DescriptionIs sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.An Ról: Is bunchloch í an fheidhm Oibríochtaí Sócmhainní maidir le seachadadh seirbhíse do chustaiméirí, an comhshaol a chosaint agus na caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar réimse feidhme na nOibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil agus nósanna imeachta na n-oibriúchán caighdeánach le haghaidh oibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce go náisiúnta agus go réigiúnach, rud a chinntíonn go gcuirtear luach ar airgead agus ar sheirbhís do chustaiméirí ar fáil. Tá freagracht ar fhoireann na nOibríochtaí Réigiúnacha as soláthar réigiúnach seirbhísí oibriúcháin uisce agus fuíolluisce trí na sócmhainní cóireála agus líonra a oibriú,a iniúchadh, a chothabháil agus a dheisiú. Tá an tOibrí C&D Líonra Uisce freagrach don Cheannasaí Foirne Cothabhála agus Deisithe Líonra Uisce, tá sainchúram limistéir aige/aici agus tá sé/sí freagrach as tacú le soláthar sábháilte gníomhaíochtaí cothabhála agus deisithe, idir bheartaithe agus fhrithghníomhach, ar fud an bhonneagair líonra uisce. Cé go bhfuil sé i gceist againn róil ar leith a shruthlú maidir le huisce nó fuíolluisce ar bonn seasta ar fud na tíre amach anseo, is féidir go mbeidh riachtanas ann chun a bheith ag obair sna réimsí uisce agus fuíolluisce araon ag an tús, braithfidh sé seo ar na riachtanais san áit a mbeidh tú lonnaithe. Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:Tacú le soláthar sábháilte glan gníomhaíochtaí cothabhála agus deisithe, idir bheartaithe agus fhrithghníomhach, ar fud an bhonneagair líonra uisce lena n-áirítear obair a bhaineann le deisiúcháin nuair a bhíonn pléascanna agus sceití ann, príomhphíobáin uisce agus seirbhísí uisce agus na fearais ionaid lena mbaineann, méadair uisce agus boscaí méadair uisce na gcustaiméirí, taiscumair sheirbhíse a ghlanadh, comhlaí agus hiodraint dóiteáin a athsholáthar, agus tástálacha a dhéanamh nuair a bhíonn an obair dheisiúcháin ar phíobáin agus pumpaí curtha i gcrích, d'fhonn seirbhís sheasmhach a chur ar fáil do chustaiméirí. Tabhairt faoi obair ar an Líonra Uisce, de réir mar is gá agus de réir do chuid scileanna agus saineolais. Baineann an obair seo le Príomhphíobáin Uisce a Athshlánú, le Príomhphíobáin Uisce a leagan, le Méadair a Shuiteáil agus a Cheangal agus le hoibreacha eile ar an Líonra Uisce. Freastal ar aláraim, clúdach éigeandála a sholáthar agus ceisteanna agus fadhbanna le sócmhainní bhonneagair an líonra uisce a réiteach. Cothabháil agus deisiú a dhéanamh ar mhéadair seachtracha uisce, lena n-áirítear iniúchtaí suímh a dhéanamh agus méadair a bhaint agus a athchur i gcomhairle le foireann na Seirbhísí Méadraithe de réir mar is cuí. An custaiméir a chur ar an eolas faoi fhadhbanna agus réitigh, iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin ghéaraithe an chustaiméara agus ionadaithe áitiúil agus fiosrú a dhéanamh orthu ina ndiaidh chun tacaíocht a thabhairt do sholáthar seirbhís chustaiméara sheasmhaigh agus bainistíocht a dhéanamh ar an riosca bainteach le sláinte phoiblí agus comhlíontacht. Tacaíocht a thabhairt d'fhoirne custaiméara lena n-áirítear Bainisteoirí Bunchuntais agus Seirbhís Chustaiméara le haon saincheist/cheist chustaiméara nó in áiteanna a mbíonn tionchar ag oibreacha ar sholáthar seirbhís chustaiméara orthu. Taifead tapa agus tuairisciú cruinn a dhéanamh ar fhaisnéis ábhartha maidir le feidhmíocht an líonra uisce ag baint úsáide as na córais teicneolaíochta a soláthraíodh lena n-áirítear iniúchtaí a logáil agus iarratais a ardú maidir le horduithe fiosraithe agus taifid H&S agus bainistíocht fardail a uasdátú nuair is gá. Cinntiú go gcomhlíontar gach nós imeachta maidir le sláinte agus sábháilteacht agus go bhfeidhmítear measúnuithe riosca (Plean Sábháilteachta san Áit Oibre), go n-úsáidtear PPE, agus dualgais atá de dhíth faoi Rialacháin Tógála. Ar bhealach freagrach, cinntiú go mbíonn oibríochtaí fheithiclí agus innealra Uisce Éireann i gcomhréir le beartais sláinte, sábháilteachta agus slándála feithiclí Uisce Éireann, lena chinntiú go bhfuil leibhéil stoc na bhfeithiclí leordhóthanach chun obair a dhéanamh nuair is gá. Seans go mbeidh freagracht ar an té a cheapfar feithicil 3.5 tona / 4.2 tona a oibriú. Seans go mbeidh freagracht ar an té aonad vactor HGV (20 tona +) a oibriú ón iosta chun tancaeir a éascú, más gá Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta Comhoibriú le príomh-pháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ. Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompar dearfach a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh. Tacú le soláthar Chlár Uisce Éireann um Bunathrú, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach. Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.Dualgais eile nuair is gá. Eolas, Scileanna agus Taithí:An Teastas Sóisearach nó taithí oibre atá comhionann leis Ceadúnas tiomána aicme B iomlán agus glan Taithí/tuiscint ar oibriú laistigh de chultúr láidir sláinte agus sábháilteachta Taithí ar obair chothabhála faighte cheana, m.sh. obair i dtimpeallacht tógála/oibreacha bóthair, rud atá ina bhuntáiste. Táimid uaillmhianach - Eolas maith agus taithí ar na scileanna ar fad a theastaíonn chun an líonra uisce a chothabháil agus a dheisiú, rud atá inmhianaithe Déanaimid beart de réir ár mbriathair ar son custaiméirí agus Pobal - Feasacht nó tuiscint bhunúsach ar líonraí uisce chomh maith le heolas ar phróisis líonraí uisce, rud atá ina bhuntáiste Eolas oibre ar an gcothabháil agus deisiú mhéadair uisce, rud atá inmhianaithe Taithí ar chórais TF a úsáid Scileanna láidre réitithe fadhbanna Scileanna láidre sa tseirbhís do chustaiméirí Coimeádaimid a chéile slán sábháilte - agus oiliúint cheart faighte agus measúnú riosca déanta, ní mór don rólshealbhóir a bheith in ann oibriú i dtimpeallacht a bhíonn míchompordach uaireanta nó a d'fhéadfadh a bheith contúirteach uaireanta m.sh. a bheith ag obair le ceimicí contúirteacha nó le camras; obair i spásanna cúnga; obair aonair; cianobair; obair