Jobs
My ads
My job alerts
Sign in
Find a job Employers
Find

Speisialtóir teicniúil sdav/ hvdc interconnection technical specialist

Dublin
Eirgrid Plc
Technical specialist
Posted: 4 December
Offer description

Speisialtóir Teicniúil SDAV/ HVDC Interconnection Technical Specialist (E*******)
Is muide a fheidhmíonn eangach leictreachais na hÉireann.
Feidhmíonn muid an córas cumhachta le leibhéil den scoth ginte in-athnuaite aisioncronaigh athraithigh, le cinntiú go mbíonn cumhacht ag gach duine nuair a theastaíonn sé uathu.
Ach ní hé sin bun agus barr an scéil, tá muid anois ag tabhairt faoi chlaochlú an chórais chumhachta do na glúnta inár ndiaidh.
Agus níl ansin ach an tús.
Tá cuspóir tábhachtach againn.
Is é sin claochlú an chórais chumhachta le cur ar chumas ár sochaí astaíochtaí carbóin a laghdú agus ár spriocanna athraithe aeráide agus neodrachta a bhaint amach.
Glac páirt sa chlaochlú seo!
Cuspóir an Phoist
Tá ceadúnais ag EirGrid chun bheith mar an t-oibreoir córais tarchurtha (OCT) agus an t-oibreoir margaidh (OM) neamhspleách leictreachais i gcóras trádála mórdhíola na hÉireann.
Ina theannta sin, tá punann, atá ag fás, d'idirnascairí rialaithe trasteorann ag EirGrid, arb é úinéir agus oibreoir an Idirnascaire Thoir–Thiar (INTT) srutha dhírigh ardvoltais (SDAV) 500 MW chuig an mBreatain Bheag é cheana agus atá ag comhfhorbairt nasc an Idirnascaire Cheiltigh SDAV 700 MW idir Éirinn agus an Fhrainc.
Tá sé freagrach as idirnascairí SDAV ceannaíochta atá beartaithe, amhail Idirnascairí Greenlink agus Mares, a chomhtháthú i gcóras agus margadh cumhachta na hÉireann freisin, mar aon le deiseanna a aithint le haghaidh idirnascairí chuig an mBreatain Mhór, an Fhrainc, an Bheilg, an Ísiltír agus an Spáinn.
Is éard atá i Stiúrthóireacht na nOibríochtaí agus na Bainistíochta Sócmhainní ná gairmithe sároilte a bhfuil cúlra innealtóireachta agus gnó/tráchtála acu.
Le chéile, bainistíonn siad feidhmiú an chórais agus an mhargaidh cumhachta lena chinntú go bhfanann na soilse lasta ar bhealach slán, iontaofa, inbhuanaithe agus eacnamúil.
Tá an Stiúrthóireacht freagrach as claochlú an chórais agus an mhargaidh tarchurtha a chur i ngníomh freisin, d'honn riachtanais gach úsáideora leictreachais a chomhlíonadh sa todhchaí.
Áirítear sa mhéid sin lántairbhe a bhaint as idirnascairí chun slándáil an tsoláthair a fheabhsú agus chun spleáchas na hÉireann ar mheaisíní ar mór a lorg carbóin a laghdú, agus modhanna giniúna in-athnuaite á gcur ina n-áit i gcomhréir leis an Ráiteas Beartais Náisiúnta maidir le hIdirnasc Leictreachais **** de chuid an rialtais.
Beidh an Speisialtóir Teicniúil SDAV freagrach as na gnéithe innealtóireachta teicniúla de bhainistíocht saolré, feidhmíocht, optamú agus iontaofacht chórais SDAV EirGrid.
Sa ról tugtar cleachtais theicniúla, oibríochtúla agus straitéiseacha na bainistíochta sócmhainní le chéile chun luach agus sláine fhadtéarmach an bhonneagair SDAV a áirithiú.
A bhuí leis an ról, cinnteofar go mbeidh an teicneolaíocht SDAV á cur i bhfeidhm i dtionscadail ghreille agus idirnaisc ar bhealach sábháilte, éifeachtúil agus iontaofa.
Cinnteoidh sealbhóir an phoist go mbeidh na gnéithe idirnascairí a bhaineann le sonraíochtaí teicniúla, ceanglais feidhmíochta agus oibríochtaí sócmhainní á bhforbairt, á mbainistiú agus á gcothabháil go trédhearcach i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta.
Déanfaidh sealbhóir an phoist comhoibriú freisin lena chinntú go gcomhlíonfar ceanglais idirnascairí EirGrid agus go mbainisteofar an caidreamh le gach páirtí leasmhar ábhartha laistigh de bhuiséad thart ar €*****m in aghaidh na bliana do INTT agus don Idirnascaire Ceilteach.
Áireofar leis sin bainistiú a dhéanamh ar shocruithe suntasacha (amhail an tionscadal um ullmhacht chun chur i bhfeidhm an Idirnascaire Cheiltigh), páirt a ghlacadh i mboird tionscadal inmheánacha agus sheachtracha agus cuid mhór gníomhaíochtaí teicniúla san iliomad dlínsí a chomhordú.
