Job Type
Permanent
Remote Work Option
Hybrid
Category
Data analytics
Location
Dublin City, County Dublin, Ireland
Job Details
Is muide a fheidhmíonn eangach leictreachais na hÉireann. Feidhmíonn muid an córas cumhachta le leibhéil den scoth ginte in-athnuaite aisioncronaigh athraithigh, le cinntiú go mbíonn cumhacht ag gach duine nuair a theastaíonn sé uathu. Anuas air sin, táimid i mbun chlaochlú an chórais cumhachta do na glúnta atá le teacht.
Agus níl ansin ach an tús. Tá cuspóir criticiúil againn. Is é sin claochlú an chórais chumhachta le cur ar chumas ár sochaí astaíochtaí carbóin a laghdú agus ár spriocanna athraithe aeráide agus neodrachta a bhaint amach.
Bí páirteach sa chlaochlú
An Deis Ghairme
Mar fhreagairt ar na hathruithe agus na deiseanna ar scála nach bhfacthas riamh cheana i dtionscal an leictreachais, tá EirGrid tar éis Straitéis Ghnó a fhorbairt i gcomhréir le beartais an rialtais, lena n-áirítear a Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide. Tá sé mar bhunchuspóir againn an córas cumhachta a chlaochlú do na glúnta atá le teacht agus é mar phríomhsprioc againn comhoibriú ar Inbhuanaitheacht agus Dícharbónú leis an Earnáil Leictreachais ar fud an Oileáin.
Oibríonn an Phríomh-Oifig Claochlaithe, Teicneolaíochta agus Eischósta (POCTE) chun an clár claochlaithe a shamhlú, a threorú, a oiriúnú, a dhigitiú agus a fheidhmiú agus chun tacú leis, d'fhonn an córas agus an margadh cumhachta a sholáthar go dtí 2030 agus ar aghaidh, agus foinsí in-athnuaite fuinnimh á gcomhtháthú aici a oiread agus is féidir ar bhealach inbhuanaithe inacmhainne—lena n-éistear le tuairimí ó gach sraith den tsochaí. Is é sprioc dheiridh POCTE ná córas díchárbónaithe cumhachta a bhunú faoi 2050.
Tá deis nua iontach againn le haghaidh Cheann Saotharlainne Sonraí & IS le bheith mar chuid dár bhFeidhmeannas Sonraí & IS. Tagann nuálaíocht agus cur i bhfeidhm le chéile sa ról nua seo—déantar réitigh phraiticiúla de smaointe iontacha agus teicneolaíochtaí nuálaíocha chun dúshláin ghnó a réiteach sa saol mar atá.
Mar Cheann Saotharlainne Sonraí & IS, beidh tú ag forbairt agus ag treorú ár Saotharlainne nua Sonraí & IS, agus, i gcomhar lenár bhfoireann cheannaireachta ghnó, beidh ort sonraí, IS agus cruthúnas coincheap (PoCanna), as a n-eascraíonn luach inbhraite gnó, a shainaithint, a fhorbairt agus a sholáthar.
Beimid ag brath ort chun foireann ildisciplíneach a fhorbairt agus a threorú chun díriú ar rudaí nua a thriail, fréamhshamhaltú mear, agus bailíochtú inscálaithe, ag obair go dlúth le haonaid ghnó chun ailíniú, glacacht agus éifeacht intomhaiste a chinntiú.
Sa ról seo, beidh tú ag obair go dlúth le ceannairí gnó chun cásanna úsáide a nochtadh, réitigh a chomhdhearadh agus a fhorbairt, agus a chinntiú go ndéantar aistrithe chuig foirne oibríochta a reáchtáil go cuí. Beidh lúba aischothaithe á mbunú agat chun an fhoghlaim a ghabháil agus chun iarrachtaí na todhchaí a bheachtú, chomh maith le nuálaíochtaí seachtracha a mheas agus a chur in oiriúint lena dtriail go hinmheánach agus le go bhféadfaí glacadh leo, de réir mar is cuí.
Oireann an ról seo do dhuine ina bhfuil nuálaíocht go smior, a aithníonn na deiseanna a thugann sonraí agus IS dúinn agus atá ábalta a fhoireann a spreagadh chun dúshláin chasta fuinnimh a réiteach le teicneolaíocht agus léargas.
Má tá tú ar bís chun cruth a thabhairt don chumas sonraí agus IS a bheidh mar bhonn le todhchaí fuinnimh ghlain na hÉireann, seo í do dheis chun bheidh ar thús cadhnaíochta san fhís sin.
An Fhoireann
Tá an Feidhmeannas Sonraí & IS freagrach as leas a bhaint as sonraí agus IS ar bhealach stuama chun léargais a spreagadh, éifeachtacht ghnó a éascú, agus dúshláin fuinnimh atá againn faoi láthair & a bhféadfadh a bheith againn amach anseo a réiteach d'Éirinn. Tá an fhoireann freagrach as an treochlár a bhainistiú le haghaidh nuálaíochta agus claochlaithe de réir sonraí ar fud an ghnó, agus comhtháthú saoráideach IS, ardanailísíocht agus anailísíocht thuairisciúil le príomhfheidhmeanna gnó á chinntiú.
Fút féin
Bíodh na nithe seo a leanas ag na hiarrthóirí a n-éireoidh leo:
* Céim Máistir nó PhD sa Ríomheolaíocht, Eolaíocht Sonraí, IS/meaisínfhoghlaim, Innealtóireacht, nó i réimse ábhartha eile.
* Taithí 10+ mbliana san eolaíocht sonraí, IS nó anailísíocht, lena n-áirítear taithí 5+ bliana i ról ceannaireachta agus é léirithe agat arís is arís eile go bhfuil tú in ann obair a chur i gcrích go cuí.
