Jobs
My ads
My job alerts
Sign in
Find a job Employers
Find

Anailísí praghsála/pricing analyst

Uisce Éireann
Pricing analyst
Posted: 17h ago
Offer description

DescriptionIs sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, is cinnte gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.An Ról:Déanann Oibríochtaí Custaiméirí eispéireas agus seirbhís custaiméirí atá sármhaith a fhorbairt, a sholáthar agus a thacú do chustaiméirí tí agus do chustaiméirí tráchtála araon laistigh de thionscal rialaithe. Tá Oibrochtaí Custaiméirí freagrach as caidreamh custaiméirí leis an Ionad Teagmhála Custaiméirí a bhainistiú, agus seirbhísí billeála do chustaiméirí atá tráthúil agus cruinn á gcinntiú agus straitéis Uisce Éireann do chustaiméirí á cur i bhfeidhm go héifeachtach. Tá foireann na Seirbhísí Billeála in Uisce Éireann freagrach as próisis 'méadair go hairgead tirim' a sholáthar do chustaiméirí Tí agus Custaiméirí Tráchtála araon. Déantar custaiméirí baile a bhainistiú faoi láthair díreach ó UÉ agus déantar custaiméirí tráchtála a bhainistiú trí líonra na Údaráis Áitiúil. Feidhmíonn na Seirbhísí Billeála samhail seachfhoinsithe agus braitheann siad ar roinnt príomh-chomhpháirtithe gnó chun oibríochtaí a sholáthar go rathúil. Déantar próiseáil na n-idirbheart lasmuigh de UÉ agus tá cleachtais láidre bhainistíochta ina gcuid ríthábhachtach den tsamhail oibriúcháin.Ag obair faoin gCeannasaí Praghsála, beidh an t-Anailísí Praghsála freagrach as taraifí Uisce Éireann a ríomh (lena n-áirítear taraifí atá suíomhoiriúnaithe). Chomh maith leis sin, tabharfaidh an t-Anailísí Praghsála tacaíocht don Cheannasaí Praghsála le tuarascálacha a dhéanamh don chuideachta agus don ardbhainistíocht chun príomh-chinntí gnó a dhéanamh. Agus comhpháirtithe gnó iomadúla agus sreafaí sonraí líonmhara i gceist leis an macasamhail oibríochta, beidh aithint, cur i bhfeidhm, agus bainistíocht rialaithe cuí mar ghníomhaíochtaí ríthábhachtacha, chomh maith le tacaíocht a thabhairt do chomhpháirtithe gnó seachtracha a bhainistiú.Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:• Athbhreithniú mionsonraithe agus dícheall cuí chun tacú le hiarratais praghsála suíomhoiriúnaithe, custaiméirí nó a n-ionadaithe. • Cairt fhoirmiúil na dtáillí uisce a chuirtear i bhfeidhm ag Uisce Éireann a bhunú, a choinneáil agus a oibríochtú. • Gach táille choimhdeach a ríomh agus a chur i bhfeidhm agus macasamhlacha ioncaim faofa á úsáid (is é sin, Macasamhail Mogden nó Aitkin) • Méideanna móra sonraí ídithe a thiomsú agus ciall a bhaint astu le haghaidh sruthanna ioncaim amach anseo a thuar • Monatóireacht a dhéanamh ar threochtaí ídithe agus anailís do gach custaiméir coimhdeach • Rátaí a chur ar fáil don Fhoireann Billeála ionas gur féidir leo a chur isteach ar an gcóras C2M • Réitigh ar tharaifí praghsáilghinte agus an córas C2M a chur i gcrích chun iomláine agus cruinneas a chinntiú • Saineolaí ar an ábhar do gach gníomhaíocht Praghsála, chomh maith leis an mbonn costais tacaíochta a thuiscint • Gníomhaíochtaí chur i bhfeidhm a thacú le haghaidh athruithe taraife agus praghsála m.sh. tástáil inghlacthachta úsáideoirí• An Ceannasaí Praghsála a thacú chun tionscnaimh fheabhsaithe próisis choimhdeacha a threorú chun próisis atá ann cheana a chuíchóiriú agus dea-chleachtais earnála á úsáid• Tionscnaimh athraithe a aithint, a chur in ord tosaíochta agus a thiomáint ón tús go dtí an chríoch don fhoireann Praghsála• Obair go dlúth le comhpháirtithe gnó éagsúla agus príomh-pháirtithe leasmhara chun réimsí spéise comhchoiteanna a aithint agus chun deiseanna Ghiniúint Ioncaim don Phraghsáil a bharrfheabhsú• Tionscadail/Tionscnaimh a thacú agus páirt a ghlacadh iontu de réir mar is gá • Athbhreithniú leanúnach ar gach taraif lena chinntiú go bhfuil siad ailínithe le bonn costais UÉ • Pointe teagmhála do Phríomh-Bhainisteoirí Cuntais maidir le ceisteanna Praghsála an chustaiméara • Teagmháil a dhéanamh le ranna UÉ éagsúla chun tacú le riachtanais agus éilimh phraghsála • Tuairisciú PTF a dhearadh, a choinneáil agus a sholáthar de réir mar is gá ag an gcuideachta• Teagmháil idir páirtithe leasmhara a thiomáin agus a fheabhsú le feidhmeanna UÉ éagsúla, is é sin, Airgeadas, Sócmhainní, Rialachán, Príomh-Bhainisteoirí Cuntais • Rioscaí agus fadhbanna a chur in iúl don Cheannasaí