Description
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
An Ról:
Is bunchloch í an fheidhm Oibríochtaí Sócmhainní maidir le seachadadh seirbhíse do chustaiméirí, an comhshaol a chosaint agus na caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar réimse feidhme na nOibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil agus nósanna imeachta na n-oibriúchán caighdeánach le haghaidh oibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce go náisiúnta agus go réigiúnach, rud a chinntíonn go gcuirtear luach ar airgead agus ar sheirbhís do chustaiméirí ar fáil.
Tá freagracht ar fhoireann na nOibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce as soláthar réigiúnach seirbhísí oibriúcháin uisce agus fuíolluisce trí na sócmhainní cóireála agus líonra a oibriú, a iniúchadh, a chothabháil agus a dheisiú.
Tá an tOibrí Sinsearach Cothabhála agus Deisithe Líonra Uisce freagrach as tacaíocht a thabhairt do sholáthar gníomhaíochtaí cothabhála agus deisithe beartaithe agus frithghníomhacha ar fud bhonneagar an líonra uisce ar bhealach sábháilte. Soláthraíonn an tOibrí Sinsearach ceannaireacht agus treoir laethúil ar an talamh chun soláthar seirbhísí uisce seasmhach a chinntiú.
Beidh s riachtanach obair a dhéanamh lasmuigh d'uaireanta oibre agus beidh rátaí ragoibre cuí i bhfeidhm.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
* Maoirsiú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí cothabhála agus deisithe beartaithe agus frithghníomhacha ar fud bhonneagar an líonra uisce ar bhealach sábháilte agus glan lena n-áirítear obair dheisiúcháin ar phléascthaí agus sceitheanna, príomhlíonraí uisce agus seirbhísí agus fearais ionaid lena mbaineann, méadair uisce agus bosca teorainn chustaiméara, taiscumair seirbhíse a ghlanadh, comhlaí agus hiodraint dóiteáin a athsholáthar, agus tástálacha a dhéanamh i ndiaidh obair dheisiúcháin ar phíopaí agus ar chaidéil, d'fhonn seirbhís chustaiméara seasmhach a sholáthar.
* Cinntiú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas; freagra tráthúil ar aláraim, clúdach éigeandála a sholáthar agus saincheisteanna a réiteach agus eachtraí maidir le sócmhainní bhonneagar an líonra uisce.
* Tabhairt faoi obair mhaoirseachta a bhaineann le hAthshlánú an Phríomhlíonra, leagan an Phríomhlíonra, Suiteálacha Ceangail agus Méadair agus obair eile ar an Líonra Uisce de réir mar is gá agus ag teacht le do scileanna agus saineolas.
* Seiceáil rialta a chinntiú ar bhearta maidir le dáileoga ceimiceán ag stáisiúin chaidéalúcháin agus ar ghníomhaíochtaí rialaithe bolaidh eile agus tacaíocht a thabhairt do na foirne Comhlíontachta agus Samplála Uisce le gníomhaíocht samplála oibriúcháin lena n-áirítear príomhlíonra nua, pléascthaí a dheisiú agus clistí agus tuairisciú a dhéanamh ar thorthaí na hanailíse de réir mar is gá.
* Cothabháil agus deisiú méadar uisce seachtrach a stiúradh, lena n-áirítear iniúchtaí suímh a dhéanamh agus méadair a bhaint agus a athchur, i gcomhairle le foireann na Seirbhísí Méadraithe nuair is cuí.
* Maoirseacht a dhéanamh ar na foirne chun an custaiméir a chur ar an eolas faoi shaincheisteanna agus réitigh, iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin ghéaraithe an chustaiméara agus an ionadaithe áitiúil agus fiosrú a dhéanamh orthu ina ndiaidh chun tacaíocht a thabhairt do sholáthar seirbhís chustaiméara sheasmhaigh agus bainistíocht a dhéanamh ar an riosca bainteach le sláinte phoiblí agus comhlíontacht.
* Tacaíocht a thabhairt d'fhoirne custaiméara lena n-áirítear Bainisteoirí Bunchuntais agus Seirbhís Chustaiméara le haon saincheist/cheist chustaiméara nó in áiteanna a mbíonn tionchar ag oibreacha ar sholáthar seirbhís chustaiméara orthu.
