Description
Is sinne Uisce Éireann.
Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann.
Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail.
Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann.
Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán.
Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile.
Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre.
Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
An Ról:
Tá an fheidhm Rialacháin Comhshaoil freagrach as bainistíocht rialacháin agus comhlíonta comhshaoil laethúil.
Is éard is cúram don fheidhm seo monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíontacht chomh fada agus a bhaineann sí leis an líonra uisce is fuíolluisce agus na hoibreacha cóireála.
Tá sé de chúram ar an bhfeidhm seo, leis, dul i bhfeidhm ar bheartas comhshaoil seachtrach agus caidrimh le páirtithe leasmhara seachtracha a bhainistiú.
Cuireann Rialú Comhshaoil saineolas ar fáil do ghnó Uisce Éireann i dtaobh tionchar a imirt ar bheartas comhshaoil agus páirtithe leasmhara a bhainistiú maidir le rialacháin chomhshaoil a dhéanann difear do chleachtais Uisce Éireann.
Cuireann an fheidhm saineolas rialála ar fáil don chuideachta, lena n-áirítear an Fhoireann Shinsearach Ceannaireachta, maidir le gach gné de rialachán comhshaoil.
Cuireann an fhoireann tacaíocht ar fáil maidir le hathruithe reachtaíochta agus rialála a rachaidh i bhfeidhm ar bheartais Uisce Éireann amach anseo.
Agus é nó í ag obair faoin Maoirseoir um Rialachas Comhshaoil agus Comhordú, beidh an Comhordaitheoir Rialaithe Comhshaoil freagrach as tacaíocht riaracháin a thabhairt don fhoireann Rialaithe Comhshaoil.
Is faoin bhfeidhm riaracháin a bheidh sé cáipéisíocht rialála a bhainistiú, amlínte comhlíonta a rianú agus féachaint chuige go rianaítear agus go dtuairiscítear tascanna rialála comhshaoil atá ábhartha do gach cuid den eagraíocht.
Oibreoidh an Comhordaitheoir Rialaithe Comhshaoil i ndlúthchomhar leis an lucht bainistíochta agus le baill foirne ar na foirne náisiúnta agus réigiúnacha Rialaithe Comhshaoil, comhghleacaithe i Stiúrthóireachtaí eile san áireamh.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
• Comhaid leictreonacha agus comhaid i bhfoirm cruachóipe a eagrú agus a choinneáil suas chun dáta le gur féidir teacht orthu agus tagairt a dhéanamh dóibh go pras ar mhaithe le tacú le gníomhaíochtaí rialaithe comhshaoil.
• Cruinnithe inmheánacha agus seachtracha a sceidealú agus a chomhordú de réir mar is gá.
• Tacaíocht riaracháin a thabhairt le riachtanais lucht na feidhme maidir le tuairisciú in am agus monatóireacht a dhéanamh a éascú.
• Comhfhreagras leis an GCC agus le páirtithe leasmhara seachtracha eile a chomhordú agus a rianú.
• Sonaí comhshaoil ar chórais dhílsithe a chur i dtoll a chéile agus a bhainistiú, EIMS, EDEN).
• Tacaíocht a thabhairt go hinmheánach maidir le córais TF Comhshaoil inmheánacha agus an Líonra Malartaithe Sonraí Comhshaoil (EDEN) a riaradh.
• Féachaint chuige go mbíonn gach ní i gcóir ó thaobh beartais agus nósanna imeachta rialála de agus go gcomhdaítear mar is ceart iad le tacú le Córais Bhainistíochta Comhshaoil.
• Tacú le comhghleacaithe san fhoireann Riaracháin le linn dóibh a bheith ar saoire), chomh maith le hoiliúint a chur ar chomhghleacaithe / ar dhaoine atá díreach tosaithe ina bpost de réir mar is gá.
Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta
• Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ
• Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a chur i gcrích ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompraíochtaí dearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a chur i gcrích
• Tacú le Chlár Bunathraithe Uisce Éireann a chur i gcrích, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a spreagadh, agus tacaíocht a thabhairt do chuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach
• Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.
