Necessary arrangements can be made at interview stage to accommodate the needs of candidates with disabilities. If you are having difficulty uploading your CV online or in fully accessing any information on this site please emailRole ProfileJob Title: Finance Manager - Fund AccountingDivision/Function: FTO - FinanceReports to (job title): Senior Finance ManagerJob Family: FinanceCareer Stream: ProfessionalCareer Zone: Professionals / SpecialistsJob Type: 10 month Fixed Term Contract (Mid December 2026)Closing Date: 12th February 2026Role SummaryThe NTMA currently has an exciting opportunity for a Finance Manager to join the Finance Fund Operations team on a 12 month fixed term contract reporting to the Senior Finance Manager. It represents an excellent opportunity for an ambitious finance professional to take up a challenging position leading and growing the finance team and managing the finance operations service delivery to the Ireland Strategic Investment Fund and/or Future Ireland Fund and Infrastructure, Nature and Climate Fund.Principal AccountabilitiesMay include but are not limited to the following:Lead, develop and provide strategic direction for a team of professionals.Train, coach, and mentor the finance operations team.Review of daily and monthly internal management information reporting.Review administration and accounting of investments ensuring payment and settlement of investments are made in a timely manner and in line with agreed procedures.Review of monthly reconciliations of investment positions with the Fund's Global Custodian's records.Management of the Fund's Global Custodian, including review of daily monitoring controls, review of KPIs and co-ordination of monthly service review meetings.Review the reconciliation of the daily Net Asset Values produced by the Fund's Portfolio Management System.Liaise with the Fund's external tax advisor to ensure all tax filings and documents are completed on time.Responsible for quarterly reporting to the Investment Valuation Committee.Manage the year end valuation process with the external valuer and auditors.Complete/review due diligence on all new loans and alternative investments, analysing the financial and operational impacts, consisting of facility agreement and fund documentation review.Responsible for administration of loans including reviewing facility agreements, calculating interest and repayments, engaging with borrowers, etc.Oversee adherence to Finance processes, procedures and controls, reviewing same periodically.Participate in the continuous development and enhancement of workflows and procedures to reflect the changing control environment.Work closely with other teams, in particular the Financial Reporting team, the ISIF team and Project teams.Work on Projects / Adhoc tasks as required.ExperienceQualified accountant (ACA, ACCA, CIMA) desirable but not essential.Third level qualification preferably in Finance or Accounting (or related field).Experience managing a team of finance professionals.At least 7 years experience in Fund Accounting, knowledge of both Hedge and Private Market products essential.Experience in Portfolio Management System onboarding/transformation projects desirable but not essential.SkillsAbility to adapt quickly to the role and demonstrate the ability to work as part of a team.Strong verbal and written communication skills.Excellent interpersonal skills with an ability to easily form good working relationships with team members and senior stakeholders alike.Strong attention to detail.A self-starter willing to take the initiative to get results.Analytical with good problem solving skills.Flexible and adaptable to change.KnowledgeExperience in managing the administration and accounting of investments such as quoted and unquoted equities, bonds, funds, loans, derivatives etc. is essential.Experience in dealing with and managing a Custodian would be advantageous.Experience implementing and using a portfolio management system would be advantageous.Strong