Jobs
My ads
My job alerts
Sign in
Find a job Employers
Find

Lrsd and ersd analyst

Cork
Uisce Éireann
Analyst
Posted: 6h ago
Offer description

Anailísí DTIÁ/DTIT / LRSD and ERSD Analyst
Responsibilities

Tacú le próisis seirbhíse ó ceann go ceann, ón gcéad teagmháil leis an gcustaiméir go réiteach na faidhbe.
Gníomhú mar phríomhphointe uasligin don Chomhordaitheoir Uasligin DTIÁ & DTIT agus do bhaill foirne tacaíochta eile (nuair is gá).
Oibriú go leanúnach chun feabhas a chur ar an gcumas DTIÁ/DTIT laistigh d’Uisce Éireann chun déileáil le fadhbanna custaiméirí ó ceann go ceann, agus ar an dóigh sin Eispéireas níos fearr do Chustaiméirí a bhaint amach, rud a mbeidh scóir Sástachta Custaiméirí níos fearr mar thoradh air.
Tacú agus comhoibriú gach lath leis an soláthraí seachfhoinsithe chun a chinntiú go mbaintear amach PTFanna agus CASanna (saincheisteanna cáilíochta, calabrú agus bainistíocht athraithe san áireamh).
Páirt a ghlacadh i líonra an tionscail seirbhíse do chustaiméirí chun tuiscint a fháil ar thionscnaimh atá ag teacht chun cinn, feidhmíocht a thagarmharcáil nuair is infheidhme agus Uisce Éireann a shuíomh mar phointe tagartha seirbhíse do chustaiméirí laistigh de ghrúpa fóntais na hÉireann.
Monatóireacht a dhéanamh ar mhéadracht seirbhíse, anailís a dhéanamh ar shonraí agus straitéisí a fhorbairt chun caighdeán agus éifeachtúlacht na seirbhíse a fheabhsú.
Déileáil le fiosruithe agus gearáin uasligthe, agus cinnte a dhéanamh de go ndéantar iad a réiteach go pras ar bhealach sásúil.
Réimsí a shainaithint inar féidir próisis a bharrfheabhsú agus a uathoibriú chun éifeachtúlacht a fheabhsú agus chun go mbeidh sé níos éasca do chustaiméirí déileáil linn.
Tacú leis an gCeannasaí DTIÁ & DTIT chun tuarascálacha rialta faoi PTFanna a chur i dtoll a chéile agus torthaí a chur faoi bhráid an Bhainisteora Theicniúil um Sheirbhís do Chustaiméirí agus Réiteach Gearán.
Tacú le nósanna imeachta dearbhaithe cáilíochta chun caighdeán leanúnach seirbhíse a chinntiú.
Cinnte a dhéanamh de go gcloítear le beartais, le nósanna imeachta agus le caighdeáin chomhlíontachta de chuid Uisce Éireann.
Coinneáil cothrom le dáta maidir le rialáil an tionscail agus ag cinntú go n-oibríonn an fhoireann i gcomhréir le teorainneacha dlíthiúla.
Cumas oibriú go hilréimsiúil i réimsí na Cásbhainistíochta, ag déileáil le raon leathan fiosruithe/fadhbanna uasligthe.
Páirt a ghlacadh i seisiúin sainphainéal, agus cuir i láthair a dhéanamh ag fóraim inmheánacha coistí creidmheasa.
Tacú leis an róta ar ghlao-dhualgas más gá.

Qualifications

Tá cáilíocht agus / nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe, agus / nó taithí ábhartha.
Tá taithí 3 bliana ar a laghad sna tionscail uisce, fóntas nó i dtionscail atá cosúil leo inmhianaithe.
Taithí maidir le dúshláin custaiméirí a réiteach go neamhspleách agus ardchaighdeáin seirbhíse á gcoimeád.
Cumas comhpháirtíochtaí éifeachtacha a fhorbairt le raon leathan páirtithe leasmhara agus an cumas chun dearcthaí éagsúla a lorg agus éisteacht leo.
Scileanna láidre anailíse agus cumas fadhbanna a aithint agus a anailísiú agus cinntí feabhsúcháin a dhéanamh a théann chun tairbhe na foirne/pobail.
Teist cruthaithe maidir le deiseanna a aithint le haghaidh feabhsúcháin próisis agus nuálaíochta.
An cumas a léiriú chun saincheisteanna sábháilteachta a réiteach go tapa agus feabhsuithe a lorg de réir straitéis ghnó.
Is é 27/05/2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo. Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.

#J-18808-Ljbffr

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save
Similar job
Lrsd and ersd analyst
Cork
Uisce Éireann
Analyst
Similar job
Analyst, due diligence
Cork
Prescient Comply
Analyst
Similar job
Global indirect tax projects senior analyst (hybrid)
Cork
FMC Corporation
Analyst
Similar jobs
Service jobs in Cork
jobs Cork
jobs County Cork
jobs Munster
Home > Jobs > Service jobs > Analyst jobs > Analyst jobs in Cork > LRSD and ERSD Analyst

About Jobijoba

  • Company Reviews

Search for jobs

  • Jobs by Job Title
  • Jobs by Industry
  • Jobs by Company
  • Jobs by Location

Contact / Partnership

  • Contact
  • Publish your job offers on Jobijoba

Legal notice - Terms of Service - Privacy Policy - Manage my cookies - Accessibility: Not compliant

© 2026 Jobijoba - All Rights Reserved

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save