jobs
My ads
My job alerts
Sign in
Find a job Employers
Find

Comhordaitheoir comhlíontachta uisce óil agus fuíolluisce

Uisce Éireann
Posted: 1 February
Offer description

DescriptionIs sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, is cinnte gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.An Ról:Tá an fheidhm Rialacháin Comhshaoil freagrach as bainistíocht rialacháin agus comhlíonta comhshaoil laethúil. Tríd an bhfeidhm déantar monatóireacht ar chomhlíonadh an líonra uisce agus fuíolluisce, agus ar na hoibreacha cóireála, imrítear tionchar ar bheartas comhshaoil seachtrach agus bainistítear caidrimh le páirtithe leasmhara seachtracha. Cuireann Rialachán Comhshaoil saineolas ar fáil do ghnó Uisce Éireann i dtaobh tionchar a imirt ar bheartas comhshaoil agus páirtithe leasmhara a bhainistiú maidir le rialachán comhshaoil a dhéanann difear do chleachtais Uisce Éireann. Cuireann an fheidhm saineolas rialála ar fáil don chuideachta, lena n-áirítear an Fhoireann Shinsearach Ceannaireachta, maidir le gach gné de rialachán comhshaoil. Cuireann an fhoireann tacaíocht ar fáil maidir le hathruithe reachtaíochta agus rialála a rachaidh i bhfeidhm ar bheartais Uisce Éireann amach anseo.Freagrach don Bhainisteoir Réigiúnach Comhlíontachta Uisce Óil, tá an Comhordaitheoir Comhlíontachta Uisce Óil agus Fuíolluisce freagrach as sábháilteacht agus caighdeán an uisce óil a chinntiú agus sceitheadh sábháilte fuíolluisce go dtí an timpeallacht a chinntiú trí thacaíocht a thabhairt do na foirne réigiúnacha comhlíontachta uisce óil agus fuíolluisce.Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:• Tacú le Pleananna Náisiúnta um Shampláil a fhorbairt agus a chothabháil.• Freagrach as seachadadh an Phlean Náisiúnta um Shampláil a rianú agus idirchaidreamh a dhéanamh leFoirne Réigiúnacha chun tuilleadh cinnteoireachta a éascú.• Idirchaidreamh a dhéanamh leis an bhfoireann Chomhlíontachta chun sainriachtanais forbartha córais a shainaithint.• Gníomhú mar phointe teicniúil teagmhála d'fhorbróirí agus d'anailísithe gnó TF. Tástáil Inghlacthachta Úsáideoirí a dhéanamhar chórais le linn na forbartha.• Cabhrú le hardréitigh maidir le hanailís sonraí a fhorbairt agus a chothabháil chunbainistíocht sonraí comhlíontachta agus riachtanais tuairiscithe a éascú.• Athbhreithniú a dhéanamh ar shonraí maidir le monatóireacht Chomhlíontachta, ar theagmhais, ar fhiosrúcháin chomhlíontachta, ar Chomhaid GCCagus ar shonraí gearáin agus tacú leis an gCeanncheathrú agus le foirne Réigiúnacha trí anailís treochta, tuairisciú agus idirchaidreamh a dhéanamh chun gníomhaíochtaí leantacha a éascú.• Tacú le socruithe tuairiscithe náisiúnta maidir le cláir chomhlíontachta,measúnuithe timpeallachta, tuarascálacha bliantúla timpeallachta, an Liosta um Beartaíocht Cheartaitheach agus an Liosta um Cheantair Tosaíochta Fuíolluisce.• Athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht anailís sonraí atá ann agus ar chórais tuairiscithe, agus feabhsuithecuí a shainaithint agus a chur i bhfeidhm.• Teagmháil rialta a dhéanamh le príomhpháirtithe leasmhara lena chinntiú go bhfuil tuiscint ilréimsiúil agus comhréiteach le príomhthosaíochtaí Comhlíontachta.• Uasdátaithe rialta maidir le dul chun cinn a chur ar fáil do Speisialtóirí Tuairiscithe.• Cabhrú le cuspóirí agus spriocanna Phlean Foirne an Rialacháin Comhshaoil agusPhlean Gnó Uisce Éireann a bhaint amach.• Aschuir a dhéanamh i bhfoirm Tuarascálacha, Treoracha, Teimpléad, Gnáthnósanna Imeachta Feidhmíochtasrl. i bhformáidí caighdeánaithe agus comhsheasmhacha a chuireann sonraí agus cinntí in iúlar bhealach córasach.• A chinntiú go dtagann córais le riachtanais atá ag teacht chun cinn sa ghnó agus faisnéis agus treoira chur ar fáil do pháirtithe leasmhara bunaithe ar aschuir ghinte an chórais.• Tacú le méadracht chomhlíontachta, PTFanna agus staidrimh náisiúnta a dhéanamh gach mí.• Faisnéis agus sonraí i bhformáid ardchaighdeáin a chur ar fáil d'fheidhmeanna agus do ranna eilede réir mar is gá chun tacú lena riachtanais.Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta • Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ• Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a chur i gcrích ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompraíochtaí dearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a chur i gcrích• Tacú le Chlár Bunathraithe Uisce Éireann a chur i gcrích, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a spreagadh, agus tacaíocht a thabhairt do chuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach• Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.• Dualgais eile de réir mar is gáEolas, Scileanna agus Taithí:• Tá cáilíocht agus / nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe, agus / nó taithí ábhartha• Tá Taithí 1 bhliain ar a laghad san earnáil uisce, fóntais nó in earnálacha chomhchosúla inmhianaithe• Scileanna láidre ríomhaireachta le heolas oibre oilte ar MS Word, Excel, PowerPoint agus Outlook• An cumas anailís a dhéanamh ar riachtanais na gcustaiméirí agus tacaíocht a sholáthar chun fadhbanna a réiteach• Cumas léirithe a bheith in ann comhoibriú le comhghleacaithe agus dearcthaí éagsúla a lorg• Cuntas teiste ar gach iarracht a dhéanamh ardchaighdeán a aimsiú agus ardchaighdeáin oibre a chinntiú i rith an ama• Scileanna sármhaithe cumarsáide ó bhéal agus i scríbhinn agus an cumas teachtaireachtaí a chur in iúl ar bhealach soiléir gonta • Cumas próisis agus nós imeachta leanúnach/a a bhunú chun eolas a bhailiú agus a athbhreithniú • Cuntas teiste maidir le cuspóirí agus beartais slándála a chomhlíonadh agus daoine eile a spreagadh chun an rud céanna a dhéanamhIs é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo ná 13/02/2026.Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas. We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland's national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland's social and economic growth.We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland's water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.The Role:The Environmental Regulation function is responsible for the day-to-day management of environmental regulation and compliance. The function monitors the compliance of the water and wastewater network, and treatment works, influences external environmental policy and manages environmental stakeholder relationships. Environmental Regulation provides expertise to the Uisce Eireann business on influencing environmental policy and managing stakeholders around environmental regulation affecting Uisce Eireann's practices. The function provides regulatory expertise to the business, including the Senior Leadership Team, in all aspects of environmental regulation. The team provides support on legislative and regulatory changes that will affect Uisce Eireann policies in the future.Reporting to the Regional Drinking Water Compliance Manager, The Drinking and Wastewater Compliance Coordinator is responsible for ensuring the safety and quality of drinking water and the safe discharge of wastewaters to the environment by supporting the regional drinking water and wastewater compliance regional teamsMain Duties and Responsibilities:• Support the development and maintenance of National Sampling Plans.• Responsible for tracking delivery of the National Sampling Plan and liaising withRegional Teams to facilitate further decision making.• Liaise with the Compliance team to identify specific system development requirements.• Act as the technical point of contact for IT business analysts and developers. UndertakeUser Acceptance Testing of systems throughout development.• Assist in the development and maintenance of advanced data analysis solutions tofacilitate compliance data management and reporting requirements.• Review Compliance monitoring data, incidents, compliance investigations, EPA Filesand complaint data and support the HQ and Regional teams by undertaking trend analysis, reporting, and liaison to facilitate follow up activities.• Support national reporting arrangements with respect to compliance programmes,environmental assessments, annual environmental reports, the Remedial Action List and Wastewater Priority Areas List.• Review the performance of existing data analysis and reporting systems, identify andimplement appropriate improvements.• Interact frequently with key internal stakeholders to ensure cross functional understanding and alignment of key Compliance priorities.• Provide regular progress updates to the Reporting Specialists.• Contribute to achieving the objectives and targets of the Environmental RegulationTeam Plan, and the Uisce Éireann Business Plan.• Generate outputs in the form or Reports, Instructions, Templates, Standard OperatingProcedures etc. in standardised and consistent formats that convey data and decisionsin a systematic manner.• Ensure systems capture and align with emerging needs of the business and provideinformation and direction to stakeholders based on the generated outputs of the system.• Support the generation of national monthly compliance metrics, KPIs, and statistics.• Provide information and data in a high quality format to other functions and departmentsas required to support their needs.General Duties and Responsibilities • Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business• Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards• Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives• Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann's Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation• Other duties as requiredKnowledge, Skills and Experience:• Relevant third level qualification and or accreditation is desirable and or relevant experience• A minimum of 1 years' Experience in the water, utilities or similar industries is desirable• Strong computer skills with a proficient working knowledge of MS Word, Excel, PowerPoint and Outlook• Ability to analyse customer needs and provide support to resolve issues• Demonstrated ability to collaborate with colleagues and look for different perspectives• Track record of striving for quality and ensuring consistently high standards of work• Excellent verbal and written communication skills with the ability to convey messages in a clear and concise manner • Ability to set up ongoing processes and procedure to collect and review information • Track record of complying with safety objectives and policies and encouraging others to do the sameThe closing date for receipt of applications for this vacancy is 13/02/2026.Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.Uisce Éireann is an equal opportunities employer.We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save
Similar jobs
jobs Connaught
Home > Jobs > Comhordaitheoir Comhlíontachta Uisce Óil agus Fuíolluisce

About Jobijoba

  • Company Reviews

Search for jobs

  • Jobs by Job Title
  • Jobs by Industry
  • Jobs by Company
  • Jobs by Location

Contact / Partnership

  • Contact
  • Publish your job offers on Jobijoba

Legal notice - Terms of Service - Privacy Policy - Manage my cookies - Accessibility: Not compliant

© 2026 Jobijoba - All Rights Reserved

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save