Microsoft Excel skills, with experience in other Microsoft Packages.Knowledge of general ledger applications (in particular Infor SunSystems) would be advantageous.Understanding of the role of Finance in maintaining a strong control environment.Experience working with loans systems, loans administration, calculating interest due including ability to calculate interpolated interest rates would be advantageous.Experience reviewing and interpreting loan facility agreements, limited partnerships agreements and other investment documentation would be advantageous.Experience working on finance transformation projects and the introduction of automation would be advantageous.Summary Of The BusinessThe National Treasury Management Agency (NTMA) provides asset and liability management services to the Irish Government. It has evolved from a single function agency managing the National Debt to a manager of a complex portfolio of public assets and liabilities.Businesses managed by the NTMA include borrowing for the Exchequer and the management of the National Debt, the State Claims Agency, the New Economy and Recovery Authority ("NewERA"), the Ireland Strategic Investment Fund, National Development Finance Agency and the NTMA Future Ireland Funds business unit with responsibility for the management of the Future Ireland Fund and Infrastructure, Climate and Nature Fund.The NTMA also assigns staff to the National Asset Management Agency, the Strategic Banking Corporation of Ireland (SBCI) and Home Building Finance Ireland (HBFI).Working at the NTMA offers excellent benefits including:Flexible work options including hybrid working and variable work hoursAn extensive wellbeing programmeExcellent learning and development opportunities that allow for full career development within the organisationA diverse range of initiatives: LGBT+, Gender Matters, Disability Awareness, Sports & Social, Volunteering and lots moreReimbursement of annual professional membership feesCareer average Defined Benefit Pension SchemePension AbatementIf an appointee has previously been employed in the Civil or Public Service and that appointee is entitled to or in receipt of a pension from the Civil or Public Service or where a Civil/Public Service pension comes into payment during the appointee's re-employment that pension will be subject to abatement in accordance with Section 52 of the Public Service Pensions (Single Scheme and other Provisions) Act 2012.Please note: In applying for this position, you are acknowledging that you understand that the abatement provisions, where relevant, will apply. It is not envisaged that the employing Department/Office/Body will support an application for an abatement waiver in respect of appointments to this position.Applicants will be required to complete a pre-employment declaration to confirm whether they have previously availed of a Public sector pension scheme.The NTMA is proud to be an equal opportunities employer. We recognise that a diverse and inclusive workplace informs better decision making, creative thinking, innovation and drives business performance. We are strongly committed to ensuring that our workforce is representative of our society.Necessary arrangements can be made at interview stage to accommodate the needs of candidates with disabilities. If you are having difficulty uploading your CV online or in fully accessing any information on this site please email Próifíl an RóilTeideal an Phoist: Bainisteoir Airgeadais - Cuntasaíocht ChisteRannán/Feidhm: Teicneolaíocht agus Oibríochtaí Airgeadais - AirgeadasAg tuairisciú chuig (teideal an phoist): Bainisteoir Sinsearach AirgeadaisCineál Poist: An Rannóg AirgeadasSruth Gairme: GairmiúilCrios Gairme: Proifisiúnaigh / SpeisialtóiríCineál Poist: Conradh ar Théarma Seasta 12 MhíAchoimre ar an RólTá deis spreagúil á tairiscint ag GBCN faoi láthair do Bhainisteoir Airgeadais a bheidh páirteach i bhfoireann Oibríochtaí an Chiste Airgeadais ar chonradh ar théarma seasta 12 mhí a thuairiscíonn don