• Dualgais eile de réir mar is gá
Eolas, Scileanna agus Taithí:
• Tá cáilíocht, creidiúnú nó taithí ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe
• Is buntáiste é 1 bhliain amháin ar a laghad a bheith caite ag obair in earnáil an uisce, in earnáil na bhfóntas nó in earnálacha eile ach níl sé riachtanach
• Cumas agat anailís a dhéanamh ar riachtanais na gcustaiméirí agus tacaíocht a sholáthar chun fadhbanna a réiteach
• Cumas léirithe a bheith in ann obair as do stuaim féin agus le daoine eile chun rath ar fheidhmíocht foirne a chur chun cinn
• Léirithe a bheith solúbtha maidir le bheith ag obair i dtimpeallacht a bhíonn ag athrú agus an cumas dul i dtaithí ar struchtúir oibre, próisis agus riachtanais nua nuair is gá
• Teist go dtí seo a bheith ar do dhícheall ag iarraidh ardchaighdeán a aimsiú agus ardchaighdeáin oibre á gcinntiú i gcónaí
• Léirithe arís agus arís eile go bhfuil cumas agat imní sábháilteachta a ardú agus réitigh a aimsiú
Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo ná 11/12/2025.
Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.
*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat.
Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú.
Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.
We are Uisce Éireann.
Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland.
As Ireland's national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.
Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive.
That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland's social and economic growth.
We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland.
We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe.
Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together.
These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.
Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work.
With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland's water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.
The Role:
The Environmental Regulation function is responsible for the day-to-day management of environmental regulation and compliance.
The function monitors the compliance of the water and wastewater network and treatment works, influences external environmental policy and manages environmental stakeholder relationships.
Environmental Regulation provides expertise to the Uisce Éireann business on influencing environmental policy and managing stakeholders around environmental regulation affecting Uisce Éireann's practices.
The function provides regulatory expertise to the business, including the Senior Leadership Team, in all aspects of environmental regulation.
The team provides support on legislative and regulatory changes that will affect Uisce Éireann policies in the future
Reporting to the Environmental Governance and Co-ordination Supervisor, the Environmental Regulation Coordinator is responsible for providing administrative support to the Environmental Regulation team.
The administration function will manage regulatory documentation, track compliance timelines and ensure that environmental regulation tasks relevant across the organisation are tracked and reported.
The Environmental Regulation Coordinator will work closely with management and staff in the national and regional Environmental Regulation teams, including colleagues across other Directorates.
Main Duties and Responsibilities:
• Organise and maintain electronic and hardcopy files for efficient retrieval and reference to support environmental regulation activities.
• Schedule and co-ordinate internal and external meetings as required.
• Provide administrative support to facilitate on-time reporting and monitoring requirements for the function.
• Co-ordination and tracking of correspondence with EPA and other external stakeholders.
• Collate and manage environmental data on proprietary systems, (e.g. EIMS, EDEN).
• Provide internal support on the administration of internal Environmental IT systems and the Environmental Data Exchange Network (EDEN).
• Maintain and file regulation policies and procedures as required to support the organisations Environmental Management Systems.
• Support Administrative colleagues within the team (e.g. while on leave), and provide training to colleagues / new starts where required.
General Duties and Responsibilities
• Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business
• Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards
• Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives
• Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann's Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation
• Other duties as required
Knowledge, Skills and Experience:
• Relevant third level qualification, accreditation or experience is desirable
• A minimum of 1 years' experience in the water, utilities or similar industries is desirable but not relevant
• Ability to analyse customer needs and provide support to resolve issues
• Proven ability to work on own initiative and with others to promote the success in the performance of a team
• Demonstrated flexibility with regard to working in a changing environment and the ability to adjust to new work structures, processes and requirements as necessary
• Track record of striving for quality and ensuring consistently high standards of work
• Proven track record in raising safety concerns and helping to find solutions
The closing date for receipt of applications for this vacancy is 11/12/2025.
Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.
*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience.
Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.
Uisce Éireann is an equal opportunities employer.
We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this.
We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.