* Maoirseacht a dhéanamh ar fhoirne chun taifead tapa agus tuairisciú cruinn a dhéanamh ar fhaisnéis ábhartha maidir le feidhmíocht an líonra uisce ag baint úsáide as na córais teicneolaíochta a soláthraíodh lena n-áirítear iniúchtaí a logáil agus iarratais a ardú maidir le horduithe fiosraithe agus taifid Sláinte agus Sábháilteachta agus bainistíocht fardail a uasdátú nuair is gá.
* Monatóireacht a dhéanamh ar na hoibreacha ar fad, bainistíocht a dhéanamh ar fhoréilimh na n-ábhar i d'fhoirne agus cinntiú a dhéanamh go ndéantar taifeadadh ar shonraí go cruinn ar nó as an gcóras nuair is gá, ag cinntiú go ndéantar gach eachtra a thaifeadadh go cruinn mar aon le cúinsí na n-eachtraí sin.
* Cinntiú a dhéanamh de go gcomhlíontar gach nós imeachta maidir le sláinte agus sábháilteacht agus go bhfeidhmítear measúnuithe riosca (Plean Sábháilteachta san Áit Oibre), go n-úsáidtear PPE, agus dualgais atá de dhíth faoi Rialacháin Tógála.
* Ar bhealach freagrach, cinntiú a dhéanamh go mbíonn oibríochtaí fheithiclí agus innealra Uisce Éireann i gcomhréir le beartais sláinte, sábháilteachta agus slándála feithiclí Uisce Éireann, lena chinntiú go bhfuil leibhéil stoc na bhfeithiclí leordhóthanach chun obair a dhéanamh nuair is gá.
* Cinntiú go gcomhlíonann foirne sceideal na dtascanna leithdháilte, nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha agus go gcuireann siad clabhsúr ar orduithe nuair a chríochnaítear tascanna, go dtugann siad tacaíocht do rolladh amach agus forbairt nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha nuair is gá.
* Oibriú le tríú páirtithe/conraitheoirí chun tacaíocht a thabhairt d'fhiontar gníomhaíochta an ghréasáin.
* Ceadúnais a eisiúint do gach conraitheoir ábhartha agus cinntiú go leanann siad nósanna imeachta maidir le sláinte agus sábháilteacht.
* Comhoibriú le geallsealbhóirí inmheánacha agus seachtracha nuair is gá. Mar shampla, Úinéirí Talún, pearsanra Uisce Éireann ábhartha, tríú páirtithe/conraitheoirí.
* Rianú agus monatóireacht ar ghníomhaíochtaí foirne a chinntiú, bileoga ama a uasdátú, síniú in am agus measúnú ar thinreamh agus ar fheidhmíocht agus tacaíocht a thabhairt do do bhainisteoir líne maidir le giniúint tuairisciú ad hoc ar bith agus/nó bainistíocht fheidhmíochta de réir mar is gá.
* Éifeachtúlacht oibreacha na bhfoirne ar fad faoi do chúram a thiomáint, ag déanamh iniúchtaí go rialta ar na hoibreacha tugtha faoi agus rianú na hoiliúna le bheith soláthartha do d'fhoirne.
* Clúdach agus tacaíocht a sholáthar go dtí foirne oibríochta uisce eile de réir mar is gá agus féadfaidh sé seo breis dualgas a thógáil chun saoire bhliantúil nó breoiteacht a chlúdach.
* Aon dualgais eile a mheastar a bheith riachtanach agus/nó de dhíth a d'fhéadfadh do bhainisteoir líne a iarraidh go réasúnta a dhéanamh
Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta
* Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ
* Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompraíochtaí dearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh.
* Tacú le soláthar Chlár Uisce Éireann um Bunathrú, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.
* Dualgais eile nuair is gá.
Eolas, Scileanna agus Taithí:
* Oideachas dara leibhéil nó taithí oibre coibhéiseach
* Dhá bhliain ar a laghad de thaithí ábhartha ag obair i ról cosúil leis seo
* Coinneoimid a chéile slán sábháilte - b'fhearr linn go mbeadh taithí roimhe seo agat ar fhoirne a mhaoirsiú nó a bhainistiú i réimse na sláinte agus sábháilteachta agus dá mbeadh an taithí sin faighte agat i dtimpeallacht líonraí uisce nó fuíolluisce, bheadh sé sin ina bhuntáiste
* Eolas ar an líonra uisce/fuíolluisce, an bonneagar agus oibríochtaí
* Eolas maith agus taithí ar gach scil a theastaíonn ón gcothabháil agus deisiú ar an líonra, rud atá inmhianaithe
* Is riachtanas íosta é ceadúnas tiomána chatagóir B Éireannach atá iomlán, glan agus bailí. Tá catagóirí breise Ceadúnais Tiomána ina mbuntáiste. Sainmhínítear ceadúnas glan tiomána mar seo a leanas; níor ciontaíodh an t-iarrthóir i gcion faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre (seachas cion arb é an pionós pointí pionóis a ghearradh ina leith).