Oibreoidh sealbhóir an phoist leis na príomhpháirtithe leasmhara straitéiseacha ar fud na heagraíochta agus lasmuigh di lena chinntú go ndéanfar gach gné innealtóireachtaí leictreonaí, leictrí, meicniúla agus sibhialta de na hoibríochtaí maidir le sócmhainní agus tráchtáil SDAV a shocrú chun sraith idirnascairí SDAV a nascadh agus a fheidhmiú.
Chun go n-éireoidh le sealbhóir an phoist ina ról, is ríthábhachtach an cumas chun cásanna láidre gnó a fhorbairt d'fho n-ho do na hargóintí áititeacha—oibríochtúla agus teicnea-eacnamaíocha araon—a léiriú chun tacú le deiseanna dá leithéid sin agus lena soláthar i gcomhréir leis na creatlacha cuí rialachais agus rialaithe.
Is ról ardphróifíle é sin i ndáil le rannpháirtíocht theicniúil ag leibhéal sinsearach agus ar bhonn idirnáisiúnta le OCTanna, oibreoirí idirnascairí, déantúsóirí buntrealaimh (DBTanna) agus comhlachtaí tráchtála agus rialála.
Dá bhrí sin, is bunriachtanach scileanna cumarsáide agus an cumas chun coincheapa agus anailís theicniúil a chur in iúl do phobail agus ceannairí gnó sinsearacha neamhtheicniúla.
Cinnteoidh sealbhóir an phoist go ndéanfar bainistíocht innealtóireachta teicniúla atá ag teacht chun cinn maidir le hoibríochtaí trasteorann sócmhainní agus tráchtála SDAV—i bhfianaise Brexit agus ath-chomhtháthú an Mhargaidh Leictreachais Aonair (MLA) ag an Aontas Eorpach—a ailíniú agus a optamú ar son thomhaltóirí na hÉireann.
Ní mór do shealbhóir an phoist a bheith tiomanta d'aidhmeanna agus cuspóirí straitéiseacha an Ghrúpa a chomhlíonadh, go háirithe i ndáil le hidirnasc agus an pháirt is féidir le sealbhóir an phoist a ghlacadh chun comhtháthú agus claochlú an chórais cumhachta a stiúradh agus tionchar a imirt ar an méid sin do na glúnta atá le teacht.
Eolas, Scileanna agus Taithí
Ní mór céim ollscoile san innealtóireacht nó i réimse coibhéiseach agus, go tipiciúil
Leibhéal taithí mar speisialtóir aitheanta sna stáisiúin tiontaire SDAV agus i dtionscal na n-idirnascairí i gcoitinne.
Taithí theicniúil chruthaithe ar cheanglais theicniúla a fhorbairt agus a bhainistiú i leith soláthar agus tógáil innealtóireachta (STI); cigireachta, cothabhála agus deisithe (CCD); comhaontuithe um sheirbhísí fadtéarmacha (CSFTanna); agus conarthaí tráchtála > < prothcáil oibríochta, go háirithe maidir le céim oibríochtúil na gceanglas sin ón nasc agus an fuinnimhiú go dtí an díchoimisiúnú.
Saintuiscint aitheanta ar gach gné den innealtóireacht SDAV, lena n-?
...
Inmhianaithe
Taithí ar uirlisí ionsamhlaithe (m.sh. PSCAD, EMTDC, PSS®E agus DIgSILENT PowerFactory).
Taithí ar bheith ag obair le haghaidh DBT SDAV.
Bheadh deimhniú i mbainistíocht sócmhainní (m.sh. IAM nó ISO *****) mar bhuntáiste láidir.
Is inmhianaithe creidiúnú mar innealtóir cairte nó innealtóir gairmiúil a bheith ag an iarrthóir.
Caidrimh Oibre
Ag tuairisciú do Cheannasaí an Idirnasctha, le tacaíocht ó Cheannaire Foirne.
Dáta Druidte le haghaidh iarratas:
12/12/2025
Má cheapann tú go bhfuil na scileanna agus an taithí ábhartha agat don ról seo, iarrtar ort do CV agus litir chumhdaigh a uaslódáil.
Ba bhreá linn scéala a fháil uait.
Fostóir Comhdheiseanna is ea EirGrid
Job Purpose
EirGrid holds licenses as the independent electricity Transmission System Operator (TSO) and Market Operator (MO) in the wholesale trading system in Ireland.
EirGrid also has a growing portfolio of regulated cross-border interconnectors and already is the owner and operator of the 500 MW High Voltage Direct Current (HVDC) East West interconnector (EWIC) to Wales and is jointly developing the 700 MW HVDC Celtic Interconnector link between Ireland and France.
It is also responsible for the integration of proposed merchant HVDC interconnectors such as the Greenlink and Mares Interconnectors to the Irish power system and market as well as the identification of opportunities for new interconnectors to Great Britain, France, Belgium, the Netherlands and Spain.
