Jobs
My ads
My job alerts
Sign in
Find a job Employers
Find

Anailísí conarthaí oibríochtúla/operational contract analyst

Dublin
Uisce Éireann
Contract analyst
Posted: 21 December
Offer description

Description

Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.

Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.

Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.

Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.

An Ról:
Is bunchloch í an fheidhm Oibríochtaí Sócmhainní maidir le seachadadh seirbhíse do chustaiméirí, an comhshaol a chosaint agus na caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar réimse feidhme na nOibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil agus nósanna imeachta na n-oibriúchán caighdeánach le haghaidh oibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce go náisiúnta agus go réigiúnach, rud a chinntíonn go gcuirtear luach ar airgead agus ar sheirbhís do chustaiméirí ar fáil.

Tá freagracht ar an bhFoireann Tacaíochta Oibríochtaí as bonneagar agus próisis éifeachtacha ghnó a sholáthar agus a bhainistiú ar leibhéal náisiúnta chun tacú le gníomhaíochtaí oibríochtúla ar leibhéal suímh. Cinnteoidh an Ceann Tacaíochta Oibríochtaí go gcuirtear córais dhaingne phleanála oibre agus sreabhaidh oibre ó cheann go ceann i bhfeidhm go comhsheasmhach i measc na bhfeidhmeanna Oibríochtaí Sócmhainne, a bhfuil naisc éifeachtúla oibríochtúla acu i measc fheidhmeanna corparáideacha uile Uisce Éireann. Beidh freagracht ar shealbhóir an róil freisin as Nuálaíocht, Athrú agus Feabhsú a chomhordú i measc feidhmeanna Oibríochtaí Sócmhainne, agus oibreoidh siad i gcomhordú le Foirne agus Feidhmeanna Bunathraithe, Feabhsaithe Leanúnaigh agus Nuálaíochta Uisce Éireann. Tá an réimse Bainistíochta Oibriúcháin Tráchtála agus Conarthaí freagrach as réimse seirbhísí gaolmhara a sholáthar a thacaíonn le bainistíocht conarthaí oibríochtúla gus a spreagann feidhmíocht oibríochtúil.

Agus é/í freagrach don Bhainisteoir Conarthaí Oibríochtúla, tacóidh an tAnailísí Conarthaí Oibríochtúla le soláthar conarthaí agus feidhmíocht díoltóirí a bhainistiú ar fud conarthaí oibríochtúla agus soláthraithe seirbhíse ar conradh i bhfeidhm na nOibríochtaí Sócmhainní. Tacóidh sé/sí leis an bpróiseas bainistíochta conarthaí laistigh d'Uisce Éireann le haghaidh conarthaí oibríochtúla seachtracha d'fhonn an luach is fearr agus is féidir a fháil ar airgead agus a chinntiú go gcomhlíonann an conradh na riachtanais ghnó go hiomlán.

Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:


• Bheith freagrach as bainistíocht a dhéanamh ar thairiscintí conarthaí agus creataí ardluacha.

• Tacú leis an bpróiseas bainistíochta conarthaí laistigh d'Uisce Éireann chun an luach a fhaightear ó chonraitheoirí a uasmhéadú agus a chinntiú go gcomhlíonann an conradh riachtanais fheidhm na nOibríochtaí Sócmhainní go hiomlán.

• Cur le haon saincheisteanna a d'fhéadfadh teacht chun cinn i ndáil le conarthaí a réiteach agus aghaidh a thabhairt orthu, trí idirchaidreamh a dhéanamh le réimsí feidhmiúla na nOibríochtaí Sócmhainní agus le conraitheoirí, nuair is gá.

• Tacú leis na gníomhaíochtaí a bhaineann le bainistíocht conarthaí agus feidhmíocht díoltóirí ar fud conarthaí oibríochtúla agus soláthraithe seirbhíse ar conradh i bhfeidhm na nOibríochtaí Sócmhainní.

• Tacú leis an mBainisteoir Conarthaí Oibríochtúla maidir le tacaíocht tráchtála a sholáthar do bhainistíocht chreat conarthaí oibríochtúla agus conraitheoirí Uisce Éireann agus comhairle chonarthach a sholáthar maidir le héilimh, ionadaíocht ag breithiúnas/eadráin díospóidí, más cuí.

• Anailís ar phríomhthreochtaí a sholáthar agus príomhthorthaí a thuairisciú don Bhainisteoir Conarthaí Oibríochtúla ag obair go dlúth ag an am céanna leis na foirne Tráchtála agus Soláthair chun aghaidh a thabhairt ar aon saincheisteanna conarthacha nó tráchtála.