Bhainisteoir Sinsearach Airgeadais. Is deis iontach é seo do ghairmí airgeadais uaillmhianach tabhairt faoi ról dúshlánach a thacaíonn le seachadadh seirbhíse na n-oibríochtaí airgeadais do Chiste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann agus/nó do Chiste Todhchaí Éireann agus don Chiste um Bonneagar, Aeráid agus an Dúlra.PríomhfhreagrachtaíI measc na bpríomhfhreagrachtaí, ach gan a bheith teoranta dóibh, tá:Foireann ghairmithe a threorú agus a fhorbairt, agus treoir straitéiseach a chur ar fáil dóibh.Traenáil, cóitseáil, agus meantóireacht a dhéanamh ar an bhfoireann oibríochtaí airgeadais.Athbhreithniú a dhéanamh ar thuairisciú faisnéise bainistíochta inmheánaí laethúil agus míosúil.Athbhreithniú a dhéanamh ar riarachán agus cuntasaíocht infheistíochtaí a chinntíonn go ndéantar infheistíochtaí a íoc agus a shocrú go tráthúil agus i gcomhréir le nósanna imeachta comhaontaithe.Athbhreithniú a dhéanamh ar réitigh mhíosúla suíomhanna infheistíochta le taifid Choimeádaí Domhanda an Chiste.Bainistíocht a dhéanamh ar Choimeádaí Domhanda an Chiste, lena n-áirítear athbhreithniú a dhéanamh ar rialuithe faireacháin laethúla, athbhreithniú a dhéanamh ar PTFanna agus comhordú a dhéanamh ar chruinnithe athbhreithnithe seirbhíse míosúla.Athbhreithniú a dhéanamh ar réiteach na nGlanluachanna Sócmhainní laethúla arna dtáirgeadh ag Córas Bainistíochta Punainne an Chiste.Dul i dteagmháil le comhairleoir cánach seachtrach an Chiste, lena chinntiú go gcríochnófar gach comhdú agus doiciméad cánach in am.Freagrach as tuairisciú ráithiúil don Choiste Luachála Infheistíochta.Próiseas luachála dheireadh na bliana a bhainistiú leis an luachálaí seachtrach agus leis na hiniúchóirí.Dícheall cuí a chur i gcrích/athbhreithniú a dhéanamh ar gach iasacht nua agus ar gach infheistíocht mhalartach, agus anailís a dhéanamh ar na tionchair airgeadais agus oibríochtúla, lena n-áirítear comhaontú saoráide agus athbhreithniú ar dhoiciméid an chiste.Freagrach as iasachtaí a riar, lena n-áirítear athbhreithniú a dhéanamh ar chomhaontuithe saoráide, ús agus aisíocaíochtaí a ríomh, teagmháil a dhéanamh le hiasachtaithe, etc.Maoirseacht a dhéanamh ar chloí le próisis, nósanna imeachta agus rialuithe Airgeadais, agus athbhreithniú a dhéanamh orthu go tréimhsiúil.Páirt a ghlacadh i bhforbairt agus i bhfeabhsú leanúnach sreafaí oibre agus nósanna imeachta chun an timpeallacht rialaithe atá ag athrú a léiriú.Oibriú go dlúth le foirne eile, go háirithe an fhoireann um Thuairisciú Airgeadais, foireann CISÉ agus foirne Tionscadail.Obair a dhéanamh ar thascanna Tionscadail /Adhoc de réir mar is gá.TaithíCuntasóir cáilithe ( ACA, ACCA, CIMA) - inmhianaithe ach níl sé riachtanach.Cáilíocht tríú leibhéal san Airgeadas nó sa Chuntasaíocht (nó i réimse gaolmhar) más féidir.Taithí ar fhoireann gairmithe airgeadais a bhainistiú.Taithí 7 mbliana ar a laghad ar Chuntasaíocht Chiste, eolas ar tháirgí Margaí Fálaithe agus Margaí Príobháideacha riachtanachIs inmhianaithe gan a bheith riachtanach taithí ar thionscadail ionduchtaithe/chlaochlaithe an Chórais Bainistíochta Punainne.ScileannaCumas dul in oiriúint go tapa don ról agus an cumas oibriú mar chuid d'fhoireann a léiriú.Scileanna cumarsáide láidre ó bhéal agus i scríbhinn.Sárscileanna idirphearsanta agus an cumas dea-chaidreamh oibre a chothú go héasca le baill foirne agus le páirtithe leasmhara sinsearacha araon.An-phointeáilteFéinthosaí a dhéanann rudaí as a stuaim féin chun torthaí a bhaint amach.Anailíseach le dea-scileanna réiteach fadhbanna.Solúbtha agus inoiriúnaithe don athrú.EolasIs riachtanach taithí ar riarachán agus cuntasaíocht infheistíochtaí amhail cothromais, bannaí, cistí, iasachtaí, díorthaigh etc. luaite agus neamhluaite a bhainistiú.Bheadh taithí i ndéileáil le Coimeádaí agus é a bhainistiú ina bhuntáiste.Bheadh taithí ar chóras bainistíochta punainne a chur i bhfeidhm agus a úsáid ina buntáiste.Scileanna láidre Microsoft Excel, le taithí i bPacáistí eile Microsoft.Bheadh eolas ar fheidhmchláir mhórleabhair ghinearálta (go