Is sinne Uisce Éireann.
Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann.
Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail.
Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann.
Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán.
Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile.
Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre.
Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, is cinnte gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
An Ról:
Tacaíonn foireann na Punainne le bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar sholáthar chlár infheistíochta an SSB trí rialú agus rialúchán a chinntiú le bainistíocht agus córais sonraí, tuairisciú ar phróisis agus ar fheidhmíocht agus anailís lena n-áirítear bainistíocht ar cheadanna pleanála, talún, ceada slí, fóntais agus reachtúla.
Éascaíonn sé seo soláthar éifeachtach an chláir infheistíochta trí fheiceálacht chláir, bainistíocht fheasach rioscaí, anailís, dúshlán, agus cinnteoireacht a sholáthar.
Soláthraíonn an fhoireann tacaíocht shainiúil i réimsí ríthábhachtacha a éascaíonn soláthar éifeachtach, éifeachtúil inbhuanaithe phunann infheistíochta an SSB.
Agus é/í freagrach don Cheannasaí Teicniúil um Ghníomhaireachtaí agus Fóntais, tacóidh an tAnailísí Gníomhaireachtaí agus Fóntas le comhlíonadh comhaontuithe um cheadúnais oscailte Bóithre.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
Ag gníomhú mar phointe ardaithe maidir le fadhbanna ar bith a théann i bhfeidhm ar riachtanais gníomhaireachtaí agus fóntas maidir le Soláthar Bonneagair.
Tacaíocht a thabhairt don Cheannasaí Teicniúil um Ghníomhaireachtaí agus Fóntais chun riachtanais Gníomhaireachtaí agus Fóntas i dtaca le soláthraithe tríú páirtithe uile le haghaidh Soláthar Bonneagair a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le Bainisteoirí Tionscadail agus gníomhairí ábhartha.
Tuairisciú ar fheidhmíocht maidir le riachtanais Gníomhaireachtaí agus Fóntas a thiomsú agus ag gníomhú mar 'ionad ilfhreastail' maidir le soláthraithe Soláthair Bonneagair, Slabhra Soláthair agus Fóntas (an tÚdarás Bóithre, Bonneagar Iompair Éireann, BSL, an tAonad Urthrá, Iarnród Éireann, etc.)
Caidrimh a bhunú agus a chothabháil le Foirne Punann agus le soláthraithe tríú páirtí Gníomhaireachtaí agus Fóntas le haghaidh Soláthar Bonneagair, agus obair a dhéanamh i gcomhar leo, chun tacú le cur chuige comhfhoirne chun an Plean Infheistíochta Caipitil a chur i gcrích.
Taifid bheachta a chur le chéile agus a choimeád ar stádas ceaduithe, ceadúnas agus ceaduithe reachtúla uile leis na Gníomhaireachtaí agus Fóntais ábhartha.
Stádas iarratas a rianú agus a mhonatóiriú, dul i gleic le fadhbanna agus rioscaí do sholáthar a ardú ar bhonn tráthúil chuig an gCeannasaí Teicniúil um Ghníomhaireachtaí agus Fóntais.
Ag cloí le cur chuige comhsheasmhach nuair a phléitear le ceadanna, ceadúnais, agus ceaduithe reachtúla le gníomhaireachtaí ábhartha lena n-áirítear ceadúnais oscailte bóithre agus ag cinntiú go ndéantar taifead éifeachtúil orthu chun beachtas sonraí a chinntiú ar an gcóras.
Ag tacú le hIniúchtaí ar chríochnú agus ar chlabhsúr ceadanna, ceadúnas, agus ceaduithe reachtúla le gníomhaireachtaí ábhartha.
Ag tacú le cineálacha chur chuige um dhea-chleachtas a chur i bhfeidhm ar fud riachtanais uile na nGníomhaireachtaí agus na bhFóntas i Soláthar Bonneagair agus oiliúint a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha.
Cumarsáid agus comhairliúchán a dhéanamh ar fud na feidhme Soláthair Bonneagair, ar fud an Ghnólachta níos leithne agus le Comhpháirtithe Soláthair seachtracha
Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta
Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ, lena n-áirítear ach nach bhfuil teoranta do;
Oifig an POF – Dlíthiúil
Bainistíocht Sócmhainní & Inbhuanaitheacht
POO – Oibríochtaí Sócmhainní
Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompair dhearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh.
Tacú le soláthar Chlár Uisce Éireann um Bunathrú, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.
Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.
Dualgais eile nuair is gá.