• Tacú leis an mBainisteoir Conarthaí Oibríochtúla maidir le bainistíocht a dhéanamh ar fheidhmíocht na gconarthaí oibríochtúla agus a chinntiú go gcomhlíontar na leibhéil seirbhíse riachtanacha.

• Monatóireacht a dhéanamh ar PTFanna soláthróirí agus soláthraithe lóistíochta chun feidhmíocht conarthaí bainistíochta fardail a mheasúnú.

• Bheith freagrach as idirchaidreamh a dhéanamh le foirne Oibríochtaí Sócmhainní, agus feidhmeanna eile de réir mar is gá, chun tacú le bainistíocht éifeachtach conarthaí réime oibríochtúla, agus as ceanglais chonarthacha oibríochtúla a athrú.

• Tacú leis an mBainisteoir Conarthaí Oibríochtúla agus aiseolas á iarraidh ó sholáthróirí agus ó sholáthraithe lóistíochta maidir le feidhmíocht Uisce Éireann le linn shaolré an chonartha, chun tacú leis an bhFoireann Bainistíochta Fardail maidir le cinntí a dhéanamh faoi conas feidhmíocht a fheabhsú.

• Bheith freagrach as aon dualgas eile a dhéanamh a mheastar a bheith riachtanach agus/nó de dhíth a d'fhéadfadh Ceannaire Bainistíochta na gConarthaí Oibriúcháin a iarraidh go réasúnta

• Freagrach as monatóireacht agus as tuairisciú a dhéanamh ar Phríomhtháscairí Feidhmíochta do phróisis atá faoina n-úinéireacht.

• Cloí le gach ceann de phleananna, beartais agus nósanna imeachta HSQE de chuid Uisce Éireann.

Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta


• Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do; Oibríochtaí Sócmhainní, Airgeadas, Slabhra Soláthair.

• Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompair dhearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh.

• Tacú le soláthar Chlár Uisce Éireann um Bunathrú, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.

• Ceannaireacht shoiléir a chur ar fáil do d'fhoireann, iad a chóitseáil agus a fhorbairt chun barr a gcumais a bhaint amach agus cuspóirí gnó a sholáthar, comhoibriú a chur chun cinn agus béim a chur ar na hiompair a bhfuiltear ag súil leo ó gach duine ar an bhfoireann.

• Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.

• Dualgais eile nuair is gá.

Eolas, Scileanna agus Taithí:


• Cáilíocht ábhartha tríú leibhéal i gcúrsaí airgeadais, gnó, bainistíocht an tslabhra soláthair, bainistíocht conarthaí/tráchtála nó réimse gaolmhar

• Taithí 3-5 bliana ar bheith ag obair i mBainistíocht Conarthaí, i seirbhísí uisce nó i bhfóntas eile más féidir

• Tá taithí ábhartha sa tionscal uisce nó i dtionscal na bhfóntas inmhianaithe

• Tá ardaidhm againn- Eolas láidir ar chonarthaí tráchtála

• Ardleibhéal scileanna cumarsáide scríofa agus béil

• Scileanna láidre TF lena n-áirítear inniúlacht in Microsoft Office, Cuir i Láthair PowerPoint, Excel Power BI,

• Tuiscint mhaith ar nósanna imeachta airgeadais

• Scileanna eagrúcháin agus dearcadh gairmiúil inniúil

• Oibrímid níos fearr le chéile - Taithí ar chomhpháirtíochtaí straitéiseacha éifeachtacha le príomhpháirtithe leasmhara a fhorbairt agus a chothú

• Déanaimid an rud ceart- An cumas oibriú de réir spriocdhátaí agus oiriúnú do dhálaí atá ag athrú agus do dhébhríocht, ag giniúint réitigh éifeachtacha agus phragmatacha ar chásanna agus ar fhadhbanna nua de réir mar a chuirtear i láthair iad.

Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo ná 09/01/2026.
Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.

*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.

Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.

Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.


We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland's national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.

Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland's social and economic growth.

We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.

Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland's water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.

The Role:

The Asset Operations function forms the cornerstone of service delivery to customers, protecting the environment and meeting regulatory standards as well as managing the majority of operational expenditure. The Asset Operations function has responsibility for operational and maintenance strategy, policies, planning and standard operating procedures for Water and Wastewater operations both nationally and regionally, ensuring that value for money and customer service is delivered.

The Operations Support Team has responsibility for providing and managing effective business infrastructure and processes at a national level to support operational activities at site level. The Head of Operations Support will ensure that robust end-to-end work planning and workflow systems are consistently implemented across the Asset Operations functions, with efficient operational linkages right across all of the corporate functions of Uisce Éireann.