in áiteanna ina mbíonn uisce domhain, ainmhithe, francaigh nó torann, obair a bhíonn ina cúis le creathadh láimhe agus géige, srl. Caithfear measúnú rathúil ar shláinte cheirde a dhéanamh a dhearbhaíonn oiriúnacht chun oibre i dtimpeallacht cosúil leis seo Scileanna Litearthachta Is buntáiste é taithí oibre a bheith agat laistigh de Sheirbhísí Uisce agus / nó Fóntais eile *Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland's national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland's social and economic growth.We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland's water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.The Role: The Asset Operations function forms the cornerstone of service delivery to customers, protecting the environment and meeting regulatory standards as well as managing the majority of operational expenditure. The Asset Operations function has responsibility for operational and maintenance strategy, policies, planning and standard operating procedures for Water and Wastewater operations both nationally and regionally, ensuring that value for money and customer service is delivered. The Regional Operations team is responsible for the regional delivery of water and wastewater operational services through the operation, inspection, maintenance & repair of the treatment and network assets. Reporting to the Water Network Maintenance and Repair Team Lead, the Water Network M&R Operative has an area remit and is responsible for supporting the delivery of planned and reactive maintenance and repair activities across the water network infrastructure in a safe manner. While it is our intention to have roles streamed either water or wastewater consistently across the country in the future, initially there may be a requirement to work in water and wastewater depending on the requirements of your location. Main Duties and Responsibilities:Support planned and reactive maintenance and repair activities across the water network infrastructure in a safe and hygienic manner including repairs of bursts and leaks, water mains and services and associated fittings replacements, water meters and customer boundary box, cleaning of service reservoirs, replacing valves and hydrants, and undertake tests following repairs to pipes and pumps, in order to deliver consistent customer service. As required and in line with your skills and expertise, undertake work relating to Mains Rehabilitation, Main laying, Connection and Meter Installations and other work on the Water Network. Respond to alarms, provide emergency cover and resolve issues and incidents on water network infrastructure assets. Maintain and repair non-domestic water meters, including undertaking site investigations and removing and replacing meters, liaising with the Metering Services team as appropriate. Inform the customer about issues and resolutions, investigate and follow up on escalated customer complaints/local representative in order to support the delivery of a consistent customer service and manage the risk associated with public health and compliance. Support Customer teams including Key Account Managers and Customer Service with any customer issues/queries or where works impact customer service delivery in the area. Promptly record and accurately report relevant information in relation to the operation of water network using the technology systems provided including logging investigations and raising requests for follow on work orders and updating H&S records and inventory management where required. Adhere to all health and safety procedures and perform risk assessments (Safe System of Work Plan), use of PPE, and required duties under the Construction Regulations Operate Uisce Éireann vehicles and machinery in a responsible manner in line with all relevant Uisce Éireann vehicle, health, safety and security policies, ensuring stock levels in vehicles are sufficient to perform work May be required to responsibly operate a 3.5 tonne / 4.2 tonne vehicle. Possible requirement to operate a HGV vactor unit (20 tonne +) from depot to facilitate tankering, if required General Duties and Responsibilities Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business. Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards. Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives. Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann's Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information, and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation.Other duties as required. Knowledge, Skills and Experience:Junior Certification or equivalent work experience Full, clean, class B driving licence Experience/understanding of working within a strong health & safety culture Previous maintenance experience, such as working in a construction/roadworks environment is an advantage We aim high- Sound knowledge and experience of all skills required for maintenance and repair of the water network preferable We deliver for customers and communities- A basic awareness or understanding of water networks and knowledge of water network processes is an advantage Working knowledge of maintenance and repair of water meters preferable Experience of using IT systems Strong problem solving skills Strong customer service skills We keep each other safe - With full training and risk assessment, the role holder must have the ability to work in an environment that is sometimes uncomfortable or potentially hazardous such as: working with hazardous chemicals; sewage; confined spaces; lone working; remote working; deep water; animals; vermin; noise; hand and arm vibration, etc. This involves successful completion of occupational health assessment confirming suitability to work in such environments Literacy skills Experience working within Water Services and / or other Utilities an advantage *Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.Uisce Éireann is an equal opportunities employer.We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.