Eolas, Scileanna agus Taithí:
Tá cáilíocht agus / nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe
Tá Taithí 3 bliana ar a laghad sna tionscail uisce nó fóntas nó i dtionscail chomhchosúla inmhianaithe agus / nó taithí ábhartha.
Teist cruthaithe maidir le saincheisteanna casta a réiteach, mar aon leis an gcumas faisnéis a chur in iúl do dhaoine eile.
Cumas comhpháirtíochtaí éifeachtacha a fhorbairt le raon leathan páirtithe leasmhara agus an cumas chun dearcthaí éagsúla a lorg agus éisteacht leo.
Scileanna láidre anailíse agus cumas fadhbanna a aithint agus a anailísiú agus cinntí feabhsúcháin a dhéanamh a théann chun tairbhe na foirne/pobail.
Cumas réimsí nua feabhsúcháin a aithint go réamhghníomhach agus bealaí nua a chur i bhfeidhm chun rudaí a dhéanamh.
Inoiriúnaitheacht agus an cumas béim agus treo a athrú le bheith ag teacht le straitéis agus le riachtanais ghnó a léiriú
Scileanna TF den scoth, go háirithe Excel agus Word
Taithí ar úinéireacht a ghlacadh ar fhreagrachtaí sábháilteachta agus ar chur le tionscnaimh feabhsaithe leanúnaigh.
Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo ná 21/11/2025.
Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.
*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat.
Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú.
Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.
We are Uisce Éireann.
Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland.
As Ireland's national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.
Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive.
That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland's social and economic growth.
We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland.
We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe.
Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together.
These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.
Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work.
With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland's water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.
The Role:
The Portfolio team supports the effective management of the delivery of the IDD investment programme by ensuring governance and control through data management and systems, processes and performance reporting and analysis including the management of planning, land, wayleave, utility, and statutory consents.
This enables efficient delivery of the investment programme by providing programme visibility, informed risk management, analysis, challenge, and decision making.
The team also provides expert support in key areas that enable the effective, efficient, and sustainable delivery of the IDD investment portfolio.
Reporting to the Agency and Utility Technical Lead, the Agency and Utility Analyst will support adherence to Road opening license agreements.
Main Duties and Responsibilities:
Act as an escalation point for any issues impacting agency and utility requirements for Infrastructure Delivery.
Support the Agency & Utility Technical Lead to coordinate and implement Agency & Utility requirements of all third-party utility providers for Infrastructure Delivery with the relevant Project Managers and agents.
Collate performance reporting on Agency & Utilities requirements and act as the 'one stop shop' for Infrastructure Delivery, Supply Chain and Utility providers (Roads Authority, Transport Infrastructure Ireland, ESB, Foreshore, Irish Rail etc.).
Establish and maintain relationships with, and work collaboratively with Portfolio Teams and third-party Agency & Utility providers for Infrastructure Delivery to support a joint team approach to delivering the Capital Investment Plan.
Capture and maintain accurate records of the status of all statutory consents, licences, permissions with relevant Agency & Utilities.
Track and monitor status of applications, address issues and escalate delivery risks in a timely manner to the Agency & Utility Technical Lead.
Adhere to a consistent approach when dealing with statutory consents, licences, permissions with relevant agencies including road opening licences and ensure they are captured efficiently to ensure data accuracy on the system.
Support with Audits on the completion and close out of statutory consents, licences, permissions with relevant agencies.
Support the implementation of best practice approaches across all Agency & Utility requirements in Infrastructure Delivery and the provision of training to internal and external stakeholders.
Communicate & consult across the Infrastructure Delivery function, the wider business & with external Delivery Partners.
General Duties and Responsibilities
Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business, including but not limited to;
CEO Office – Legal
Asset Management & Sustainability
COO – Asset Operations
Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards.
Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives.
Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann's Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information, and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation.
Other duties as required.
Knowledge, Skills and Experience:
Relevant third level qualification and or accreditation is desirable
A minimum of 3 years' Experience in the water, utilities or similar industries is desirable and or relevant experience
Proven track record in resolving complex issues, along with the ability to communicate information to others.
Ability to develop effective partnerships with a wide range of stakeholders and ability to look for and listen to diverse perspectives.
Strong analytical skills and ability to identify and analyse problems and make improvement decisions that benefit the team/communities.
Ability to proactively identify new areas of improvement and implement new ways to do things.
Demonstrate adaptability and the ability to change focus and direction in line with business strategy and requirements
Excellent IT skills in particular Excel and Word
Experience in taking ownership of safety responsibilities and contributing to continuous improvement initiatives.
The closing date for receipt of applications for this vacancy is 21/11/2025.
Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.
*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience.
Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.
Uisce Éireann is an equal opportunities employer.
We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this.
We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.