The role-holder will also have responsibility for coordination of Innovation, Change and Improvement across the Asset Operations functions, working in coordination with Uisce Éireann Transformation, Continuous Improvement and Innovation Teams and Functions. The Operational Commercial and Contract Management area is responsible for providing a range of related services supporting operational contract management and driving operational performance.

Reporting to the Operational Contract Manager, the Operational Contract Analyst will support the management of contract delivery and vendor performance across operational contracts and contracted service providers in the Asset Operations function. They will support the contract management process within Uisce Éireann for external operational contracts in order to maximise value for money and ensure that the contract fully meets the needs of the business.

Main Duties and Responsibilities:

* Responsible for managing the tenders of high value contracts and frameworks.

* Support the contract management process within Uisce Éireann in order to maximise the value gained from contractors and that the contract fully meets the needs of the Asset Operations function.

* Contribute to addressing and resolving any issues that may arise relating to contracts, by liaising with Asset Operations functional areas and contractors, where required.

* Support the activities relating to the contract management and vendor performance across operational contracts and contracted service providers in the Asset Operations function.

* Support the Operational Contract Manager in providing commercial support to the management of the Uisce Éireann framework of operational contracts and contractors and providing contractual advice on claims, representation at adjudication/arbitration of disputes, where appropriate.

* Provide analysis of key trends and reporting of key findings to Operational Contract Manager while working closely with the Commercial and Procurement teams to address any contractual or commercial issues.

* Support the Operational Contract Manager the management of the performance of operational contracts ensuring that the required levels of service are met.

* Monitor KPI's of suppliers and logistics providers to assess performance of inventory management contracts.

* Responsible for liaising with Asset Operations teams, and other functions as required, to support the effective management of operational framework contracts, and in changing operational contractual requirements.

* Support the Operational Contract Manager when requesting feedback from suppliers and logistics providers on Uisce Éireann's performance throughout the lifecycle of the contract, to support the Inventory Management Team in making decisions on how to improve performance.

* Responsible for carrying out any other duties deemed necessary and/or required, which the Operational Contract Manager Lead may reasonably request.

* Responsible for the monitoring and reporting of KPIs for processes over which they have ownership.

* Adhere to all Uisce Éireann HSQE plans, policies and procedures.

General Duties and Responsibilities

* Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business, including but not limited to; Asset Operations, Finance, Supply Chain.

* Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards.

* Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives.

* Provide visible leadership for your team, coaching and developing them to achieve their full potential and deliver business objectives, promoting collaboration and highlighting the behaviours that are expected from everyone in the team.

* Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann's Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information, and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation.

* Other duties as required.

Knowledge, Skills and Experience:

* Relevant third level qualification in finance, business, supply chain management, contract/commercial management or a related field

* 3-5 years' experience working in Contract Management ideally in water services or another utility

* Relevant experience in the water industry or utilities industry is desirable

* We aim high- Strong knowledge of commercial contracts

* High level of written and oral communication skills

* Strong IT skills including proficiency in Microsoft Office, PowerPoint Presentations, Excel Power BI,

* Good understanding of financial procedures

* Organisational skills and a competent professional attitude

* We work better together- Experience of developing and maintaining effective strategic partnerships with key stakeholders

* We do the right thing- Able to work to deadlines and adapt to changing conditions and ambiguity generating effective and pragmatic solutions to new situations and problems as they are presented.

The closing date for receipt of applications for this vacancy is 09/01/2026.

Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.

*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.

Uisce Éireann is an equal opportunities employer.

We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save
Similar job
Senior contract analyst
Dublin
Icon
Contract analyst
Similar job
Anailísí conarthaí oibríochtúla/operational contract analyst
Dublin
Uisce Éireann
Contract analyst
Similar job
Contract analyst i
Dublin
Icon
Contract analyst
Similar jobs
Consulting jobs in Dublin
jobs Dublin
jobs County Dublin
jobs Leinster
Home > Jobs > Consulting jobs > Contract analyst jobs > Contract analyst jobs in Dublin > Anailísí Conarthaí Oibríochtúla/Operational Contract Analyst

About Jobijoba

  • Company Reviews

Search for jobs

  • Jobs by Job Title
  • Jobs by Industry
  • Jobs by Company
  • Jobs by Location

Contact / Partnership

  • Contact
  • Publish your job offers on Jobijoba

Legal notice - Terms of Service - Privacy Policy - Manage my cookies - Accessibility: Not compliant

© 2025 Jobijoba - All Rights Reserved

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save