* Réamhghníomhach, leis an gcumas a bheith ag obair as do stuaim féin agus le daoine eile chun rath ar fheidhmíocht foirne a chinntiú
* Oibrímid níos fearr le chéile - cumas cruthaithe dea-chaidrimh oibre a chruthú agus a fhorbairt chun baint amach spriocanna oibre a éascú, chomh maith leis an gcumas gealltanais a fháil ó dhaoine eile
* Scileanna sármhaithe béil agus scríofa leis an gcumas teachtaireachtaí a chur in iúl ar bhealach soiléir gonta
* Cumas próisis agus nósanna imeachta leantacha a bhunú chun faisnéis a bhailiú agus a athbhreithniú
* Solúbtha maidir le bheith ag obair i dtimpeallacht a bhíonn ag athrú agus an cumas dul i dtaithí ar struchtúir oibre, próisis agus riachtanais nua nuair is gá
* Táimid uaillmhianach - réimsí nua foghlama a shainaithint go réamhghníomhach agus eolas agus scileanna nuafhoghlamtha a úsáid agus é nó í i mbun oibre
* Bheith ar a d(h)ícheall ag iarraidh ardchaighdeán a aimsiú agus ardchaighdeáin oibre á gcinntiú i gcónaí
* Scileanna láidre Ríomhaireachta le heolas oibre maith ar MS Word, Excel, PowerPoint agus Outlook
* Freastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail - scileanna láidre maidir le seirbhísí do chustaiméirí agus taithí chruthaithe ar dhéileáil le custaiméirí
* Le hoiliúint iomlán agus measúnú ar riosca, ní foláir go mbeadh an rólshealbhóir in ann oibriú i dtimpeallacht a bhféadfadh a bheith míchompordach nó contúirteach le hoibriú inti mar shampla: oibriú le ceimicí contúirteacha, camras, spásanna cúnga, obair aonarach, uisce domhain, ainmhithe, míolra, torann, creathadh láimhe agus géige, srl. Caithfear measúnú rathúil ar shláinte cheirde a dhéanamh a dhearbhaíonn oiriúnacht chun oibre i dtimpeallacht cosúil leis seo
* Is fearr iarrthóirí a bhfuil taithí oibre laistigh de Sheirbhísí Uisce agus/nó Fóntais eile acu
*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.
We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland's national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.
Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland's social and economic growth.
We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.
Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland's water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.
The Role:
The Asset Operations function forms the cornerstone of service delivery to customers, protecting the environment and meeting regulatory standards as well as managing the majority of operational expenditure. The Asset Operations function has responsibility for operational and maintenance strategy, policies, planning and standard operating procedures for Water and Wastewater operations both nationally and regionally, ensuring that value for money and customer service is delivered.
The Water and Wastewater Operations team is responsible for the regional delivery of water and wastewater operational services through the operation, inspection, maintenance & repair of the treatment and network assets.
The Water Network Maintenance & Repair Senior Operative is responsible for supporting the delivery of planned and reactive maintenance and repair activities across the water network infrastructure in a safe manner. The Senior Operative role provides day to day leadership and direction on the ground to ensure consistent delivery of water services.
Out of hours working will be required and appropriate overtime rates will apply.
Main Duties and Responsibilities:
* Supervise the planned and reactive maintenance and repair activities across the water network infrastructure in a safe and hygienic manner including repairs of bursts and leaks, water mains and services and associated fittings replacements, water meters and customer boundary box, cleaning of service reservoirs, replacing valves and hydrants, and undertake tests following repairs to pipes and pumps, in order to deliver consistent customer service.
* Ensure the prompt response to alarms, the provision of emergency cover and resolution of issues and incidents on water network infrastructure assets.
* Undertake supervisory work relating to Mains Rehabilitation, Main laying, Connection and Meter Installations and other work on the Water Network as required and in line with your skills and expertise.