Praghsála mar is cuí• An fhoireann Billeála agus Bainistíochta Sonraí Méadair a thacú nuair is gáDualgais agus Freagrachtaí Ginearálta• Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ• Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a chur i gcrích ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompraíochtaí dearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a chur i gcrích• Tacú le Chlár Bunathraithe Uisce Éireann a chur i gcrích, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a spreagadh, agus tacaíocht a thabhairt do chuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach• Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.• Dualgais eile de réir mar is gáEolas, Scileanna agus Taithí:• Tá cáilíocht agus / nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe • Tá taithí 3 bliana ar a laghad sa tionscal uisce, sa tionscal fóntas nó i dtionscail eile den chineál céanna inmhianaithe, agus/nó taithí ábhartha eile• Cumas a bheith ionat comhpháirtíochtaí éifeachtacha a fhorbairt agus a chothabháil le príomhpháirtithe leasmhara ar bhonn inmheánach agus seachtrach • Cuntas teiste cruthaithe maidir le déileáil le ceisteanna casta, go réamhghníomhach agus go pras, chomh maith leis an gcumas faisnéis a chur in iúl do dhaoine eile• Duine atá spreagtha, a mbíonn ardchaighdeán proifisiúntachta ag baint lena c(h)uid oibre agus é léirithe acu gur féidir leo torthaí a bhaint amach laistigh d'fhoireann. • Scileanna anailíse láidre agus cumas anailís a dhéanamh ar fhadhbanna agus ar ghnéithe feabhais féideartha agus iad a shainaithint, mar aon le réitigh a mholadh agus a chur i bhfeidhm• Inoiriúnaitheacht agus an cumas béim agus treo a athrú le bheith ag teacht le straitéis agus le riachtanais ghnó a léiriú• Cúlra láidir maidir le luachanna eagraíochtúla a choinneáil tríd an gcinnteoireacht agus gníomhartha fiúntacha• Réimsí nua feabhais a shainaithint go réamhghníomhach agus faisnéis agus scileanna nuafhoghlamtha a úsáid i mbun oibre• Taithí ar úinéireacht a ghlacadh ar fhreagrachtaí sábháilteachta agus ar chur le tionscnaimh feabhsaithe leanúnaigh.Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo ná 18/12/2025.Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas. We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland's national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland's social and economic growth.We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland's water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.The Role:Customer Operations develop, deliver and support excellent customer experience and service to both domestic and non-domestic customers within a regulated industry. Customer Operations is responsible for managing the customer relationship with the Customer Contact Centre, ensuring timely and accurate customer billing services and effectively implementing the Uisce Éireann customer strategy.The Billing Services team in Uisce Éireann is responsible for delivering meter to cash processes for both Domestic and Non-Domestic customers. Domestic customers are currently managed directly from UÉ while Non-Domestic customers are currently managed through the Local Authority network. Billing Services operates an outsourced model and is reliant on a number of key business partners for successful delivery of operations. Transaction processing is conducted external to UÉ and robust management practices form a critical part of the operating model.Reporting to the Pricing Lead, the Pricing Analyst will be responsible for the calculation of Uisce Éireann tariffs (including the calculation of site-specific tariffs). Furthermore, the Pricing Analyst will support the Pricing Lead in the production of reports to the business and senior management to make key business decisions. As the operational model involves multiple business partners and numerous data flows, identification, implementation, and management of appropriate controls will be critical activities, as will supporting the management of external business partners.Main Duties and Responsibilities:• Detailed review due diligence to support site-specific pricing requests, customers or their representatives • Establish, maintain, and operationalise the formal charter of water charges applied by Uisce Éireann • Calculate