The Operations & Asset Management Directorate comprises highly skilled professionals with backgrounds in engineering and business/commerce - together they manage the operation of the power system and market, ensuring that the lights stay on in a secure, reliable, sustainable and economic way.
The Directorate is also responsible for the implementation of transmission system and market transformation in order to meet the future needs of all users of electricity.
This includes the optimal use of interconnectors to enhance security of supply and to reduce Ireland's reliance on high carbon producing machines and replacing them with renewable generation in line with the government's National Policy Statement on Electricity Interconnection ****.
The HVDC Technical Specialist will be responsible for the technical engineering elements of the lifecycle management, performance optimization, and reliability of EirGrid's HVDC systems.
The role integrates technical, operational, and strategic asset management practices to ensure the long-term value and integrity of HVDC infrastructure.
This role ensures the safe, efficient, and reliable implementation of HVDC technology in grid and interconnection projects.
The role holder will ensure that the Interconnector elements pertaining to technical specifications, functional requirements and asset operations are developed, managed and maintained transparently and in line with international standards.
The role holder will also work collaboratively to ensure EirGrid interconnector requirements are met and relationships are managed with all relevant stakeholders in line with a budget of approx.
€*****m per annum for the EWIC and Celtic interconnectors.
This will include management of significant arrangements (such as the Celtic interconnector readiness project for Go-Live), participating at internal and external project boards and coordinating a large number of technical activities across multiple jurisdictions.
The role holder will work with the key strategic stakeholders across the organisation and externally to ensure all technical electronic, electrical, mechanical and civil engineering aspects for HVDC asset and commercial operations are in place for the connection and operation of multiple HVDC interconnectors.
The ability to develop strong business cases to demonstrate the compelling arguments, both operational and techno-economic, to support and deliver such opportunities in line with the relevant governance and control frameworks will be key to success in the role.
This is a high-profile role for technical engagement with international TSOs, Interconnector Operators, Original Equipment Manufacturers, commercial and regulatory bodies at a senior level.
As a result, exceptional skills in communication and an ability to articulate technical concepts and analysis to senior non-technical audiences and business leaders is essential.
The role holder will ensure that emerging technical engineering direction on HV
#J-*****-Ljbffr

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save
Similar job
Aftersales technical specialist
Dublin
ManpowerGroup Ireland
Technical specialist
€40,000 - €80,000 a year
Similar job
Experienced healthcare technical specialist wanted
Dublin
beBeeTechnical
Technical specialist
Similar job
Senior bulk bio technical specialist
Dublin
beBeeBulkBio
Technical specialist
Similar jobs
Engineering jobs in Dublin
jobs Dublin
jobs County Dublin
jobs Leinster
Home > Jobs > Engineering jobs > Technical specialist jobs > Technical specialist jobs in Dublin > Speisialtóir Teicniúil Sdav/ Hvdc Interconnection Technical Specialist

About Jobijoba

  • Company Reviews

Search for jobs

  • Jobs by Job Title
  • Jobs by Industry
  • Jobs by Company
  • Jobs by Location

Contact / Partnership

  • Contact
  • Publish your job offers on Jobijoba

Legal notice - Terms of Service - Privacy Policy - Manage my cookies - Accessibility: Not compliant

© 2025 Jobijoba - All Rights Reserved

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save