* Ensure the regular checking of the chemical dosing measures at pumping stations and other odour control activities and support Water Compliance and Sampling teams in operational sampling activity including new mains, burst repairs and failures and report on results of the analysis as required.
* Direct the maintenance and repair of non-domestic water meters, including undertaking site investigations and removing and replacing meters, liaising with the Metering Services team as appropriate.
* Supervise the teams to inform the customer about issues and resolutions, investigate and follow up on escalated customer complaints/local representative in order to support the delivery of a consistent customer service and manage the risk associated with public health and compliance.
* Support Customer teams including Key Account Managers and Customer Service with any customer issues/queries or where works impact customer service delivery in the area.
* Oversee teams to promptly record and accurately report relevant information in relation to the operation of the water network using the technology systems provided including logging investigations and raising requests for follow on work orders and updating H&S records and inventory management where required.
* Monitor all works undertaken, manage the requisitions for materials in your teams and ensure details are accurately recorded on or off system as required ensuring all incidents are recorded in detail with the circumstances of same.
* Ensure adherence and compliance with all health and safety procedures and perform risk assessments (Safe System of Work Plan), use of PPE, and required duties under the Construction Regulations
* Ensure the operations of Uisce Éireann vehicles and machinery in a responsible manner in line with all relevant Uisce Éireann vehicle, health, safety and security policies, ensuring stock levels in vehicles are sufficient to perform work where required.
* Ensure adherence of teams to allocated task schedule, standard operating procedures and close out of work orders on completion of task, supporting the roll out and development of standard operating procedures when required.
* Work with third parties/contractors to support undertaking activity on the network.
* Issue permits to work to all relevant contractors and ensure they follow health and safety procedures.
* Engage with internal and external stakeholders as required. For example, Landowners, relevant Uisce Éireann personnel, third parties/contractors.
* Ensure the tracking and monitoring of team activities, update timesheets, sign off on time and attendance and performance evaluation and support your line manager with the generation of any ad hoc reporting and/or performance management as required
* Drive the efficiency of all the works carried out by teams under your leadership, regularly inspecting works carried out and tracking the training required to be delivered to your teams.
* Provide cover and support to other water operations teams as required which may involve taking additional duties to cover annual leave or sickness etc.
* Carry out any other duties deemed necessary and / or required which your line manager may reasonably request
General Duties and Responsibilities
* Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business
* Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards.
* Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives.
* Other duties as required.
Knowledge, Skills and Experience:
* Secondary level education or equivalent work experience
* Minimum two years relevant experience working in a similar role
* We keep each other safe - previous experience of supervising or managing teams working in health and safety culture preferred and in a water or wastewater networks environment an advantage
* Knowledge of the water/wastewater network, infrastructure and operations
* Sound knowledge and experience of all skills required for maintenance and repair of the network preferable
* Full, clean and valid Irish category B driving licence is minimum requirement. Additional Driving License categories an advantage. A clean driving licence is defined as meaning that the applicant has not been convicted of an offence under the Road Traffic Acts (other than an offence for which the penalty is the imposition of penalty points).
* Proactive, with ability to work on own initiative and with others to ensure success in the performance of a team
* We work better together - proven ability to create and develop good working relationships to facilitate the accomplishment of work goals, coupled with the ability to gain commitment from others
* Excellent verbal and written communication skills with the ability to convey messages in a clear and concise manner
* Ability to set up ongoing processes and procedures to collect and review information
* Flexible with regard to working in a changing environment and the ability to adjust to new work structures, processes and requirements as necessary
* We aim high - proactively identifying new areas of learning and using newly gained knowledge and skills on the job
* Striving for quality and ensuring consistent high standards of work
* Strong Computer skills with a proficient working knowledge of MS Word, Excel, PowerPoint and Outlook
* We deliver for customers and communities - strong customer service skills with demonstrable experience of dealing with customer
* With full training and risk assessment, the role holder must have the ability to work in an environment that is sometimes uncomfortable or potentially hazardous such as: working with hazardous chemicals; sewage; confined spaces; lone working; remote working; deep water; animals; vermin; noise; hand and arm vibration, etc. This involves successful completion of occupational health assessment confirming suitability to work in such environments
* Experience working within Water Services and/or other Utilities an advantage
*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.
Uisce Éireann is an equal opportunities employer.
We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.