and implement all ancillary charges using approved revenue models (i.e., Mogden or Aitkin's Model) • Collate and interpret large volumes of consumption data for forecasting future revenue streams • Monitor consumption trends and analysis for all ancillary customers • Provide rates to Billing Team to be input into C2M system • Perform reconciliations of pricing generated tariffs and the C2M system to ensure completeness and accuracy • Subject matter expert for all Pricing activities, in addition to understanding the supporting cost base • Supporting implementation activities for tariff and pricing changes e.g., user acceptance testing• Support the Pricing Lead to lead ancillary process improvement initiatives to streamline existing processes using industry best practices• Identify, prioritise, and drive change initiatives from inception through to completion for the Pricing team• Work closely with various business partners and key stakeholders to identify common areas of interest and optimise Revenue Generation opportunities for Pricing• Support and actively participate in projects/initiatives as required • Constant review of all tariffs to ensure they are aligned to UÉs cost base • Point of contact for Key Account Managers regarding customer Pricing queries • Engage with various UÉ departments to support pricing requirements and demands • Design, maintain and deliver KPI reporting as required by the business• Drive and enhance stakeholder engagement with various UÉ functions, i.e. Finance, Assets, Regulation, Key Account Managers • Raise risks and issues as appropriate to the Pricing Lead• Support the Billing and Meter Data Management team where requiredGeneral Duties and Responsibilities• Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business• Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards• Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives• Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann's Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation• Other duties as requiredKnowledge, Skills and Experience:• Relevant third level qualification and or accreditation is desirable • A minimum of 3 years' experience in the water, utilities or similar industries is desirable and/or relevant experience• Ability to develop and maintain effective partnerships with key stakeholders internally and externally • Proven track record with dealing with complex issues, proactively and in a timely fashion, along with the ability to communicate information to others• Highly motivated individual, working to the highest professional standards and with proven ability to deliver results within a team. • Strong analytical skills and ability to identify and analyse problems and potential improvements, and propose and implement solutions• Demonstrate adaptability and the ability to change focus and direction in line with business strategy and requirements• Strong background in upholding organisational values through decision-making and constructive actions• Proactively identifying new areas of improvement and using newly gained knowledge and skill on the job• Experience in taking ownership of safety responsibilities and contributing to continuous improvement initiatives.The closing date for receipt of applications for this vacancy is 18/12/2025.Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.Uisce Éireann is an equal opportunities employer.We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save
Similar job
Quantitative etf pricing analyst
Dublin
Virtu Financial
Pricing analyst
Similar job
Anailísí praghsála/pricing analyst
Uisce Éireann
Pricing analyst
Similar job
Quantitative etf pricing analyst
Dublin
Virtu Financial
Pricing analyst
Similar jobs
jobs County Dublin
jobs Leinster
Home > Jobs > Finance jobs > Pricing analyst jobs > Pricing analyst jobs in County Dublin > Anailísí Praghsála/Pricing Analyst

About Jobijoba

  • Company Reviews

Search for jobs

  • Jobs by Job Title
  • Jobs by Industry
  • Jobs by Company
  • Jobs by Location

Contact / Partnership

  • Contact
  • Publish your job offers on Jobijoba

Legal notice - Terms of Service - Privacy Policy - Manage my cookies - Accessibility: Not compliant

© 2025 Jobijoba - All Rights Reserved

Apply
Create an E-mail Alert
Job alert activated
Saved
Save