* Taithí chruthaithe ar PoCanna a shainaithint, a fhorbairt agus a sholáthar a bhfuil éifeachtacht intomhaiste ghnó ag baint leo.
* Tuiscint leathan ar anailísíocht, meaisínfhoghlaim fheidhmeach, innealtóireacht sonraí, agus GenAI (e.g. LLMs, NLP).
* Tuiscint mhaith ar phróisis chasta ghnó agus cumas deiseanna de réir sonraí a dhéanamh díbh.
* Taithí theagmhálach ar néal-ardáin, ar phíblínte MLOps, agus ar thimpeallachtaí an fhréamhshamhaltaithe mhear
* Dearcadh tráchtála le béim láidir ar luach agus torthaí gnó a chur i gcrích.
* Sárscileanna bainistíochta agus cumarsáide le páirtithe leasmhara.
* Compordach le débhríocht agus cur chuige atriallach, meartheip i dtaca le nuálaíocht.
* Taithí ag obair ar fud réimsí gnó nó tionscal éagsúil.
* Cumas cruthaithe PoCanna rathúla a aistriú chuig córais táirgthe.
Dáta deiridh d'iarratais
[26 Meán Fómhair 2025]
Tá muid tiomanta don éagsúlacht agus don chuimsiú in EirGrid. Aithníonn muid an neart a thagann as lucht saothair éagsúil a bheith againn agus an tábhacht a bhaineann le cultúr tacúil dár ndaoine uile chun a n-acmhainneacht a bhaint amach. Dearadh ár líonraí éagsúlachta agus cuimsithe chun cultúr cuimsitheach a chruthú a chuireann ar chumas ár ndaoine muintearas a mhothú ag an obair.
Mar fhostóir comhdheiseanna, cuireann muid fáilte roimh iarratais ó dhaoine ó gach cúlra. Cuirtear socruithe réasúnta ar fáil ag gach céim dár bpróiseas earcaíochta
We are the people behind Ireland's electricity grid. We operate the power system with world leading levels of variable asynchronous renewable generation, ensuring that everyone has power when they need it. But that's not all, we are now transforming the power system for future generations.
And that's just the beginning of our story. We have a critical purpose. The purpose is to transform the power system to enable our society to reduce our carbon emissions and meet our climate change and net zero ambitions.
Be part of the transformation
The Opportunity
EirGrid has developed an ambitious Business Strategy to respond to the unprecedented level of change and opportunity in the electricity industry, aligned with the Government's policies including its Climate Action Plan. Our Purpose is to Transform the Power System for Future Generations and our primary goal is to collaborate with the Island's Electricity Sector on Sustainability and Decarbonisation.
The role of the Chief Transformation, Technology & Offshore Office (CTTO) is to vision, lead, transform, digitise, deliver and support the transformational programme to deliver the power system and market to 2030 and beyond maximising the integration of renewables in a sustainable way at an affordable cost taking on board the voices of all aspects of our society. With an ultimate target of having a decarbonised power system in advance of
We now have a new and exciting opportunity for a Data & AI Lab Lead to join our Data & AI Function. This new role bridges innovation and execution—turning promising ideas and emerging technologies into practical solutions that solve real-world business challenges.
As Data & AL Lab Lead, you will build and lead our new Data and AI Lab, and in partnership with our business leadership team, rapidly identify, develop, and deliver data, AI and analytics driven proof-of-concepts (PoCs) that generate tangible business value.
We will look to you to build and lead a multidisciplinary team focused on experimentation, rapid prototyping, and scalable validation, working closely with business units to ensure alignment, adoption, and measurable impact.
In your role, you will collaborate closely with business leaders to uncover use cases, co-design and develop solutions, and ensure successful handover to operational teams. You will establish feedback loops to capture learning and refine future efforts as well as evaluate and adapt external innovations for internal experimentation and potential adoption.
This is a role for a true innovator – someone who sees possibilities in data and AI, and who can inspire their team to solve complex energy challenges using technology and insight.
If you're excited about building the data and AI capability that will underpin Ireland's clean energy future – this is your opportunity to lead that vision.
The Team
The Data and AI Function is accountable for harnessing data and responsible AI to drive insights, enable business efficiency, and solve current & future energy challenges for Ireland. The team are responsible for managing the roadmap for data-driven innovation and transformation across the business, ensuring seamless integration of AI, advanced analytics, and descriptive analytics into core business functions.
About you
Successful candidates will have:
* Master's or PhD in Computer Science, Data Science, AI/ML, Engineering, or a related field.
* 10+ years in data science, AI, or analytics, including 5+ years in a leadership role with a strong delivery track record.
* Proven experience identifying, developing, and delivering PoCs with measurable business impact.
* Deep understanding of analytics, applied machine learning, data engineering, and GenAI (e.g., LLMs, NLP).
* Strong understanding of complex business processes and the ability to translate them into data-driven opportunities.
* Hands-on experience with cloud platforms, MLOps pipelines, and rapid prototyping environments.
* Commercial mindset with a strong focus on identifying and delivering business value and outcomes.
* Excellent stakeholder management and communication skills.
* Comfort with ambiguity and an iterative, fail-fast approach to innovation.
* Experience working across different business domains or industries.
* Track record of transitioning successful PoCs to production systems.
Closing date for applications
26th September 2025
We're dedicated to diversity and inclusion at Eirgrid. We recognise the strength that comes from having a diverse workforce and the importance of a supportive culture for all our people to achieve their potential. Our diversity and inclusion networks have been designed to create an inclusive culture that enables our people to feel a sense of belonging at work.
As an equal opportunities' employer, we welcome applications from people of all backgrounds. Reasonable accommodations are offered at every stage of our recruitment process