háirithe Infor SunSystems) ina bhuntáiste.Tuiscint ar ról an Airgeadais maidir le timpeallacht rialaithe láidir a choinneáil.Bheadh taithí ar a bheith ag obair le córais iasachtaí, riarachán iasachtaí, ús atá dlite a ríomh lena n-áirítear cumas rátaí úis idirshuite a ríomh ina buntáiste.Bheadh taithí ar athbhreithniú agus ateangaireacht a dhéanamh ar chomhaontuithe saoráidí iasachta, ar chomhaontuithe comhpháirtíochtaí teoranta agus ar dhoiciméadú infheistíochta eile ina buntáiste.Bheadh taithí ag obair a dhéanamh ar thionscadail chlaochlaithe airgeadais agus ar uathoibriú a thabhairt isteach ina buntáiste.Achoimre ar an nGnólachtSoláthraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) seirbhísí bainistíochta sócmhainní agus dliteanas do Rialtas na hÉireann. Tá GBCN tar éis athrú ó ghníomhaireacht aonfheidhme a bhí ag bainistiú an Fhiachais Náisiúnta go bainisteoir punann casta sócmhainní agus dliteanas poiblí.I measc na ngnólachtaí atá á mbainistiú ag GBCN, áirítear iasachtaí don Státchiste agus bainistíocht a dhéanamh ar an bhFiachas Náisiúnta, an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát, an tÚdarás Nua um Gheilleagar agus Téarnamh (NewERA), an Ciste Infheistíochta Straitéisí d'Éirinn (CISÉ), an Ghníomhaireacht Airgeadais d'Fhorbairt Náisiúnta, agus aonad gnó Cistí Todhchaí Éireann de chuid GBCN atá freagrach as Ciste Todhchaí Éireann agus Chiste Bonneagair, Aeráide agus Dúlra a bhainistiú.Sannann GBCN baill foirne chomh maith don Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní, do Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (SBCI) agus do Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann.Tá buntáistí iontacha ag baint le bheith ag obair in GBCN, lena n-áirítear:Roghanna oibre solúbtha, lena n-áirítear obair hibrideach agus uaireanta oibre athraitheachaClár folláine fairsingDeiseanna den scoth um fhoghlaim agus forbairt a cheadaíonn forbairt iomlán gairme laistigh den eagraíochtRéimse éagsúil tionscnamh: LADT+, Cúrsaí Inscne, Feasacht ar Mhíchumas, Club Spóirt & Sóisialta, Obair Dheonach agus go leor eileAisíocaíocht táillí bliantúla i leith comhaltas gairmiúilScéim sochar sainithe pinsin bunaithe ar mheántuilleamh gairmréimeLaghdú PinsinMá bhí ceapaí fostaithe sa Státseirbhís nó sa tSeirbhís Phoiblí cheana agus má tá sé nó sí i dteideal nó ag fáil pinsin ón Státseirbhís nó ón tSeirbhís Phoiblí, nó má chuirtear tús le híoc pinsin ón Státseirbhís nó ón tSeirbhís Phoiblí le linn a thréimhse nó a tréimhse athfhostaíochta, beidh an pinsean sin faoi réir ag laghdú i gcomhréir le hAlt 52 den Acht um Pinsin na Seirbhíse Poiblí (Scéim Aonair agus Forálacha Eile) 2012.Tabhair faoi deara: Trí chur isteach ar an bpost seo, admhaíonn tú go dtuigeann tú go mbeidh feidhm ag na forálacha um laghdú pinsin, i gcás ina mbeidh siad ábhartha. Ní shamhlaítear go dtacóidh an Roinn/Oifig/Comhlacht atá ag fostú le hiarratas ar tharscaoileadh laghdaithe i leith ceapacháin chuig an bpost seo.Beidh ar iarrthóirí dearbhú réamhfhostaíochta a líonadh isteach chun deimhniú ar bhain siad leas as scéim pinsin earnála poiblí roimhe seo.Tá GBCN bródúil as bheith ina fhostóir comhdheiseanna. Aithnímid go gcuireann ionad oibre ilchineálach ionchuimsitheach bonn eolais faoi chinnteoireacht níos fearr, faoi smaointeoireacht chruthaitheach, faoin nuálaíocht agus go spreagann sé feidhmíocht ghnó. Táimid an-tiomanta do chinntiú go bhfuil ár lucht saothair ionadaíoch ar ár sochaí.Is féidir socruithe riachtanacha a dhéanamh ag céim an agallaimh chun freastal ar riachtanais iarrthóirí atá faoi mhíchumas. Má bhíonn deacracht agat do CV a uaslódáil ar líne nó má bhíonn deacracht agat rochtain iomlán a fháil ar aon fhaisnéis ar an suíomh seo, seol ríomhphost chuig The NTMA is proud to be an equal opportunities employer. We recognise that a diverse and inclusive workplace informs better decision making, creative thinking, innovation and drives business performance. We are strongly committed to ensuring that our workforce is representative of our society.